15 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2000


ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) (LEASÚ), 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú i gcás sonraithe ar Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.

2.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 2000


ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) (LEASÚ), 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH LEASÚ I gCÁS SONRAITHE AR CHUID I DEN DARA SCEIDEAL A GHABHANN LE hACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 . [28 Meitheamh, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú i gcás sonraithe ar Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

1. —I gcás breitheamh den Ard-Chúirt a ceapadh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1991, do scaradh lena oifig an 9ú lá d'Iúil, 2000, measfar chun críocha Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , gur scar sé lena oifig i ndiaidh 15 bliana seirbhíse.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 2000 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1999, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 2000, a ghairm díobh le chéile.