Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Leasú ar Acht na mBóithre 1993)

34 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 2007


ACHT NA mBÓITHRE 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Dolaí — mínithe.

3 . Dola-scéimeanna.

4 . Dola mainneachtana, etc.

5 . Rochtain ar thaifid.

6 . Freagracht údarás bóithre as bóithre poiblí a chothabháil agus a thógáil — tagairtí uasdátaithe.

7 . Leasú ar fheidhmeanna an Údaráis um Bóithre Náisiúnta i ndáil le bóithre náisiúnta.

8 . Mótarbhealaí a dhearbhú.

9 . Scéimeanna.

10 . Limistéir sheirbhíse.

11 . Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

12 . Leasuithe ar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006.

13 . Leasuithe ar an Acht um Rialáil Tacsaithe 2003.

14 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

AN SCEIDEAL

Leasú ar Acht na mBóithre 1993


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995

1995, Uimh. 24

An tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh) 1987

1987, Uimh. 34

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí) 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 1992

1992, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais 1993

1993, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais 1994

1994, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais 2003

2003, Uimh. 3

Na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2005

An tAcht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta) 1975

1975, Uimh. 14

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

An tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2003

2003, Uimh. 5

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006

2006, Uimh. 27

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

Roads Act 1920

1920, c. 72

Acht na mBóithre 1993

1993, Uimh. 14

Achtanna na mBóithre 1993 go 2001

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994

1994, Uimh. 7

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002

2002, Uimh. 12

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004

2004, Uimh. 44

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2006

2006, Uimh. 23

Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006

An tAcht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002

2002, Uimh. 1

An tAcht um Rialáil Tacsaithe 2003

2003, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 2007


ACHT NA mBÓITHRE 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA mBÓITHRE 1993 go 2001, AN ACHTA UM RIALÁIL TACSAITHE 2003 AGUS FORÁLACHA ÁIRITHE DE NA hACHTANNA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 1961 GO 2006 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[11 Iúil, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Údarás” an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta;

ciallaíonn “Aire” an tAire Iompair;

ciallaíonn “Príomh-Acht” Acht na mBóithre 1993.

Dolaí — mínithe.

2 .— Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 56 den Phríomh-Acht:

“56.— Sa Chuid seo—

tá le ‘comhaontú fruilithe tomhaltóra’ agus le ‘comhaontú fruilcheannaigh’ na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, san Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995;

ciallaíonn ‘dola mainneachtana’ dola atá arna mhuirearú agus iníoctha de réir fodhlíthe faoi alt 61 i leith feithicle inneallghluaiste i gcás nár íocadh an dola a muirearaíodh i dtosach agus a bhí iníoctha i leith na feithicle sin;

ciallaíonn ‘taifid cheadúnúcháin’ taifid arna gcothabháil faoi alt 60(2) (a cuireadh isteach le halt 86 den Acht Airgeadais 1994, arna leasú le halt 7 den Acht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2003) den Acht Airgeadais 1993;

tá le ‘feithicil inneallghluaiste’ an bhrí a shanntar dó le hAcht 1961;

ciallaíonn ‘úinéir’—

(a) i ndáil le feithicil (seachas feithicil a shonraítear i mír (b)), an duine a choimeádann an fheithicil, nó

(b) i ndáil le feithicil is ábhar do chomhaontú fruilcheannaigh nó do chomhaontú fruilithe tomhaltóra, an duine a bhfuil an fheithicil ina sheilbh nó ina seilbh faoin gcomhaontú;

ciallaíonn ‘cláraithe sa Stát’, i ndáil le feithicil, go bhfuil an fheithicil arna taifeadadh sa chlár arna bhunú agus arna chothabháil ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992 nó go bhfuil ceadúnas bainte amach i leith na feithicle faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) 1952;

ciallaíonn ‘úinéir cláraithe’, i ndáil le feithicil, i gcás go bhfuil an fheithicil—

(a) cláraithe sa Stát, úinéir na feithicle arb é a ainm nó a hainm an t-ainm is déanaí atá arna thaifeadadh sna taifid cheadúnúcháin, nó

(b) á húsáid faoi cheadúnas trádála faoi alt 21 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 1992, sealbhóir an cheadúnais;

ciallaíonn ‘údarás bóithre’—

(a) i gcás bóthair náisiúnta — an tÚdarás, agus

(b) i gcás bóthair réigiúnaigh nó bóthair áitiúil — ant-údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an bóthar suite;

ciallaíonn ‘gnóthas bóithre’, i ndáil le dola-bhóthar—

(a) údarás bóithre, nó

(b) i gcás go bhfuil an t-údarás bóithre tar éis dul i mbun comhaontaithe—

(i) le duine eile faoi alt 63 i ndáil le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i mír (e) den alt sin, nó

(ii) le comhpháirtí faoi alt 3(1) den Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002 i ndáil le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin,

an duine nó an comhpháirtí eile sin;

ciallaíonn ‘dola’ dola (lena n-áirítear dola mainneachtana) is inmhuirearaithe faoin gCuid seo;

ciallaíonn ‘dola-bhóthar’ bóthar poiblí nó bóthar poiblí beartaithe a bhfuil dola-scéim i bhfeidhm ina leith;

ciallaíonn ‘dola-scéim’ scéim faoi alt 57.”.

Dola-scéimeanna.

3 .— Leasaítear alt 57 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) sonrófar an tslí agus an modh ar a ndéanfar dolaí a mhuirearú agus a bhailiú,

(f) sonrófar cibé faisnéis eile a mheasfaidh an t-údarás bóithre atá ag déanamh na scéime is cuí nó a fhorordóidh an tAire le rialacháin.”.

Dola mainneachtana, etc.

4 .— Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 64 den Phríomh-Acht:

“64.— (1) I gcás go bhfuil dola, atá arna mhuirearú agus iníoctha i leith feithicil inneallghluaiste d’úsáid dola-bhóthair, gan íoc ar feadh cibé tréimhse a shonraítear i bhfodhlíthe faoi alt 61, féadfar dola mainneachtana, de réir na bhfodhlíthe, nach mó ná cibé méid a bheidh sonraithe sna fodhlíthe agus is mó ná méid an dola a muirearaíodh i dtosach, a mhuirearú agus beidh sé iníoctha i leith na feithicle.

