15 2001

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2001


ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 2001

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1956 (léiriú).

3.

Saoránacht Éireann ó bhreith agus ó ghinealach.

4.

Saoránacht a fháil ar phósadh (aisghairm agus foráil idirthréimhseach).

5.

Eadóirsiú céilí saoránach Éireannach.

6.

Tréimhse chónaithe a ríomh i ndáil le hiarratas ar eadóirsiú.

7.

Clárú breitheanna ar an gcoigríoch.

8.

Leasuithe ilghnéitheacha.

9.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.


Na hachtanna dá dtagraítear

Acht na nEachtrannach, 1935

1935, Uimh. 14

Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956

1956, Uimh. 26

Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1986

1986, Uimh. 23

Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 go 1994

Acht na nDídeanaithe, 1996

1996, Uimh. 17

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2001


ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 2001

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1956 GO 1994. [5 Meitheamh, 2001]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1956” Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 ;

ciallaíonn “Acht 1986” Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1986 .

Leasú ar alt 2 d'Acht 1956 (léiriú).

2. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1956—

(a) trí na mínithe seo a leanas a scriosadh—

(i) “eachtrannach”,

(ii) “lán-aois”, agus

(iii) “Éire”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tAire”:

“ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;”,

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “saoránach Éireannach eadóirsithe”:

“ciallaíonn ‘neamhnáisiúnach’ duine nach saoránach Éireannach;”,

agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(2) San Acht seo, folaíonn tagairt d'oileán na hÉireann tagairt dá oileáin agus dá fharraigí.”.

Saoránacht Éireann ó bhreith agus ó ghinealach.

3. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1956 trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 6 agus 7:

“Saoránacht ó bhreith in oileán na hÉireann.

6.—(1) Tá gach duine a bheirtear in oileán na hÉireann i dteideal a bheith ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach.

(2) (a) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), is saoránach Éireannach óna bhreith nó óna breith duine a bheirtear in oileán na hÉireann más rud é go ndéanann sé nó sí nó, i gcás nach bhfuil aois iomlán aige nó aici, go ndéantar thar a cheann nó thar a ceann, aon ghníomh nach bhfuil ach saoránach Éireannach i dteideal é a dhéanamh.

(b) I gcás nach mbeidh gníomh den sórt sin déanta ag duine a bheirtear amhlaidh, nó nach mbeidh gníomh den sórt sin déanta thar a cheann nó thar a ceann, ní ionann sin, as féin, agus cúis lena thoimhdean nach saoránach Éireannach an duine nó gur saoránach de thír eile é nó í.

(3) Is saoránach Éireannach óna bhreith nó óna breith duine a bheirtear in oileán na hÉireann mura bhfuil sé nó sí i dteideal saoránacht aon tíre eile a bheith aige nó aici.

(4) Aon duine a bheirtear in oileán na hÉireann—

(a) do neamhnáisiúnach a bhí, an tráth a rugadh an duine sin, i dteideal díolúine taidhleoireachta laistigh den Stát, nó

(b) do neamhnáisiúnach ar long choigríche nó ar aerárthach coigríche,

ní bheidh sé nó sí ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach mura rud é go ndearbhóidh an duine sin nó, i gcás nach bhfuil aois iomlán aige nó aici, go ndearbhófar thar a cheann nó thar a ceann, sa tslí fhorordaithe, gur saoránach Éireannach é nó í; agus measfar gur saoránach Éireannach an duine sin ón dáta breithe, nó ón dáta a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, cibé acu is déanaí.

(5) Aon duine a bheirtear in oileán na hÉireann agus a bhfuil dearbhú eachtrannachta déanta aige nó aici faoi alt 21, beidh sé nó sí fós i dteideal a bheith ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach, ach ní bheidh sé nó sí ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach mura rud é go ndearbhóidh an duine sin, sa tslí fhorordaithe, gur saoránach Éireannach é nó í; agus beidh an duine sin ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach ó dháta an dearbhaithe.

Saoránacht ó ghinealach.

7.—(1) Is saoránach Éireannach duine óna bhreith nó óna breith, más rud é, an tráth a rugadh é nó í, gur shaoránach Éireannach ceachtar tuismitheoir, nó go mba shaoránach Éireannach ceachtar tuismitheoir dá mba bheo dó nó di.

(2) I gcás nach ndearna an tuismitheoir trína bhfaigheann duine saoránacht, an tráth a rugadh an duine sin, gníomh dá dtagraítear in alt 6(2) (a), ní eisiafaidh sé sin as féin duine ó oibriú fho-alt (1).

