28 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 28 de 1999


AN tACHT CRAOLACHÁIN (TUAIRISCIÚ TEILIFÍSE MÓRÓCÁIDÍ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Mórócáidí a ainmniú.

3.

Comhchomhairle.

4.

Dualgais chraoltóirí maidir le mórócáidí ainmnithe.

5.

Dualgais chraoltóirí maidir le hócáidí Ballstát.

6.

Leigheasanna sibhialta.

7.

Rátaí margaidh réasúnacha.

8.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1993

1993, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 28 de 1999


AN tACHT CRAOLACHÁIN (TUAIRISCIÚ TEILIFÍSE MÓRÓCÁIDÍ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE TUAIRISCIÚ TEILIFÍSE ÓCÁIDÍ A bhFUIL TÁBHACHT MHÓR LEO DON tSOCHAÍ, DO THABHAIRT ÉIFEACHT D'AIRTEAGAL 3a DE THREOIR UIMH. 89/552/CEE AN 3 DEIREADH FÓMHAIR, 1989, ÓN gCOMHAIRLE, ARNA LEASÚ LE TREOIR UIMH. 97/36/CE AN 30 MEITHEAMH, 1997, ÓN gCOMHAIRLE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA EILE. [13 Samhain, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “craoltóir” an bhrí a shanntar sa Treoir ón gComhairle;

ciallaíonn “Treoir ón gComhairle” Treoir Uimh. 89/552/CEE an 3 Deireadh Fómhair 1989 ón gComhairle1 arna leasú le Treoir Uimh. 97/36/CE an 30 Meitheamh 1997 ón gComhairle2 ;

tá le “Comhaontú LEE” an bhrí a shanntar in Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1993;

ciallaíonn “ócáid” ócáid is díol suime don phobal i gcoitinne san Aontas Eorpach, i mBallstát nó sa Stát nó i gcuid shuntasach den Stát agus atá á heagrú ag eagraí ócáide atá i dteideal de réir dlí cearta craolacháin na hócáide a dhíol;

ciallaíonn “seirbhís teilifíse in aisce” seirbhís chraolacháin teilifíse nach ngearrann an duine atá ag cur na seirbhíse ar fáil aon mhuirear as an gcéanna a ghlacadh;

ciallaíonn “Ballstát” ballstát de na Comhphobail Eorpacha (de réir bhrí Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ) agus folaíonn sé stát is stát conarthach sa Chomhaontú LEE;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán;

ciallaíonn “tuairisciú gar-uilechoiteann”—

(a) seirbhís teilifíse in aisce, a bhfuil glacadh uirthi ar fáil do 95 faoin gcéad ar a laghad de dhaonra an Stáit, nó

(b) más rud é aon tráth go bhfuil níos lú ná trí chraoltóir ábalta an tuairisciú a cheanglaítear faoi mhír (a) a chur ar fáil, seirbhís teilifíse in aisce, a bhfuil glacadh uirthi ar fáil do 90 faoin gcéad ar a laghad de dhaonra an Stáit;

ciallaíonn “craoltóir cáilitheach” craoltóir a meastar, faoi fho-alt (2), gur craoltóir cáilitheach é;

tá le “craolachán teilifíse” an bhrí a shanntar sa Treoir ón gComhairle.

(2) Meastar gur craoltóirí cáilitheacha na craoltóirí seo a leanas:

(a) go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2001, craoltóir a chuireann tuairisciú ócáide ainmnithe ar fáil ar sheirbhís teilifíse in aisce, ar tuairisciú é a bhfuil teacht ag 85 faoin gcéad ar a laghad de dhaonra an Stáit air;

(b) an 1ú lá d'Eanáir, 2002, agus dá éis, craoltóir a chuireann tuairisciú gar-uilechoiteann ócáide ainmnithe ar fáil.

