|
|||||
|
| [EN] | ||
| ||
Uimhir 12 de 2000 | ||
| [EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 2000 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 12 de 2000 | ||||||||||||
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 2000 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||
ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [20 Meitheamh, 2000] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (n) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1997) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 ): |
| [EN] | “(n) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £20,000,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais, | |
| [EN] | (o) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 2000 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 2000, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1997, agus den Acht seo le chéile. |