23 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 2006


AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1. Mínithe.

2. Rialacháin chun éifeacht a thabhairt d’ionstraimí de chuid na gComhphobal Eorpach.

3. Toirmeasc ar thiománaí feithicle inneallghluaiste greim a bheith aige nó aici ar fhón póca, etc.

4. Tástáil alcóil shainordaitheach.

5. Muirear agus dícháiliúchán seasta i leith cionta áirithe maidir le tiomáint faoi thionchar dí.

6. Orduithe dícháiliúcháin iarmhartacha.

7. Deireadh a chur le dícháiliúchán.

8. Aitheantas a thabhairt do cheadúnais tiomána choigríche.

9. Deimhniú tástála teoirice.

10. Rialacháin a bhaineann le ceadúnais tiomána, ceadanna foghlaimeora agus deimhnithe inniúlachta agus infheidhmeachta.

11. Cead foghlaimeora.

12. Tiomáint gan ceadúnas tiomána.

13. Ceanglas ceadúnas tiomána a iompar le linn feithicil a thiomáint.

14. Cionta muirear seasta.

15. Leasú ar Acht 1975 (Maoir Thráchta).

16. Cionta pointí pionóis.

17. Fianaise i ndáil le cionta áirithe.

18. Pionóis áirithe a mhéadú.

19. Feithiclí a choinneáil.

20. Dearbhú bréagach.

21. Tacsaithe — dícháiliúchán sainordaitheach.

22. Aisghairm.

23. Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath 1986

1986, Uimh. 15

An tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh) 1987

1987, Uimh. 34

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Seirbhísí Dóiteáin 1981

1981, Uimh. 30

An tAcht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta) 1975

1975, Uimh. 14

An tAcht um Shábháilteacht Iarnróid 2005

2005, Uimh. 31

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú) 1984

1984, Uimh. 16

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1968

1968, Uimh. 25

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994

1994, Uimh. 7

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1995

1995, Uimh. 7

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002

2002, Uimh. 12

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2003

2003, Uimh. 37

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004

2004, Uimh. 44

Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2005

An tAcht um Iompar ar Bhóithre 1933

1933, Uimh. 8

An tAcht um Iompar ar Bhóithre 1986

1986, Uimh. 16

An tAcht um Iompar ar Bhóithre 1999

1999, Uimh. 15

Acht na mBóithre 1993

1993, Uimh. 14

An tAcht um Rialáil Tacsaithe 2003

2003, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 2006


AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 1961 GO 2005, AN ACHTA UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (MAOIR THRÁCHTA) 1975 AGUS AN ACHTA UM RIALÁIL TACSAITHE 2003 AGUS D’AISGHAIRM ALT 16 DEN ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE 1999.

[16 Iúil, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1975” an tAcht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta) 1975;

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994;

ciallaíonn “Acht 1995” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1995;

ciallaíonn “Acht 2002” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002;

ciallaíonn “Acht 2003” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2003;

ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004;

ciallaíonn “Aire” an tAire Iompair;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961.

Rialacháin chun éifeacht a thabhairt d’ionstraimí de chuid na gComhphobal Eorpach.

2 .— Folaíonn an chumhacht rialacháin a dhéanamh faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006 cumhacht foráil a dhéanamh sna rialacháin sin chun éifeacht a thabhairt—

(a) d’fhoráil de chonarthaí na gComhphobal Eorpach, nó

(b) d’ionstraim arna glacadh ag institiúid de na Comhphobail sin.

Toirmeasc ar thiománaí feithicle inneallghluaiste greim a bheith aige nó aici ar fhón póca, etc.

3 .— (1) Ní bheidh greim ag duine ar fhón póca, le linn dó nó di feithicil inneallghluaiste a thiomáint in áit phoiblí.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le comhalta den Gharda Síochána, de sheirbhís otharchairr nó de bhriogáid dóiteáin de chuid údaráis dóiteáin (de réir bhrí an Achta Seirbhísí Dóiteáin 1981) a bheidh ag gníomhú i gcúrsa a dhualgas nó a dualgas agus greim aige nó aici ar fhón póca i ndáil le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

(3) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

(4) Féadfaidh an tAire, d’fhonn dochar do chumas nó inniúlachtaí tiomána tiománaí feithicle inneallghluaiste nó cur isteach ar an gcéanna a sheachaint, rialacháin a dhéanamh i ndáil le húsáid na nithe seo a leanas a shrianadh nó a thoirmeasc i bhfeithiclí inneallghluaiste in áiteanna poiblí—

(a) fón póca (seachas sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (1)),

(b) feiste cumarsáide infheithicle,

(c) trealamh faisnéise, nó

(d) trealamh siamsaíochta.

(5) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoi fho-alt (4) i gcomhair aicmí éagsúla cásanna a thagann faoi réim na haicme céanna trealaimh nó i gcomhair aicmí éagsúla feithiclí i ndáil leis an trealamh sin nó i gcomhair aicmí éagsúla daoine.

(6) Aon duine a sháróidh rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (4) nó a mhainneoidh iad a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Is cosaint do dhuine a chúiseofar i gcion faoin fho-alt (3), i ndáil le greim a bheith aige nó aici ar fhón póca le linn feithicil inneallghluaiste a thiomáint, nó faoi fho-alt (6) , i ndáil le fón póca nó feiste cumarsáide infheithicle a úsáid, a shuíomh go raibh sé nó sí—

(a) á úsáid nó á húsáid chun glaoch ar an nGarda Síochána, ar otharcharr, ar sheirbhís dóiteáin nó ar sheirbhís éigeandála eile ar uimhreacha a fhorordaítear i gcomhair na seirbhíse sin, nó

(b) bainteach le héigeandáil ab éigeandáil i ndáiríre nó ag gníomhú mar fhreagra ar éigeandáil den sórt sin.

(8) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “feiste saoroibrithe” feiste atá deartha ar shlí a fhágann, nuair a úsáidtear é i gcomhar le fón póca, nach gá don úsáidire greim láimhe a bheith aige nó aici ar an bhfón;

ciallaíonn “greim” i ndáil le fón póca, greim láimhe a bheith ag duine ar an bhfón nó leas a bhaint as cuid eile den chorp mar thaca nó mar chliabhán don fhón;

folaíonn “ feidhm chumarsáide idirghníomhaí ”—

(a) teachtaireachtaí ó bhéal nó i scríbhinn a chur nó a ghlacadh,

(b) doiciméid mhacasamhla a chur nó a ghlacadh,

(c) íomhánna socra nó gluaiste a chur nó a ghlacadh, nó

(d) rochtain ar an idirlíon a sholáthar;

ciallaíonn “feiste cumarsáide infheithicle” feiste cumarsáide arna dearadh nó arna hoiriúnú lena cur i gceangal le feithicil nó lena comhtháthú i bhfeithicil inneallghluaiste nó a fhéadtar a úsáid i bhfeithicil den sórt sin nó ar fheithicil den sórt sin agus lena bhféadfaidh duine glao a dhéanamh nó a ghlacadh nó feidhm chumarsáide idirghníomhaí eile a dhéanamh agus folaíonn sé raidió dhá threo;

ciallaíonn “fón póca” feiste cumarsáide iniompartha, seachas raidió dhá threo, lena bhféadfaidh duine glao a dhéanamh nó a ghlacadh nó feidhm chumarsáide idirghníomhaí a dhéanamh, ach chun críocha fho-alt (1) ní fholaíonn sé feiste saoroibrithe;

ciallaíonn “iniompartha” i ndáil le fón póca, go bhfuil an fón deartha nó oiriúnaithe lena iompar ag duine;

ciallaíonn “raidió dhá threo” gaireas le haghaidh raidió-theileagrafaíochta ar gaireas é atá deartha nó oiriúnaithe chun focail nó teachtaireachtaí labhartha a tharchur nó a ghlacadh idir duine agus duine eile, trí úsáid a bhaint as minicíocht seachas minicíocht a mbaineann fón póca úsáid aisti.

Tástáil alcóil shainordaitheach.

4 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “údarú” údarú faoi fho-alt (2) chun seicphointe a bhunú;

ciallaíonn “seicphointe” seicphointe arna bhunú faoi údarú.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, nach ísle céim ná cigire, chun críocha alt 49 den Phríomh-Acht, bunú seicphointe nó seicphointí a údarú in áit phoiblí nó in áiteanna poiblí ag a bhféadfaidh comhaltaí den Gharda Síochána na cumhachtaí faoi fho-alt (4) a fheidhmiú.