(3) Chun críche fho-alt (2), maidir le dhá chraoltóir nó níos mó a dhéanfaidh conradh nó comhshocrú chun tuairisciú gar-uilechoiteann ócáide ainmnithe a chur ar fáil i gcomhpháirt, measfar gur craoltóir aonair iad i leith na hócáide sin.

(4) Féadfaidh craoltóir a iarraidh ar an Aire aon díospóid a réiteach maidir le méid na seirbhíse teilifíse in aisce atá á cur ar fáil ag craoltóir sa Stát chun críche fho-alt (2) agus an mhínithe ar “tuairisciú gar-uilechoiteann” i bhfo-alt (1).

(5) Féadfaidh an tAire dul i gcomhairle le haon saineolaithe teicniúla nó daoine eile nó comhlachtaí eile is cuí leis nó léi sula réitíonn sé nó sí díospóid faoi fho-alt (4).

(6) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo,

(b) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Mórócáidí a ainmniú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú—

(a) ócáidí a ainmniú mar ócáidí a bhfuil tábhacht mhór leo don tsochaí agus ar chóir, ar mhaithe le leas an phobail, an ceart a thabhairt do chraoltóir cáilitheach tuairisciú orthu a chur ar fáil ar sheirbhísí teilifíse in aisce, agus

(b) a chinneadh ar chóir tuairisciú ócáide arna hainmniú faoi mhír (a) a bheith ar fáil ar sheirbhísí teilifíse in aisce—

(i) ar bhonn beo, ar bhonn iarchurtha nó ar bhonn beo agus iarchurtha araon, agus

(ii) go hiomlán, go páirteach nó go hiomlán agus go páirteach araon.

(2) Le linn don Aire ainmniú a dhéanamh faoi fho-alt (1)(a) beidh aird aige nó aici ar na himthosca go léir agus go háirithe ar gach ceann de na critéir seo a leanas:

(a) a mhéid atá ciallachas ginearálta speisialta ag gabháil leis an ócáid do mhuintir na hÉireann;

(b) a mhéid atá tábhacht chultúrtha ar leith, a aithnítear go ginearálta, ag gabháil leis an ócáid do mhuintir na hÉireann.

(3) D'fhonn a chinneadh cé mhéid atá na critéir i bhfo-alt (2) comhlíonta, féadfaidh an tAire na tosca seo a leanas a chur i gcuntas:

(a) an bhfuil foireann náisiúnta nó neamhnáisiúnta, nó Éireannaigh, páirteach san ócáid;

(b) cleachtas nó taithí san am a caitheadh maidir le tuairisciú teilifíse na hócáide nó ócáidí dá samhail.

(4) Déanfaidh an tAire na nithe seo a leanas a bhreithniú le linn dó nó di an cinneadh faoi fho-alt (1)(b) a dhéanamh:

(a) an cineál ócáide atá ann;

(b) an t-am laistigh den Stát atá an ócáid ar siúl;

(c) dálaí praiticiúla craolacháin.

(5) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(6) Rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa roimh ordú faoin alt seo a dhéanamh, a chúlghairm nó a leasú.

(7) I gcás ina mbeartaítear ordú faoin alt seo a dhéanamh, a chúlghairm nó a leasú, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Comhchomhairle.

3. —(1) Roimh ordú faoi alt 2 a dhéanamh, déanfaidh an tAire—

(a) iarrachtaí réasúnacha chun dul i gcomhairle le heagraithe na hócáide agus le craoltóirí atá faoi dhlínse an Stáit chun críche na Treorach ón gComhairle,

(b) fógra faoin ócáid a mbeartaíonn an tAire í a ainmniú faoin alt sin a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa Stát, agus

(c) tráchtaí a iarraidh ar dhaoine den phobal maidir leis an ainmniú beartaithe.

(2) Ní choiscfear ordú faoi alt 2 a dhéanamh más rud é nach féidir a shuíomh cé hé nó cé hí eagraí ócáide nó go mainníonn an t-eagraí nó craoltóir atá faoi dhlínse an Stáit iarrachtaí an Aire dul i gcomhairle leis nó léi a fhreagairt.

Dualgais chraoltóirí maidir le mórócáidí ainmnithe.

4. —(1) I gcás go bhfaighidh craoltóir atá faoi dhlínse an Stáit, nach craoltóir cáilitheach é nó í, cearta eisiacha chun ócáid ainmnithe a chraoladh, ní chraolfaidh an craoltóir sin an ócáid mura mbeidh an ócáid curtha ar fáil do chraoltóir cáilitheach, de réir an ordaithe faoi alt 2 , ar í a iarraidh agus ar an gcraoltóir cáilitheach d'íoc rátaí margaidh réasúnacha.

(2) I gcás go bhfaighidh craoltóir cáilitheach an ceart chun ócáid ainmnithe a chraoladh (faoin alt seo nó go díreach), craolfaidh an craoltóir cáilitheach an ócáid ar sheirbhís teilifíse in aisce a chuireann tuairisciú gar-uilechoiteann ar fáil de réir an ordaithe faoi alt 2 .

(3) San alt seo ciallaíonn “ócáid ainmnithe” ócáid arna hainmniú in ordú faoi alt 2 .

Dualgais chraoltóirí maidir le hócáidí Ballstát.

5. —I gcás ócáid a bheith ainmnithe ag Ballstát eile mar ócáid a bhfuil tábhacht mhór léi don tsochaí sa Bhallstát sin agus go mbeidh na bearta a bheidh déanta ag an mBallstát sin de réir Airteagal 3a.2 den Treoir ón gComhairle curtha in iúl ag an gCoimisiún Eorpach, ní dhéanfaidh aon chraoltóir atá faoi dhlínse an Stáit agus a fhaigheann cearta eisiacha chun na hócáide ainmnithe na cearta eisiacha a fheidhmiú ar shlí go gcuirfear ó chumas cuid shubstainteach den phobal sa Bhallstát sin na hócáidí a leanúint de réir na mbeart a bheidh déanta.

Leigheasanna sibhialta.

6. —(1) I gcás go líomhnóidh craoltóir (an “craoltóir éagóraithe“) go bhfuil aon ghníomhaíocht nó iompraíocht a thoirmisctear le halt 45 á seoladh, seolta nó ar tí a seolta ag craoltóir amháin eile nó níos mó (an “craoltóir eile”), beidh an craoltóir éagóraithe i dteideal iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar na leigheasanna seo a leanas in aghaidh an chraoltóra eile:

(a) ordú a shrianfaidh an craoltóir eile ar an ngníomhaíocht nó ar an iompraíocht a thoirmisctear le halt 45 a sheoladh, nó ar fhéachaint lena seoladh;

(b) dearbhú go bhfuil an conradh faoina bhfuair an craoltóir eile cearta eisiacha chun na hócáide ainmnithe ar neamhní;

(c) damáistí ón gcraoltóir eile;

(d) ordachán go ndéanfar an ceart chun tuairisciú teilifíse na hócáide a chur ar fáil a thairiscint don chraoltóir éagóraithe ar rátaí margaidh réasúnacha.

(2) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus féadfaidh an chúirt, nuair a bheidh an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí.

Rátaí margaidh réasúnacha.

7. —(1) Chun críche alt 4 (1), más rud é nach bhfuil craoltóirí in ann a aontú cad is rátaí margaidh réasúnacha ann maidir le tuairisciú teilifíse ócáide, féadfaidh ceachtar de na craoltóirí iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair ar ordú ag cinneadh rátaí margaidh réasúnacha d'ócáid.

(2) Féadfar cibé forálacha iarmhartacha nó forlíontacha is dóigh leis an Ard-Chúirt is cuí a bheith in ordú faoi fho-alt (1).

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht Craolacháin (Tuairisciú Teilifíse Mórócáidí), 1999 , a ghairm den Acht seo.

1 O.J. Uimh. L298/23, 17.10.89.

2 O.J. Uimh. L202/60, 20.7.97.