27 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1999

Number 27 of 1999


An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999

Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 2) Act, 1999


/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1999


AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1999


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

5.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

6.

Coistí réigiúnacha agus coistí eile.

7.

An Coiste Meastóireachta.

8.

Comhaltas an Choiste Meastóireachta.

9.

An Príomh-Fheidhmeannach.

10.

Foireann an Údaráis.

11.

Eolas a nochtadh.

12.

Leasanna a nochtadh.

13.

Comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

14.

Ordacháin ón Aire don Údarás.

15.

Toghlaigh agus an líon daoine a thoghfar.

16.

Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht.

17.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

18.

Aisghairm.

19.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

Acht na gCuideachtaí, 1990

1990, Uimh. 33

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956

1956, Uimh. 21

An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979

1979, Uimh. 5

Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1999


AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (LEASÚ) (UIMH. 2), 1999


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979 , AGUS DO DHÉAN-AMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[26 Deireadh Fómhair, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979 .

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘an Príomh-Fheidhmeannach’ an bhrí a shanntar dó le halt 10D;

ciallaíonn ‘an Coiste Meastóireachta’ an coiste a bhunófar faoi alt 10B;

ciallaíonn ‘coiste réigiúnach’ coiste a bhunófar faoi alt 10A(1);”.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Is iad a bheidh ar an Údarás cathaoirleach, a gceapfaidh an tAire é nó í, agus 19 gcomhalta eile ar daoine a thoghfar de réir Chuid IV den Acht seo 17 nduine díobh agus ar daoine a gceapfaidh an tAire iad 2 dhuine díobh.

(2A) Ní cheapfaidh an tAire duine chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Údarás más rud é go raibh an duine ina iarrthóir nó ina hiarrthóir sa toghchán deireanach a rinneadh faoi Chuid IV den Acht seo.

(2B) Beidh ag duine a cheapfar ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Údarás cibé scileanna nó taithí speisialta a mheasfaidh an tAire is cuí ag féachaint d'fheidhmeanna an Údaráis.”.

(2) Measfar an tÚdarás a bheith comhdhéanta go bailí le linn na tréimhse ó dháta rite an Achta seo go dtí go gcomhdhéanfar é de réir alt 6(2) (arna chur isteach le fo-alt (1) den alt seo) den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) trí “, le toiliú an Aire,” a scriosadh i bhfo-alt (5), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go mbeidh cumhacht ag an Údarás, chun críocha an ailt seo, scéimeanna, tionscadail, cláir agus saoráidí airgeadais eile a riaradh ar gá cistí ó institiúid de na Comhphobail Eorpacha nó cibé cistí eile a cheadóidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a eisíoc ina leith.”.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir fho-alt (2A), ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan ceadú roimh ré ón Rialtas, cúnamh airgid a thabhairt, in aon chás áirithe, de mhéid is mó ná cibé méid a shonróidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus le toiliú an Aire Airgeadais.

(2A) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan ceadú roimh ré ón gCoiste Meastóireachta, cúnamh airgid a thabhairt, in aon chás áirithe, de mhéid is mó ná cibé méid (is lú ná an méid a bheidh arna shonrú faoi fho-alt (2)) á shonróidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus le toiliú an Aire Airgeadais.”,

(b) trí “ag Fiontraíocht Éireann nó ag an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire)” a chur in ionad “ag an Údarás Forbartha Tionscail” i bhfo-alt (4), agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Féadfaidh coiste réigiúnach dá rogha féin a chinneadh gur cóir cúnamh airgid a thabhairt faoi fho-alt (1), in aon chás áirithe ina limistéar, de mhéid (‘an méid cuí’) nach mó ná cibé méid (is lú ná an méid a bheidh arna shonrú faoi fho-alt (2A)) a shonróidh an tAire ó am go ham agus, i gcás go ndéanfar cinneadh den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid den mhéid cuí sa chás sin.

(7) Áireofar ar na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (1) coinníoll á cheangal go ndéanfar an Ghaeilge a chur chun cinn, agus a úsáid, a mhéid is féidir mar phríomh-mheán cumarsáide sa tionscal nó sa scéim fostaíochta lena mbaineann.