(3) Is i scríbhinn a bheidh údarú agus sonrófar ann na nithe seo a leanas—

(a) an dáta a bheidh, agus an áit phoiblí ina mbeidh, an seicphointe le bunú, agus

(b) na huaireanta a bhféadfar é a oibriú aon tráth lena linn.

(4) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, atá ar dualgas ag seicphointe, aon fheithicil inneallghluaiste a stopadh ag an seicphointe agus, gan dochar d’aon chumhachtaí eile (lena n-áirítear na cumhachtaí faoi alt 12 (arna chur isteach le hAcht 2003) d’Acht 1994) a thugtar dó nó di le reacht nó faoin dlí coiteann, a cheangal ar dhuine a bheidh i mbun na feithicle—

(a) na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) sampla dá anáil nó dá hanáil a sholáthar (trí easanálú isteach i ngaireas a thaispeánfaidh an bhfuil alcól san anáil), nó

(ii) é nó í nó comhalta eile den Gharda Síochána a thionlacan go dtí áit (lena n-áirítear feithicil) ag an seicphointe nó i gcomharsanacht an tseicphointe agus ansin sampla dá anáil nó dá hanáil a sholáthar ansin, trí easanálú isteach i ngaireas den sórt sin, nó

(b) (i) an fheithicil a fhágáil san áit inar stopadh í, nó

(ii) í a bhogadh go dtí áit i gcomharsanacht an tseicphointe, agus

í a fhágáil ansin go dtí go gcomhlíonfaidh an duine ceanglas a cuireadh air nó uirthi faoi mhír (a).

(5) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána d’fhonn ceanglas a chur ar dhuine faoi fho-alt (4), an modh ina mbeidh an ceanglas le comhlíonadh ag an duine a chur in iúl.

(6) Aon duine—

(a) a dhiúltaíonn nó a mhainníonn ceanglas faoi fho-alt (4)(a) (b)(i) a chomhlíonadh láithreach nó ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh láithreach ar mhodh atá curtha in iúl ag comhalta den Gharda Síochána faoi fho-alt (5), nó

(b) a dhiúltaíonn nó a mhainníonn, gan leithscéal réasúnach, ceanglas faoi fho-alt (4)(b)(ii) a chomhlíonadh láithreach, nó ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh láithreach ar mhodh atá curtha in iúl ag comhalta den Gharda Síochána faoi fho-alt (5),

tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(7) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas is duine a bhfuil, i dtuairim an chomhalta, cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta aige nó aici.

(8) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht nó faoi Chuid III d’Acht 1994, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, gur gaireas a thaispeánfaidh an bhfuil alcól san anáil gaireas a chuir comhalta den Gharda Síochána ar fáil chun a chumasú do dhuine sampla d’anáil a sholáthar de bhun an ailt seo.

(9) Beidh údarú, nó cóip a deir ina taobh féin gurb é an t-údarú sin é, ina fhianaise leordhóthanach, go dtí go suífear a mhalairt, in aon imeachtaí faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006, ar na fíorais a bheidh luaite ann, gan cruthúnas ar aon síniú a bheidh air ná gur duine an sínitheoir a raibh teideal aige nó aici é a shíniú faoi fho-alt (2).

(10) Leasaítear alt 13(1) d’Acht 1994 trí “, alt 12(4) nó alt 4(6) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006” a chur in ionad “nó alt 12(4)” (a cuireadh isteach le halt 3 d’Acht 2003).

Muirear agus dícháiliúchán seasta i leith cionta áirithe maidir le tiomáint faoi thionchar dí.

5 .— (1) I gcás go líomhnaítear go ndearna duine cion faoi alt 49(2), (3) nó (4) (a cuireadh isteach le halt 10 d’Acht 1994) nó alt 50(2), (3) nó (4) (a cuireadh isteach le halt 11 d’Acht 1994) den Phríomh-Acht agus nár mhó an cion alcóil a airbheartaítear a bhí ina chorp nó ina corp mar a bheidh luaite nó deimhnithe de réir Chuid III d’Acht 1994 ná—

(a) 100 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fola,

(b) 135 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fuail, nó

(c) 44 micreagram alcóil in aghaidh an 100 milleagram anála,

déanfar, faoi réir fho-ailt (2) agus (3), fógra a sheirbheáil air nó uirthi (“fógra dícháiliúcháin sheasta”) de réir fho-alt (7) ina luafar nach ndéanfar, i gcás go ndéantar an muirear seasta a shonraítear i bhfo-alt (4) (“muirear seasta”) a íoc de réir an ailt seo agus gurb infheidhme dá dhroim an dícháiliúchán a shonraítear i bhfo-alt (5) i leith an duine a shealbhaíonn ceadúnas tiomána, ionchúiseamh i leith an chiona sin a thionscnamh ina aghaidh nó ina haghaidh.

(2) Ní dhlitear fógra dícháiliúcháin sheasta a sheirbheáil ar dhuine más rud é gur ciontaíodh é nó í i gcion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht nó alt 13, 14 nó 15 d’Acht 1994 i gcás gur ciontaíodh é nó í sa chion sin, cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó ina dhiaidh, laistigh den tréimhse 5 bliana roimh dháta an chiona dá dtagraítear i bhfo-alt (1) arb é an cion é a líomhnaítear a rinne sé nó sí.

(3) Aon duine ar seirbheáladh fógra dícháiliúcháin sheasta air nó uirthi agus a bhfuil an muirear seasta íoctha aige nó aici, ní dhlitear fógra eile den sórt sin a sheirbheáil air nó uirthi i leith aon chiona dá éis sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus a líomhnaítear a rinneadh laistigh den tréimhse 5 bliana ón dáta a seirbheáladh an fógra céadluaite.

(4) Is é €300 an muirear seasta, nó cibé méid eile a bheidh forordaithe, de thuras na huaire, in ionad an mhéid sin.

(5) I gcás go ndéanann duine, a ndlitear faoin alt seo fógra dícháiliúcháin sheasta a sheirbheáil air nó uirthi, an muirear seasta a íoc agus go ndéanfar íocaíocht de réir an ailt seo, beidh an duine dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú ar feadh tréimhse 6 mhí dar tús an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (11).

(6) I gcás go líomhnaíonn comhalta den Gharda Síochána go ndearna duine cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus go ndlitear fógra dícháiliúcháin sheasta a sheirbheáil ar an duine faoin alt seo, seirbheálfaidh an comhalta nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go seirbheálfar, go pearsanta nó tríd an bpost, fógra dícháiliúcháin sheasta ar an duine sin.

(7) Is i bhfoirm fhorordaithe a bheidh fógra dícháiliúcháin sheasta agus sonrófar ann an cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a líomhnaítear a rinne an duine. Beidh san fhógra ráiteas á rá—

(a) go líomhnaítear go ndearna an duine ar a seirbheáiltear é an cion a shonraítear san fhógra,

(b) gur amhail mar a luaitear nó a dheimhnítear de réir Chuid III d’Acht 1994 atá an cion alcóil a airbheartaítear a bhí ina chorp nó ina corp,

(c) nach ndlitear den duine an muirear seasta a íoc más rud é nach ndlitear, faoin alt seo, fógra dícháiliúcháin sheasta a sheirbheáil air nó uirthi,

(d) go bhféadfaidh duine, má dhlitear faoin alt seo fógra dícháiliúcháin sheasta a sheirbheáil air nó uirthi, le linn tréimhse 28 lá dar tosach an lá a luaitear san fhógra, an muirear seasta, agus an fógra arna chomhlánú go cuí ina theannta, a íoc le comhalta den Gharda Síochána ag stáisiún sonraithe de chuid an Gharda Síochána nó in áit shonraithe eile,

(e) i gcás go ndéantar an muirear seasta a íoc laistigh den tréimhse a shonraítear i mír (d), go mbeidh an duine dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (5), agus

(f) mura ndlíonn an duine faoin alt seo an muirear seasta a íoc, nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a shonraítear i mír (d) nó, má dhéantar an íocaíocht ar an muirear seasta, agus an fógra arna chomhlánú go cuí ina teannta, le linn na tréimhse sin, nach dtionscnófar in aon chor é.

