9 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 2007


AN tACHT OIDEACHAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Leasú ar alt 2 d’Acht 1998.

3 . Leasú ar alt 13 d’Acht 1998.

4 . Leasú ar alt 29 d’Acht 1998.

5 . Leasú ar alt 53 d’Acht 1998.

6 . Leasú ar Acht 2000.

7 . Tailte a aistriú ó Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí.

8 . Caiteachais.

9 . Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Oideachais (Leas) 2000

2000, Uimh. 22

An tAcht Oideachais 1998

1998, Uimh. 51

Na hAchtanna Oideachais 1878 go 2001

An tAcht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Acu 2004

2004, Uimh. 30

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 2007


AN tACHT OIDEACHAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hATHRUITHE ÁIRITHE AR ÉISTEACHT ACHOMHARC FAOI ALT 29 DEN ACHT OIDEACHAIS 1998, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hATHRUITHE ÁIRITHE AR NA FEIDHMEANNA A CHOMHLÍONANN AN CHIGIREACHT FAOI ALT 13 DEN ACHT SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE ROCHTAIN AR FHAISNÉIS ÁIRITHE FAOIN ACHT SIN, CHUN NA gCRÍOCH SIN AGUS CHUN CRÍOCH EILE DO LEASÚ AN ACHTA OIDEACHAIS 1998 AGUS AN ACHTA OIDEACHAIS (LEAS) 2000, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hAISTRIÚ TAILTE ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[31 Márta, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht Oideachais 1998;

ciallaíonn “Acht 2000” an tAcht Oideachais (Leas) 2000;

ciallaíonn “Aire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta.

Leasú ar alt 2 d’Acht 1998.

2 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1998, i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “airteagail bhainistíochta”:

“ciallaíonn ‘Acht 2000’ an tAcht Oideachais (Leas) 2000;”.

Leasú ar alt 13 d’Acht 1998.

3 .— Leasaítear alt 13 d’Acht 1998—

(a) i bhfo-alt (3), trí mhíreanna (a)(ii) agus (h) a scriosadh,

(b) trí fho-alt (4) a scriosadh, agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(13) Féadfaidh an Príomh-Chigire, le toiliú an Aire, comhlíonadh ceann amháin nó níos mó dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna a tharmligean chuig Cigire arna cheapadh nó arna ceapadh ag an bPríomh-Chigire agus beidh feidhmeanna arna dtarmligean amhlaidh chuig Cigire den sórt sin inchomhlíonta aige nó aici dá réir sin.

(14) Féadfaidh an tAire Cigire a cheapadh chun feidhmeanna an Phríomh-Chigire a chomhlíonadh le linn aon tréimhse nach féidir leis an bPríomh-Chigire, go sealadach, a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh lena linn, cibé acu trí asláithreacht nó easláinte nó ar aon chúis eile, agus, ar feadh na tréimhse sin, beidh feidhmeanna an Phríomh-Chigire inchomhlíonta ag an gCigire arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh dá réir sin.”.

Leasú ar alt 29 d’Acht 1998.

4 .— Leasaítear alt 29 d’Acht 1998—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) go ndiúltóidh sé nó sí—

(i) mac léinn a rollú i scoil, nó

(ii) mac léinn a rollú chun teagasc a fháil sa churaclam trí Ghaeilge i scoil, más rud é go ndéanann an scoil sin soláthar maidir le hábhair de chuid an churaclaim a mhúineadh trí Ghaeilge i gcás cuid dá mic léinn nó i gcás a gcuid mac léinn go léir, nó”,

agus

(ii) trí “, faoi réir fho-alt (4D),” a chur isteach i ndiaidh “na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) agus fho-alt (4A) (a cuireadh isteach le hAcht 2000):

“(4) Le linn achomharc in aghaidh cinnidh lena mbaineann fo-alt (1)(a) nó (b) a chinneadh, tabharfaidh coiste achomhairc aird ar na nithe seo a leanas—

(a) cineál, scála agus marthanacht aon iompair a líomhnaítear is cúis leis an gcinneadh, nó a bheith ina chuid den chinneadh, a rinne an bord nó a rinneadh thar a cheann,

(b) réasúntacht aon iarrachtaí a rinne an scoil chun a chumasú don mhac léinn lena mbaineann an t-achomharc (‘an mac léinn lena mbaineann’) páirt a ghlacadh in oideachas agus tairbhe a fháil ó oideachas,