(2) Féadfar, le fodhlíthe arna ndéanamh faoi alt 61—

(a) a fhoráil go ndéanfar méid dola mainneachtana a mhéadú den mhéid sin i gcás nach n-íoctar é laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe sna fodhlíthe,

(b) costais riaracháin a chur i gcuntas le linn dola mainneachtana a mhuirearú agus a bhailiú, nó

(c) méideanna éagsúla a shonrú i leith aicmí éagsúla dola-bhóithre agus aicmí éagsúla feithiclí.

(3) I gcás go mbeidh dola iníoctha i leith feithicle inneallghluaiste, más rud é—

(a) go bhfuil an fheithicil cláraithe sa Stát (seachas sna himthosca dá dtagraítear i mír (c)) — beidh úinéir cláraithe na feithicle,

(b) nach bhfuil an fheithicil cláraithe sa Stát — beidh an duine ar féidir leis an ngnóthas bóithre lena mbaineann a fháil amach le réasún ina leith go bhfuil an fheithicil ar úinéireacht nó á coimeád nó ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina cheannas nó faoina ceannas aige nó aici sa Stát,

(c) nach raibh an t-úinéir cláraithe nó duine dá dtagraítear i mír (b) nó (d), de réir mar a bheidh, ar an ócáid atá i gceist, ag tiomáint na feithicle nó san fheithicil agus nár thug sé nó sí cead go n-úsáidfeadh duine eile an fheithicil, ná nár cheangail sé nó sí ar dhuine eile an fheithicil a úsáid, agus go raibh an méid sin ar eolas ag an nGarda Síochána nó gur cuireadh an méid sin in iúl don Gharda Síochána — beidh an duine a raibh an fheithicil á tiomáint aige nó aici ar an ócáid, nó

(d) go ndearna duine comhaontú leis an ngnóthas bóithre lena mbaineann maidir le dolaí a íoc i leith na feithicle — beidh an duine sin,

agus beidh tiománaí na feithicle, mura duine thuasluaite é nó í, faoi dhliteanas, i gcomhpháirt agus go leithleach, an dola a íoc.

(4) Féadfaidh an gnóthas bóithre lena mbaineann méid aon dola atá dlite de dhuine agus iníoctha aige nó aici faoin gCuid seo agus atá gan íoc a ghnóthú ón duine mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) (a) D’ainneoin alt 79, féadfaidh an gnóthas bóithre lena mbaineann fógra, i dtaobh dola a mhuirearú, a sheirbheáil ar dhuine leis an bpost—

(i) ag an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ina seolann sé nó sí gnó, nó

(ii) má sholáthair an duine seoladh chun fógra den sórt sin a sheirbheáil, ag an seoladh sin,

nó i gcás go mbeidh socruithe déanta idir an duine agus an gnóthas bóithre lena mbaineann ar cibé modh a bheidh sonraithe (amhail post leictreonach) chuig an áit nó chuig an seoladh a bheidh sonraithe sna socruithe.

(b) In aon imeachtaí chun dola a ghnóthú toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, go bhfuair an cosantóir an fógra faoin mír seo lena mbaineann na himeachtaí agus nach ndearnadh an dola a íoc.

(6) Maidir le doiciméad arna shíniú ag oifigeach don ghnóthas bóithre lena mbaineann (a bheidh údaraithe chuige sin ag an ngnóthas bóithre) ina luafar gur thabhaigh feithicil inneallghluaiste, a dtionscnaítear na himeachtaí ina leith mar gheall ar neamhíoc dola, an dliteanas an dola a íoc mar aon le haon fhianaise fhótagrafach nó eile arna tógáil ó cheamara nó ó ghaireas eile dá dtagraítear i bhfo-alt (7) ar mharc aitheantais na feithicle arna tógáil an tráth ábhartha, féadfar, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh ná cruthúnas gur fianaise ó cheamara nó ó ghaireas eile dá dtagraítear san fho-alt sin an fhianaise fhótagrafach nó eile, an doiciméad nó an fhianaise sin a thabhairt ar aird in aon chúirt agus i ngach imeacht dlí agus is fianaise é nó í, go dtí go suífear a mhalairt, gur tabhaíodh dola i leith na feithicle. Ní gá a shuíomh go raibh an ceamara nó an gaireas eile cruinn nó in ord maith oibre.

(7) Féadfaidh údarás bóithre ceamaraí nó gaireas eile agus an áit a mbeidh siad a cheadú, ar ceamaraí iad nó ar gaireas é a bheidh le suiteáil agus le hoibriú ag an ngnóthas bóithre atá i bhfeighil ar bhailiú dolaí ar dhola-bhóthar, chun na gcríoch seo a leanas—

(a) taifeadadh a dhéanamh ar an dáta agus ar an am a chuaigh feithicil tríd an dola-bhóthar agus i dtaobh ar urscaoileadh nó ar tabhaíodh íocaíocht i leith na feithicle as an mbóthar a úsáid, agus

(b) íomhánna fótagrafacha a thógáil den fheithicil agus dá marc aitheantais.

(8) Aon duine atá faoi dhliteanas dola a íoc agus a mhainníonn, a fhaillíonn nó a dhiúltaíonn an dola a íoc, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(9) Aon duine, agus é nó í ar dhola-bhóthar, a mhainníonn, a fhaillíonn nó a dhiúltaíonn géilleadh do threoir dhleathach nó d’ordachán dleathach ó dhuine a bheidh údaraithe ag gnóthas bóithre chun dola-bhóthar a sholáthar, a oibriú nó a bhainistiú nó chun dolaí ar an mbóthar a bhailiú nó a mhuirearú, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(10) Aon duine a dhéanann, lena chuid gníomhartha nó lena cuid gníomhartha, aon ní chun go seachnóidh sé nó sí dola a mhuirearú air nó uirthi nó dola a íoc le linn a bheith ar dhola-bhóthar, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(11) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(12) San alt seo ciallaíonn ‘marc aitheantais’, maidir le feithicil inneallghluaiste, an marc aitheantais arna shannadh don fheithicil—

(a) i gcás feithicle arna clárú sa Stát — faoi alt 6 den Roads Act 1920 nó faoi alt 131(5) (a cuireadh isteach le halt 102 den Acht Airgeadais 2003) den Acht Airgeadais 1992, nó

(b) i gcás feithicle arna clárú i ndlínse lasmuigh den Stát — faoi dhlíthe na dlínse sin.”.

Rochtain ar thaifid.