(8) Aon duine nach ndlíonn, faoi fho-alt (2)(3), an muirear seasta a íoc agus arb eol dó nó di, nó ar chóir sna himthosca gurbh eol dó nó di le réasún, nach ndlíonn sé nó sí an muirear seasta a íoc, agus a íocfaidh an muirear nó a fhéachfaidh lena íoc, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(9) (a) I gcás go n-íoctar an muirear seasta de réir an ailt seo, déanfaidh an Garda Síochána admháil a eisiúint ina leith chuig an duine a d’íoc an muirear.

(b) Faoi réir mhír (c), déanfar íocaíocht i leith an mhuirir sheasta arna fáil ag an nGarda Síochána de réir an ailt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais agus ní bheidh sí inghnóthaithe ag an duine a rinne í.

(c) I gcás go ndéanfaidh duine nach ndlífidh an muirear seasta a íoc faoi fho-alt (2)(3) an muirear a íoc, féadfaidh an Garda Síochána an íocaíocht a thabhairt ar ais don duine.

(10) I gcás go bhfaightear íocaíocht faoi fho-alt (9), cuirfidh an Coimisinéir faoi deara, a luaithe is féidir i ndiaidh na híocaíochta, fógra i dtaobh na híocaíochta a thabhairt don Aire agus air sin cuirfidh an tAire faoi deara tréimhse an dícháiliúcháin sheasta a fhormhuiniú ar an iontráil sa taifead ceadúnais a bhaineann leis an duine.

(11) I gcás go ndéantar formhuiniú faoi fho-alt (10), cuirfidh an tAire faoi deara fógra a eisiúint chuig an duine lena mbaineann á chur in iúl dó nó di gurb é an dáta do thosach thréimhse an dícháiliúcháin dáta 14 lá i ndiaidh dháta an fhógra sin.

(12) Ordófar don duine lena mbaineann, le fógra a eiseofar faoi fho-alt (11), an ceadúnas tiomána atá ar seilbh aige nó aici a chur faoi bhráid an údaráis ceadúnúcháin a dheonaigh an ceadúnas laistigh de 14 lá ó dháta an fhógra.

(13) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ordachán faoi fho-alt (12) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi.

(14) In ionchúiseamh mar gheall ar chion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt—

(a) gur seirbheáladh an fógra dícháiliúcháin sheasta iomchuí nó gur cuireadh faoi deara é a sheirbheáil, agus

(b) nach ndearnadh íocaíocht de bhun an fhógra dícháiliúcháin sheasta iomchuí, agus an fógra arna chomhlánú go cuí ina teannta.

(15) (a) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, le comhaontú i scríbhinn arna dhéanamh le haon duine, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa chomhaontú, socrú a dhéanamh chun go gcomhlíonfaidh an duine sin aon cheann d’fheidhmeanna comhalta den Gharda Síochána a bhaineann le fógra dícháiliúcháin sheasta a eisiúint, le fógra den sórt sin a fháil, le híocaíocht a ghlacadh nó admháil ar an íocaíocht sin a eisiúint, mar atá leagtha amach san alt seo nó go gcomhlíonfaidh sé nó sí feidhm an Choimisinéara i leith fógra a eisiúint faoi fho-alt (11).

(b) Féadfaidh feidhm a bheith ag comhaontú dá dtagraítear i mír (a) maidir le haon cheann nó gach ceann de na feidhmeanna dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh i leith gach ciona nó cionta roghnaithe a bhfuil feidhm ag an alt seo ina leith.

(c) Tá feidhm ag alt 14(2), (3) agus (4) d’Acht 2002 maidir le haon chomhaontú a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoi mhír (a).

(16) San alt seo, aon tagairt d’fhógra dícháiliúcháin sheasta, arna chomhlánú go cuí, is tagairt í d’fhógra den sórt sin ar a mbeidh uimhir, dáta deonaithe agus tréimhse bhailíochta cheadúnas tiomána an duine lena mbaineann an fógra, mar a cheanglófar san fhógra, curtha isteach ag an duine nó thar ceann an duine.

(17) San alt seo folaíonn “ceadúnas tiomána” cead foghlaimeora.

Orduithe dícháiliúcháin iarmhartacha.

6 .— (1) Leasaítear alt 26 (a cuireadh isteach le halt 26 d’Acht 1994) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht 1995), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Maidir leis an tréimhse dhícháiliúcháin a shonrófar in ordú dícháiliúcháin iarmhartach, i gcás an duine lena mbaineann an t-ordú a bheith ciontaithe i gcion—

(i) faoi alt 49, ar cion é arb é atá ann sárú ar fho-alt (1) den alt sin,

(ii) faoi alt 50(1),

(iii) faoi alt 53, arna thriail ar díotáil,

(iv) faoi alt 106, i gcás gurb iad na nithe a shonraítear i bhfomhíreanna (i) go (iv) d’fho-alt (3)(b) a bhí i gceist sa chion,

(v) faoi alt 13, 14 nó 15 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, nó

(vi) faoi alt 138(3) den Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005, arna thriail ar díotáil,

ní bheidh sí níos giorra ná 4 bliana i gcás arb é an chéad chion é faoin alt lena mbaineann agus ní bheidh sí níos giorra ná 6 bliana i gcás gurb é an dara cion nó aon chion dá éis sin é faoin alt céanna.”.

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (4)(b) (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht 1995):

Uimhir Thagartha

An cion alcóil

An chéadchion faoinalt lenambaineann

An dara cionnó aon chiondá éis sinfaoin altcéanna

(1)

(2)

(3)

(4)

1.

(a) Nach mó ná 100 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fola;

(b) Nach mó ná 135 mhilleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fuail;

(b) Nach mó ná 44 mhilleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear anála.

1 bhliain

2 bhliain

2.

(a) Is mó ná 100 milleagram ach nach mó ná 150 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fola;

(b) Is mó ná 135 mhilleagram ach nach mó ná 200 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fuail

(c) Is mó ná 44 mhilleagram ach nach mó ná 66 mhilleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear anála.

2 bhliain

4 bliana

3.

(a) Is mó ná 150 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fola;

(b) Is mó ná 200 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fuail

(c) Is mó ná 66 mhilleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear anála.

3 bliana

6 bliana

”,

(c) i bhfo-alt (5)(a), trí “2 bhliain” a chur in ionad “1 bhliain” agus “4 bliana” a chur in ionad “2 bhliain”;

(d) i bhfo-alt (5)(b), trí fhomhír (i) a scriosadh, agus

(e) i bhfo-alt (7), trí “1 bhliain” a chur in ionad “6 mhí”.

(2) Leasaítear an Dara Sceideal (arna chur isteach le halt 49 d’Acht 1994) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 13:

“Feithicil inneallghluaiste a thiomáint gan ceadúnas tiomána le linn a bheith dícháilithe etc.

14.— Cion faoi alt 38(2) sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(a) den alt sin.

Feithicil a úsáid gan deimhniú ród-acmhainneachta.

15.— Cion ag duine faoi Rialachán 19(1) de Rialachán na gComhphobal Eorpach (Tástáil Feithiclí) 2004 (I.R. Uimh. 771 de 2004), is cion a rinneadh i dtréimhse 3 bliana a ndearna an duine cion roimhe sin faoin Rialachán sin lena linn agus ar ciontaíodh é nó í ina leith.”.

Deireadh a chur le dícháiliúchán.

7 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 29 den Phríomh-Acht:

“29.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine a mbeidh ordú dícháiliúcháin déanta ina leith, cibé acu roimh thosach feidhme alt 7 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006 nó ina dhiaidh, is ordú lena ndícháilítear an duine chun ceadúnas a shealbhú le linn tréimhse is faide ná 2 bhliain, agus arb é an chéad ordú den sórt sin é arna dhéanamh i leith an duine sin laistigh de thréimhse 10 mbliana.

(2) Féadfaidh duine lena mbaineann an t-alt seo, aon tráth tar éis aon leath amháin den tréimhse a shonrófar san ordú dícháiliúcháin a chur isteach, iarratas a dhéanamh chun na cúirte a rinne an t-ordú chun deireadh a chur leis an dícháiliúchán.

(3) Le linn don chúirt iarratas arna dhéanamh faoin alt seo a bhreithniú, féadfaidh sí, gan dochar dá cumhacht aird a thabhairt ar na nithe go léir is dóigh léi a bheith iomchuí, aird a thabhairt, go háirithe, ar charachtar an iarratasóra, ar a iompar nó ar a hiompar tar éis an chiontaithe agus ar an saghas ciona a rinne sé nó sí.

