18 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 2008


AN tACHT UM FHORAIS CHREIDMHEASA (TACAÍOCHT AIRGEADAIS) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Léiriú.

2 . Feidhmeanna a chomhlíontar ar mhaithe le leas an phobail.

3 . An dáta iomchuí.

4 . Caiteachais an Aire.

5 . Rialacháin — an tAcht seo a chur i ngníomh i gcoitinne.

6 . Tacaíocht airgeadais a sholáthar le haghaidh foras creidmheasa.

7 . Feidhm, etc., forálacha áirithe den Acht Iomaíochta 2002 a mhodhnú.

8 . Leasuithe iarmhartacha ar Achtanna eile.

9 . Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Cheannais 1942

1942, Uimh. 22

Acht an Bhainc Ceannais 1997

1997, Uimh. 8

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Airgeadais na hÉireann 2003

2003, Uimh. 12

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí

An tAcht Iomaíochta 2002

2002, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais 1993

1993, Uimh. 13

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002

2002, Uimh. 29

An tAcht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990

1990, Uimh. 18

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 2008


AN tACHT UM FHORAIS CHREIDMHEASA (TACAÍOCHT AIRGEADAIS) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL, CHUN COBHSAÍOCHT AN CHÓRAIS AIRGEADAIS SA STÁT A CHOTHABHÁIL AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TACAÍOCHT AIRGEADAIS ÓN AIRE AIRGEADAIS I LEITH FORAS CREIDMHEASA ÁIRITHE, DO LEASÚ AN ACHTA IOMAÍOCHTA 2002 AGUS ACHTACHÁN EILE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[2 Deireadh Fómhair, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Banc Ceannais ” Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann;

tá le “ foras creidmheasa ” an bhrí atá leis in Acht an Bhainc Ceannais 1997;

folaíonn “ tacaíocht airgeadais ” iasacht, ráthaíocht, malartú sócmhainní agus aon chineál eile garaíochta nó tacaíochta airgeadais;

tá le “ Gobharnóir ” an bhrí atá leis in alt 2 (a cuireadh isteach le halt 3 d’Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Airgeadais;

tá le “ Údarás Rialála ” an bhrí atá leis in alt 2 (a cuireadh isteach le halt 3 d’Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) d’Acht an Bhainc Cheannais 1942;

tá le “ fochuideachta ”, i ndáil le foras creidmheasa, an bhrí atá leis in alt 155 d’Acht na gCuideachtaí 1963.

Feidhmeanna a chomhlíontar ar mhaithe le leas an phobail.

2 .— (1) Tá ag an Aire, ar mhaithe le leas an phobail, na feidhmeanna dá bhforáiltear faoin Acht seo de bhrí gurb é tuairim an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an nGobharnóir agus leis an Údarás Rialála—

(a) go bhfuil mórbhaol ann do chobhsaíocht na bhforas airgeadais sa Stát i gcoitinne, nó go mbeadh mórbhaol den sórt sin ann mura ndéanfaí na feidhmeanna sin a chomhlíonadh,

(b) gur gá na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, ar mhaithe le leas an phobail, chun cobhsaíocht an chórais airgeadais sa Stát a chothabháil, agus

(c) gur gá na feidhmeanna sin a chomhlíonadh chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Stáit a leigheas.

(2) Féadfaidh an tAire leanúint de dhul i gcomhairle leis an nGobharnóir agus leis an Údarás Rialála i gcomhlíonadh leanúnach fheidhmeanna an Aire faoin Acht seo.

(3) Ní choisceann aon ní san Acht seo ar an mBanc Ceannais ná ar an Údarás Rialála a fheidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le haon fhoras creidmheasa.

An dáta iomchuí.

3 .— San Acht seo ciallaíonn “ dáta iomchuí ” an 30 Meán Fómhair 2008.

Caiteachais an Aire.

4 .— A mhéid a thabhaíonn an tAire aon chaiteachas nach n-íoctar de réir alt 6, íocfar an caiteachas amach as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

Rialacháin — an tAcht seo a chur i ngníomh i gcoitinne.

5 .— (1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon deacracht a éiríonn in oibriú an Achta seo le linn na tréimhse 2 bhliain dar tosach an dáta iomchuí, rialacháin a dhéanamh chun aon ní a dhéanamh ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoin alt seo—

(a) sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, rachaidh sé nó sí i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d’fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin bheartaithe,

(b) cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin bheartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(c) ní dhéanfaidh sé nó sí na rialacháin mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Tacaíocht airgeadais a sholáthar le haghaidh foras creidmheasa.

