Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL )

11 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 2009


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Scaireanna a aistriú chuig an nGníomhaireacht.

3 . Leasú ar an Acht um Fhorbairt Tionscail 1986.

4 . Leasú ar an Acht um Fhorbairt Tionscail 1993.

5 . Maoin i bhfionnachtana agus in aireagáin áirithe a aistriú go Fiontraíocht Éireann.

6 . Gearrtheideal agus comhlua.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Fiontraíocht Éireann) 1998

1998, Uimh. 34

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Fondúireacht Eolaíochta Éireann) 2003

2003, Uimh. 30

An tAcht um Fhorbairt Tionscail 1986

1986, Uimh. 9

An tAcht um Fhorbairt Tionscail 1993

1993, Uimh. 19

Na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail 1986 go 2006

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán 1961

1961, Uimh. 20

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 2009


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE SCAIREANNA ARNA SEALBHÚ AG CUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA A AISTRIÚ CHUIG FIONTRAÍOCHT ÉIREANN; DO LEASÚ AN ACHTA UM FHORBAIRT TIONSCAIL 1986 AGUS AN ACHTA UM FHORBAIRT TIONSCAIL 1993; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MAOIN UILE AN AIRE FAOI ALT 19 DEN ACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN 1961 A AISTRIÚ CHUIG FIONTRAÍOCHT ÉIREANN; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[19 Bealtaine 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2003” an tAcht um Fhorbairt Tionscail (Fondúireacht Eolaíochta Éireann) 2003;

ciallaíonn “Gníomhaireacht” Fiontraíocht Éireann a bunaíodh faoi alt 6(1) den Acht um Fhorbairt Tionscail (Fiontraíocht Éireann) 1998;

ciallaíonn “scairshealbhóir” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

ciallaíonn “Aire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Scaireanna a aistriú chuig an nGníomhaireacht.

2 .— (1) Gach scair, d’aicme ar bith, i ngach ceann de na cuideachtaí a shonraítear sa Sceideal agus a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, dílsithe don scairshealbhóir, beidh sí ar an Acht seo a rith arna dílsiú don Ghníomhaireacht.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, a luaithe is indéanta tar éis an tAcht seo a rith, a chur in iúl do gach ceann de na cuideachtaí a shonraítear sa Sceideal go bhfuil scaireanna sa chuideachta lena mbaineann dílsithe don Ghníomhaireacht de bhua fho-alt (1) agus déanfaidh an chuideachta sin sonraí faoin dílsiú sin a thaifeadadh in aon chlár a cheanglaítear ar an gcuideachta a choimeád i leith na scaireanna.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach ceann de na cuideachtaí a shonraítear sa Sceideal d’ainneoin aon sriain i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na cuideachta nó in aon ionstraim eile a bhaineann le scaireanna sa chuideachta lena mbaineann a dhílsiú nó a aistriú.

(4) Gach ceart agus dliteanas de chuid an scairshealbhóra a eascróidh de bhua aon chonartha a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith agus a bhaineann le haon scaireanna arna n-aistriú de bhua an ailt seo, beidh sé, ar an Acht seo a rith, arna aistriú chuig an nGníomhaireacht.

(5) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an nGníomhaireacht leis an alt seo, féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar an Acht seo a rith agus dá éis sin, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Gníomhaireachta, ina hainm féin agus ní gá don Ghníomhaireacht fógra a thabhairt d’aon duine i dtaobh aon cheart nó dliteanas a aistriú leis an alt seo.

Leasú ar an Acht um Fhorbairt Tionscail 1986.

3 .— Leasaítear an tAcht um Fhorbairt Tionscail 1986—

(a) in alt 25 (arna ionadú le halt 29 d’Acht 2003), trí “€7,500,000” a chur in ionad “€5,000,000” gach áit a bhfuil sé,

(b) i bhfo-alt (4) (arna ionadú le halt 30 d’Acht 2003) d’alt 28, trí “€7,500,000” a chur in ionad “€5,000,000” gach áit a bhfuil sé,

(c) in alt 29 (arna ionadú le halt 31 d’Acht 2003), trí “€7,500,000” a chur in ionad “€2,500,000” gach áit a bhfuil sé,

(d) i bhfo-alt (4) (arna ionadú le halt 32 d’Acht 2003) d’alt 31, trí “€7,500,000” a chur in ionad “€5,000,000” gach áit a bhfuil sé,

(e) in alt 34 (arna ionadú le halt 33 d’Acht 2003), trí “€15,000,000” a chur in ionad “€10,000,000” gach áit a bhfuil sé, agus

(f) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Tríú Sceideal:

Alt 4.