(3) Ní thabharfaidh fo-alt (1) saoránacht Éireann do dhuine a bheirtear lasmuigh d'oileán na hÉireann más lasmuigh d'oileán na hÉireann freisin a rugadh an tuismitheoir trína bhfaigheann sé nó sí saoránacht mura rud é—

(a) go gcláraítear breith an duine sin faoi alt 27, nó

(b) go raibh an tuismitheoir trína bhfaigheann an duine sin saoránacht lasmuigh den Stát sa tseirbhís phoiblí an tráth a rugadh an duine sin:

Ar choinníoll, maidir le saoránacht Éireann a bheith ag duine a chláraítear faoi alt 27 tar éis 1 Iúil, 1986, nach mbeidh tús leis an tsaoránacht sin ach amháin amhail ar agus ó dháta an chláraithe sin.

(4) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo saoránacht Éireann do dhuine nár shaoránach Éireannach é nó í díreach roimh theacht i ngníomh dó, ná ní bhainfaidh sé saoránacht Éireann de dhuine ar shaoránach Éireannach é nó í díreach roimh theacht i ngníomh dó.”.

(2) Aisghairtear leis seo fo-alt (2) d'alt 13 d Acht 1956.

Saoránacht a fháil ar phósadh (aisghairm agus foráil idirthréimhseach).

4. —(1) Aisghairtear leis seo alt 8 d'Acht 1956.

(2) Leanfaidh alt 8 (arna chur isteach le halt 3 d'Acht 1986 agus arna aisghairm le fo-alt (1) den alt seo) d'Acht 1956 d'fheidhm a bheith aige maidir le duine is neamhnáisiúnach a dhéanfaidh, roimh thosach feidhme an ailt seo, duine a phósadh ar saoránach Éireannach é nó í, nó a ndéantar saoránach Éireannach de nó di (ar shlí seachas trí eadóirsiú nó de bhua alt 8 nó 12 d'Acht 1956) tar éis an phósta, agus a dhéanfaidh dearbhú faoin alt sin roimh dheireadh 3 bliana ón tosach feidhme sin.

Eadóirsiú céilí saoránach Éireannach.

5. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15 d'Acht 1956:

“15A.—(1) D'ainneoin fhorálacha alt 15, féadfaidh an tAire, dá lánrogha féin, iarratas ar dheimhniú eadóirseachta a dheonú do chéile neamhnáisiúnach saoránaigh Éireannaigh, más deimhin leis nó léi maidir leis an iarratasóir—

(a) go bhfuil aois iomlán aige nó aici,

(b) gur duine dea-charachtair é nó í,

(c) go bhfuil sé nó sí pósta leis an saoránach sin ar feadh tréimhse nach giorra ná 3 bliana,

(d) go bhfuil sé nó sí i bpósadh a aithnítear faoi dhlíthe an Stáit mar phósadh atá ar marthain,

(e) go bhfuil sé nó sí agus an saoránach sin ina gcónaí le chéile mar fhearchéile agus mar bhanchéile agus go gcuireann an saoránach sin mionnscríbhinn sa chéill sin agus san fhoirm fhorordaithe faoi bhráid an Aire,

(f) gur chónaigh sé nó sí go leanúnach in oileán na hÉireann ar feadh bliana amháin díreach roimh dháta an iarratais,

(g) go raibh 2 bhliain san iomlán caite aige nó aici ina chónaí nó ina cónaí in oileán na hÉireann i gcaitheamh na 4 bliana díreach roimh an tréimhse sin,

(h) go bhfuil sé ar intinn aige nó aici, de mheon macánta, fanacht ina chónaí nó ina cónaí in oileán na hÉireann tar éis a eadóirsithe nó a headóirsithe, agus

(i) go ndearna sé nó sí, os comhair breithimh den Chúirt Dúiche i gcúirt oscailte nó i cibé slí a cheadóidh an tAire ar chúiseanna speisialta, dearbhú sa tslí fhorordaithe go mbeidh sé nó sí dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.

(2) Féadfaidh an tAire, dá lánrogha féin, na coinníollacha i mír (c), (f), (g) nó (h) d'fho-alt (1) nó aon cheann díobh a tharscaoileadh más deimhin leis nó léi go bhfulaingeodh an t-iarratasóir iarmhairtí tromchúiseacha i leith a iomláine nó a hiomláine coirp nó i leith a shaoirse nó a saoirse mura ndeonófaí saoránacht Éireann dó nó di.”.

Tréimhse chónaithe a ríomh i ndáil le hiarratas ar eadóirsiú.

6. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 16 d'Acht 1956:

“16A.—(1) Le linn tréimhse chónaithe sa Stát a ríomh chun críocha iarratais ar dheimhniú eadóirseachta—

(a) i gcás neamhnáisiúnaigh ar duine é nó í lena mbaineann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 (I.R. Uimh. 393 de 1977), ní áireofar aon tréimhse nach raibh, i ndáil léi, an neamhnáisiúnach ina shealbhóir nó ina sealbhóir nó ina ábhar nó ina hábhar ceada cónaithe nó doiciméid cónaithe a dheonaítear faoi na Rialacháin sin nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ceart Cónaithe do Dhaoine nach bhfuil Gníomhach sa Gheilleagar), 1997 (I.R. Uimh. 57 de 1997), agus