(4) I gcás go measfaidh cúirt gur cuí é, féadfaidh sí an tréimhse a shonraítear san ordú dícháiliúcháin a dhaingniú nó féadfaidh sí a ordú go gcuirfear deireadh leis an dícháiliúchán ó dháta sonraithe ar dáta é a fhágfaidh go mbeidh éifeacht leis an dícháiliúchán ar feadh dhá thrian, ar a laghad, den tréimhse a shonraítear san ordú dícháiliúcháin.

(5) Aon duine a bheartaíonn iarratas a dhéanamh faoin alt seo, tabharfaidh sé nó sí fógra 14 lá i scríbhinn don Cheannfort den Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine.

(6) Déanfaidh an chúirt a éistfidh iarratas faoin alt seo a ordú don iarratasóir na costais iomlána nó aon chuid díobh a íoc.

(7) San alt seo, ciallaíonn ‘ordú dícháiliúcháin’ ordú dícháiliúcháin iarmhartach nó teagmhasach.”.

Aitheantas a thabhairt do cheadúnais tiomána choigríche.

8 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 23 den Phríomh-Acht:

“23A.— (1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú, maidir le ceadúnas nó cead lena gceadaítear do dhuine feithicil inneallghluaiste a thiomáint, nach ceadúnas nó cead arna eisiúint do dhuine chun a chumasú don duine sin foghlaim conas feithicil den sórt sin a thiomáint nó í a thiomáint go sealadach, agus is ceadúnas nó cead arna eisiúint ag an údarás inniúil de chuid stáit seachas an Stát, go ndéanfar an ceadúnas nó an cead sin a aithint d’fhonn é a mhalartú le haghaidh ceadúnais tiomána, i leith earnáil amháin nó níos mó de na hearnálacha ar ina leith a sealbhaítear an ceadúnas nó an cead sin agus, faoi réir cibé srianta, más ann, a shonrófar san ordú.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”.

Deimhniú tástála teoirice.

9 .— Leasaítear alt 33(4) den Phríomh-Acht trí “i gcás nár eisíodh deimhniú tástála teoirice (de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tástálacha Teoiriciúla Tiomána) 2003 (I.R. Uimh. 52 de 2003)) chuig duine i leith na hearnála feithicle a ndearna an duine iarratas ar dheimhniú inniúlachta ina leith” a chur isteach roimh “faoi réir é a bheith deimhnitheach”.

Rialacháin a bhaineann le ceadúnais tiomána, ceadanna foghlaimeora agus deimhnithe inniúlachta agus infheidhmeachta.

10 .— (1) Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 42 den Phríomh-Acht:

“42.— (1) San alt seo, ciallaíonn ‘ceadúnas’ ceadúnas tiomána nó cead foghlaimeora.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun foráil a dhéanamh maidir le gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas:

(a) earnálú feithiclí inneallghluaiste chun críocha na Coda seo;

(b) an fhoirm ina mbeidh ceadúnais tiomána agus ceadanna foghlaimeora;

(c) foirm agus modh iarratais le haghaidh ceadúnais, na sonraí a bheidh le cur san iarratas agus na doiciméid a bheidh le tabhairt i dteannta an iarratais;

(d) ceadúnais a fhorghéilleadh;

(e) a áirithiú nach n-eiseofar ceadúnais chun daoine a bhfuil ceadúnas cheana féin acu i gcomhair na hearnála sin;

(f) údaráis cheadúnúcháin d’eisiúint ceadúnas dúbláide in ionad ceadúnas tiomána a cailleadh, a scriosadh nó a milleadh, na táillí a bheidh le híoc i leith na heisiúna sin agus diúscairt na dtáillí sin;

(g) sonraí i dtaobh ceadúnas a dheonaigh údaráis cheadúnúcháin a thabhairt d’údaráis cheadúnúcháin eile;

(h) faisnéis a bheidh ag údaráis cheadúnúcháin maidir le daoine atá dícháilithe chun ceadúnais a bheith acu agus maidir le daoine ar formhuiníodh a gceadúnas faoin gCuid seo a chur ar fáil lena húsáid ag comhaltaí den Gharda Síochána agus ag daoine eile;

(i) na táillí a bheidh le híoc i leith ceadúnais a dheonú agus diúscairt na dtáillí sin;

(j) an tréimhse a mbeidh cead foghlaimeora i bhfeidhm lena linn;

(k) na coinníollacha a chuirfear ag gabháil le cead foghlaimeora agus a fhágfaidh an cead ar neamhní mura gcomhlíonfar iad;

(l) oifigigh d’aon Aire den Rialtas nó don Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre d’eisiúint ceadúnas mar ghníomhaire de chuid údaráis ceadúnúcháin;

(m) coinníollacha i ndáil le cúrsaí teagaisc nach foláir d’iarratasóir nó do shealbhóir ar chead foghlaimeora a chomhlíonadh;

(n) na cúrsaí teagaisc nach foláir do dhaoine a dhéanamh sula ndeonófar ceadúnas dóibh i leith aon earnála nó earnálacha feithiclí;

(o) ábhar na gcúrsaí teagaisc nach foláir do dhaoine a dhéanamh sula ndeonófar ceadúnas dóibh i leith aon earnála nó earnálacha feithiclí;

(p) na táillí a bheidh le híoc le húdarás ceadúnúcháin maidir leis an údarás do sholáthar faisnéise a bhaineann le ceadúnas.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, i ndáil le hailt 33 agus 34, chun socrú a dhéanamh maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) na haicmí daoine atá faoi cheanglas deimhniú inniúlachta nó infheidhmeachta nó tuarascáil liachta a thabhairt ar aird nuair atá siad ag iarraidh ceadúnas tiomána;

(b) daoine do dhul go saorálach faoi thástálacha maidir le hinniúlacht agus le heolas ar Rialacha an Bhóthair;

(c) iarratais a dhéanamh ar dheimhnithe;

(d) an tréimhse íosta nach mór a bheith caite sula mbeidh duine ar theip air nó uirthi deimhniú a fháil i dteideal deimhniú a iarraidh arís;

(e) na táillí a bheidh le híoc ar iarratais ar dheimhnithe agus diúscairt na dtáillí sin;

(f) na daoine a bhféadfaidh an t-údarás eisiúna faoi alt 33 tástálacha a chur á ndéanamh acu;

(g) na daoine a dhéanfaidh atástálacha a ordófar faoi alt 33(6);

(h) an saghas tástálacha a dhéanfar agus an modh ar a seolfar iad;

(i) foirm tuarascálacha ó lia-chleachtóirí cláraithe faoi alt 34;

(j) foirm agus modh eisiúna deimhnithe agus a dtréimhse bhailíochta;

(k) daoine sonraithe do choimeád taifead;

(l) údaráis eisiúna do tharmligean feidhmeanna na n-údarás sin faoi alt 33(4) chun daoine sonraithe;

(m) údaráis eisiúna do tharmligean feidhmeanna na n-údarás sin faoi alt 34(4) chun daoine sonraithe;

(n) an tréimhse íosta nach mór dul in éag, tar éis cead foghlaimeora a dheonú agus in imthosca a fhorordófar, ar lena linn nach bhféadfaidh sealbhóir an cheadúnais iarratas a dhéanamh ar dheimhniú inniúlachta.

(4) Féadfar, le rialacháin faoin alt seo i ndáil le dícháiliúcháin agus formhuinithe faoin Acht seo, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), foráil a dhéanamh maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) ceadúnais a thabhairt ar aird sa chúirt;

(b) formhuinithe a ordaíodh faoi alt 36 a chur i bhfeidhm;

(c) an chúirt do tharchur ceadúnas chun údarás ceadúnúcháin chun iad a choinneáil go dtí go mbeidh siad éagtha nó go mbeidh deireadh leis an dícháiliúchán (cibé acu tréimhse is giorra);

(d) fógra a thabhairt d'údaráis cheadúnúcháin i dtaobh ordú dícháiliúcháin iarmhartach, fo-ordú dícháiliúcháin nó ordú dícháiliúcháin speisialta a dhéanamh, a dhaingniú, a neamhniú, a athrú nó a chealú nó i dtaobh formhuinithe a ordaíodh faoi alt 36 a dhéanamh, a dhaingniú nó a neamhniú.

(5) Féadfar le rialacháin faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh le haghaidh aicmí éagsúla cásanna a thagann faoi réim an ábhair chéanna.