6 .— (1) Amhail ar an agus ón dáta iomchuí, féadfaidh an tAire tacaíocht airgeadais a sholáthar i leith iasachtaí, dliteanas agus oibleagáidí aon fhorais creidmheasa nó fochuideachta a shonróidh an tAire le hordú ag féachaint do na nithe atá leagtha amach in alt 2, do mhéid agus do chineál na n-oibleagáidí (lena n-áirítear méid an rialaithe ar mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an tacaíocht airgeadais) ar gabhadh fúthu agus a bhféadfaí gabháil fúthu sa todhchaí agus do na hacmhainní a bheidh ar fáil dó nó di chuige sin.

(2) I bhfo-alt (1) folaíonn tagairt d’iasachtaí, do dhliteanais agus d’oibleagáidí tagairt d’iasachtaí, do dhliteanais agus d’oibleagáidí i leith an Bhainc Ceannais nó i leith aon duine.

(3) Ní sholáthrófar tacaíocht airgeadais faoin alt seo d’aon tréimhse tar éis an 29 Meán Fómhair 2010, agus ní leanfar d’aon tacaíocht airgeadais a sholáthar faoin alt seo tar éis an dáta sin.

(4) Féadfar tacaíocht airgeadais a sholáthar faoin alt seo i bhfoirm agus ar mhodh a chinnfidh an tAire agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha tráchtála nó téarmaí agus coinníollacha eile is cuí leis an Aire. Féadfar an tacaíocht airgeadais sin a sholáthar trí chomhaontú aonair, trí scéim arna déanamh ag an Aire nó ar shlí eile. Gan dochar do rogha an Aire i dtaobh na gcoinníollacha sin, déanfar an tacaíocht airgeadais go léir a sholáthrófar a fháil ar ais faoi dheoidh, a mhéid is féidir, ón bhforas creidmheasa nó ón bhfochuideachta ar soláthraíodh an tacaíocht dó nó di.

(5) I gcás ina mbeartaíonn an tAire scéim a dhéanamh faoi fho-alt (4)—

(a) cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht den scéim bheartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

(b) ní dhéanfaidh sé nó sí an scéim mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(6) Gan dochar d’fho-alt (4), féadfaidh coinníollacha a bheith ar áireamh sna coinníollacha faoina soláthróidh an tAire tacaíocht airgeadais faoin alt seo is coinníollacha lena rialáiltear iompraíocht tráchtála an fhorais creidmheasa nó na fochuideachta a soláthraítear an tacaíocht dó nó di, agus go háirithe féadfaidh coinníollacha a bheith ar áireamh iontu chun iompar iomaíochta an fhorais creidmheasa nó na fochuideachta sin a rialáil.

(7) Féadfaidh an tAire, mar choinníoll le tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fhoras creidmheasa nó d’fhochuideachta faoin alt seo, a cheangal ar an bhforas creidmheasa nó ar an bhfochuideachta na ceanglais arna bhforchur de thuras na huaire ag an mBanc Ceannais nó ag an údarás comhionann a chomhlíonadh (lena n-áirítear na ceanglais i ndáil lena ghnó nó lena gnó a sheoladh agus lena iompar iomaíochta nó lena hiompar iomaíochta) agus go leanfadh sé nó sí de sin a dhéanamh.

(8) Féadfar le coinníoll dá dtagraítear san alt seo—

(a) i gcás ina ndéantar tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fhoras creidmheasa faoin alt seo, rialáil a dhéanamh ar iompraíocht tráchtála fochuideachta (cibé acu atá nó nach bhfuil tacaíocht airgeadais á soláthar don fhochuideachta), agus

(b) i gcás ina ndéantar tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fhochuideachta d’fhoras creidmheasa faoin alt seo, rialáil a dhéanamh ar iompraíocht tráchtála an fhorais creidmheasa nó fochuideachta eile (cibé acu atá nó nach bhfuil tacaíocht airgeadais á soláthar don fhoras creidmheasa).

(9) Féadfaidh an tAire suibscríobh le haghaidh scaireanna agus aon urrús eile i bhforas creidmheasa nó i bhfochuideachta a soláthraítear tacaíocht airgeadais dó nó di faoin alt seo, nó leithroinnt den chéanna a thógáil, nó an céanna a cheannach, ar cibé téarmaí is cuí leis an Aire.

(10) Féadfaidh an tAire tacaíocht airgeadais a sholáthrófar d’fhoras creidmheasa nó d’fhochuideachta faoin alt seo a tharraingt siar nó a chúlghairm de réir théarmaí nó choinníollacha na tacaíochta airgeadais de réir mar is cuí leis an Aire.

