Ar Aghaidh ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta )

10 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 2007


ACHT NA bPRÍOSÚN 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

2 . Léiriú (ginearálta).

3 . Caiteachais.

CUID 2

Seirbhísí Coimhdeachta Príosúnach

4 . Léiriú (Cuid 2).

5 . Comhaontú maidir le seirbhísí coimhdeachta príosúnach a sholáthar.

6 . Oifigigh coimeádta príosúnach a dheimhniú.

7 . Deimhniú a chúlghairm.

8 . Feidhmeanna oifigigh coimeádta príosúnach.

9 . Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.

10 . Tuarascálacha don Aire.

CUID 3

Araíonacht Phríosúin

11 . Léiriú (Cuid 3).

12 . Fiosrúchán faoi shárú líomhnaithe ar araíonacht phríosúin.

13 . Smachtbhannaí as araíonacht phríosúin a shárú.

14 . Achainí ag príosúnach i gcoinne smachtbhanna.

15 . Achomharc i gcoinne fhorghéilleadh loghadh cuid de phianbhreith.

16 . Binsí Achomhairc.

CUID 4

Ceanglais a bhaineann le Príosúin a Fhoirgniú agus a Mhéadú

17 . Léiriú (Cuid 4).

18 . Feidhm na Coda seo.

19 . Measúnacht tionchair timpeallachta.

20 . Fógra i dtaobh forbartha.

21 . Ábhair a bheidh san fhógra.

22 . Faisnéis i dtaobh na forbartha a fhoilsiú.

23 . Rapóirtéir a cheapadh.

24 . Nós imeachta i gcás ina ndéanann an tAire leasuithe substainteacha ar fhorbairt.

25 . Cinneadh an Aire ar an bhforbairt.

26 . Ceadú ón Oireachtas i leith na forbartha.

27 . Gníomhartha etc., arna ndéanamh de bhun na Coda seo a cheistiú.

28 . Díolúintí, etc., a bhaineann le forbairt.

29 . Cosaint.

CUID 5

Cigire na bPríosún

30 . Cigire na bPríosún.

31 . Feidhmeanna an Chigire.

32 . Tuarascáil bhliantúil.

CUID 6

Ilghnéitheach

33 . Iarratais áirithe chun na cúirte a éisteacht trí úsáid a bhaint as nasc físeáin.

34 . Feidhm alt 33 maidir le leanaí in ionaid athchuir nó i scoileanna coinneála leanaí agus maidir le daoine eile atá á gcoinneáil.

35 . Rialacha príosún.

36 . Toirmeasc ar shealbhú nó úsáid neamhúdaraithe feiste teileachumarsáide shoghluaiste ag príosúnach.

37 . Leasú ar an Acht um Pá Íosta Náisiúnta 2000.

38 . Íocaíocht ó phríosúnaigh ar sheirbhísí a iarrtar.

39 . Asláithreacht ó phríosún ar fhoras atruach, etc.

40 . Coimeád dleathach príosúnach le linn a bheith as láthair ó phríosún.

41 . Mionleasuithe agus leasuithe iarmhartacha.

42 . Aisghairm.

43 . Rialacháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Rialú Foirgníochta 1990

1990, Uimh. 3

Acht na Leanaí 2001

2001, Uimh. 24

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997

1997, Uimh. 4

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994

1994, Uimh. 2

An tAcht um Dhlínse Choiriúil 1960

1960, Uimh. 27

An tAcht um Cheartas Coiriúil 1990

1990, Uimh. 16

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Gealtacht) 2006

2006, Uimh. 11

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967

1967, Uimh. 12

General Prisons (Ireland) Act 1877

40 & 41 Vic., c. 49

An tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000

2000, Uimh. 5

Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930

1930, Uimh. 2

Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004

Penal Servitude Act 1891

54 & 55 Vic., c. 69

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000

2000, Uimh. 30

Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2006

Acht na bPríosún 1933

1933, Uimh. 51

Acht na bPríosún 1970

1970, Uimh. 11

Acht na bPríosún 1972

1972, Uimh. 7

Achtanna na bPríosún 1826 go 1980

Prisons (Ireland) Act 1907

7. Edw. 7., c. 19

Acht na bPríosún (Coistí Cuairte) 1925

1925, Uimh. 11

An tAcht Ionstraimí Reachtúla 1947

1947, Uimh. 44

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 2007


ACHT NA bPRÍOSÚN 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE DLÍ AGUS CIRT, COMHIONANNAIS AGUS ATHCHÓIRITHE DLÍ DO DHÉANAMH COMHAONTUITHE D’FHONN DAOINE SEACHAS OIFIGIGH PHRÍOSÚIN DO SHOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ A BHAINEANN LE PRÍOSÚNAIGH A CHOIMHDEACHT; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE RIALTÓIRÍ PRÍOSÚN DO SHEOLADH FIOSRÚCHÁN I dTAOBH SÁRUITHE LÍOMHNAITHE ARAÍONACHTA AG PRÍOSÚNAIGH, MAIDIR LEIS NA SMACHTBHANNAÍ A FHÉADFAR A FHORCHUR TAR ÉIS FIOSRÚCHÁN DEN SÓRT SIN AGUS MAIDIR LE BINSÍ ACHOMHAIRC A BHUNÚ D’FHONN ACHOMHAIRC A ÉISTEACHT IN AGHAIDH FORGHÉILLTÍ A FHORCHUIRTEAR AMHLAIDH AGUS LENA nDÉANTAR CUID DE PHIANBHREITHEANNA A LOGHADH; DÁ CHUMASÚ FORÁIL A DHÉANAMH MAIDIR LE RIACHTANAIS SPEISIALTA I nDÁIL LE PRÍOSÚIN AGUS ÁITEANNA COINNEÁLA EILE A FHOIRGNIÚ NÓ A LEATHNÚ, LENA nÁIRÍTEAR AN MÉID SIN A CHEADÚ LE RÚN Ó GACH TEACH DEN OIREACHTAS AGUS AN RÚN A DHAINGNIÚ LE hACHT DEN OIREACHTAS; DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH CEAPADH CIGIRE PRÍOSÚN; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE PRÍOSÚNAIGH DO THABHAIRT FIANAISE I gCINEÁLACHA ÁIRITHE IMEACHTAÍ OS COMHAIR NA gCÚIRTEANNA TRÍ NASC TEILIFÍSE BEO; DO LEASÚ AGUS D’AISGHAIRM ACHTACHÁN ÁIRITHE I nDÁIL LE PRÍOSÚIN AGUS PRÍOSÚNAIGH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[31 Márta, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: