An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 4 Cúnaint ruílse ) Ar Aghaidh (Caibidil 2 Teideal )

27 2009

TODO

CUID 9

Conarthaí agus Tíolacais

Caibidil 1

Conarthaí a bhaineann le talamh

[SF 1695, a. 2]

(2) Ní dhéanann fo-alt (1) difear don dlí a bhaineann le páirtchomhlíonadh nó teoiricí cothromasacha eile.

(3) D’fhonn amhras a sheachaint, ach faoi réir forála sainráite sa chonradh dá mhalairt, ní gá éarlais a íoc in airgead nó i luach airgid le haghaidh conartha infhorfheidhmithe.

Leas tairbhiúil a aistriú.

52 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), aistrítear an leas tairbhiúil go léir chuig an gceannaitheoir ar chonradh infhorfheidhmithe a dhéanamh, tar éis thosach feidhme na Caibidle seo, le haghaidh díol talún nó diúscairt eile talún.

(2) Ní dhéanann fo-alt (1) difear—

(a) d’oibleagáid an díoltóra an talamh a chothabháil fad a choinneofar seilbh ar an talamh, nó

(b) do dhliteanas an díoltóra i leith caillteanais nó damáiste faoi aon fhoráil chonarthach a dhéileálann leis an bpriacal sin, nó

(c) do cheart an díoltóra an conradh a chealú mar gheall ar an gceannaitheoir do mhainniú an conradh a chríochnú nó ar shárú eile ar an gconradh, nó

(d) d’aon fhoráil eile dá mhalairt sa chonradh.

An Riail in Bain v. Fothergill a chealú.

53 .— (1) Cuirtear deireadh leis an riail dlí lena gcuirtear srian le damáistí is inghnóthaithe i leith sáruithe conartha a tharlaíonn mar gheall ar éalanga i dteideal chun talún (ar a dtugtar an Riail in Bain v. Fothergill).

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) ach amháin maidir le conarthaí arna ndéanamh tar éis thosach feidhme na Caibidle seo.

Ordú chun éarlais a thabhairt ar ais.

54 .— I gcás ina ndiúltóidh an chúirt sainchomhlíonadh a dheonú i leith conartha le haghaidh díol talún nó diúscairt eile talún, nó in aon chaingean chun éarlais a fháil ar ais, féadfaidh an chúirt, i gcás ina bhfuil sé cóir agus cothromasach déanamh amhlaidh, a ordú go n-aisíocfar an éarlais go léir nó aon chuid d’aon éarlais, i dteannta nó d’éagmais úis.

[VPA 1874, a. 9]

(2) Ar iarratas den sórt sin, féadfaidh an chúirt an t-ordú sin a dhéanamh, lena n-áirítear ordú i dtaobh costas, de réir mar is cuí léi.

(3) Maidir le ceist ar ina leith a fhéadfar iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1), folaíonn sí ceist a bhaineann le haon cheanglas, agóid, éileamh ar chúiteamh nó ceist eile a éiríonn as an gconradh nó i dtaca leis, ach ní fholaíonn sí ceist a fhearann ar an gconradh a bheith ann nó ar bhailíocht an chonartha.