|
|||||
|
| [EN] | ||
| ||
Uimhir 6 de 2000 | ||
| [EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 2000 | |
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
| ||||||||||||||
Uimhir 6 de 2000 | ||||||||||||||
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS), 2000 | ||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CUMHACHT ÚDARÁS ÁITIÚIL CHUN MUIRIR A DHÉANAMH DE BHUA AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (FORÁLACHA AIRGEADAIS) (UIMH. 2), 1983 . [20 Aibreán, 2000] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) (Uimh. 2), 1983 . |
| [EN] |
Éifeacht Acht 1983 maidir le cumhacht údarás áitiúil chun muirir a dhéanamh. |
2. —(1) Leasaítear Acht 1983, in alt 1(1), tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “achtachán láithreach”: |
| [EN] | “ciallaíonn ‘achtachán láithreach’ achtachán atá i bhfeidhm ar thosach feidhme an Achta seo nó aon tráth dá éis (seachas achtachán arna rith tar éis an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 2000 , a rith);”. | |
| [EN] | (2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh ar thosach feidhme Acht 1983. | |
| [EN] |
Muirir áirithe arna ndéanamh ag údaráis áitiúla a dhéanamh bailí. |
3. —(1) San alt seo ciallaíonn “muirear iomchuí” muirear— |
| [EN] | (a) a airbheartóidh a bheith déanta ag údarás áitiúil, roimh an Acht seo a rith, de bhua alt 2 d'Acht 1983, chun seirbhís a sholáthar faoi achtachán nach raibh i bhfeidhm ar thosach feidhme Acht 1983, agus | |
| [EN] | (b) a bheadh bailí dá mbeadh an leasú a dhéantar le halt 2 den Acht seo i bhfeidhm tráth déanta an mhuirir. | |
| [EN] | (2) Measfar muirear iomchuí a bheith déanta go bailí agus, maidir le haon mhuirear den sórt sin a rinneadh roimh an Acht seo a rith ach nach ndearna an t-údarás áitiúil lena mbaineann é a ghnóthú, féadfar é a ghnóthú ar mhodh chomh bailí agus chomh héifeachtúil céanna agus a d'fhéadfaí é a ghnóthú dá mba rud é go raibh an tAcht seo i bhfeidhm tráth déanta an mhuirir. | |
| [EN] |
Cosaint. |
4. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon imeachtaí a thionscnófar in aon chúirt agus a bhaineann le bailíocht aon mhuirir iomchuí (de réir bhrí alt 3 den Acht seo) i gcás inar tionscnaíodh na himeachtaí sin roimh 18 Aibreán 2000. |
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 2000 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 2000, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1998, agus den Acht seo le chéile. | |
| [EN] | (3) Déanfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1998, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin. |