5 .— Déantar an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 64 den Phríomh-Acht:

“64A.— (1) Beidh ag gnóthas bóithre chun dolaí a mhuirearú agus íoc dolaí a bhailiú rochtain ar thaifid cheadúnúcháin agus féadfaidh sé taifid cheadúnúcháin a iniúchadh agus a scrúdú agus féadfaidh sé faisnéis nó sleachta a thógáil as na taifid sin, nó féadfar faisnéis nó sleachta as na taifid sin a sholáthar dó, ar faisnéis í nó ar sleachta iad a bhaineann le dolaí a mhuirearú nó a íoc ar cibé táille (más ann) a íoc chun na costais riaracháin i dtaca le rochtain ar na taifid sin a chumhdach.

(2) I gcás go mbeidh amhras ar ghnóthas bóithre, chun dola a mhuirearú nó íoc dola a bhailiú i leith feithicle a úsáideann dola-bhóthar, go bhfuil an fheithicil ar an ócáid atá i gceist ina hábhar do chomhaontú agus nach féidir leis faisnéis maidir leis an duine a bhfuil an fheithicil ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici faoin gcomhaontú a fhionnadh ó thaifid cheadúnúcháin, féadfaidh sé faisnéis a éileamh ar úinéir cláraithe na feithicle, agus féadfaidh úinéir cláraithe na feithicle faisnéis a sholáthar dó, maidir leis an duine a bhfuil an fheithicil ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici faoin gcomhaontú.

(3) I gcás go ndéanfar iarraidh faoi fho-alt (2), déanfaidh úinéir cláraithe na feithicle is ábhar don iarraidh, laistigh de 21 lá, i gcás go bhfuil an fheithicil ina hábhar do chomhaontú, ainm agus seoladh an duine a bhfuil an fheithicil lena mbaineann an iarraidh ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici faoin gcomhaontú, ar an ócáid a bheidh i gceist, a sholáthar don ghnóthas bóithre a bhfuil an iarraidh á déanamh aige.

(4) Aon duine a thugann faisnéis bhréagach nó mhíthreorach le linn faisnéis a sholáthar faoi fho-alt (3), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) I gcás go mainníonn nó go ndiúltaíonn úinéir cláraithe faisnéis a thabhairt do ghnóthas bóithre chun críocha an ailt seo toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, go raibh an fheithicil i seilbh an úinéara chláraithe ar an ócáid atá i gceist agus beidh sé nó sí faoi dhliteanas an dola lena mbaineann a íoc.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘ comhaontú ’ comhaontú fruilcheannaigh nó comhaontú fruilithe tomhaltóra, de réir mar a bheidh.”.

Freagracht údarás bóithre as bóithre poiblí a chothabháil agus a thógáil — tagairtí uasdátaithe.

6 .— Leasaítear alt 13 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (4):

“(1) Faoi réir Chuid III, maidir le cothabháil agus tógáil gach bóthair náisiúnta agus bóthair réigiúnaigh i gcontae nó i gcathair, is feidhm de chuid chomhairle an chontae sin nó na cathrach sin an méid sin.

(2) Beidh sé d’fheidhm ag údarás áitiúil gach bóthar áitiúil a chothabháil agus a thógáil—

(a) i gcás comhairle contae — ina limistéar riaracháin, seachas i limistéar riaracháin aon bhuirge nó aon bhaile dá dtagraítear i gCaibidil 2 de Chuid 1 de Sceideal 6 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus atá suite i gcontae na comhairle, agus

(b) i gcás aon údaráis áitiúil eile — ina limistéar riaracháin.

(3) Maidir leis na húdaráis áitiúla dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2), is údaráis bhóithre iad chun críocha na mbóithre dá dtagraítear sna fo-ailt sin agus déanfaidh siad, faoi réir Chuid III agus i leith na mbóithre sin, na feidhmeanna uile a chomhlíonadh a shanntar d’údaráis bhóithre le haon achtachán nó faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) nó le haon ionstraim nó faoi aon ionstraim.

(4) Déanfar caiteachais comhairle contae i leith a feidhmeanna faoi fho-alt (2) a mhuirearú ar chontae na comhairle gan aon bhuirg ná aon bhaile atá suite sa chontae a áireamh.”.

Leasú ar fheidhmeanna an Údaráis um Bóithre Náisiúnta i ndáil le bóithre náisiúnta.

7 .— Leasaítear alt 19 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tÚdarás, i ndáil le bóithre náisiúnta nó le bóithre náisiúnta beartaithe, gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) na nithe seo a leanas a ullmhú nó socrú a dhéanamh maidir leis an gcéanna a ullmhú—

(i) dearaí le haghaidh oibreacha tógála nó feabhsúcháin,

(ii) cláir oibreacha cothabhála, nó

(iii) scéimeanna chun síneacha tráchta a sholáthar;

(b) a áirithiú go seolfar oibreacha tógála nó cothabhála, nó go soláthrófar síneacha tráchta;

(c) a áirithiú go soláthrófar saoráidí le haghaidh locadh feithiclí;

(d) airgead a leithroinnt agus íocaíochtaí a dhéanamh i ndáil le hoibreacha tógála nó cothabhála, nó i ndáil le haon fheidhm eile a shanntar dó leis an Acht seo nó faoin Acht seo;

(e) caighdeáin a shonrú i ndáil le hoibreacha tógála nó cothabhála;

(f) gníomhaíochtaí oiliúna, taighde nó tástála i ndáil le haon cheann dá fheidhmeanna a sheoladh, socrú a dhéanamh maidir leis an gcéanna a sheoladh nó cúnamh a thabhairt maidir leis an gcéanna a sheoladh;

(g) aon taitneamhacht, déanmhas nó rud a sholáthar (lena n-áirítear, gan teorainn, limistéir seirbhíse, limistéir scíthe nó leataobhanna) ar mhaithe le sábháilteacht lucht úsáidte bóithre nó mar áis dóibh;

(h) tírdhreachú, plandáil nó aon ghníomhaíochtaí dá shamhail nó dá samhail a ghlacadh de láimh ar mhaithe le taitneamhacht agus ar mhaithe leis an gcomhshaol; nó

(i) gnéithe ealaíne a sholáthar.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Is forbairt dhíolmhaithe chun críocha Acht 2000 forbairt arb éard í an tÚdarás do sheoladh aon oibreacha nó aon oibreacha a sheoladh ar threoir ón Údarás nó thar a cheann faoin Acht seo i ndáil le tógáil nó cothabháil aon bhóthair náisiúnta nó aon bhóthair phoiblí eile nó aon rud a bhaineann leis an gcéanna nó atá teagmhasach leis an gcéanna.”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

“(11) Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2005 maidir le ligean a dhéanfaidh an tÚdarás nó aon údarás bóithre, i ngach cás díobh, le linn dó na cumhachtaí a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.”.

