|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL An Ghníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta) |
| [EN] | ||
| ||
Uimhir 10 de 2000 | ||
| [EN] |
AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA (LEASÚ), 2000 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
An Ghníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta | ||||||||
Méadú Caipitil Ghinearálta 1998 | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 10 de 2000 | ||||||||
AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA (LEASÚ), 2000 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA, 1988 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [7 Meitheamh, 2000] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um an nGníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta, 1988 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um an nGníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta, 1988 — |
| [EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
| [EN] | “(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar is cuí agus nuair is cuí iad a íoc thar ceann an Stáit, a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis: | |
| [EN] | (a) íocaíochtaí faoi Airteagail 6, 7 agus 8 den Choinbhinsiún i leith suibscríobh don Ghníomhaireacht, | |
| [EN] | (b) íocaíochtaí faoi alt (e) d'Airteagal 39 den Choinbhinsiún, agus | |
| [EN] | (c) íocaíochtaí faoi Rún 57 de chuid na Gníomhaireachta Iltaobhaí do Ráthú Infheistíochta.”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: | |
| [EN] | “(7) San alt seo ciallaíonn “Rún 57 de chuid na Gníomhaireachta Iltaobhaí do Ráthú Infheistíochta” an Rún atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um an nGníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta (Leasú), 2000 , agus, a mhéid a bhaineann sé leis an Stát, an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rún sin.”. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta (Leasú), 2000 , a ghairm den Acht seo. |