9 2001

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 2001


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 2001

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Cumhacht chun stoc caipitiúil a chruthú agus a eisiúint.

3.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cumhachtaí i leith stoic chaipitiúil.

4.

Stoc caipitiúil a chomhshó ina scaireanna cuideachta.

5.

Rialacháin a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a ghabhann le stoc caipitiúil.

6.

Scéim cheadaithe a bhunú.

7.

Díbhinn a íoc isteach sa Státchiste.

8.

Leasú ar Sceideal 12 a ghabhann leis an Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

9.

Leasú ar an Acht um Rialáil Leictreachais, 1999.

10.

Aisghairm.

11.

Caiteachais.

12.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Rialáil Leictreachais, 1999

1999, Uimh. 23

An tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927

1927, Uimh. 27

Na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1995

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 2001


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 2001

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE LEICTREACHAS AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1995, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE BORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS D'EISIÚINT STOIC CHAIPITIÚIL, DO LEASÚ MHÍR 11 DE SCEIDEAL 12 A GHABHANN LEIS AN ACHT COMHDHLÚITE CÁNACHA, 1997, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [17 Aibreán, 2001]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “scéim cheadaithe” scéim nó scéimeanna a bhaineann leis an mBord ar scéim í nó ar scéimeanna iad a cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim, ó am go ham, de bhun Chuid 17 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997;

ciallaíonn “Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

tá le “stoc caipitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “glansócmhainní an Bhoird” na cúlchistí uile atá i gclár comhardaithe an Bhoird.

Cumhacht chun stoc caipitiúil a chruthú agus a eisiúint.

2. —(1) De bhua an ailt seo, tá cumhacht ag an mBord, mar chuid dá fheidhmeanna, chun stoc a chruthú (dá ngairtear “stoc caipitiúil” san Acht seo) faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh in aon rialacháin arna ndéanamh de bhun alt 5 , i méideanna a bheidh, san iomlán, comhionann le glansócmhainní an Bhoird.

(2) (a) Déanfaidh an Bord 95 faoin gcéad d'aon stoc caipitiúil a eisiúint gan íocaíocht chuig an Aire Airgeadais agus déileálfar leis an stoc caipitiúil sin mar stoc láníoctha.

(b) Déanfaidh an Bord, de réir scéime ceadaithe, suas le 5 faoin gcéad den stoc caipitiúil a chur ar fáil chun a suibscríofa d'fhostaithe de chuid an Bhoird nó d'iontaobhaithe thar ceann na bhfostaithe sin.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cumhachtaí i leith stoic chaipitiúil.

3. —Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire Airgeadais, i leith an stoic chaipitiúil atá ar seilbh aige nó aici, na cearta nó na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir stoic chaipitiúil den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás go bhfuil ceart nó cumhacht den sórt sin infheidhmithe trí aturnae, é nó í a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae.

Stoc caipitiúil a chomhshó ina scaireanna cuideachta.

4. —Má achtaítear tuilleadh reachtaíochta tar éis an tAcht seo a rith chun an Bord a athbhunú mar chuideachta, ansin déanfar an stoc caipitiúil a chomhshó ina ghnáth-scairchaipiteal sa chuideachta ar shlí go mbeidh na sealbháin nua scaireanna sa chuideachta ar cóimhéid leis na sealbháin bhunaidh stoic chaipitiúil sa Bhord.

Rialacháin a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a ghabhann le stoc caipitiúil.

5. —(1) Measfar go bhfolaíonn an chumhacht a thugtar don Bhord de bhun alt 6 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , chun rialacháin a dhéanamh, cumhacht chun cibé rialacháin is cuí leis an mBord a dhéanamh chun na nithe seo a leanas a chinneadh, faoi réir toiliú a fháil roimh ré ón Aire Fiontar Poiblí agus ón Aire Airgeadais i scríbhinn, eadhon—

(a) na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le cruthú stoic chaipitiúil, agus

(b) na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leis an stoc caipitiúil.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin arna ndéanamh de bhun an fho-ailt sin maidir le díbhinní, le cearta vótála, le hionadaíocht ar an mBord agus leis an teorainn le haistriú nó le coimhthiú leasa thairbhiúil i stoc caipitiúil.

(3) Gach rialachán a dhéanfar de bhun an ailt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Scéim cheadaithe a bhunú.

6. —Beidh cumhacht ag an mBord chun scéim cheadaithe a bhunú agus chun na críche sin beidh an chumhacht aige, agus measfar go raibh an chumhacht aige riamh, chun cibé airgead is cuí leis an mBord a chur i leataobh chun a chumasú dá oifigigh agus dá sheirbhísigh stoc caipitiúil a fháil faoi scéim cheadaithe.

Díbhinn a íoc isteach sa Státchiste.

7. —Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith stoic chaipitiúil a bheidh ar seilbh aige nó aici a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh sé nó sí.

Leasú ar Sceideal 12 a ghabhann leis an Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

8. —Leasaítear Sceideal 12 a ghabhann leis an Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 11(3)(c):

“(c) (i) i gcás gurb é Bord Soláthair an Leictreachais an chuideachta bhunaitheach agus maidir le hurrúis a bheidh faighte ag iontaobhaithe an iontaobhais an 31 Nollaig 2001, nó roimhe, gurbh fhostaí nó stiúrthóir, de réir mar a bheidh, de chuid cuideachta a thagann faoi réim ghrúpa na cuideachta bunaithí an duine an 1 Eanáir 1998, agus

(ii) in aon chás eile, an tráth iomchuí go mbeidh tréimhse nach faide ná 18 mí caite ó scoir an duine amhlaidh nó ó scoir an chuideachta amhlaidh, de réir mar a bheidh.”.

Leasú ar an Acht um Rialáil Leictreachais, 1999 .

9. —Leasaítear an tAcht um Rialáil Leictreachais, 1999

(a) in alt 14—

(i) trí “faoi réir alt 28,” i mír (c) d'fho-alt (1) a scriosadh,

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (1):

“(d) chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí deiridh nach mó san iomlán ná méid an leictreachais atá ar fáil don soláthróir agus a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teas is cumhacht in éineacht nó as leictreachas arna cheannach, in áit leictreachais den sórt sin, de réir na socruithe trádála dá bhforáiltear i rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoi alt 9(1)(d),”,

agus

(iii) trí fho-alt (10) a scriosadh,

agus

(b) trí alt 28 a scriosadh.

Aisghairm.

10. —Aisghairtear alt 21 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 .

Caiteachais.

11. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Fiontar Poiblí agus an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

12. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 2001 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 2001, a ghairm den Acht seo (seachas ailt 8 agus 9) agus de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1995, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.