35 2001

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 2001


ACHT AN CHOIMISIÚIN UM CHEARTA AN DUINE (LEASÚ), 2001

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 5 d'Acht an Choimisiúin um Chearta an Duine, 2000.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


An tAcht dá dTagraítear

Acht an Choimisiúin um Chearta an Duine, 2000

2000, Uimh. 9

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 2001


ACHT AN CHOIMISIÚIN UM CHEARTA AN DUINE (LEASÚ), 2001

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT AN CHOIMISIÚIN UM CHEARTA AN DUINE, 2000. [16 Iúil, 2001]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 5 d'Acht an Choimisiúin um Chearta an Duine, 2000.

1. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht an Choimisiúin um Chearta an Duine, 2000—

(a) i bhfo-alt (1), trí “14 chomhalta” a chur in ionad “ochtar comhalta”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “7” a chur in ionad “4” gach áit a bhfuil sé.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht an Choimisiúin um Chearta an Duine (Leasú), 2001 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Choimisiúin um Chearta an Duine, 2000 agus 2001, a ghairm d'Acht an Choimisiúin um Chearta an Duine, 2000, agus den Acht seo le chéile.