Ar Aghaidh ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta )

21 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 2006


AN tACHT UM AN OIFIG NÁISIÚNTA D’FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALACH 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal.

2 . Mínithe.

3 . An lá bunaithe.

4 . Orduithe agus dréacht-orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

5 . Caiteachais.

CUID 2

An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach

6 . An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach a bhunú arb éard a bheidh inti an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach agus an tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta.

7 . Comhlachtaí eile a bhunú laistigh den Oifig.

8 . Feidhmeanna na hOifige.

9 . Feidhmeanna na Comhairle.

10 . Feidhmeanna an Fhóraim.

11 . Feidhmeanna an Ionaid.

12 . Feidhmeanna a chomhlíonadh.

13 . Comhdhéanamh na hOifige.

14 . Comhdhéanamh na Comhairle.

15 . Comhdhéanamh an Fhóraim.

16 . Comhdhéanamh an Ionaid.

17. Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, comhdhéanamh na Comhairle, an Fhóraim agus an Ionaid a athrú.

18 . Coinníollacha comhaltais.

19 . Cruinniú de chomhlacht.

20 . Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

21 . Coistí.

22 . Comhaltaí den Oifig nó de chomhlacht agus daoine den fhoireann do nochtadh leasanna.

23 . Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh.

24 . Príomh-Oifigeach na hOifige.

25 . Stiúrthóirí.

26 . Foireann na hOifige.

27 . Aoisliúntas.

28 . Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

29 . Airleacain ón Taoiseach chuig an Oifig.

30 . Séala na hOifige.

31 . Cuntais agus iniúchtaí na hOifige.

32 . An príomhoifigeach agus na stiúrthóirí do láithriú os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí agus Coistí Oireachtais eile.

33 . Plean straitéiseach.

34 . Tuarascálacha agus faisnéis don Taoiseach.

35 . Féadfaidh an Taoiseach an Chomhairle, an Fóram, an tIonad nó comhlacht a dhíscaoileadh.

36 . Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

CUID 3

Forálacha Idirthréimhseacha

37 . An NESC, an NESF agus an NCPP neamhreachtúil a dhíscaoileadh.

38 . Maoin eile a aistriú.

39 . Cearta agus dliteanais a aistriú.

40 . Cuntais chríochnaitheacha comhlachtaí díscaoilte.

41 . Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

42 . Foireann a aistriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 2006


AN tACHT UM AN OIFIG NÁISIÚNTA D’FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALACH 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A DTABHARFAR AN OIFIG NÁISIÚNTA D’FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALACH INA mBEIDH TRÍ CHOMHLACHT AR A dTABHARFAR AN CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALACH, AN FÓRAM NÁISIÚNTA EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALACH, AN tIONAD NÁISIÚNTA COMHPHÁIRTÍOCHTA AGUS FEIDHMÍOCHTA, AGUS CIBÉ COMHLACHTAÍ EILE A BHUNÓIDH AN TAOISEACH LE hORDÚ AGUS DO MHÍNIÚ A bhFEIDHMEANNA AGUS DO DHÍSCAOILEADH NA COMHAIRLE NÁISIÚNTA EACNAMAÍCHE AGUS SÓISIALAÍ, AN FHÓRAIM NÁISIÚNTA EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALAIGH AGUS AN IONAID NÁISIÚNTA COMHPHÁIRTÍOCHTA AGUS FEIDHMÍOCHTA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[12 Iúil, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: