34 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 2006


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL 2006

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú.

2 . Leasú ar Acht 1993 — alt nua 21A a chur isteach.

3 . Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993.

4 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Fiontraíocht Éireann) 1998

1998, Uimh. 34

An tAcht um Fhorbairt Tionscail 1993

1993, Uimh. 19

Na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail 1986 go 2003

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 2006


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM FHORBAIRT TIONSCAIL 1993.

[18 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo ciallaíonn “ Acht 1993 ” an tAcht um Fhorbairt Tionscail 1993.

Leasú ar Acht 1993 — alt nua 21A a chur isteach.

2 .— Leasaítear Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

“Foireann a aistriú ó Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta chun Forfás.

21A.— (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘Cuideachta’ Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

ciallaíonn ‘ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann’ ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag Forfás nó ag aon Ghníomhaireacht nó comhlacht eile a luaitear sna hAchtanna um Fhorbairt Tionscail 1986 go 2003, de réir mar a bheidh, chun críocha caibidlí a bhaineann le foireann a aistriú chun Forfás nó chun na Gníomhaireachta nó an chomhlachta eile, de réir mar a bheidh, maille le luach saothair, coinníollacha fostaíochta nó dálaí oibre fostaithe;

ciallaíonn ‘dáta aistrithe’ an dáta a shonraítear in ainmniúchán faoi fho-alt (2) ar le héifeacht uaidh a bheidh duine d’fhoireann na Cuideachta arna aistriú nó arna haistriú chun foireann Forfás.

(2) Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine d’fhoireann na Cuideachta a chinnfidh sé nó sí a ainmniú i scríbhinn chun bheith ina ndaoine a bheidh arna n-aistriú, le héifeacht ó dháta a shonrófar san ainmniúchán, chun foireann Forfás.

(3) Aon duine d’fhoireann na Cuideachta a ainmneofar faoi fho-alt (2), beidh sé nó sí, le héifeacht ón dáta aistrithe, arna aistriú nó arna haistriú chun foireann Forfás agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith, agus beidh sé nó sí, ina dhuine nó ina duine d’fhoireann Forfás dá réir sin.

(4) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine a aistreofar de bhua ainmniúcháin faoi fho-alt (2) chun foireann Forfás, ní lú an scála pá a gheobhaidh sé nó sí, nó ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha seirbhíse a bhaineann le seilbh oifige) a mbeidh sé nó sí faoina réir, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís Forfás, ná an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha seirbhíse a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an dáta aistrithe.

(5) Ní lú fabhar aon sochair aoisliúntais a dheonófar do dhuine nó i leith duine a aistreofar de bhua ainmniúcháin faoi fho-alt (2) chun foireann Forfás agus na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin ná na sochair agus na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh teideal aige nó aici chucu díreach roimh an dáta aistrithe.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993.

3 .— Leasaítear mír 2(2) den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1993 trí “Aon duine a ghlacfar isteach i bhfostaíocht Forfás faoi alt 21, a aistreofar isteach san fhostaíocht sin faoi alt 21A nó faoi alt 39 nó 40 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Fiontraíocht Éireann) 1998 nó a cheapfar chun Forfás faoin mír seo” a chur in ionad “Aon duine a ghlacfar isteach i bhfostaíocht Forfás faoi alt 21 nó a cheapfar chun Forfás faoin alt seo”.

Gearrtheideal agus comhlua.

4 .— (1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail 1986 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail 1986 go 2003 agus den Acht seo le chéile.