(11) Chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis nó léi urrúis a chruthú agus a eisiúint—

(a) agus iad faoi cibé ráta úis is cuí leis nó léi, nó gan a bheith faoi ús,

(b) ar cibé comaoin airgid, comaoin nach comaoin airgid, nó comaoin iarchurtha is cuí leis nó léi, agus

(c) faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha maidir le haisíoc, athcheannach, cealú agus fuascailt nó aon ní eile is cuí leis nó léi.

(12) Féadfar an t-airgead go léir atá le híoc amach nó na sócmhainní nach sócmhainní airgid go léir atá le tabhairt ag an Aire faoin alt seo a íoc amach as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(13) Maidir le hairgead a íocfaidh foras creidmheasa nó fochuideachta leis an Aire, nó aon chomaoin nach comaoin airgid a ghlacfaidh an tAire ón bhforas creidmheasa nó ón bhfochuideachta sin, déanfar é nó í a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, i dtaca le comhlíonadh fheidhmeanna an Aire faoin alt seo nó chun aon chríche eile ar cibé modh is cuí leis nó léi.

(14) I gcás inar soláthraíodh tacaíocht airgeadais faoin alt seo d’fhoras creidmheasa nó d’fhochuideachta—

(a) déanfaidh an tAire athbhreithniú ó am go ham ar an ngá atá leis an tacaíocht airgeadais, agus

(b) más deimhin leis nó léi, ag féachaint do na cúinsí atá leagtha amach in alt 2, nach gá an tacaíocht airgeadais a thuilleadh, déanfaidh an tAire an tacaíocht airgeadais a tharraingt siar.

(15) A luaithe is indéanta tar éis dheireadh na bliana 2009 agus gach bliana dá éis sin, déanfaidh an tAire tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas chun an staid maidir le haon tacaíocht airgeadais arna soláthar faoin alt seo a chur in iúl do chomhaltaí gach Tí. Sa tuarascáil, tabharfar sonraí maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) méid comhiomlán na híocaíochta agus an méid (más ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta, agus

(b) méid comhiomlán an airgid a bhí gan íoc i ndeireadh na bliana sin ar scór na tacaíochta airgeadais sin.

(16) Glacfar le foilsiú na dtuarascálacha a cheanglaítear le fo-alt (15) mar chomhlíonadh ar aon oibleagáid de chuid an Aire faoi Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trédhearcacht Airgeadais) 2004 (I.R. Uimh. 693 de 2004).

(17) Measfar nach bhfolaíonn tagairt in alt 99(2) d’Acht na gCuideachtaí 1963 do mhuirear tagairt d’aon mhuirear chun dliteanas nó oibleagáid a éiríonn faoin alt seo a urrú is muirear arna chruthú ag foras creidmheasa nó ag fochuideachta i bhfabhar an Aire nó aon ghníomhaire de chuid an Aire (lena n-áirítear Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta) nó an Bhainc Ceannais. Ní bheidh feidhm ag alt 99 den Acht sin maidir le haon mhuirear den sórt sin.

(18) D’ainneoin aon fhorála i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais forais creidmheasa nó fochuideachta lena ndéantar socrú maidir le clár a choimeád de mhuirir arna gcruthú ag an bhforas creidmheasa nó ag an bhfochuideachta sin, ní dhéanfar muirear den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (17) a thaifeadadh sa chlár sin.

(19) I bhfo-alt (18) measfar go bhfolaíonn “airteagail chomhlachais”, i gcás comhlachta chorpraithe nach cuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, aon ionstraim eile, lenan-áirítear fodhlíthe, arb í bunreacht an chomhlachta í nó lena mínítear bunreacht an chomhlachta.

Feidhm, etc., forálacha áirithe den Acht Iomaíochta 2002 a mhodhnú.

7 .— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le cumasc nó fáil (de réir bhrí alt 16 d’Acht 2002) a bhfuil foras creidmheasa nó fochuideachta i gceist ann nó inti más rud é—

(a) gurb é tuairim an Aire, tar éis dó nó di dul i gcomhairle, de réir mar is dóigh leis an Aire is gá, leis an mBanc Ceannais agus leis an Údarás Rialála—

(i) gur gá an cumasc beartaithe nó an fháil bheartaithe chun cobhsaíocht an chórais airgeadais sa Stát a chothabháil, agus

(ii) go mbeadh mórbhaol ann do chobhsaíocht an chórais sin mura dtarlódh an cumasc nó an fháil sin, agus

(b) go ndeimhneoidh an tAire i scríbhinn do na páirtithe sa chumasc nó san fháil, don Údarás Iomaíochta agus don Ghobharnóir gurb é sin a thuairim nó a tuairim.