Mótarbhealaí a dhearbhú.

8 .— (1) Féadfaidh an tAire le hordú, faoi réir fho-alt (2), ar iarratas ón Údarás, a dhearbhú gur mótarbhealach—

(a) aon bhóthar poiblí láithreach atá, roimh an Acht seo a rith, ina bhóthar náisiúnta, nó

(b) aon fhorbairt bóthair bheartaithe chun bóthar náisiúnta a thógáil, ar ina leith, roimh an Acht seo a rith, a rinneadh iarratas ar cheadú nó a ceadaíodh an fhorbairt faoi alt 51 den Phríomh-Acht,

nó gur mótarbhealach aon chuid nó stráice den chéanna.

(2) I gcás go mbeartaíonn an tAire a dhearbhú faoi fho-alt (1) gur mótarbhealach bóthar agus go dtugann an tÚdarás fógra i scríbhinn dó nó di á rá—

(a) go ndearnadh nó go ndéanfar an bóthar ar comhchaighdeán le mótarbhealaí láithreacha nó ar chaighdeán is airde ná iad,

(b) go bhfuil socrú déanta maidir le bealach rochtana eile go dtí aon talamh atá le scor de thoradh an dearbhaithe, agus

(c) go bhfuil an bóthar nó go mbeidh an bóthar, ar a laghad, ina dhébhealach nó mar chuid chomhtháite de dhearadh débhealaigh agus mar chuid de ghréasán na mbóithre náisiúnta,

ní mór don Aire—

(i) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear sa limistéar ina bhfuil an bóthar nó ina bhfuil sé ar intinn an bóthar beartaithe a bheith, ar bóthar nó bóthar beartaithe é a mbeartaíonn sé nó sí a dhearbhú gur mótarbhealach é—

(I) ina gcuirfear in iúl cad iad na huaireanta a fhéadfar, cad é an tréimhse (nach lú ná mí) ar lena linn a fhéadfar agus cén áit a bhféadfar cóip den iarratas faoi fho-alt (1) agus léarscáil ar a dtaispeántar an bóthar a iniúchadh, agus

(II) ina luafar go bhféadfar agóidí nó uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aire i ndáil leis an dearbhú roimh dháta sonraithe (nach túisce ná 2 sheachtain i ndiaidh na tréimhse a cheadaítear le haghaidh iniúchta den sórt sin), agus

(ii) breithniú a dhéanamh ar aon agóidí nó uiríll a dhéanfar faoi mhír (i)(II) agus nach dtarraingeofar siar.

(3) Leasaítear alt 43 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San Acht seo ciallaíonn ‘ mótarbhealach ’—

(a) bóthar poiblí nó bóthar poiblí beartaithe a sonraítear gur mótarbhealach i scéim mótarbhealaigh atá ceadaithe faoi alt 49 é, nó

(b) bóthar náisiúnta nó forbairt bóthair bheartaithe chun bóthar náisiúnta a thógáil ar dearbhaíodh gur mótarbhealach faoi alt 8 d’Acht na mBóithre 2007 é.”.

(4) D’ainneoin aon achtacháin eile, ní dhéanfaidh údarás pleanála ná an Bord Pleanála cead pleanála a dheonú ná cinneadh cead pleanála a dheonú ná ní mheasfar go ndearna údarás pleanála ná an Bord Pleanála cinneadh faoi alt 34(8) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 i leith na bhforbairtí dá dtagraítear in alt 46 den Phríomh-Acht i leith bóthair náisiúnta nó forbartha bóthair beartaithe chun bóthar náisiúnta a thógáil ar dearbhaíodh gur mótarbhealach é faoi fho-alt (1).

Scéimeanna.

9 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 47—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh údarás bóithre nó an tÚdarás na nithe seo a dhéanamh—

(a) scéim mótarbhealaigh,

(b) scéim limistéir seirbhíse,

(c) scéim busbhealaigh,

(d) scéim bóthair chosanta, nó

(e) scéim bóthair chosanta lena leasaítear scéim bóthair chosanta arna ceadú faoi alt 49,

dá ngairtear “scéim” sa Chuid seo”.”,

(ii) i bhfo-alt (2)(a)(i), (ii), (iii) agus (v), trí “, an bóthar cosanta nó an limistéar seirbhíse” a chur in ionad “nó an bóthar cosanta” agus “, an bhóthair chosanta nó an limistéir seirbhíse” a chur in ionad “nó an bhóthair chosanta” gach áit a bhfuil siad,

(iii) i bhfo-alt (2)(c), trí “(arna soláthar faoi scéim mótarbhealaigh nó faoi scéim bóthair chosanta)” a chur isteach i ndiaidh “limistéar seirbhíse”, agus

(iv) i bhfo-alt (4)(a) agus (b), trí “nó ag an Údarás” a chur isteach i ndiaidh “ag an údarás bóithre”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 48:

“Nósanna imeachta a leanfaidh údarás bóithre nuair a bheidh scéim á cur faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

48.— Déanfaidh údarás bóithre nó an tÚdarás, de réir mar a bheidh, sula gcuirfidh sé scéim faoi bhráid an Bhoird Pleanála faoi alt 49—

(a) fógra san fhoirm fhorordaithe a fhoilsiú i nuachtán nó i nuachtáin a scaiptear sa limistéar ina mbeidh an mótarbhealach, an limistéar seirbhíse, an busbhealach nó an bóthar cosanta atá beartaithe ar fógra é—

(i) ina luafar go ndearnadh scéim,

(ii) ina gcuirfear in iúl cad iad na huaireanta a fhéadfar, cad é an tréimhse (nach lú 6 seachtaine) ar lena linn a fhéadfar agus cén áit a bhféadfar cóip den scéim agus den léarscáil dá dtagraítear inti a iniúchadh, agus

