12 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 2007


AN tACHT UM AN gCISTE CARBÓIN 2007

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . An Ciste Carbóin.

3 . Íocaíochtaí isteach sa Chiste Carbóin.

4 . An Ciste Carbóin gan a bheith le húsáid chun aon chríche eile.

5 . Cuntais an Chiste Carbóin agus iniúchadh.

6 . Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

7 . Cuntasacht na Gníomhaireachta.

8 . Ordacháin don Ghníomhaireacht.

9 . Feidhmeanna de chuid na Gníomhaireachta a chúlghairm.

10 . Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993

1993, Uimh. 8

An tAcht Airgeadais 1993

1993, Uimh. 13

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 2007


AN tACHT UM AN gCISTE CARBÓIN 2007

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN CISTE CARBÓIN LENA ÚSÁID CHUN AN STÁT D’FHÁIL AONAID KYOTO AGUS IONSTRAIMÍ NÓ SÓCMHAINNÍ EILE DEN SÓRT SIN D’FHONN OIBLEAGÁIDÍ IDIRNÁISIÚNTA ATHRAITHE AERÁIDE FAOI CHREAT-CHOINBHINSIÚN NA NÁISIÚN AONTAITHE AR ATHRÚ AERÁIDE ARNA DHÉANAMH I NUA-EABHRAC AN 9 BEALTAINE 1992 AGUS PRÓTACAL KYOTO A GHABHANN LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN ARNA DHÉANAMH IN KYOTO AN 11 NOLLAIG 1997 A CHOMHLÍONADH, D’AINMNIÚ GHNÍOMHAIREACHT BAINISTÍOCHTA AN CHISTEÁIN NÁISIÚNTA MAR AN GNÍOMHAIRE CHUN AONAID KYOTO AGUS NA hIONSTRAIMÍ NÓ SÓCMHAINNÍ EILE SIN A FHÁIL THAR CEANN AN STÁIT, LENA nÁIRÍTEAR ARSCÓR COMHAONTUITHE LÁITHREACHA NÓ COMHAONTUITHE SA TODHCHAÍ LENA bhFUIL AN STÁT, NÓ LENA dTIOCFAIDH AN STÁT CHUN BHEITH, FAOI CHEANGAL, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hACMHAINNÍ AIRGEADAIS A CHUR AR FÁIL DON CHISTE CARBÓIN, AGUS MAIDIR LEIS AN gCISTE CARBÓIN A ÚSÁID AGUS A BHAINISTIÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE LEASUITHE IARMHARTACHA AR REACHTAÍOCHT LÁITHREACH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[7 Aibreán, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Gníomhaireacht” Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta;

tá le “Ciste Carbóin” an bhrí a shanntar dó le halt 2;

ciallaíonn “Coinbhinsiún” Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide arna dhéanamh i Nua-Eabhrac an 9 Bealtaine 1992;

ciallaíonn “Aire” an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “Prótacal Kyoto” Prótacal Kyoto a ghabhann leis an gCoinbhinsiún arna dhéanamh in Kyoto an 11 Nollaig, 1997;

ciallaíonn “Aonad Kyoto” aonad atá coibhéiseach le tona méadrach amháin de dhé-ocsaíd charbóin arna eisiúint de bhun Phrótacal Kyoto agus na gcinntí arna nglacadh de bhun an Choinbhinsiúin agus Phrótacal Kyoto.

An Ciste Carbóin.

2 .— (1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ciste a bhunú ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Ciste Carbóin, chun críche, faoi réir fho-alt (8), Aonaid Kyoto agus aon ionstraimí nó sócmhainní eile den sórt sin de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin agus Phrótacal Kyoto a fháil thar ceann an Stáit, lena n-áirítear ar scór comhaontuithe láithreacha nó comhaontuithe sa todhchaí lena bhfuil an Stát, nó lena dtiocfaidh an Stát chun bheith, faoi cheangal, agus chun aon chríche atá bainteach leis an bhfeidhm sin a chomhall nó atá teagmhasach leis an gcéanna.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, nuair is cuí leis nó léi é, cuntas bainc a bhunú i mBanc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann ar a dtabharfar Cuntas Bainc Euro an Chiste Carbóin, agus, faoi réir fho-alt (6), déanfar an t-airgead go léir a gheofar chun sochair an Chiste Carbóin, agus a eisíocfar as an gCiste Carbóin, a íoc isteach sa chuntas sin agus amach as faoi seach.