(6) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndeirtear gur pianrialachán é beidh sé nó sí ciontach i gcion.”.

Cead foghlaimeora.

11 .— (1) Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 35 den Phríomh-Acht:

“35.— (1) Aon duine ar mian leis nó léi foghlaim le feithicil inneallghluaiste d'aon aicme a thiomáint ionas go ngnóthóidh sé nó sí tástáil le haghaidh deimhnithe inniúlachta, féadfaidh sé nó sí, ach amháin i cibé cásanna a fhorordófar, iarratas a dhéanamh ar chead (‘cead foghlaimeora’) á cheadúnú dó nó di go sealadach chun feithicil inneallghluaiste den earnáil sin a thiomáint in áit phoiblí.

(2) Maidir le hiarratas ar chead foghlaimeora—

(a) déanfar é chun an údaráis ceadúnúcháin arb ina limistéar feidhmiúcháin atá gnáthchónaí ar an iarratasóir,

(b) déanfar é de réir na rialachán faoi alt 42, agus

(c) beidh an táille chuí ag gabháil leis,

(3) I gcás go ndéanfar iarratas go cuí faoi fho-alt (2), deonóidh an t-údarás ceadúnúcháin cead foghlaimeora don iarratasóir.

(4) Tá éifeacht le cead foghlaimeora de réir a théarmaí agus a choinníollacha.

(5) In ionchúiseamh mar gheall ar chion—

(a) faoi alt 38(2), is cosaint é don chosantóir a shuíomh go raibh, an tráth a thiomáin sé nó sí an fheithicil, cead foghlaimeora ar seilbh aige nó aici lena raibh éifeacht an tráth sin agus a cheadaigh dó nó di an fheithicil a thiomáint,

(b) faoi alt 38(4), is cosaint é don chosantóir a shuíomh maidir leis an duine a fostaíodh chun an fheithicil a thiomáint, go raibh, an tráth a thiomáin sé nó sí an fheithicil, cead foghlaimeora ar seilbh aige nó aici lena raibh éifeacht an tráth sin agus a cheadaigh dó nó di an fheithicil a thiomáint,

(c) faoi alt 40, is cosaint é don chosantóir a shuíomh go ndearna sé nó sí, in ionad ceadúnas tiomána a thabhairt ar aird de réir an ailt sin, cead foghlaimeora lena raibh éifeacht an tráth ábhartha agus a cheadaigh dó nó di an fheithicil a thiomáint, a thabhairt ar aird agus gur cheadaigh sé nó sí don chomhalta den Gharda Síochána, dár tugadh ar aird é, é a léamh.

(6) Tá feidhm ag ailt 22(2), (4) agus (5), 26, 27, 28(1), (3), (4) agus (5), 29, 30, 31, 32, 34, 36, 37, 39, 40 agus 41 maidir le ceadanna foghlaimeora mar atá feidhm acu maidir le ceadúnais tiomána, ach amháin—

(a) i gcás gur dícháilíodh duine faoi alt 26 nó 27 chun ceadúnas tiomána a shealbhú i rith tréimhse sonraithe agus ina dhiaidh sin go dtí go mbeidh deimhniú inniúlachta tugtha ar aird aige nó aici don údarás ceadúnúcháin cuí, go bhféadfaidh an duine, i ndeireadh na tréimhse sonraithe, iarratas a dhéanamh ar chead foghlaimeora, agus go bhféadfar an cead sin a dheonú dó nó di, de réir alt 35,

(b) i gcás gur dícháilíodh duine faoi alt 28(2) chun ceadúnas tiomána a shealbhú, go bhféadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh ar chead foghlaimeora, agus go bhféadfar an cead sin a dheonú dó nó di, de réir alt 35, agus

(c) maidir le sealbhóir ceada foghlaimeora i leith feithicle d'aon earnáil, i gcás gur deonaíodh dearbhú inniúlachta dó nó di i leith na hearnála sin, nach ndéanfar é nó í, de bhua fheidhm alt 22(5), a dhícháiliú chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána i leith feithiclí den earnáil sin ar feadh aon tréimhse a bheidh, nó a mbeidh cuid di, laistigh den tréimhse sin.”.

(2) Leasaítear alt 1 d’Acht 2002 sa mhíniú ar “ceadúnas” trí “cead foghlaimeora” a chur in ionad “ceadúnas sealadach”.

(3) Déanfar aon tagairt do cheadúnas sealadach sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006 nó in aon ionstraim arna déanamh fúthu a léamh mar thagairt do chead foghlaimeora.

(4) Aisghairtear alt 29(1) d’Acht 1994.

Tiomáint gan ceadúnas tiomána.

12 .— Leasaítear alt 38 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2) , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus, faoi réir fho-alt (5), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair—

(i) más rud é, tráth déanta an chiona, go raibh sé nó sí ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar cheadúnas tiomána (seachas cead foghlaimeora) a bhí éagtha thar a thréimhse bhailíochta ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí roimh dhéanamh an chiona, fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi, agus

(ii) in aon chás eile, fíneáil nach mó ná €2,000 a chur air nó uirthi.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Maidir le duine—

(a) a chiontaítear go hachomair sa chion arb éard é sárú ar fho-alt (1) agus a bhí, an tráth a rinne sé nó sí an cion—

(i) dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú, nó

(ii) ina dhuine nó ina duine ar ar ceanglaíodh deimhniú inniúlachta nó deimhniú infheidhmeachta a thabhairt ar aird sula bhfaigheadh sé nó sí ceadúnas tiomána,

in ionad an phionóis a luaitear i bhfo-alt (2)(a), nó

(b) a chiontaítear go hachomair sa chion arb éard é sárú ar fho-alt (3) i gcás ina raibh an duine a bhí fostaithe chun an fheithicil a thiomáint, an tráth a thiomáin sé nó sí an fheithicil—

(i) dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú, nó

(ii) ina dhuine nó ina duine ar ar ceanglaíodh deimhniú inniúlachta nó deimhniú infheidhmeachta a thabhairt ar aird sula bhfaigheadh sé nó sí ceadúnas tiomána,

in ionad an phionóis a luaitear in alt 102,

dlífear fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Ceanglas ceadúnas tiomána a iompar le linn feithicil a thiomáint.

13 .— Leasaítear alt 40 (a cuireadh isteach le halt 25 d’Acht 1994) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “ceada foghlaimeora” a chur in ionad “ceadúnais shealadaigh”, agus

(ii) “a thabhairt ar aird agus a thíolacadh don chomhalta lena iniúchadh” a chur in ionad “a thabhairt ar aird dó”,

agus

(b) i bhfo-alt (1A) (a cuireadh isteach le halt 18 d’Acht 2002) trí—

(i) “cead foghlaimeora” a chur in ionad “ceadúnas sealadach”, agus

(ii) “a thabhairt ar aird agus a thíolacadh don chomhalta lena iniúchadh” a chur in ionad “a thabhairt ar aird dó”.

Cionta muirear seasta.

14 .— Leasaítear alt 103 (a cuireadh isteach le halt 11 d’Acht 2002 agus arna leasú le halt 18 d’Acht 2004) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 18(1)(a) d’Acht 2004):

“(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) cibé cionta achoimre faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006 agus faoi Acht na mBóithre 1993 ar ina leith a dhearbhóidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, gur cionta muirear seasta iad,

(b) cibé cionta—

(i) faoin Acht um Iompar ar Bhóithre 1933 (lena n-áirítear aon Acht a fhorléirítear mar aon ní amháin in éineacht leis) nach bhféadtar a thriail ar díotáil, nó

(ii) faoi aon rialachán arna dhéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach 1972 ar rialachán é lena ndéantar foráil maidir le hiompar earraí de bhóthar nó maidir le hiompar paisinéirí de bhóthar nó maidir le heisiúint dioscaí iompair,

a ndéanfaidh an tAire dearbhú ina leith le rialacháin á rá gur cionta muirear seasta iad,

(c) cion faoi Rialachán 4 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feistí Teorannaithe Luais a Shuiteáil agus a Úsáid i Mótarfheithiclí) 2005 (I.R. Uimh. 831 de 2005),

(d) cion faoi Rialachán 5, 6, 7, 8 nó 9 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Úsáid Éigeantach Criosanna Sábhála agus Córais Feistí Srianacha do Leanaí i Mótarfheithiclí) 2006 (I.R. Uimh. 240 de 2006), agus