(iii) ina luafar go bhféadfar agóidí a dhéanamh i scríbhinn chun an Bhoird Pleanála i ndáil leis an scéim le linn na tréimhse sin,

agus

(b) fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar gach úinéir agus gach áititheoir ar aon talamh dá dtagraítear i scéim agus ar gach duine a ndéanann cúlghairm bheartaithe nó modhnú beartaithe ceada pleanála a shonraítear sa scéim difear dó nó di, i dtuairim an údaráis bóthair nó an Údaráis, de réir mar a bheidh, ar fógra é ina luafar—

(i) cineál agus méid na scéime,

(ii) go gcuirfear an scéim faoi bhráid an Bhoird Pleanála lena ceadú,

(iii) an tréimhse (arb í an tréimhse í dá dtagraítear i mír (a)(ii)) ar lena linn a fhéadfar agóidí a dhéanamh i scríbhinn chun an Bhoird Pleanála i ndáil leis an scéim.”,

(c) in alt 49—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Cuirfidh údarás bóithre nó an tÚdarás aon scéim arna déanamh aige faoi alt 47 faoi bhráid an Bhoird Pleanála lena cheadú a fháil.”,

(ii) i bhfo-ailt (3) agus (4), trí “, bóthar cosanta nó limistéar seirbhíse” a chur in ionad “nó bóthar cosanta”, agus trí “, scéim bóthair chosanta nó limistéir seirbhíse” a chur in ionad “nó scéim bóthair chosanta”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) I gcás go mbeidh scéim curtha faoi bhráid an Bhoird ag an Údarás lena ceadú faoi fho-alt (1) léifear tagairtí d’údarás bóithre sna forálacha eile den alt seo i leith na scéime mar thagairtí don Údarás.”,

(d) in alt 50—

(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Ullmhóidh údarás bóithre nó an tÚdarás ráiteas i dtaobh na n-éifeachtaí is dóigh a bheidh ar an gcomhshaol (‘ráiteas tionchair timpeallachta’) ag aon fhorbairt bóthair bheartaithe atá beartaithe aige arb éard í—

(i) mótarbhealach a thógáil,

(ii) busbhealach a thógáil,

(iii) limistéar seirbhíse a thógáil, nó

(iv) aon chineál forordaithe forbartha bóthair beartaithe arb éard í bóthar poiblí beartaithe a thógáil nó bóthar poiblí láithreach a fheabhsú.”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Tionchair Timpeallachta) (Leasú) 1999 (I.R. Uimh. 93 de 1999)):

“(5) I gcás go mbeidh beartaithe ag an Údarás forbairt bóthair bheartaithe a dhéanamh arb éard í aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) léifear tagairtí d’údarás bóithre sna forálacha eile den alt seo i leith na forbartha mar thagairtí don Údarás.”,

agus

(e) in alt 51—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Ní dhéanfar forbairt bóthair bheartaithe mura mbeidh sí ceadaithe nó ceadaithe fara modhnuithe ag an mBord Pleanála.

(2) Déanfaidh an t-údarás bóithre lena mbaineann nó an tÚdarás, de réir mar a bheidh, iarratas chuig an mBord Pleanála ar an gceadú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i ndáil le forbairt bóthair bheartaithe a bheartaíonn sé a dhéanamh agus cuirfidh sé an ráiteas tionchair timpeallachta a ullmhófar i leith na forbartha faoi bhráid an Bhoird Pleanála.”,

(ii) i bhfo-alt (3)(a)(vi) (a cuireadh isteach le halt 51 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006) trí “an Bord Pleanála” a chur isteach in ionad “an tAire”, agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) I gcás go ndéanfaidh an tÚdarás iarratas ar cheadú faoi fho-alt (2) léifear tagairtí d’údarás bóithre i bhfo-alt (3) agus sna forálacha ina dhiaidh sin den alt seo i leith an iarratais mar thagairtí don Údarás.”.

(2) I gcás go gceadóidh an Bord Pleanála scéim arna cur faoina bhráid ag an Údarás faoi alt 49 léifear tagairtí d’údarás bóithre in alt 52 den Phríomh-Acht i leith na scéime mar thagairtí don Údarás.

Limistéir sheirbhíse.

10 .— (1) Déantar an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 54 den Phríomh-Acht:

“Limistéir sheirbhíse (scéimeanna mótarbhealaigh).

54.— (1) Féadfaidh foráil maidir le limistéar seirbhíse a bheith i scéim mótarbhealaigh.

(2) I gcás go mbeidh foráil i scéim mótarbhealaigh arna ceadú faoi alt 49 le haghaidh limistéir seirbhíse nó i gcás go mbeidh limistéar seirbhíse arna sholáthar faoi scéim mótarbhealaigh suite ar mhótarbhealach—

(a) maidir leis an Údarás — i gcás bóthair náisiúnta, nó

(b) maidir leis an údarás bóithre ar ina limistéar feidhme atá an limistéar seirbhíse le soláthar nó suite—

(i) i gcás bóthair náisiúnta, le toiliú an Údaráis, nó

(ii) i gcás bóthair réigiúnaigh nó áitiúil,

féadfaidh sé—

(I) saoráidí nó seirbhísí do dhaoine agus d’fheithiclí a úsáideann an mótarbhealach lena mbaineann an scéim a sholáthar nó a oibriú sa limistéar seirbhíse,

(II) comhaontú a dhéanamh le haon duine trína ndéanfaidh an duine sin, leis féin nó léi féin nó i gcomhpháirt leis an Údarás nó leis an údarás bóithre, de réir mar a bheidh, na saoráidí nó na seirbhísí sin a sholáthar nó a oibriú sa limistéar seirbhíse.

(3) Faoi réir alt 54A, ní dhéanfar limistéar seirbhíse ar mhótarbhealach a sholáthar ná a oibriú ach amháin de réir an ailt seo.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le hairgead a úsáid a fhabhróidh chuig údarás bóithre nó chuig an Údarás i leith fheidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo nó faoi alt 54A.

(5) (a) Is ag aicmí feithiclí a fhorordófar faoi alt 43(3) amháin a bheidh rochtain ó limistéar seirbhíse go dtí mótarbhealach.

(b) Maidir le tiománaí feithicle, nach feithicil d’aicme a fhorordófar faoi alt 43(3), a théann leis an bhfeithicil ó limistéar seirbhíse go dtí mótarbhealach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

(2) Déantar na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 54 den Phríomh-Acht:

“Limistéir sheirbhíse (bóithre poiblí).