“AN TRÍÚ SCEIDEAL

LIMISTÉIR AINMNITHE

Contaetha an Chabháin, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Laoise, Liatroma, an Longfoirt, , Mhaigh Eo, Mhuineacháin, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Shligigh agus na hIarmhí.”.

Leasú ar an Acht um Fhorbairt Tionscail 1993.

4 .— Leasaítear an tAcht um Fhorbairt Tionscail 1993—

(a) i bhfo-alt (2) d’alt 11 (arna ionadú le halt 35(e) d’Acht 2003), trí “€7,000,000,000” a chur in ionad “€3,400,000,000”, agus

(b) in alt 12 (arna ionadú le halt 35(f) d’Acht 2003), trí “€7,500,000” a chur in ionad “€5,000,000” gach áit a bhfuil sé.

Maoin i bhfionnachtana agus in aireagáin áirithe a aistriú go Fiontraíocht Éireann.

5 .— (1) Gach maoin a dhílsigh don Aire faoi alt 19 d’Acht 1961 díreach roimh an Acht seo a rith, beidh sí, ar an Acht seo a rith, arna dílsiú d’Fhiontraíocht Éireann.

(2) Aon phaitinn i leith aireagáin nó fionnachtana lena mbaineann alt 19 d’Acht 1961 agus a dhílsigh do dhuine iomchuí díreach roimh an Acht seo a rith, beidh sí, ar an Acht seo a rith, arna haistriú chuig Fiontraíocht Éireann.

(3) Aon iarratas a rinne duine iomchuí ar phaitinn i leith aireagáin nó fionnachtana lena mbaineann alt 19 d’Acht 1961, agus a bhí ar feitheamh díreach roimh an Acht seo a rith, measfar é a bheith déanta ag Fiontraíocht Éireann.

(4) Gach ceart agus dliteanas de chuid an Aire a eascróidh de bhua aon chonartha a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith agus a bhaineann le haon mhaoin a aistreofar de bhua an ailt seo, beidh sé, ar an Acht seo a rith, arna aistriú chuig Fiontraíocht Éireann.

(5) Gach ceart agus dliteanas de chuid duine iomchuí a eascróidh de bhua aon chonartha a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith agus a bhaineann—

(a) le haon phaitinn a aistrítear de bhua an ailt seo, nó

(b) le haon iarratas lena mbaineann fo-alt (3),

beidh sé, ar an Acht seo a rith, arna aistriú chuig Fiontraíocht Éireann.

(6) Déanfaidh an Ceannasaí Paitinní, Dearthaí agus Trádmharcanna sonraí i dtaobh an aistriú paitinní a dhéantar le fo-alt (2) a thaifeadadh i gClár na bPaitinní a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith.

(7) Na gníomhartha go léir a bheidh déanta, nó a airbheartaítear a bheith déanta, roimh an Acht seo a rith, ag Fiontraíocht Éireann nó ag duine iomchuí—

(a) i leith aon phaitinne nó maoine eile a aistrítear leis an alt seo, nó

(b) i leith iarratais lena mbaineann fo-alt (3),

is gníomhartha a bheadh (murach an fo-alt seo) neamhbhailí mar gheall ar alt 19 d’Acht 1961 agus mar gheall air sin amháin, beidh siad, agus measfar go raibh siad riamh, bailí éifeachtúil chun gach críche.

(8) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear leis an alt seo chuig Fiontraíocht Éireann féadfaidh Fiontraíocht Éireann, ar an Acht seo a rith agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne Fhiontraíocht Éireann, ina hainm féin agus ní gá d’Fhiontraíocht Éireann fógra i dtaobh aistriú aon chirt nó dliteanais leis an alt seo a thabhairt d’aon duine.

(9) Beidh an chumhacht ag Fiontraíocht Éireann aon chuid den mhaoin, nó an mhaoin go léir, a dhílsíonn di, nó a aistrítear chuici, faoin alt seo a aistriú, a shannadh, a cheadúnú nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(10) Aisghairtear alt 19 (seachas fo-alt (2)) d’Acht 1961.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “ Acht 1961 ” an tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán 1961;

ciallaíonn “ duine iomchuí ”—

(a) An Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán,

(b) Eolas,

(c) Forfás, nó

(d) Forbairt.

Gearrtheideal agus comhlua.

6 .— (1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail 1986 go 2009 a ghairm de na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail 1986 go 2006 agus den Acht seo le chéile.