(3) Déanfaidh an tAire an Ciste Carbóin a bhainistiú agus a rialú de réir an Achta seo agus tá ag an Aire na cumhachtaí go léir is gá maidir le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin aige nó aici nó atá teagmhasach leis an gcomhlíonadh sin.

(4) Faoi réir ailt 8 agus 9, tarmligtear bainistiú an Chiste Carbóin chun na Gníomhaireachta. Tá ag an nGníomhaireacht na cumhachtaí go léir is gá maidir le comhlíonadh a feidhme i dtaca le bainistiú an Chiste Carbóin nó atá teagmhasach leis an gcomhlíonadh sin.

(5) D’ainneoin fho-alt (4), féadfaidh an tAire ordacháin a thabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le hAonaid Kyoto nó le haon ionstraimí nó sócmhainní eile a gheofar faoi fho-alt (1) a fháil, nó i ndáil le haon ní atá bainteach nó teagmhasach leis an bhfáil sin.

(6) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, i dtaca le comhlíonadh na bhfeidhmeanna a tharmligtear di faoi fho-alt (4)

(a) gabháil d’idirbhearta de ghnáthchineál baincéireachta i leith bhainistiú an Chiste Carbóin agus féadfaidh sí, chun na gcríoch sin, cibé cistí is gá a eisiúint as an gCiste Carbóin,

(b) fáltais aon idirbhirt a bheidh ainmnithe in airgeadra seachas airgeadra an Stáit a íoc isteach in aon chuntas imréitigh airgeadra coigríche arna bhunú ag an Aire Airgeadais faoi alt 139 den Acht Airgeadais 1993, agus

(c) aon mhéideanna a bheidh chun creidiúna d’aon chuntas imréitigh airgeadra coigríche a chur chun oibleagáidí íocaíochta a eascróidh faoi aon idirbheart dá dtagraítear i mír (a) a urscaoileadh.

(7) Déanfar na caiteachais agus na costais eile a thabhóidh an Ghníomhaireacht i dtaca le haon idirbhearta dá ngabhfaidh an Ghníomhaireacht faoi fho-alt (6)(a), nó a eascróidh as sin, a mhuirearú ar an gCiste Carbóin.

(8) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus ar cibé téarmaí a shonróidh siad, Aonaid Kyoto nó aon ionstraimí nó sócmhainní eile a gheofar faoi fho-alt (1) a dhiúscairt, agus, faoi réir fho-alt (6), déanfar aon fháltais ó aon diúscairt den sórt sin a íoc isteach sa Chiste Carbóin.

(9) Déanfar aon bharrachas a eascróidh sa Chiste Carbóin a íoc isteach sa Phríomh-Chiste ó am go ham de réir mar is cuí leis an nGníomhaireacht.

Íocaíochtaí isteach sa Chiste Carbóin.

3 .— (1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun críche alt 2, airgead a airleacan chuig an gCiste Carbóin as an bPríomh-Chiste.

(2) Faoi réir ailt 8 agus 9, tarmligtear feidhm an Aire Airgeadais faoi fho-alt (1) chuig an nGníomhaireacht.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus é nó í ag féachaint d’oibleagáidí an Stáit faoin gCoinbhinsiún agus faoi Phrótacal Kyoto, cibé méideanna a chinnfidh sé nó sí a íoc isteach sa Chiste Carbóin sa bhliain airgeadais 2006 agus i ngach bliain airgeadais dá éis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) Déanfar aon airleacain as an bPríomh-Chiste chuig an gCiste Carbóin faoi fho-alt (1) a chúiteamh, a luaithe is indéanta, ar mhodh íocaíochtaí tríd an gCiste Carbóin faoi fho-alt (3).

An Ciste Carbóin gan a bheith le húsáid chun aon chríche eile.

4 .— Ní úsáidfear airgead a bheidh chun creidiúna don Chiste Carbóin chun aon chríoch eile seachas na críocha sin a shonraítear san Acht seo.

Cuntais an Chiste Carbóin agus iniúchadh.

5 .— (1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht—

(a) na cuntais go léir is cuí agus is gnách i ndáil leis an nGníomhaireacht do chomhlíonadh na bhfeidhmeanna a bheidh tarmligthe chuici nó deonaithe di faoin Acht seo a choimeád i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus

(b) aon uair a iarrfaidh an tAire uirthi déanamh amhlaidh, na cuntais sin nó cibé faisnéis i ndáil leis na cuntais sin a shonróidh sé nó sí, nó na cuntais sin agus an fhaisnéis sin araon, a thabhairt dó nó di.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cuntais a choimeádfar faoin alt seo, arna síniú ag an bPríomhfheidhmeannach (arb é nó í an duine cuntasach i ndáil le cuntais an Chiste Carbóin), a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh, a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 4 mhí i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais de chuid na Gníomhaireachta lena mbaineann siad. Déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh amhlaidh, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais sin, a thíolacadh don Aire a luaithe is féidir dá éis sin. Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de na cuntais iniúchta sin agus den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

6 .— (1) A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid na Gníomhaireachta, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil don Aire faoina gníomhaíochtaí i ndáil le comhlíonadh na bhfeidhmeanna atá tarmligthe di faoin Acht seo le linn na bliana lena mbaineann agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh sé nó sí ó am go ham maidir leis an nGníomhaireacht do chomhlíonadh na bhfeidhmeanna a bheidh tarmligthe chuici faoin Acht seo.

(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, nuair a iarrfaidh an tAire uirthi é, moltaí a chur faoi bhráid an Aire maidir leis na feidhmeanna a chomhlíonann an Ghníomhaireacht faoin Acht seo.

Cuntasacht na Gníomhaireachta.

7 .— (1) Déanfaidh Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta, aon uair a cheanglóidh an Coiste um Chuntais Phoiblí é, i ndáil leis na feidhmeanna a chomhlíonann an Ghníomhaireacht faoin Acht seo, fianaise a thabhairt don Choiste sin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a thaifeadtar nó a cheanglaítear a thaifeadadh in aon leabhar nó taifead cuntais eile atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a cheanglaítear le reacht nó faoi reacht ar an bPríomhfheidhmeannach a ullmhú,

(b) barainneacht agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta i dtaca le húsáid acmhainní,

(c) na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an Ghníomhaireacht chun éifeachtacht a cuid oibríochtaí faoin Acht seo a mheas, agus

(d) aon ní a dhéanann difear don Ghníomhaireacht dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993 nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) Le linn dó nó di dualgais a chomhlíonadh faoin alt seo, ní cheisteoidh Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas ná tuillteanas cuspóirí beartas den sórt sin ná ní thabharfaidh sé nó sí tuairim faoi na tuillteanais sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “Coiste um Chuntais Phoiblí” an Coiste de Dháil Éireann arna bhunú faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna.

Ordacháin don Ghníomhaireacht.

8 .— Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordacháin nó treoirlínte a thabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil leis an nGníomhaireacht do chomhlíonadh na bhfeidhmeanna a bheidh tarmligthe chuici nó deonaithe di faoin Acht seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht de réir aon ordachán den sórt sin agus déanfaidh sí na feidhmeanna sin a chomhlíonadh de réir aon treoirlínte den sórt sin.

Feidhmeanna de chuid na Gníomhaireachta a chúlghairm.

9 .— Más rud é gur cuí leis an Aire sin sna himthosca, agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, féadfaidh an tAire, le hordú, cuid de na feidhmeanna a bheidh tarmligthe don Ghníomhaireacht faoin Acht seo, nó iad go léir, a chúlghairm.

Gearrtheideal.

10 .— Féadfar an tAcht um an gCiste Carbóin 2007 a ghairm den Acht seo.