An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004) Ar Aghaidh ( CUID 2 Luasteorainneacha )

44 2004

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

1. — (1) Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas alt 36) i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2004 a ghairm de na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2003 agus den Acht seo (seachas Cuid 6) le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

Léiriú.

2. — (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1968 ” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1968;

ciallaíonn “ Acht 1975 ” an tAcht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta) 1975;

ciallaíonn “ Acht 1994 ” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994;

ciallaíonn “ Acht 2001 ” an tAcht Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “Acht 2002” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2002;

tá le “limistéar riaracháin” an bhrí a shanntar dó le hAcht 2001;

ciallaíonn “limistéar foirgnithe” limistéar cathrach, buirge nó baile de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil 2001;

ciallaíonn “Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Síochána;

tá le “comhairle contae” agus “comhairle cathrach” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, in Acht 2001;

tá le “bóthar áitiúil”, “bóthar réigiúnach”, “bóthar náisiúnta” agus “mótarbhealach” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, in Acht na mBóithre 1993;

ciallaíonn “Aire” an tAire Iompair;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d’alt, is tagairt í d’alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d’achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d’fho-alt, do mhír nó d’fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d’fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) tá tagairt d’aon achtachán le forléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin, lena n-áirítear an Acht seo.

Rialacháin

3 .— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní nó rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó atá le forordú.

(2) Aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.