(e) cion faoi alt 73 den Acht Airgeadais 1976,

agus gairtear cion muirear seasta san alt seo d’aon chion a bheidh arna dhearbhú amhlaidh faoi mhír (a) nó (b) agus de gach cion dá dtagraítear i míreanna (c), (d) agus (e).”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (2), más é atá sa chion ná cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), tá na tagairtí i bhfo-alt (2) (seachas mír (b)) do chomhalta den Gharda Síochána le léamh mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d’oifigeach iompair (de réir bhrí alt 15 den Acht um Iompar ar Bhóithre 1986).”,

(c) i bhfo-alt (7)(b), trí “muirear seasta de mhéid forordaithe” a chur in ionad “muirear seasta”,

(d) i bhfo-alt (7)(d), (8)(e) agus (9)(c) agus (d), trí “de réir an fhógra” a chur in ionad “agus an fógra arna chomhlánú go cuí ina teannta”,

(e) i bhfo-alt (9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) (a cuireadh isteach le halt 18(1)(g) d’Acht 2004) agus (b):

“(a) féadfaidh duine nó féadfaidh an duine lena mbaineann an fógra, le linn na tréimhse a shonrófar san fhógra agus de réir an fhógra, íocaíocht a shonrófar san fhógra a dhéanamh,

(b) maidir leis an íocaíocht—

(i) féadfar í a fháil de réir an fhógra agus féadfaidh an duine a gheobhaidh an íocaíocht admháil a eisiúint ina leith, agus

(ii) déanfar í a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir mar a ordóidh an tAire Airgeadais,

agus ní bheidh sí inghnóthaithe ag an duine a rinne í,”,

(f) i bhfo-alt (10) (a cuireadh isteach le halt 18(1)(h) d’Acht 2004) trí “gur seirbheáladh nó gur greamaíodh” a chur in ionad “gur seirbheáladh” agus “a sheirbheáil nó a ghreamú” a chur in ionad “a sheirbheáil”,

(g) i bhfo-alt (13), trí “ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi.” a chur in ionad “ciontach i gcion.”,

(h) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (21):

“(21) Féadfar, le rialacháin lena bhforordaítear méid muirir sheasta, méideanna éagsúla a fhorordú i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) cionta éagsúla muirear seasta,

(b) cionta muirear seasta a bhaineann le haicmí éagsúla feithiclí, nó

(c) cionta muirear seasta a dhéantar i limistéir éagsúla.”,

agus

(i) i bhfo-alt (22)(b), trí “, mar a cheanglófar san fhógra,” a chur isteach i ndiaidh “lena mbaineann an fógra”.

Leasú ar Acht 1975 (Maoir Thráchta).

15 .— (1) Leasaítear alt 1 d’Acht 1975 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire”:

“ciallaíonn “Aire” an tAire Iompair;”.

(2) Leasaítear alt 2 (arna leasú le halt 12(2) d’Acht 2002) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (arna leasú le halt 12(a) den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh) 1987:

“(2) Is iad na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) feidhmeanna i leith cionta dá dtagraítear in alt 3(1), agus

(b) cibé feidhmeanna eile a fhorordófar tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus féadfar feidhmeanna éagsúla a fhorordú amhlaidh i ndáil le limistéir feidhme údarás áitiúil éagsúil.”.

(3) Leasaítear alt 3 (a cuireadh isteach le halt 12 d’Acht 2002) d’Acht 1975—

(a) i bhfo-alt (1)(b), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) an cion faoi alt 11 den Phríomh-Acht arb é atá ann sárú ar Rialachán 6 (ceanglas diosca tástála bailí a thaispeáint ar an ngaothscáth) de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (An Tástáil Náisiúnta Gluaisteán) 2003 (I.R. Uimh. 405 de 2003),”,

(b) i bhfo-alt (5A)(b) (a cuireadh isteach le halt 23(b) d’Acht 2004)—

(i) trí “san fhoirm fhorordaithe” a chur in ionad “sna foirmeacha forordaithe”, agus

(ii) trí “agus an fógra a bheith, nó gan a bheith,” a chur in ionad “gan an fógra a bheith”.

(c) i bhfo-alt (7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h) (a cuireadh isteach le halt 23(c) d’Acht 2004):

“(h) faoi réir mhír (f), gur cion é mainneachtain fo-alt (3) a chomhlíonadh agus go ndlífear fíneáil nach mó ná €1,000 a chur ar an úinéir cláraithe ar é nó í a chiontú ann.”,

(d) i bhfo-alt (8)(b), “in imthosca ar bith” a scriosadh.

(e) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach le halt 23(e) d’Acht 2004), trí “gur seirbheáladh nó gur greamaíodh” a chur in ionad “gur seirbheáladh”,

(f) i bhfo-alt (12), trí “€1,000” a chur in ionad “€800” sa dá áit a bhfuil sé,

(g) i bhfo-alt (16), trí “tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 a chur air nó uirthi” a chur in ionad “beidh sé nó sí ciontach i gcion”.

(h) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (17):

“(17A) Féadfar, le rialacháin lena bhforordaítear méid muirir sheasta, méideanna éagsúla a fhorordú i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) cionta éagsúla muirear seasta,

(b) cionta muirear seasta a bhaineann le haicmí éagsúla feithiclí, nó

(c) cionta muirear seasta a dhéantar i limistéir éagsúla.”,

agus

(i) i bhfo-alt (18), trí “, mar a cheanglófar san fhógra,” a chur isteach i ndiaidh “lena mbaineann an fógra”.

(4) Leasaítear alt 4 d’Acht 1975—

(a) i bhfo-ailt (1) agus (3), trí “€1,000” a chur in ionad “£150” (a cuireadh isteach le halt 12(c) den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh) 1987), agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “cion faoi alt 3(12)” a chur in ionad “cion faoi alt 3(5) den Acht seo”.

(5) Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 5 d’Acht 1975 (a cuireadh isteach le halt 15(6) den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath 1986 agus arna leasú le halt 12(3) d’Acht 2002):

“5.— Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme a líomhnaítear go ndearnadh an cion nó, i gcás go mbeidh comhaontú déanta ag an údarás áitiúil lena mbaineann le húdarás áitiúil eile faoi alt 7, féadfaidh an t-údarás áitiúil eile sin, imeachtaí i leith ciona lena mbaineann alt 3 nó i leith ciona faoi alt 3(12) nó 4 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh go hachomair.”.

Cionta pointí pionóis.

16 .— (1) Leasaítear alt 2(1) d’Acht 2002 trí “12, 14 nó 19 i gcolún (2) de Chuid 1 agus uimhir thagartha 1 i gcolún (2) de Chuid 8 den Chéad Sceideal),” a chur in ionad “12 nó 14 i gcolún (2) de Chuid 1 den Chéad Sceideal),”.

(2) Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 2002—

(a) i gCuid 1, trí “Ní áirítear sna cionta a shonraítear i gcolún (2) den Chuid seo ag uimhreacha tagartha 2, 3, 8, 9, 10, 11, 12, 14 agus 19” a chur in ionad “Ní áirítear sna cionta a shonraítear i gcolún (2) den Chuid seo ag uimhreacha tagartha 2, 3, 8, 9, 10, 11, 12 agus 14”,

(b) i gCuid 1, tríd an méid seo a leanas a chur ionad an ní ag uimhir thagartha 4:

4

Cion faoi alt 38 (2)(a)(ii) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 (seachas sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(a) den fho-alt sin)

Tiomáint gan cheadúnas

1

3

(c) i gCuid 1, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an ní ag uimhir thagartha 17 (arna chur isteach le halt 22(a) d’Acht 2004):

18

Cion faoi alt 3(3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2006

Feithicil a thiomáint le linn greim a bheith ag an tiománaí ar fhón póca

2

4

19

Cion faoi alt 138(3) den Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005, á thriail go hachomair

Droichead, etc., a bhualadh

3

”.

(d) i gCuid 2, trí mhíreanna (6) agus (7) agus an ní ag uimhreacha tagartha 15, 16, 17, 18, 19 agus 20 a scriosadh, agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 5:

“CUID 6

Sárú ar Rialachán 4 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feistí Teorannaithe Luais a Shuiteáil agus a Úsáid i Mótarfheithiclí) 2005

Sa Chuid seo, aon tagairt do Rialachán, is tagairt í do Rialachán de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feistí Teorannaithe Luais a Shuiteáil agus a Úsáid i Mótarfheithiclí) 2005 (I.R. Uimh. 831 de 2005).