(c) leasanna oideachasúla an mhic léinn lena mbaineann agus a inmhianaithe atá sé a chumasú don mhac léinn, a mhéid is indéanta, páirt a ghlacadh in oideachas, agus tairbhe a fháil ó oideachas, in éineacht le daoine ar comhaois leis nó léi,

(d) leasanna oideachasúla mac léinn eile de chuid na scoile, agus soláthar éifeachtach oideachais do mhic léinn eile de chuid na scoile, agus timpeallacht seomra ranga agus scoile a chothabháil trína dtugtar tacaíocht i leith foghlama i measc mhic léinn na scoile agus trína gcinntítear leanúnachas i ndáil leis an teagasc a sholáthraítear do mhic léinn in aon seomra ranga lena mbaineann agus sa scoil,

(e) sábháilteacht, sláinte agus leas mhúinteoirí, mhic léinn agus fhoireann na scoile,

(f) an cód iompair faoi alt 23 d’Acht 2000 agus beartais iomchuí eile de chuid na scoile agus—

(i) i gcás an chóid iompair sin, a mhéid atá sé de réir an ailt sin 23 agus aon treoirlínte arna n-eisiúint faoi fho-alt (3) den alt sin, agus

(ii) i gcás na mbeartas eile sin, a mhéid a chuirtear gach ceann acu i ngníomh, a chuirtear comhionannas chun cinn leo i dtaca le rochtain ar oideachas agus páirteachas in oideachas agus atá siad dá réir seo a leanas—

(I) aon achtachán lena bhforchuirtear dualgais ar scoileanna nó ar bhoird scoileanna,

(II) aon treoirlínte nó beartais iomchuí de chuid an Aire,

(g) na dualgais atá ar scoileanna nó ar a mboird ar dualgais iad a fhorchuirtear le haon achtachán nó faoi aon achtachán,

(h) treoirlínte arna n-eisiúint de bhun alt 22(7) d’Acht 2000, agus

(i) cibé nithe eile a mheasann an coiste achomhairc a bheith iomchuí.

(4A) Ní dhéanann aon ní i bhfo-alt (4) difear don oibleagáid atá ar choiste achomhairc seasamh le casaoid i ndáil le mac léinn a eisiamh go buan ó scoil más rud é go suíonn tuismitheoir an mhic léinn nó an mac léinn, de réir mar a bheidh, nach ndearnadh fo-alt (1) nó (4) d’alt 24 d’Acht 2000 a chomhlíonadh i ndáil leis an eisiamh sin.

(4B) Le linn achomharc a éisteacht agus a chinneadh faoin alt seo, gníomhóidh coiste achomhairc de réir cibé nósanna imeachta a chinnfidh an tAire ó am go ham tar éis comhairle a ghlacadh le pátrúin, le cumainn náisiúnta tuismitheoirí, le heagraíochtaí aitheanta bainistíochta scoile agus le comhlachais foirne a fheidhmíonn thar ceann múinteoirí, agus le cibé daoine eile is cuí leis an Aire, agus maidir leis na nósanna imeachta sin—

(a) déanfar foráil leo go bhféadfaidh an tArd-Rúnaí a cheangal ar pháirtí amháin nó níos mó de na páirtithe san achomharc cibé faisnéis a shonróidh an tArd-Rúnaí sa cheanglas a thabhairt don choiste laistigh de thréimhse a shonrófar sa cheanglas,

(b) déanfar foráil leo go bhféadfaidh an tArd-Rúnaí a leagan síos, mar choinníoll a ghabhann leis an gcoiste do leanúint ar aghaidh agus an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh, go mbeidh ceanglas arna fhorchur ag an Ard-Rúnaí ar thuismitheoir nó ar mhac léinn de réir nósanna imeachta faoi mhír (a) comhlíonta, agus

(c) cinnteofar leo—

(i) go dtabharfar cabhair do na páirtithe san achomharc teacht ar chomhaontú maidir leis na nithe is ábhar don achomharc i gcás ina bhfuil an coiste den tuairim gurb indéanta teacht ar chomhaontú den sórt sin sna himthosca,

(ii) go seolfar éisteachtaí ar shlí lena ngabhann a laghad foirmiúlachta is féidir i gcomhréir le héisteacht chóir a thabhairt do na páirtithe go léir,

(iii) go ndéanfar an éisteacht a chinneadh laistigh de thréimhse 30 lá (‘an tréimhse iomchuí’) ón dáta seo a leanas—