(b) i gcás aon neamhnáisiúnaigh eile, ní áireofar aon tréimhse ar ina leith—

(i) a ceanglaíodh ar an neamhnáisiúnach cead an Aire a bheith aige nó aici chun fanacht sa Stát faoi Acht na nEachtrannach, 1935 , ach nach raibh an cead sin aige nó aici, nó

(ii) a bhí cead ag an neamhnáisiúnach chun fanacht, faoin Acht sin nó faoi aon achtachán eile—

(I) d'fhonn staidéar a dhéanamh (cibé acu ba ghá nó nár ghá, mar gheall ar an staidéar sin, an neamhnáisiúnach a bheith fostaithe ar feadh iomlán na tréimhse staidéir nó cuid di), nó

(II) d'fhonn aitheantas a lorg mar dhídeanaí (de réir bhrí Acht na nDídeanaithe, 1996).

(2) Níl feidhm ag an alt seo maidir le duine nach bhfuil feidhm ag forálacha Acht na nEachtrannach, 1935 , maidir leis nó léi de bhua ordaithe arna dhéanamh faoi alt 10 den Acht sin.

(3) Níl feidhm ag an alt seo le linn tréimhse chónaithe sa Stát a ríomh chun críocha iarratais ar dheimhniú eadóirseachta arna dhéanamh roimh thosach feidhme alt 6 d'Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 2001 .”.

Clárú breitheanna ar an gcoigríoch.

7. —Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1956—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Coimeádfar leabhar taifeadta breitheanna coigríche i cibé misiúin taidhleoireachta agus oifigí consalachta Éireannacha a shonróidh an tAire Gnóthaí Eachtracha, ó am go ham, i rialacháin.

(1A) Coimeádfar clár breitheanna coigríche sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath.”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “bheirtear lasmuigh d'oileán na hÉireann” a chur in ionad “beirtear lasmuigh d'Éirinn” agus trí “a rugadh amhlaidh” a chur in ionad “a rugadh lasmuigh d'Éirinn”,

(c) i bhfo-alt (3) den téacs Béarla, trí “Foreign Affairs” a chur in ionad “External Affairs”,

(d) i bhfo-alt (5), trí “maidir le taifid mhíchearta sa chlár sin a leasú nó a scriosadh,” a chur isteach i ndiaidh “maidir le clárú breitheanna sa chlár sin,”,

(e) i bhfo-alt (5) den téacs Béarla, trí “Foreign Affairs” a chur in ionad “External Affairs”, agus

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) I gcás ina ndéantar foráil le rialacháin na mbreitheanna coigríche maidir le taifid mhíchearta arna ndéanamh in aon leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó i gclár na mbreitheanna coigríche a leasú nó a scriosadh, féadfar, de rogha an Aire Gnóthaí Eachtracha, foráil a dhéanamh leis na rialacháin freisin maidir le fógra a thabhairt, agus maidir leis an tréimhse ama a dtabharfar fógra lena linn, d'aon duine a ndéanann an togra difear dó nó di (más eol cá bhfuil sé nó sí agus gur féidir é nó í a fhionnadh go héasca), sula ndéanfar aon leasú nó scriosadh den sórt sin a bheartófar, agus i dtaca le huiríll ó aon duine den sórt sin i leith an togra, maidir leis an modh ina ndéanfar iad, maidir leis an tréimhse ama ina ndéanfar iad, agus maidir leis an duine ar chuige nó chuici a dhéanfar iad.”.

Leasuithe ilghnéitheacha.

8. —Leasaítear leis seo Acht 1956—

(a) in alt 14, trí “neamhnáisiúnach” a chur in ionad “eachtrannach”,

(b) in alt 16, trí mhíreanna (d) agus (e) a scriosadh,

(c) in alt 19(1)(c), trí “ina ghnáthchónaí nó ina gnáthchónaí lasmuigh den Stát, nó i gcás iarratais ar dheimhniú eadóirseachta a dheonaítear faoi alt 15A, ina chónaí nó ina cónaí lasmuigh d'oileán na hÉireann” a chur in ionad “ina ghnáthchónaí lasmuigh d'Éirinn”,

(d) in alt 23—

(i) trí “neamhnáisiúnach” a chur in ionad “eachtrannach”, agus

(ii) trí “an neamhnáisiúnaigh” a chur in ionad “an eachtrannaigh”,

(e) in alt 28(1), trí “d'oileán na hÉireann” a chur in ionad “d'Éirinn”, agus

(f) in alt 29, trí “sa Stát” a chur in ionad “in Éirinn”.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

9. —(1) Féadfar Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 2001 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 go 2001, a ghairm d'Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 go 1994, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Measfar gur tháinig alt 2 (a)(iii) agus (d) agus alt 3 den Acht seo i ngníomh an 2ú lá de Nollaig, 1999, arbh é an lá é a rinne an Rialtas an dearbhú faoi Airteagal 29.7.3° den Bhunreacht.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas alt 2 (a)(iii) agus (d) agus alt 3 ) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.