Uimhir Thagartha

Cion

Tuairisc Ghinearálta ar an gCion

Pointí Pionóis ar Mhuirear Seasta a Íoc

Pointí Pionóis ar Chiontú

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

1

Cion arb é atá ann sárú ar Rialachán 4

Feithicil a úsáid nach bhfuil feiste teorannaithe luais aici nó feithicil a úsáid ag a bhfuil feiste teorannaithe luais ar feiste í nach gcomhlíonann ceanglais Rialachán 4, 5 nó 6.

2

4

CUID 7

Sárú ar Fhorálacha Áirithe de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Úsáid Éigeantach Criosanna Sábhála agus Córais Feistí Srianacha do Leanaí i Mótarfheithiclí) 2006

Sa Chuid seo, aon tagairt do rialachán, is tagairt í do rialachán de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Úsáid Éigeantach Criosanna Sábhála agus Córais Feistí Srianacha do Leanaí i Mótarfheithiclí) 2006 (I.R. Uimh. 240 de 2006).

Uimhir Thagartha

Cion

Tuairisc Ghinearálta ar an gCion

Pointí Pionóis ar Mhuirear Seasta a Íoc

Pointí Pionóis ar Chiontú

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

1

Cion arb é atá ann sárú ar Rialachán 5(1) ag tiománaí feithicle

Gan crios sábhála a bheith ar thiománaí gluaisteáin nó feithicle earraí

2

4

2

Cion arb é atá ann sárú ar Rialachán 5(2) ag tiománaí feithicle

An tiománaí do cheadú do dhuine faoi bhun na haoise a shonraítear sna Rialacháin suí i suíochán gan crios sábhála a bheith air nó uirthi

2

4

3

Cion arb é atá ann sárú ar Rialachán 6 ag tiománaí feithicle

Tiománaí gluaisteáin nó feithicle earraí do cheadú do leanbh faoi bhun 3 bliana d’aois taisteal sa ghluaisteán nó san fheithicil gan a bheith srianta le feiste shrianach chuí do leanaí

2

4

4

Cion arb é atá ann sárú ar Rialachán 7 ag tiománaí feithicle

Tiománaí gluaisteáin nó feithicle earraí do cheadú do leanbh os cionn 3 bliana d’aois taisteal sa ghluaisteán nó san fheithicil gan a bheith srianta le feiste shrianach chuí do leanaí

2

4

5

Cion arb é atá ann sárú ar Rialachán 8 ag tiománaí feithicle

Tiománaí gluaisteáin nó feithicle earraí do cheadú do leanbh a bheith srianta le feiste shrianach do leanaí a bhfuil aghaidh ar gcúl aici agus í feistithe ar shuíochán atá cosanta le mála aeir tosaigh atá gníomhach

2

4

6

Cion arb é atá ann sárú ar Rialachán 9 ag tiománaí feithicle

Gan crios sábhála a bheith ar thiománaí bus

2

4

CUID 8

Sárú ar Rialachán 19 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tástáil Feithiclí) 2004

Sa Chuid seo, aon tagairt do Rialachán is tagairt í do Rialachán de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tástáil Feithiclí) 2004 (I.R. Uimh. 771 de 2004).

Uimhir

Thagartha

Cion

Tuairisc Ghinearálta ar an gCion

Pointí Pionóis ar Mhuirear Seasta a Íoc

Pointí Pionóis ar Chiontú

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

1

Cion arb é atá ann sárú ar Rialachán 19(1) (seachas sna himthosca dá dtagraítear i mír 15 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thrácht ar Bóithre 1961)

Feithicil a úsáid gan deimhniú ród-acmhainneachta

5

Fianaise i ndáil le cionta áirithe.

17 .— Leasaítear alt 21 (arna leasú le halt 15 d’Acht 2004) d’Acht 2002—

(a) i bhfo-alt (1), trí “, faoi alt 35 d’Acht 1994 nó faoi alt 138 den Acht um Shábháilteacht Iarnróid 2005” a chur in ionad “nó faoi alt 35 d’Acht 1994”,

(b) i bhfo-alt (2) agus i bhfo-alt (5), trí “nó ag duine arna údarú nó arna húdarú faoi chomhaontú faoi fho-alt (7)” a chur isteach i ndiaidh “ag comhalta den Gharda Síochána” agus “nó duine arna údarú nó arna húdarú faoi chomhaontú faoi fho-alt (7)” a chur isteach i ndiaidh “gur chomhalta den Gharda Síochána”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) (a) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, trí chomhaontú i scríbhinn, arna dhéanamh le haon duine, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa chomhaontú, ina mbeidh coinníoll gur feidhm de chuid comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort na suímh ina n-oibreofar trealamh a chinneadh, foráil a dhéanamh maidir leis an duine sin nó daoine eile a údarú chun críocha fho-alt (2), agus maidir leis na daoine údaraithe sin do chomhlíonadh aon fheidhme, a shonrófar sa chomhaontú, agus a bhainfidh le cruthúnas prima facie ar chomhábhar ciona a shuíomh, lena n-áirítear trealamh a sholáthar, a chothabháil agus a oibriú agus taifid arna dtáirgeadh ag an trealamh sin a fhorbairt, a tháirgeadh agus a bhreathnú agus toisí nó comharthaí eile a tháirgeadh as ar féidir comhábhar ciona a bhaint mar thátal.

(b) Féadfaidh baint a bheith ag comhaontú dá dtagraítear i mír (a) le comhlíonadh na bhfeidhmeanna uile nó aon cheann de na feidhmeanna a shonraítear sa chomhaontú sin.

(c) Baineann alt 14(2), (3) agus (4) d’Acht 2002 le haon chomhaontú arna dhéanamh ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoin bhfo-alt seo.

(8) In imeachtaí mar gheall ar chion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt—

(a) go ndearna comhalta den Gharda Síochána nó duine arna údarú nó arna húdarú faoi fho-alt (7) gléas leictreonach nó gléas eile, a úsáideadh chun fianaise a thairiscint, a sholáthar agus a chothabháil, agus

(b) go ndearna comhalta den Gharda Síochána nó duine arna údarú nó arna húdarú faoi fho-alt (7) taifid a tháirg an gléas sin a fhorbairt, a tháirgeadh agus a bhreathnú.”.

Pionóis áirithe a mhéadú.

18 .— (1) Aon duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear pionós—

(a) le foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (2) de Chuid 1 den Tábla ag aon uimhir thagartha a luaitear i gcolún (1) den Chuid sin,

(b) le foráil den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1968 a luaitear i gcolún (2) de Chuid 2 den Tábla ag aon uimhir thagartha a luaitear i gcolún (1) den Chuid sin,

(c) le foráil den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú) 1984 a luaitear i gcolún (2) de Chuid 3 den Tábla, nó

(d) le foráil d’Acht 1994 a luaitear i gcolún (2) de Chuid 4 den Tábla ag uimhir thagartha a luaitear i gcolún (1) den Chuid sin,

dlífear, in ionad an phionóis airgeadaíochta a fhoráiltear amhlaidh, an pionós airgeadaíochta atá sonraithe i gcolún (3) den Tábla ag an uimhir thagartha sin a chur air nó uirthi.