(8) Más rud é go mbeidh breithniú á dhéanamh ag an Údarás i dtaobh an dtabharfar cúnamh airgid faoin alt seo in aon chás áirithe, cuirfidh sé san áireamh ar comhlíonadh coinníoll a bhaineann le cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge ar coinníoll é a forchuireadh faoi fho-alt (7) nó ar shlí eile sa chás áirithe sin i ndáil leis an Údarás do thabhairt cúnaimh airgid roimhe sin.”.

Coistí réigiúnacha agus coistí eile.

6. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A.—(1) Bunóidh an tÚdarás coiste (dá ngairtear ‘coiste réigiúnach’ san Acht seo) do gach ceann de na limistéir seo a leanas:

(a) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Dhún na nGall,

(b) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Mhaigh Eo, i gcontae na Gaillimhe agus i gcontae na Mí, agus

(c) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Chiarraí, i gcontae Chorcaí agus i gcontae Phort Láirge.

(2) Is iad na daoine a bheidh ina gcomhaltaí de gach coiste réigiúnach na daoine a thoghfar ina gcomhaltaí den Údarás de réir Chuid IV den Acht seo don toghlach nó do na toghlaigh, de réir mar is cuí, atá i limistéar an choiste réigiúnaigh lena mbaineann.

(3) Is é is córam do chruinniú de choiste réigiúnach an tromlach is lú de líon chomhaltaí an choiste réigiúnaigh lena mbaineann tráth an chruinnithe.

(4) Féadfaidh an tÚdarás coistí eile a bhunú chun comhairle agus cabhair a thabhairt dó i ndáil le haon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh sé, i ndáil le haon choiste den sórt sin—

(a) a fheidhmeanna a shonrú,

(b) a nós imeachta a rialáil, nó a údarú dó a nós imeachta a rialáil,

(c) a chomhdhéanamh a chinneadh agus daoine, lena n-áirítear daoine nach comhaltaí den Údarás nó d'fhoireann an Údaráis iad, a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí de,

(d) aon duine dá chomhaltaí a chur as oifig aon tráth, agus

(e) é a dhíscaoileadh.

(5) (a) Beidh comhalta de choiste arna bhunú faoi fho-alt (4) i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tÚdarás an tráth a cheapfaidh sé an comhalta.

(b) Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé liúntais i leith caiteachas is iníoctha ó am go ham le comhalta den Choiste Meastóireachta a íoc le comhalta de choiste arna bhunú faoi fho-alt (4).”.

An Coiste Meastóireachta.

7. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10A (arna chur isteach leis an Acht seo):

“10B.—(1) Bunóidh an tAire coiste (dá ngairtear ‘an Coiste Meastóireachta’ san Acht seo).

(2) Is é is córam do chruinniú den Choiste Meastóireachta trí cheathrú de líon comhaltaí an choiste tráth an chruinnithe.

(3) Más rud é, i gcás lena mbaineann alt 10(2A), go mbeidh breithniú á dhéanamh ag an Údarás i dtaobh an dtabharfar cúnamh airgid—

(a) déanfaidh an Coiste Meastóireachta an togra lena mbaineann a mheas,

(b) déanfaidh an Coiste Meastóireachta moltaí i scríbhinn don Údarás—

(i) maidir le hoiriúnacht nó mí-oiriúnacht an togra le haghaidh cúnaimh airgid ón Údarás, agus

(ii) maidir le méid (más ann) an chúnaimh sin,

(c) ní thabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid le haghaidh an togra más rud é go molann an Coiste Meastóireachta nach bhfuil an togra oiriúnach le haghaidh an chúnaimh sin, agus

(d) ní thabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid le haghaidh an togra de mhéid is mó ná an méid a bheidh molta ag an gCoiste Meastóireachta faoi mhír (b)(ii).”.

Comhaltas an Choiste Meastóireachta.

8. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10B (arna chur isteach leis an Acht seo):

“10C.—(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Meastóireachta cathaoirleach agus 7 gcomhalta eile arna gceapadh ag an Aire.

(2) Beidh cathaoirleach an Údaráis ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gCoiste Meastóireachta.

