Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Suimeanna a Vótáladh le haghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú)

41 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 2007


AN tACHT LEITHREASA 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon €45,148,322,000 san iomlán, a leithreasú.

2 . Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, eadhon €126,119,000 san iomlán.

3 . Rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 5 Nollaig 2007.

4 . Gearrtheideal.

SCEIDEAL 1

Suimeanna a Vótáladh le haghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú

SCEIDEAL 2

Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965

1965, Uimh. 26

An tAcht Airgeadais 2004

2004, Uimh. 8

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927

1927, Uimh. 7

Public Accounts and Charges Act 1891

54 & 55 Vict., c. 24

Na hAchtanna Aoisliúntais 1834 go 2004

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean 1976

1976, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 41 de 2007


AN tACHT LEITHREASA 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA) 1965 CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCH CUÍ, DO DHÉANAMH FORÁLA MAIDIR LE TABHAIRT SUAS IARCHURTHA LEITHREASUITHE ÁIRITHE NEAMHURSCAOILTE DON PHRÍOMH-CHISTE FAOI THREOIR NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR CHAIPITIÚIL AGUS NA gCRÍOCH DÁ bhFORÁILTEAR LE hALT 91 DEN ACHT AIRGEADAIS 2004 AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA I nDÁIL LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS A RITH DÁIL ÉIREANN AN 5 NOLLAIG 2007.

[21 Nollaig, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon €45,148,322,000 san iomlán, a leithreasú.

1 .— (1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965 chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim cúig mhíle is daichead, céad daichead is ocht milliún, trí chéad fiche is dhá mhíle euro le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2007, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear i Sceideal 1.

(2) I dteannta na ndeontas as an bPríomh-Chiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1), féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deireanach de Sceideal 1 agus a ndéanann a n-iomlán suim ceithre mhíle céad caoga is ceithre mhilliún, trí chéad is trí mhíle euro déag a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act 1891 é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a shonraítear sa Sceideal sin.

Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, eadhon €126,119,000 san iomlán.

2 .— Chun críocha alt 91 den Acht Airgeadais 2004, i leith leithreasaí neamhurscaoilte áirithe faoi threoir na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch a áirítear i vóta dá dtagraítear i Sceideal 1, leagtar amach i Sceideal 2 na suimeanna a iarchuireadh isteach sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2008, agus na vótaí gaolmhara agus na teidil ghaolmhara i leith gach ceann de na suimeanna sin, a ndéanann a n-iomlán suim céad fiche is sé mhilliún, céad is naoi míle euro déag.

Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 5 Nollaig 2007.

3 .— (1) Féadfar an reachtaíocht is gá chun éifeacht a thabhairt do na rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 5 Nollaig 2007 agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, faoi réir na tréimhse ama a shonraítear in alt 4 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927, a achtú sa bhliain 2008.

(2) Is iad seo a leanas na Rúin Airgeadais dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) Rún Airgeadais Uimh. 1 (a bhaineann le méadú ar dhleachtanna máil ar thobac agus ar tháirgí tobac);

(b) Rún Airgeadais Uimh. 2 (a bhaineann le méadú ar rátaí dleachta stampa ar bhillí malairte);

(c) Rún Airgeadais Uimh. 3 (a bhaineann le méadú ar na rátaí mótarchánach agus ar phlátaí ceadúnais trádála);

(d) Rún Airgeadais Uimh. 4 (a bhaineann le cáin ioncaim agus le méadú ar an ráta sonraithe i gcomhair iasachtaí tosaíochta).

Gearrtheideal.

4 .— Féadfar an tAcht Leithreasa 2007 a ghairm den Acht seo.