(I) ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag clásal (II), an dáta a fhaigheann an tArd-Rúnaí an t-achomharc, nó

(II) más rud é, de réir nósanna imeachta faoi mhír (a), go gcuirtear ceanglas ar aon pháirtí de na páirtithe san achomharc, dáta éagtha na tréimhse a shonraítear sa cheanglas mar dháta chun an fhaisnéis lena mbaineann a thabhairt,

mura rud é go bhfadaíonn an tArd-Rúnaí an tréimhse iomchuí (agus tá cumhacht ag an Ard-Rúnaí, de bhua na fomhíre seo, sin a dhéanamh) i gcás é nó í a bheith den tuairim go bhfuil gá le fadú in imthosca uile an cháis (ach ní fhéadfaidh an fadú a bheith níos faide ná 14 lá).

(4C) Féadfaidh coiste achomhairc cibé tátail is cuí leis a bhaint as aon mhainneachtain ag páirtí in achomharc ceanglas a chomhlíonadh a chuirtear ar an bpáirtí de réir nósanna imeachta faoi fho-alt (4B)(a).

(4D) Féadfaidh coiste achomhairc diúltú achomharc a éisteacht, nó leanúint d’achomharc a éisteacht, faoin alt seo más rud é—

(a) go bhfuil sé den tuairim go bhfuil ant-achomharc cráiteach nó suaibhreosach, gur droch-úsáid próisis é nó go bhfuil sé gan substaint ná bunús, nó

(b) gur deimhin leis, tar éis aird a thabhairt ar na forais achomhairc agus ar aon iarrachtaí chun comhaontú a éascú idir na páirtithe nó ar aon bhearta iardain arna ndéanamh ag na páirtithe, nach ceart sna himthosca ar leith ant-achomharc a bhreithniú tuilleadh.

(4E) Le linn achomharc in aghaidh cinnidh lena mbaineann fo-alt (1) a éisteacht, féadfaidh an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta araon cibé aighneachtaí, más ann (cibé acu i scríbhinn nó ó bhéal), a mheasann an Bord nó an Chomhairle is cuí, a dhéanamh chuig an gcoiste achomhairc.”,

(c) i bhfo-alt (7)(b), trí “laistigh de cibé tréimhse (más ann) a shonróidh an tArd-Rúnaí san fhógra sin” a chur isteach i ndiaidh “de réir na n-ordachán sin”, agus

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(13) D’ainneoin fhomhír (iii) d’fho-alt (4B)(c), féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh le rialacháin nach n-éistfear aon achomharc faoin alt seo le linn tréimhse sonraithe in aon bhliain áirithe, ar tréimhse í sa bhliain sin ina bhfuil scoileanna dúnta; ní dhéanfar aon tréimhse a shonrófar i rialacháin den sórt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a áireamh le linn an tréimhse dá dtagraítear san fhomhír sin (iii) agus atá infheidhme maidir leis an achomharc lena mbaineann a ríomh.

(14) Más rud é, in imthosca an ní áirithe, maidir le saincheist a bhaineann le scoil áirithe do dhiúltú mac léinn a rollú nó le scoil áirithe do dhéanamh mac léinn a eisiamh ón scoil sin, go mbeadh an tsaincheist sin (dá mba rud é nár ritheadh an fo-alt seo)—

(a) inghlactha mar ábhar achomhairc faoin alt seo, agus

(b) inchonspóide, ina substaint, in achomharc faoi alt 10 den Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta acu 2004,

ansin, sna himthosca sin, féadfaidh duine achomharc a dhéanamh faoi cheann amháin nó faoin gceann eile de na hailt sin (arb é an ceann é a roghnaíonn an duine a bheartaíonn achomharc a dhéanamh) ach ní faoin dá cheann de na hailt sin.

(15) Chun críocha fheidhm fho-alt (14), ach chun na gcríoch sin amháin, déileálfar le mac léinn agus lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí mar aon duine amháin; chun críocha an fho-ailt sin agus an fho-ailt seo, tá feidhm ag fo-alt (12) i ndáil leis an bhforléiriú ar ‘mac léinn’.”.

Leasú ar alt 53 d’Acht 1998.

5 .— Leasaítear alt 53 d’Acht 1998 trí “nó Coimisiún na Scrúduithe Stáit” a chur isteach i ndiaidh “an tAire”.

Leasú ar Acht 2000.