54A.— (1) I limistéar seirbhíse—

(a) maidir leis an Údarás — i gcás bóthair náisiúnta, nó

(b) maidir leis an údarás bóithre ar ina limistéar feidhme atá an limistéar seirbhíse le soláthar nó suite—

(i) i gcás bóthair náisiúnta, le toiliú an Údaráis, nó

(ii) i gcás bóthair réigiúnaigh nó bóthair áitiúil,

féadfaidh sé—

(I) saoráidí nó seirbhísí do dhaoine agus d’fheithiclí a úsáideann an mótarbhealach lena mbaineann an scéim limistéir seirbhíse a sholáthar nó a oibriú, nó

(II) comhaontú a dhéanamh le duine eile trína ndéanfaidh an duine sin, leis féin nó léi féin nó i gcomhpháirt leis an Údarás nó leis an údarás bóithre, de réir mar a bheidh, na saoráidí nó na seirbhísí sin a sholáthar nó a oibriú.

(2) Faoi réir alt 54, ní dhéanfar limistéar seirbhíse ar bhóthar dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a sholáthar ná a oibriú ach amháin de réir an fho-ailt sin.

(3) San alt seo ciallaíonn ‘ limistéar seirbhíse ’ limistéar seirbhíse a bheartaítear nó a sholáthraítear faoi scéim limistéir seirbhíse i leith bóthair náisiúnta, réigiúnaigh nó áitiúil.

Cion (limistéir sheirbhíse).

54B.— Aon duine a dhéanann, gan údarás dleathach nó gan toiliú an Údaráis nó an údaráis bóithre lena mbaineann, de réir mar a bheidh—

(a) limistéar seirbhíse arna sholáthar faoi scéim mótarbhealaigh nó faoi scéim limistéir seirbhíse a aghlot (le scríbhneoireacht nó ar mhodh eile), a dhamáistiú nó a thochailt,

(b) aon ábhar nó ní a chur nó a fhágáil ar limistéar seirbhíse ar baol nó baol ionchasach é do dhaoine a úsáideann an limistéar seirbhíse, nó

(c) bac nó treampán a chur ar rochtain ón mbóthar poiblí go dtí an limistéar seirbhíse,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

11 .— Déantar gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a leasú sa tslí a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal os coinne lua na forála.

Leasuithe ar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006.

12 .— (1) Déantar na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 36 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994:

Fodhlíthe chun srian a chur le locadh — imeachtaí sonraithe.

36A.— (1) Féadfaidh údarás bóithre, i leith imeachta shonraithe nó imeachtaí sonraithe (mar imeacht spóirt nó siamsaíochta) in ionad sonraithe nó in ionaid shonraithe, ar mhaithe le sábháilteacht úsáidirí bóthair agus brú tráchta a chosc, fodhlíthe a dhéanamh de réir an ailt seo chun locadh feithiclí inneallghluaiste ar gach bóthar poiblí i limistéir shonraithe nó ar bhóthar poiblí sonraithe ina limistéar feidhme a thoirmeasc nó a shrianadh.

(2) Sonrófar i bhfodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo—

(a) an t-imeacht agus an t-ionad a mbeidh feidhm ag na fodhlíthe maidir leis,

(b) cineál agus tuairisc an imeachta,

(c) an bóthar nó an limistéar poiblí lena mbainfidh an toirmeasc nó an srian,

(d) an bhfuil feidhm ag toirmeasc nó srian ar locadh,

(e) tréimhse an toirmisc nó an tsriain ar locadh, agus

(f) na feithiclí inneallghluaiste nó na haicmí d'fheithiclí den sórt sin lena mbainfidh díolúine ón toirmeasc nó ón srian.

(3) I gcás go mbeartaítear feithiclí inneallghluaiste a dhíolmhú ó fheidhm fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo de réir fho-alt (2)(f), sonrófar sna fodhlíthe—

(a) na daoine a fhéadfaidh an díolúine a fháil,

(b) na coinníollacha, más ann, atá le feidhmiú maidir leis an díolúine,

(c) an modh ar a ndéanfar feithiclí inneallghluaiste a bheidh faoi réir na díolúine a aithint,

(d) an tslí a choimeádfar nó a thaispeánfar an modh aitheantais ar an bhfeithicil, agus

(e) an táille, más ann, a bheidh iníoctha leis an údarás bóithre lena mbaineann i leith na díolúine.

(4) I gcás go ndéanfar le fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo socrú maidir le díolúine ón toirmeasc nó ón srian a bheidh le forchur, soláthróidh an t-údarás bóithre, ar iarratas a fháil, an modh dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(c) do dhuine a fhéadfaidh an díolmhú a fháil.

(5) Féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith limistéar éagsúil laistigh de limistéar feidhme údaráis bóithre,

(b) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(c) le haghaidh imthosca éagsúla, agus

(d) i leith tréimhsí ama éagsúla.

(6) I gcás go ndéanfaidh údarás bóithre fodhlíthe faoin alt seo soláthróidh sé sín tráchta rialaitheach arna sonrú i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 95(2) den Phríomh-Acht chun feidhmiú na bhfodhlíthe a léiriú.

(7) Maidir leis an tsín tráchta dá dtagraítear i bhfo-alt (6)—

(a) soláthrófar í ar an mbóthar nó ar gach bóthar ag an mbealach isteach chuig limistéar lena mbainfidh na fodhlíthe, agus

(b) sula ndéanfar na fodhlíthe a oibriú, beidh pláta faisnéise ina teannta ar a léireofar mionsonraí maidir le dáta nó lá agus tréimhse oibrithe na bhfodhlíthe.

(8) Maidir le húdarás bóithre, sula ndéanfaidh sé fodhlíthe faoin alt seo—

(a) rachaidh sé i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána,

(b) foilseoidh sé fógra ar nuachtán nó ar nuachtáin a scaiptear sa limistéar lena mbaineann na fodhlíthe agus, i gcás go measfaidh an t-údarás bóithre go bhfuil tábhacht náisiúnta leis an ócáid lena mbaineann na fodhlíthe, ar nuachtán nó ar nuachtáin a fhoilsítear agus a scaiptear sa Stát—

(i) ina gcuirfear in iúl go bhfuiltear ag beartú fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo,

(ii) ina gcuirfear in iúl na tráthanna a fhéadfar, an tréimhse (nach lú ná aon mhí amháin) ar lena linn a fhéadfar agus an áit (is áit laistigh dá limistéar feidhme) a bhféadfar cóip de na dréacht-fhodhlíthe a iniúchadh,

(iii) ina ndéarfar go bhféadfar uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an údaráis bóithre i ndáil leis na dréacht-fhodhlíthe roimh dháta sonraithe (ar dáta é nach luaithe ná 2 sheachtain tar éis dheireadh na tréimhse i gcomhair iniúchadh), agus

(iv) ina ndéarfar go bhféadfar cóip de na dréacht-fhodhlíthe a cheannach ach táille a íoc, más ann, is táille nach mó ná na costas réasúnach ar chóipeanna den sórt sin a dhéanamh,

agus

(c) sula ndéanfaidh sé cinneadh i dtaobh na fodhlíthe a dhéanamh agus a mbeidh iontu a chinneadh, breithneoidh sé aon tuairimí a chuirfidh an Coimisinéir faoina bhráid nó aon uiríll a chuirfear faoina bhráid faoi mhír (b)(iii).

(9) Is feidhm fhorchoimeádta é fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo agus tuairimí nó uiríll a bhreithniú faoi fho-alt (8)(c).

(10) Foilseoidh an t-údarás bóithre, a luaithe is féidir tar éis don údarás bóithre fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo, fógra i dtaobh a ndéanta agus na háite a bhféadfar cóipeanna díobh a cheannach, a fháil nó a iniúchadh—

(a) san Iris Oifigiúil,

(b) ar nuachtán nó nuachtáin a scaiptear sa limistéar lena mbaineann na fodhlíthe, agus

(c) i gcás go measfaidh an t-údarás bóithre go bhfuil tábhacht náisiúnta leis an ócáid lena mbaineann na fodhlíthe, ar nuachtán nó ar nuachtáin a fhoilsítear agus a scaiptear sa Stát.

(11) I gcás go bhfuil feithicil inneallghluaiste, nach bhfuil díolmhaithe faoi fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo, loctha ar bhóthar poiblí tráth díreach roimh theacht i ngníomh d’fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo a bhfuil baint acu leis an mbóthar, ní mór an fheithicil a thabhairt chun siúil ón mbóthar sin sula dtiocfaidh na fodhlíthe arna léiriú ar an tsín tráchta dá dtagraítear i bhfo-alt (7) i ngníomh.

(12) (a) Aon duine a sháraíonn fodhlí arna dhéanamh faoin alt seo nó nach gcomhlíonann fo-alt (11), beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(b) Más rud é, i ndáil le feithicil inneallghluaiste, go ndéantar sárú ar fhodhlí faoin alt seo nó go ndéanfar mainneachtain déanamh de réir fho-alt (11), beidh gach duine de na daoine seo a leanas ciontach i gcion—

(i) úinéir cláraithe na feithicle,

(ii) más ábhar do chomhaontú fruiltiomána an fheithicil ar an ócáid atá i gceist, an duine a mbeidh an fheithicil fruilithe leis nó léi faoin gcomhaontú, agus

(iii) más rud é nach é nó nach í an duine a loc an fheithicil a húinéir cláraithe nó an duine a bhfuil sí fruilithe leis nó léi faoi chomhaontú fruiltiomána, an duine céadluaite.

(13) I gcás gur duine arna chúiseamh nó arna cúiseamh i gcion faoi fho-alt (12)—

(a) úinéir cláraithe na feithicle lena mbaineann, is cosaint é dó nó di a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid atá i gceist agus

(i) gur úsáid neamhúdaraithe an úsáid sin, nó

(ii) go raibh an fheithicil faoi réir comhaontaithe fruiltiomána an tráth sin,

(b) duine a raibh an fheithicil ar fruiliú aige nó aici faoi chomhaontú fruiltiomána nuair a rinneadh an cion, is cosaint dó nó di a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid ar an ócáid atá i gceist ag duine eile agus gur úsáid neamhúdaraithe ab ea an úsáid sin.

(14) Déanfar aon táillí a íocfar faoin alt seo a dhiúscairt ar cibé slí a chinnfidh an t-údarás bóithre lena mbaineann le rún.

Ceadanna a iniúchadh.

36B. (1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó (seachas chun críocha mhír (b)) maor tráchta a iarraidh ar thiománaí nó ar dhuine atá i bhfeighil feithicle—

(a) a loc an fheithicil in áit a bhfuil srianta nó toirmisc ar locadh i bhfeidhm, nó

(b) a chuaigh isteach ar bhóthar, a thiomáin air nó a d’úsáid nó a d’fhág é ar shlí eile, ar bóthar é ina bhfuil srianta nó toirmisc i bhfeidhm maidir le feithicil,

faoi rialacháin nó faoi fhodhlíthe faoin gCuid seo, a lamháil don chomhalta nó don mhaor iniúchadh a dhéanamh ar chead a dhíolmhaíonn an fheithicil agus, más infheidhme, an tiománaí nó an duine ón srian nó ón toirmeasc.

(2) Má tá comhalta nó maor atá ag iniúchadh ceada faoi fho-alt (1) den tuairim—

(a) nach bhfuil an cead i bhfeidhm a thuilleadh,

(b) nach bhfuil feidhm ag an gcead maidir leis na himthosca nó leis an bhfeithicil ina bhfuil sé á úsáid,

(c) nach bhfuil an duine atá ag úsáid an cheada i dteideal é a úsáid, nó

(d) go bhfuil an cead arna athrú nó arna bhrionnú,

féadfaidh sé nó sí é a choimeád.

(3) I gcás go gcoimeádtar cead faoi fho-alt (2) agus go dtaispeántar dá éis sin é a bheith bailí féadfar é a thabhairt ar ais don sealbhóir nó é a fhionraí nó a chúlghairm de réir mar is cuí leis an údarás áitiúil nó leis an duine a d’eisigh é de réir imthosca an ní.

(4) Maidir leis an tiománaí nó leis an duine atá i bhfeighil feithicle inneallghluaiste—

(a) a mhainníonn cead nó modh eile aitheantais a shonraítear sa chead nó sna rialacháin arna ndéanamh faoi alt 35 nó i bhfodhlíthe arna ndéanamh faoi alt 36 nó 36A a choimeád nó a thaispeáint, nuair atá an fheithicil lena mbaineann an cead á tiomáint, á locadh nó á húsáid ar shlí eile ag an duine faoi i leith an díolmhaithe nó an cheada lena mbaineann,

(b) a úsáideann cead seachas de réir a théarmaí nó a choinníollacha, nó

(c) a mhainníonn nó a dhiúltaíonn iniúchadh ceada faoin alt seo a lamháil nó a chuireann bac leis an gcéanna,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Más rud é, maidir le tiománaí feithicle inneallghluaiste nó maidir leis an duine atá i bhfeighil feithicle inneallghluaiste a sháraíonn fo-alt (4)(a) nó (b), nach úinéir cláraithe na feithicle é nó í ach gurb amhlaidh atá sé nó sí údaraithe ag an úinéir chun an fheithicil a thiomáint nó a úsáid agus nach ábhar do chomhaontú fruiltiomána an fheithicil, ansin tá an t-úinéir cláraithe ciontach i gcion freisin.

