Ar Aghaidh (SCEIDEAL A)

51 2001

/images/harp.jpg


Uimhir 51 de 2001


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 2001

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3 . Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4 . Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).

5 . Ranníocaí fostaíochta (rátaí nua ranníocaí agus leasú ar uasteorainn tuillimh).

6 . Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim).

7 . An Ciste Árachais Shóisialaigh.

8 . Aisghairm.

9 . Gearrtheideal agus forléiriú.

SCEIDEAL A

SCEIDEAL B


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leasa Shóisialaigh 1996

1996, Uimh. 7

An tAcht Leasa Shóisialaigh 1999

1999, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh 2000

2000, Uimh. 4

An tAcht Leasa Shóisialaigh 2001

2001, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993

1993, Uimh. 27

/images/harp.jpg


Uimhir 51 de 2001


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 2001

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH.

[20 Nollaig, 2001]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1996” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1996;

ciallaíonn “Acht 1999” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1999 ;

ciallaíonn “Acht 2000” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 2000;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 2001;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúite), 1993.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 4 d’Acht 2001) agus Chuid V (a cuireadh isteach le halt 4 d’Acht 1999) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 27 Nollaig 2001,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar sláinte agus sábháilteachta, sochar díobhála agus aisce mhíthreorach, an 31 Nollaig 2001,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar cúramóra, pinsean scoir, pinsean easláine agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) d’Acht 1996, an 3 Eanáir 2002, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean míthreorach, sochar báis faoi alt 60, 61 nó 62 den Phríomh-Acht, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí agus pinsean baintrí fir (ranníocach), liúntas dílleachta (ranníocach) agus deontas méala, an 4 Eanáir 2002.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

3 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I, II, IIA, IIB agus IIC (a cuireadh isteach le halt 5 d’Acht 2001) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, liúntas réamhscoir agus cúnamh feirme, an 26 Nollaig 2001,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 31 Nollaig 2001,

(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas míchumais, an 2 Eanáir 2002,

(d) a mhéid a bhaineann sé le híocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), liúntas cúramóra agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(b) nó (c) d’Acht 1996, an 3 Eanáir 2002, agus

(e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise (neamhranníocach), pinsean dall, pinsean baintrí agus baintrí fir (neamhranníocach), íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 4 Eanáir 2002.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).

4 .— (1) Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 198 (a cuireadh isteach le halt 7(1) d’Acht 2001):

“198.— Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘forlíonadh ar ioncam teaghlaigh’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná—

(a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, €362,

(b) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, €388,

(c) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, €413,

(d) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, €438,

(e) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, €470,

(f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, €496,

(g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, €517, nó

(h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, €539.”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 3 Eanáir 2002.

Ranníocaí fostaíochta (rátaí nua ranníocaí agus leasú ar uasteorainn tuillimh).

5 .— (1) Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)(c), trí “€38,740” a chur in ionad “£28,250” (a cuireadh isteach le halt 8(2)(b) d’Acht 2001),

(b) i bhfo-alt (1)(d) (arna leasú le halt 8(2)(c) d’Acht 2001), trí “10.05 faoin gcéad” a chur in ionad “11.3 faoin gcéad”, agus

(c) i bhfo-alt (7) (arna leasú le halt 8(1)(f) d’Acht 2000), trí “10.05 faoin gcéad” a chur in ionad “11.3 faoin gcéad”.

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le fo-alt (1)(a), an 1 Eanáir 2002, agus

(b) a mhéid a bhaineann sé le fo-alt (1)(b) agus (1)(c), an 1 Márta 2002.

Ranníocaí roghnacha (leasú ar an uasteorainn ioncaim).

6 .— (1) Leasaítear alt 24B(1)(b) den Phríomh-Acht trí “€38,740” a chur in ionad “£28,250” (a cuireadh isteach le halt 10(1) d’Acht 2001).

(2) Tagann an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2002.

An Ciste Árachais Shóisialaigh.

7 .— Leasaítear alt 7 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

“(12) Sa bhliain airgeadais 2002, déanfar méid €635 mhilliún a íoc as an gCiste isteach sa Státchiste.”.

Aisghairm.

8 .— (1) Aisghairtear ailt 32, 33 agus 35 d’Acht 2001.

(2) Aisghairtear alt 36 d’Acht 2001 a mhéid a bhaineann sé le halt 10(1)(c) agus le halt 24B(1)(b) den phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus forléiriú.

9 .— (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 2001 a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.