6 .— Leasaítear Acht 2000—

(a) in alt 26—

(i) i bhfo-alt (1), trí “alt 29” a chur in ionad “mír (a) nó (c) d’fho-alt (1) d’alt 29”, agus

(ii) trí fho-alt (2) a scriosadh,

agus

(b) in alt 27(1), trí “ag an alt sin” a chur in ionad “ag mír (a) nó (c) den alt sin”.

Tailte a aistriú ó Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí.

7 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “Coiste” Coiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí;

ciallaíonn “lá iomchuí arna shonrú san ordú”—

(a) má shonraítear aon lá amháin in ordú faoin alt seo mar lá a bheidh an talamh, an mhaoin, na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir lena mbaineann an t-ordú arna ndílsiú nó arna dílsiú do na Coimisinéirí, an lá sin,

(b) má shonraítear laethanta éagsúla in ordú faoin alt seo mar laethanta a bheidh codanna nó eilimintí éagsúla den talamh, den mhaoin, de na cearta, de na cumhachtaí nó de na pribhléidí lena mbaineann an t-ordú arna ndílsiú do na Coimisinéirí, an lá áirithe arna shonrú amhlaidh i ndáil leis an gcuid nó leis an eilimint lena mbaineann.

(2) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh an tAire le hordú, le toiliú an Choiste agus an Aire Airgeadais, foráil a dhéanamh—

(a) go mbeidh na tailte a thuairiscítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo mar aon leis an maoin go léir a bhaineann leo cibé acu réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), agus

(b) go mbeidh na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann, nó atá bainteach, leis na tailte nó leis an maoin sin,

ar nithe iad, i ngach cás, atá arna ndílsiú don Choiste díreach roimh an lá iomchuí arna shonrú san ordú, arna ndílsiú nó arna dílsiú an lá sin do na Coimisinéirí.

(3) Féadfar laethanta éagsúla a shonrú in ordú faoin alt seo ar laethanta iad ar i ndáil leo a bheidh codanna nó eilimintí éagsúla de na tailte, den mhaoin, de na cearta, de na cumhachtaí nó de na pribhléidí lena mbaineann an t-ordú arna ndílsiú do na Coimisinéirí.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo mura rud é gur deimhin leis an Aire, maidir leis an úsáid a bhaineann an Coiste as an talamh nó as an maoin lena mbainfidh an t-ordú, má dhéantar é, nach bhfuil gá léi i ndáil leis an gCoiste do chomhlíonadh a fheidhmeanna.

(5) Oibreoidh ordú faoin alt seo chun an méid seo a leanas a dhílsiú do na Coimisinéirí an lá iomchuí arna shonrú san ordú—

(a) a mhéid a bhaineann an t-ordú le tailte nó le maoin réadach eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2), na tailte sin nó an mhaoin eile sin go feadh an eastáit nó an leasa uile ar a raibh na tailte nó an mhaoin eile sin dílsithe don Choiste díreach roimh an lá sin, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear do na tailte nó don mhaoin eile sin agus atá ar marthain agus inchomhlíonta,

(b) a mhéid a bhaineann an t-ordú le maoin phearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) dá dtagraítear i bhfo-alt (2), an mhaoin sin gan aon sannadh, ach sin faoi réir a haistrithe nó a n-aistrithe, i gcás inar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, agus

(c) a mhéid a bhaineann an t-ordú le cearta, cumhachtaí agus pribhléidí dá dtagraítear i bhfo-alt (2), na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí sin.

(6) Maidir le hordú faoin alt seo, féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, iarmhartacha, idirlinne nó forlíontacha a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun críche aistriú na dtailte, na maoine, na gceart, na gcumhachtaí agus na bpribhléidí a dhéantar leis an ordú nó is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí de dhroim an aistrithe sin nó chun lánéifeacht a thabhairt don aistriú sin.

(7) Ní dhéanfar aon fhoráil d’aon achtachán, ar leith ón Acht seo, a fhorléiriú mar ní a choisceann, ná ní oibreoidh sí ar shlí ina gcoisctear, aistriú talún, maoine nó aon ní eile le hordú faoin alt seo.

AN TÁBLA

Gailearaí Ealaíne Crawford, Plás Emmet i gCathair Chorcaí

Caiteachais.

8 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

9 .— (1) Féadfar an tAcht Oideachais (Forálacha Ilghnéitheacha) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Oideachais 1878 go 2007 a ghairm de na hAchtanna Oideachais 1878 go 2001 agus d’ailt 2 go 5 le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.