(2) D’ainneoin aon ní in Acht 2002, is don Aire agus ní don Údarás Iomaíochta a thabharfar fógra faoi chumasc nó faoi fháil lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Gairtear ceadú san alt seo de chinneadh go bhféadfar cumasc nó fáil lena mbaineann an t-alt seo a chur in éifeacht.

(4) Aon chumasc nó fáil lena mbaineann an t-alt seo agus a mbeidh fógra tugtha don Aire faoi nó fúithi, ní chuirfear in éifeacht é nó í mura mbeidh agus go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an Aire i ndáil leis an gcumasc nó leis an bhfáil faoin alt seo.

(5) I gcás inarb é tuairim an Aire go bhfuil faisnéis bhreise ag teastáil uaidh nó uaithi d’fhonn breithniú a dhéanamh ar chumasc nó ar fháil lena mbaineann an t-alt seo, féadfaidh sé nó sí, trí fhógra, a cheangal ar aon ghnóthas amháin nó níos mó de na gnóthais lena mbaineann faisnéis shonraithe a sholáthar laistigh de thréimhse shonraithe. Déanfaidh gnóthas de réir ordacháin den sórt sin.

(6) Ar fhógra a fháil faoi fho-alt (2)

(a) rachaidh an tAire i gcomhairle go práinneach leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, leis an nGobharnóir, leis an mBanc Ceannais agus leis an Údarás Iomaíochta,

(b) foilseoidh an tAire an fógra ar aon slí is cuí leis an Aire, agus

(c) iarrfaidh an tAire go ndéanfar, de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna rialacháin, aighneachtaí i dtaobh an fhógra.

(7) Tabharfaidh an Gobharnóir agus an tÚdarás Iomaíochta aon chomhairle, faisnéis agus cúnamh a theastaíonn le réasún ón Aire chun breith a thabhairt ar fhógra faoi fho-alt (2).

(8) Féadfaidh an tAire duine a bheidh cáilithe go hoiriúnach a cheapadh ina chomhairleoir iomaíochta nó ina comhairleoir iomaíochta chun cúnamh a thabhairt maidir leis an mbreithniú a dhéanfar ar fhógra faoi fho-alt (2).

(9) Féadfaidh aon duine ar a bhfearann cumasc beartaithe nó fáil bheartaithe lena mbaineann an t-alt seo aighneacht a chur faoi bhráid an Aire i ndáil leis an gcumasc beartaithe nó leis an bhfáil bheartaithe.

(10) Tabharfaidh an tAire breith i dtaobh cumasc nó fáil lena mbaineann an t-alt seo a cheadú a luaithe is indéanta le réasún tar éis dó nó di an fógra faoi fho-alt (2) a fháil chun é nó í a cheadú.

(11) Ceadóidh an tAire cumasc nó fáil lena mbaineann an t-alt seo más rud é, i dtuairim an Aire, nach é an toradh a bheidh ar an gcumasc nó ar an bhfáil laghdú substaintiúil a dhéanamh ar an iomaíocht sna margaí le haghaidh earraí nó seirbhísí sa Stát agus, dá réir sin, go bhféadfar an cumasc nó an fháil a chur in éifeacht.

(12) Féadfaidh an tAire cumasc nó fáil lena mbaineann an t-alt seo a cheadú fiú má thagann sé nó sí ar an tuairim gurb é an toradh a bheidh ar an gcumasc nó ar an bhfáil laghdú substaintiúil a dhéanamh ar an iomaíocht sna margaí le haghaidh earraí nó seirbhísí sa Stát ach gur gá an cumasc nó an fháil ag féachaint d’aon cheann do na nithe seo a leanas nó dóibh go léir:

(a) cobhsaíocht an chórais airgeadais sa Stát a chothabháil;

(b) an gá atá ann mórbhaol do chobhsaíocht foras creidmheasa a sheachaint;

(c) an gá atá ann suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Stáit a leigheas.

(13) Féadfaidh an tAire, tar éis fógra faoi fho-alt (2) a bhreithniú—

(a) an cumasc nó an fháil a cheadú i dteannta nó d’éagmais coinníollacha, nó

(b) diúltú an cumasc nó an fháil a cheadú.

