35 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 2007


AN tACHT UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Forálacha i ndáil le costais in imeachtaí áirithe.

2 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004

2004, Uimh. 31

An tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003

2003, Uimh. 46

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 2007


AN tACHT UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA 2003.

[11 Iúil 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Forálacha i ndáil le costais in imeachtaí áirithe.

1 .— Leasaítear Caibidil 4 de Chuid 2 den Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003 trí na hailt seo a leanas a chur léi i ndiaidh alt 51:

“Costais in imeachtaí i gcás nach nglacann an t-éilitheoir le measúnú.

51A.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le héileamh iomchuí má chomhlíontar an 2 choinníoll seo a leanas i leith an éilimh sin.

(2) Is iad seo a leanas na coinníollacha sin—

(a) maidir leis an éilitheoir—

(i) go mbeidh ráiteas i scríbhinn déanta aige nó aici, mar fhreagra ar fhógra faoi alt 30, nach nglacann sé nó sí le measúnú ar an éileamh iomchuí, nó

(ii) go measfar, de bhua alt 31, nár ghlac sé nó sí leis an measúnú sin,

agus

(b) maidir le freagróir—

(i) go mbeidh ráiteas i scríbhinn déanta aige nó aici, mar fhreagra ar fhógra faoi alt 30, go nglacann sé nó sí leis an measúnú sin roimhe seo, nó

(ii) go measfar, de bhua alt 31, gur ghlac sé nó sí leis an measúnú sin roimhe seo.

(3) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7), más rud é, maidir le héileamh iomchuí lena mbaineann an t-alt seo, go dtionscnóidh éilitheoir imeachtaí de réir an Achta seo—

(a) ní fhéadfar aon dámhachtain costas ná aon ordú eile lena bhforálfar go n-íocfar costais a dhéanamh i bhfabhar an éilitheora i gcás nach mó méid na ndamáistí (más ann) a dhámhfar ar scór na n-imeachtaí sin nó a nglacfar leo mar shocraíocht ar na himeachtaí sin ná méid an mheasúnaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), agus

(b) i gcás nach mó méid na ndamáistí (más ann) a dhámhfar ar scór na n-imeachtaí sin ná méid an mheasúnaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh an chúirt, sna himeachtaí sin, dá rogha féin, a ordú don éilitheoir costais uile, nó cuid de chostais, an chosantóra nó na gcosantóirí a íoc.

(4) I bhfo-alt (3) ciallaíonn ‘imeachtaí’ imeachtaí—

(a) i gcoinne duine amháin nó níos mó a thoiligh, de réir na Coda seo, le measúnú a dhéanamh ar an éileamh iomchuí nó ar tharla mainneachtain den chineál dá dtagraítear in alt 14(1)(b) ar a thaobh nó ar a taobh nó ar a dtaobh i ndáil leis an éileamh iomchuí (nó iad araon), nó

(b) i gcoinne gach duine díobh seo a leanas—

(i) duine amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír (a), agus

(ii) freagróir neamh-rannpháirteach (de réir bhrí alt 15) amháin nó níos mó,

cibé acu is imeachtaí i gcoinne freagróra neamhghlacthaigh (de réir bhrí alt 34) amháin nó níos mó freisin na himeachtaí nó nach ea.

(5) Tá feidhm ag fo-alt (3) d’ainneoin ailt 37 agus 51.

(6) Níl feidhm ag fo-alt (3) más rud é, sna himeachtaí dá dtagraítear san fho-alt sin—

(a) go ndéanfaidh cosantóir tairiscint fhoirmiúil (de réir bhrí alt 17 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004) agus nach mbeidh méid na tairisceana comhionann le méid an mheasúnaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), nó

(b) go ndéanfar suim airgid a íoc isteach sa chúirt mar shásamh ar an gcúis chaingne, nó go dtairgfear íoc a dhéanamh, de bhun rialacha cúirte.

(7) Ní oibríonn fo-alt (3)—

(a) chun toirmeasc a chur ar chostais a dhámhachtain nó ar aon ordú eile a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfar costais, sna himthosca a luaitear san fho-alt sin, i bhfabhar éilitheora i gcoinne freagróra neamhghlacthaigh nó freagróirí neamhghlacthacha (de réir bhrí alt 34), nó

(b) chun cumhacht a thabhairt do chúirt, sna himthosca a luaitear san fho-alt sin, chun a ordú d’éilitheoir costais uile, nó cuid de chostais, freagróra neamhghlacthaigh nó freagróirí neamhghlacthacha (de réir bhrí alt 34) a íoc.

Ní bheidh costais i dtaca le hiarratas faoi alt 11 infhómhais.

51B.— (1) Tá feidhm ag an alt seo is cuma cé acu a rinneadh measúnú ar an éileamh iomchuí dá dtagraítear san alt seo nó cé acu atá aon mheasúnú arna dhéanamh amhlaidh glactha, nó a mheastar é a bheith glactha, ag aon duine faoin gCuid seo.

(2) Má thionscnaíonn éilitheoir imeachtaí de réir an Achta seo i leith a éilimh nó a héilimh iomchuí ansin, in aon fhómhas ar chostais sna himeachtaí sin, ní lamhálfar aon mhéid i leith aon táillí nó caiteachas a thabhóidh an t-éilitheoir i dtaca leis an iarratas a rinne sé nó sí faoi alt 11 i leith an éilimh iomchuí nó le linn aon fhoráil den Acht seo a chomhlíonadh ina leith, seachas táillí nó caiteachais dá dtagraítear in alt 35, 44 nó 45.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2 .— (1) Féadfar an tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003 agus 2007 a ghairm den Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003 agus den Acht seo le chéile.