2 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 2009


AN tACHT UM THIONÓNTACHTAÍ CÓNAITHE (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Bailíocht a thabhairt do cheapacháin chuig an gCoiste um Réiteach Díospóidí agus nithe gaolmhara.

3 . Gearrtheideal agus comhlua.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

2004, Uimh. 27

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 2009


AN tACHT UM THIONÓNTACHTAÍ CÓNAITHE (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO MHEAS GUR CEAPADH BAILÍ CEAPADH, NÓ CEAPADH AIRBHEARTAITHE, COMHALTAÍ ÁIRITHE DEN CHOISTE UM RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ; DO MHEAS GO bhFUIL AON BHINSE TIONÓNTACHTA ARNA CHOMHDHÉANAMH, NÓ A AIRBHEARTAÍONN A BHEITH COMHDHÉANTA, FAOI ALT 102 DEN ACHT UM THIONÓNTACHTAÍ CÓNAITHE 2004 ARNA CHOMHDHÉANAMH GO BAILÍ; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[28 Eanáir, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

tá le “ Coiste um Réiteach Díospóidí ” an bhrí chéanna atá leis sa Phríomh-Acht;

ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004.

Bailíocht a thabhairt do cheapacháin chuig an gCoiste um Réiteach Díospóidí agus nithe gaolmhara.

2 .— (1) D’ainneoin aon sárú a bheith déanta ar fho-alt (3), (4) nó (5) d’alt 159 den Phríomh-Acht—

(a) measfar go ndearnadh go bailí gach ceapadh, nó gach ceapadh airbheartaithe, a rinneadh chuig an gCoiste um Réiteach Díospóidí roimh an Acht seo a rith, agus

(b) measfar go gcomhdhearnadh go bailí gach Binse Tionóntachta arna chomhdhéanamh, nó a airbheartaíonn a bheith comhdhéanta, faoi alt 102 den Phríomh-Acht roimh an Acht seo a rith.

(2) Gach gníomh a rinne, nó a airbheartaítear a rinne an Coiste um Réiteach Díospóidí nó Binse Tionóntachta roimh an Acht seo a rith, agus a bheadh, murach an fo-alt seo, neamhbhailí de bhíthin amháin sárú a bheith déanta ar fho-alt (3), (4) nó (5) d’alt 159 den Phríomh-Acht, measfar go bhfuil sé, agus go raibh sé riamh, bailí agus éifeachtach chun gach críche.

(3) Dá mba rud é go mbeadh fo-alt (1) nó (2), murach an fo-alt seo, ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh oibriú an fho-ailt sin faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm aige agus lánéifeacht leis thairis sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

3 .— (1) Féadfar an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 agus 2009 a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.