(14) Le linn aon choinníollacha a bheidh le forchur i ndáil le cumasc nó fáil a chinneadh, féachfaidh an tAire do thionchar an chumaisc nó na fála sa mhargadh le haghaidh earraí nó seirbhísí sa Stát, do chothabháil chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Stát, don ghá atá ann aon strus tromchúiseach i gcobhsaíocht foras creidmheasa a sheachaint agus don ghá atá ann suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Stáit a leigheas. Féadfaidh an tAire, go háirithe, cibé coinníollacha a fhorchur is dóigh leis is cuí chun iomaíocht sna margaí le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí sin a éascú ag féachaint do na nithe réamhráite.

(15) Beidh feidhm ag ailt 4(8) agus 5(3) d’Acht 2002 maidir le cumasc nó fáil lena mbaineann an t-alt seo agus, dá réir sin, chun na críche sin léifear tagairtí sna forálacha sin do Chuid 3 d’Acht 2002 mar thagairtí don alt seo.

(16) Tá feidhm ag Cuid 3 d’Acht 2002 i ndáil le cumasc nó fáil lena mbaineann an t-alt seo—

(a) fairis na modhnuithe a shonraítear i bhfo-alt (17),

(b) fara aon mhodhnuithe eile is gá, agus

(c) fara aon oiriúnuithe ar fhorálacha na Coda sin arna ndéanamh le rialacháin faoi alt 5.

(17) Is iad seo a leanas na modhnuithe a luaitear i bhfo-alt (16)(a)

(a) léifear tagairtí don Údarás Iomaíochta in ailt 16, 18, 20 agus 26 mar thagairtí don Aire;

(b) tabharfar neamhaird ar ailt 17, 19, 21, 22, 23, 24, 25 agus 27;

(c) tabharfar neamhaird ar cibé méid d’alt 20 a ndéantar foráil leis an alt seo maidir leis na nithe atá ann;

(d) cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “cinneadh” in alt 26:

“ciallaíonn ‘cinneadh’ ceadú ón Aire Airgeadais faoi alt 7 den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008;”.

(18) Ba cheart tagairtí in Acht 2002 do Rialachán (CEE) Uimh. 4064/89 ón gComhairle maidir le rialú comhchruinnithe idir gnóthais a léamh mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le rialú comhchruinnithe idir gnóthais.

(19) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun na nósanna imeachta a bheidh le leanúint le linn aighneachtaí a dhéanamh faoin alt seo a chinneadh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach sin gan ginearáltacht an mhéid sin roimhe seo a theorannú—

(a) foirm agus cineál na n-aighneachtaí a bheidh le déanamh chuig an Aire,

(b) ionadaithe daoine a bhfuil na leasanna céanna acu go substaintiúil a cheapadh,

(c) an modh ar a mbeidh faisnéis faoi rún le cosaint ar nochtadh poiblí.

(20) San alt seo ciallaíonn “Acht 2002” an tAcht Iomaíochta 2002.

Leasuithe iarmhartacha ar Achtanna eile.

8 .— (1) Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990—

(a) trí “agus” a scriosadh roimh mhír (m); agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (r):

“agus

(s) fho-ailt (1) go (11) d’alt 6 den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008”.

(2) Leasaítear alt 54 den Acht Airgeadais 1970 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7B) (a cuireadh isteach leis an Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002):

“(7C) Féadfaidh an tAire Airgeadais cibé idirbhearta de ghnáthchineál baincéireachta a dhéanamh le haon duine—

(a) i dtaca le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoi alt 6 den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008, agus

(b) chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar aon fhéichiúnas a thabhóidh an tAire faoin alt sin,

agus féadfaidh sé nó sí, chun críche na n-idirbheart sin, cibé cistí a eisiúint as an Státchiste is dóigh leis an Aire Airgeadais is cuí. Déanfar na caiteachais agus na costais eile a thabhóidh an tAire Airgeadais i dtaca leis na hidirbhearta sin, nó de dhroim na n-idirbheart sin, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis.”.

(3) Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (gggg) (a cuireadh isteach leis an Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002):

“(ggggg) alt 54(7C) (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008) a mhéid a bhaineann an t-alt sin le hidirbhearta áirithe de ghnáthchineál baincéireachta a dhéanamh) den Acht Airgeadais 1970.”.

(4) Leasaítear alt 138 den Acht Airgeadais 1993 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iv) d’fho-alt (1)(b):

“(v) aon urrúis nó ionstraim airgeadais a gcinnfidh an tAire ina leith go bhfuil siad incheadaithe ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.”.

Gearrtheideal.

9 .— Féadfar an tAcht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 a ghairm den Acht seo.