AN TÁBLA

Cuid 1

An Príomh-Acht

Uimhir Thagartha

(1)

Foráil

(2)

Pionós Airgeadaíochta

(3)

1

Alt 12(4)

Fíneáil nach mó ná €2,000

2

Alt 16(5)

Fíneáil nach mó ná €2,000

3

Alt 18(2)

Fíneáil nach mó ná €2,000

4

Alt 20(10)(a)

Fíneáil nach mó ná €2,000

5

Alt 39(2)

Fíneáil nach mó ná €5,000

6

Alt 48(2)

I gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná €1,000

I gcás an dara cion nó aon chiona dá éis sin, fíneáil nach mó ná €2,000

7

Alt 49(6)(a)

Fíneáil nach mó ná €5,000

8

Alt 50(6)(a)

Fíneáil nach mó ná €3,000

9

Alt 51(2)(a)

I gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná €1,000

I gcás an dara cion nó aon chionta dá éis sin, fíneáil nach mó ná €2,000

10

Alt 51(2)(b)

Fíneáil nach mó ná €1,000

11

Alt 52(2)

Fíneáil nach mó ná €2,000

12

Alt 53(2)(a)

Fíneáil nach mó ná €20,000

13

Alt 53(2)(b)

Fíneáil nach mó ná €5,000

14

Alt 54(4)

Fíneáil nach mó ná €2,000

15

Alt 55(2)(a)

Fíneáil nach mó ná €2,000

16

Alt 55(2)(b)

Fíneáil nach mó ná €1,000

17

Alt 56(3)

Fíneáil nach mó ná €5,000

18

Alt 64(2)

Fíneáil nach mó ná €5,000

19

Alt 69A(5)

Fíneáil nach mó ná €5,000

20

Alt 102(a)

Fíneáil nach mó ná €1,000

21

Alt 102(b)

Fíneáil nach mó ná €2,000

22

Alt 102(c)

Fíneáil nach mó ná €2,000

23

Alt 106(3)(a)

Fíneáil nach mó ná €2,000

24

Alt 106(3)(b)

Fíneáil nach mó ná €1,000

25

Alt 107(5)

Fíneáil nach mó ná €2,000

26

Alt 112(2)(a)

Fíneáil nach mó ná €5,000

27

Alt 112(2)(b)

Fíneáil nach mó ná €20,000

28

Alt 113(2)

Fíneáil nach mó ná €2,000

29

Alt 115(6)

Fíneáil nach mó ná €3,000

Cuid 2

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1968

Uimhir Thagartha

(1)

Foráil

(2)

Pionós Airgeadaíochta

(3)

1

Alt 18(7)

Fíneáil nach mó ná €2,000

2

Alt 23(2)

Fíneáil nach mó ná €2,000

Cuid 3

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú) 1984

Uimhir Thagartha

(1)

Foráil

(2)

Pionós Airgeadaíochta

(3)

1

Alt 4

Fíneáil nach mó ná €2,000

Cuid 4

Acht 1994

Uimhir Thagartha

(1)

Foráil

(2)

Pionós Airgeadaíochta

(3)

1

Alt 12(3)

Fíneáil nach mó ná €5,000

2

Alt 13(2)

Fíneáil nach mó ná €5,000

3

Alt 13(3)

Fíneáil nach mó ná €5,000

4

Alt 14(2)

Fíneáil nach mó ná €5,000

5

Alt 14(5)

Fíneáil nach mó ná €5,000

6

Alt 15(2)

Fíneáil nach mó ná €5,000

7

Alt 17(4)

Fíneáil nach mó ná €2,500

8

Alt 20(3)

Fíneáil nach mó ná €5,000

(2) Aisghairtear alt 23 d’Acht 2002.

Feithiclí a choinneáil.

19 .— Leasaítear alt 41(1) d’Acht 1994—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) go bhfuil an fheithicil sa Stát, nó go gcreideann comhalta den Gharda Síochána le réasún í a bheith sa Stát, agus go bhfuil an comhalta den tuairim go bhfuil an fheithicil á húsáid amhlaidh de shárú ar alt 56(1) den Phríomh-Acht,”,

(b) i mír (c), trí “2 mhí” a chur in ionad “3 mhí” agus trí “roimh an úsáid sin,” a chur in ionad “roimh an úsáid sin.”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) go bhfuil an fheithicil á húsáid amhlaidh, nó go bhfuil comhalta den Gharda Síochána den tuairim go bhfuil sí á húsáid amhlaidh, de shárú ar alt 18(1) den Phríomh-Acht,

(e) i gcás go bhfuil an fheithicil, nó go bhfuil comhalta den Gharda Síochána den tuairim go bhfuil an fheithicil, á húsáid amhlaidh de shárú ar Rialachán 19(1) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tástáil Feithiclí) 2004 (I.R. Uimh. 771 de 2004), nó

(f) i gcás feithicle atá cláraithe i mBallstát eile, go bhfuil an fheithicil, nó go bhfuil comhalta den Gharda Síochána den tuairim go bhfuil an fheithicil, á húsáid amhlaidh gan chruthúnas go bhfuarthas pas ina leith i dtástáil ródacmhainneachta de réir Threoir 96/96/CE an 20 Nollaig 1996 ón gComhairle 1 ar pas é atá i bhfeidhm de thuras na huaire i leith na feithicle.”.

Dearbhú bréagach.

20 .— Leasaítear alt 115 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 46 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath 1986):

“(1) I gcás go bhfuil ceanglas ar dhuine leis an Acht seo nó faoi nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 34 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003 sonraí a sholáthar nó a thabhairt i ndáil le hiarratas ar dheonú nó eisiúint ceadúnais, ceada, pláta nó deimhnithe nó ar shlí eile i ndáil le ceadúnas, cead, pláta, deimhniú nó feithicil, ní sholáthróidh sé nó sí nó ní thabharfaidh sé nó sí, de bhun an cheanglais, aon sonraí is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.”,

(b) i bhfo-alt (3) (arna leasú le halt 6 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1968), trí “ar cheadúnas nó cead nó pláta nó deimhniú” a chur in ionad “ar cheadúnas nó pláta nó deimhniú” agus “an ceadúnas nó an cead nó an pláta nó an deimhniú” a chur in ionad “an ceadúnas nó an pláta nó an deimhniú”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní dhéanfaidh duine aon cheadúnas, cead, pláta, suaitheantas ná deimhniú, arna eisiúint faoin Acht seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 34 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003, a bhrionnú ná a athrú ná a úsáid go calaoiseach ná a thabhairt ar iasacht go calaoiseach d’aon duine eile ná a cheadú d’aon duine eile é a úsáid.”,

Tacsaithe — dícháiliúchán sainordaitheach.

21 .— Leasaítear an tAcht um Rialáil Tacsaithe 2003—

(a) in alt 24(7), trí “féadfaidh an Coimisiún ciste a bhunú” a chur in ionad “bunóidh an Coimisiún ciste”, agus

(b) in alt 36—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (arna leasú le halt 36(c) d’Acht 2004):

“(2) Faoi réir fho-alt (3), i ndiaidh na tréimhse—

(a) 2 bhliain i gcás é nó í a chiontú go hachomair, i gcás go ndéanfaidh an Chúirt téarma príosúnachta (a chuirfear isteach go hiomlán nó go páirteach) a fhorchur, i dteannta nó d’éagmais fíneála,

(b) 5 bliana i gcás é nó í a chiontú ar díotáil, i gcás go ndéanfaidh an Chúirt fíneáil nó téarma príosúnachta is giorra ná 10 mbliana, nó iad araon, a fhorchur, nó

(c) 10 mbliana i gcás é nó í a chiontú ar díotáil, i gcás go ndéanfaidh an Chúirt téarma príosúnachta 10 mbliana nó níos mó a fhorchur i dteannta nó d’éagmais fíneála,

óna chiontú nó óna ciontú i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1), féadfaidh an duine a chiontófar amhlaidh iarratas a dhéanamh—

(i) i gcás go ndearnadh an cion a thriail—

(I) go hachomair, chuig an mbreitheamh den Chúirt Dúiche ar ina dhúiche chúirte dúiche nó ina dúiche chúirte dúiche, nó

(II) ar díotáil sa Chúirt Chuarda, chuig an mbreitheamh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird nó ina cuaird

a bheartaíonn an duine seirbhísí beagfheithicle seirbhíse poiblí a sholáthar, nó

(ii) i gcás go ndearnadh an cion a thriail ar díotáil san Ard-Chúirt, chuig breitheamh den Ard-Chúirt,

chun go gceadófar dó nó di iarratas a dhéanamh ar cheadúnas, i gcás gur cuí leis an gcúirt é, ag féachaint d’iompar an duine ó ciontaíodh é nó í agus dá oiriúnacht nó dá hoiriúnacht chun ceadúnas a shealbhú.”,

agus

(ii) i bhfo-alt (3A) (a cuireadh isteach le halt 36(e) d’Acht 2004) trí “is not or has not been imposed” a chur in ionad “is or has not been imposed” sa leagan Béarla.

Aisghairm.

22 .— Aisghairtear an méid seo a leanas:

(a) fo-alt (6) d’alt 69 den Phríomh-Acht,

(b) alt 16 den Acht um Iompar ar Bhóithre 1999, agus

(c) alt 56 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003.

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

23 .— (1) Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas alt 21) i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2005 agus den Acht seo (seachas alt 21) le chéile agus léifear le chéile iad mar aon ní amháin.

class="0 6 0 justify 1 0"class="0 6 0 justify 1 0"