Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

34 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 1999


AN tACHT LEITHREASA, 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Deontais a Leithreasú

Alt

1.

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £14,913,294,000, a leithreasú.

Ilghnéitheach

2.

Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 1 Nollaig, 1999.

3.

Dleachtanna áirithe máil ar tháirgí tobac a íoc leis an Aire Sláinte agus Leanaí.

4.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

1977, Uimh. 32

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927

1927, Uimh. 7

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891, c.24

Na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976

1976, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 34 de 1999


AN tACHT LEITHREASA, 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCH CUÍ AGUS DO DHÉANAMH FORÁLACHA ÁIRITHE I nDÁIL LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS, A RITH DÁIL ÉIREANN AN 1 NOLLAIG, 1999, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AIRGEAD ÁIRITHE A BHAILEOFAR I LEITH NA DLEACHTA MÁIL A FHORCHUIRTEAR LE hALT 2 DEN ACHT AIRGEADAIS (DLEACHT MÁIL AR THÁIRGÍ TOBAC), 1977 , A ÍOC LEIS AN AIRE SLÁINTE AGUS LEANAÍ. [16 Nollaig, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £14,913,294,000, a leithreasú.

1. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim ceithre mhíle dhéag naoi gcéad is a trí déag milliún, dhá chéad nócha is ceithre mhíle punt le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig, 1999, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na ndeontas as an bPríomh-Chiste dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim míle trí chéad nócha is seacht milliún, céad seasca is dhá mhíle punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a shonraítear sa Sceideal sin.

Ilghnéitheach

Rúin Airgeadais a rith Dáil Éireann an 1 Nollaig, 1999.

2. —(1) Féadfar an reachtaíocht is gá chun éifeacht a thabhairt do na rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 1 Nollaig, 1999, agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, a achtú, faoi réir na tréimhse ama a shonraítear in alt 4 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , sa bhliain 2000.

(2) Is iad seo a leanas na Rúin Airgeadais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) Rún Airgeadais Uimh. 1 (a bhaineann le mál ar thaisteal coigríche);

(b) Rún Airgeadais Uimh. 2 (a bhaineann le mál ar tháirgí tobac);

(c) Rún Airgeadais Uimh. 3 (a bhaineann le mál ar hidreacarbóin);

(d) Rún Airgeadais Uimh. 4 (a bhaineann le cáin bhreisluacha).

Dleachtanna áirithe máil ar tháirgí tobac a íoc leis an Aire Sláinte agus Leanaí.

3. —Sa bhliain dar tosach 1 Eanáir, 2000, agus i ngach bliain dá éis sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé suim a chinnfidh an tAire Airgeadais, ar suim í nach mó ná céad tríocha is dhá mhilliún punt, a íoc leis an Aire Sláinte agus Leanaí, mar leithreas-i-gcabhair don deontas sa bhliain lena mbaineann le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a bhaineann le comhlíonadh a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna ag an dara hAire a luaitear, as airgead a bhaileoidh na Coimisinéirí Ioncaim i leith na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 .

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1999 , a ghairm den Acht seo.