(6) San alt seo—

ciallaíonn ‘cead’ cead arna eisiúint faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 35 nó modh aitheantais feithicle díolmhaithe nó ceadaithe arna shonrú i bhfodhlíthe arna ndéanamh faoi alt 36 nó 36A;

ciallaíonn ‘maor tráchta’ maor tráchta de réir bhrí an Achta Údaráis Áitiúil (Maoir Thráchta) 1975 nó alt 103(19) (arna chur isteach le halt 11 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2002) den Phríomh-Acht.”.

(2) Leasaítear alt 42 (a cuireadh isteach le halt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, le héifeacht ó thosach feidhme an ailt sin 10—

(a) i bhfo-alt (2)(p), trí “agus maidir le táillí den sórt sin a dhiúscairt” a chur isteach i ndiaidh “ceadúnas”, agus

(b) i bhfo-alt (4), trí “, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1),” a scriosadh.

(3) Leasaítear alt 101B (a cuireadh isteach le halt 9 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh) 1987 agus arna leasú le halt 49(1)(j) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961—

(a) i bhfo-alt (2), trí “35, 36 nó 36A den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994” a chur in ionad “35 nó 36 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994”, agus

(b) i bhfo-alt (8)(b), trí “alt 35, 36 nó 36A den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994” a chur in ionad “alt 35 nó 36 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994”.

(4) Leasaítear an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994—

(a) in alt 2(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “feidhm fhorchoimeádta”:

“déanfar ‘feidhm fhorchoimeádta’ a léamh de réir alt 131 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2001;”,

(b) in alt 35—

(i) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (f) (arna chur isteach le halt 26(1) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004):

“(t) eisiúint ceada ag údarás áitiúil, nó ag aon duine eile a bheidh údaraithe ag an Aire sna rialacháin, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gcead mar a fhorordaítear i rialacháin nó mar a cheadaítear le rialacháin—

(i) chun sealbhóir an cheada a dhíolmhú ó shrianta nó ó thoirmisc ar locadh arna gcur chun feidhme faoin alt seo,

(ii) chun a cheadú do shealbhóir an cheada feithicil a locadh i suímh shonraithe, nó

(iii) chun sealbhóir an cheada a dhíolmhú ó fheidhm toirmeasc agus srianta arna gcur chun feidhme faoin alt seo ar thrácht sonraithe dul isteach ar bhóithre sonraithe nó iad a úsáid.

ar tháille fhorordaithe a íoc, más ann, agus féadfar diúscairt táillí den sórt sin agus táillí ar leithligh a fhorordú i leith aicmí éagsúla ceadanna.”,

agus

(ii) trí fho-ailt (7) agus (8) (a cuireadh isteach le halt 26(2) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2004) a scriosadh.

(5) Leasaítear alt 5(1) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006 i mír (c) trí “millilítear” a chur in ionad “milleagram”.

(6) Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2007 a ghairm de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006 agus den alt seo le chéile.

Leasuithe ar an Acht um Rialáil Tacsaithe 2003.

13 .— Leasaítear an tAcht um Rialáil Tacsaithe 2003—

(a) in alt 34—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an Coimisiún rialacháin a dhéanamh i ndáil le ceadúnú, úinéireacht, rialú agus oibriú beagfheithiclí seirbhíse poiblí agus oibritheoirí seoltacha, i ndáil le ceadúnú agus rialú tiománaithe beagfheithiclí seirbhíse poiblí agus sealbhóirí ar cheadúnais beagfheithicle seirbhíse poiblí, agus i ndáil leis na caighdeáin a bheidh le cur i bhfeidhm ar fheithiclí den sórt sin agus ar a dtiománaithe.”,

(ii) i bhfo-alt (2)(e)(v), trí “d’iarratas ar cheadúnas nó ar cheadúnas a athnuachan” a chur in ionad “d’iarratas ar cheadúnas”,

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)(e):

“(ee) na caighdeáin a bheidh le cur i bhfeidhm ar an tseirbhís a sholáthraíonn oibritheoirí seoltacha,”

(iv) i bhfo-alt (9), trí “, le toiliú an Aire” a scriosadh, agus

(v) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

“(11) Sa Chuid seo, ciallaíonn ‘ oibritheoir seoltach ’ duine atá ag gabháil don ghníomhaíocht arb éard í glacadh le háirithint ar bheagfheithicil seirbhíse poiblí a oibríonn duine eile agus socrú a dhéanamh le hoibritheoir nó le tiománaí na feithicle an tseirbhís arna háirithiú a sholáthar.”,

(b) in alt 38(6), trí “i gcomhairle leis an Aire” a scriosadh,

(c) in alt 40(3), trí “atá comhaontaithe” a chur in ionad “comhaontaithe”,

(d) in alt 42(1) agus 41(11), trí “tiománaí beagfheithicle seirbhíse poiblí” a chur in ionad “tiománaí tacsaí”,

(e) in alt 44—

(i) trí “€5,000” a chur in ionad “€3,000” gach áit a bhfuil sé, agus

(ii) i bhfo-alt (2), trí “€2,000” a chur in ionad “€1,500”,

(f) in alt 46—

(i) i bhfo-alt (1)(a), trí “faoi alt 34 nó 39,” a chur in ionad “faoi alt 34,”, agus

(ii) trí fho-alt (5) a scriosadh,

agus

(g) in alt 52(2), trí “, le toiliú an Aire,” a scriosadh.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

14 .— (1) Féadfar Acht na mBóithre 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na mBóithre 1993 go 2007 a ghairm d’Achtanna na mBóithre 1993 go 2001, d’alt 215 agus de Chuid XX den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, d’alt 51 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006 agus den Acht seo (seachas ailt 12 agus 13) le chéile agus léifear iad mar aon ní amháin.