(3) Is iad na daoine seo a leanas comhaltaí eile an Choiste Meastóireachta:

(a) 3 chomhalta den Údarás a ndéanfaidh na comhaltaí den Údarás a thoghfar faoi Chuid IV den Acht seo iad a ainmniú tar éis gach toghcháin faoin gCuid sin,

(b) an Príomh-Fheidhmeannach nó comhalta d'fhoireann an Údaráis arna ainmniú nó arna hainmniú ag an bPríomh-Fheidhmeannach,

(c) oifigeach don Aire ar státseirbhíseach bunaithe de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 , é nó í, agus

(d) ionadaí thar ceann gach comhlachta díobh seo a leanas:

(i) an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), agus

(ii) Fiontraíocht Éireann,

arna ainmniú nó arna hainmniú ag an gcomhlacht lena mbaineann.

(4) (a) Beidh comhalta den Choiste Meastóireachta i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire an tráth a cheapfaidh sé nó sí an comhalta.

(b) Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhalta den Choiste Meastóireachta.

(5) Beidh comhaltaí an Choiste Meastóireachta inniúil ar ghnó an Choiste a sheoladh i nGaeilge.”.

An Príomh-Fheidhmeannach.

9. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10C (arna chur isteach leis an Acht seo):

“10D.—(1) Beidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Príomh-Fheidhmeannach.

(2) Is é an tÚdarás a cheapfaidh an Príomh-Fheidhmeannach.

(3) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an tÚdarás.

(4) Ní shealbhóidh an Príomh-Fheidhmeannach aon oifig, ná ní bheidh aon phost eile aige nó aici, arb iníoctha díolaíochtaí ina leith, gan toiliú an Údaráis.”.

Foireann an Údaráis.

10. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 12:

“12.—(1) Déanfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis (seachas an Príomh-Fheidhmeannach) a chinnfidh sé ó am go ham, agus

(b) gráid na foirne sin a dúradh den Údarás agus an líon foirne i ngach grád díobh a chinneadh.

(2) Is iad na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus le liúntais i leith caiteachas (a n-íocfaidh an tÚdarás iad as airgead a bheidh faoina réir aige) a bheidh ag comhaltaí fhoireann an Údaráis na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an Údarás ar an luach saothair nó ar na liúntais i leith caiteachas a íocfar le comhaltaí a fhoirne nó ar na téarmaí nó na coinníollacha eile ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh comhaltaí a fhoirne a bhfostaíocht, beidh aird aige ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar a bhfuil comhaontaithe ar bhonn náisiúnta, a bheidh ann de thuras na huaire nó ar bheartas Rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ann amhlaidh.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon tráth aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a chur as oifig mar chomhalta dá fhoireann.

(5) Faoi réir fho-alt (2), maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis, leanfaidh sé nó sí, amhail ar an tosach feidhme sin agus dá éis, dá fhostaíocht nó dá fostaíocht leis an Údarás a shealbhú ar na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse ar ar shealbhaigh sé nó sí í roimh an tosach feidhme sin.”.

Eolas a nochtadh.

11. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:

“15.—(1) Ní nochtfaidh aon duine, mura n-údaraíonn an tÚdarás dó nó di é nó mura gceanglaítear air nó uirthi é de réir dlí, aon eolas rúnda a fuair sé nó sí ina cháil nó ina cáil, nó le linn dó nó di a bheith ag comhlíonadh dualgas, mar aon duine díobh seo a leanas:

(a) comhalta den Údarás nó de choiste nó d'fhochoiste den Údarás,

(b) comhalta d'fhoireann an Údaráis,

(c) sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe ag an Údarás nó fostaí de chuid sainchomhairleora nó comhairleora den sórt sin, nó

(d) duine a bheidh fostaithe ag an Údarás in aon cháil eile.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) nochtadh eolais i dtuarascáil chuig an Údarás nó, thar ceann an Údaráis, chuig an Aire.

(4) San alt seo folaíonn ‘eolas rúnda’—

(a) eolas a mbeidh sé sainráite ag an Údarás ina leith go bhfuil sé rúnda maidir le heolas áirithe nó maidir le heolas d'aicme nó de thuairisc áirithe, agus

(b) eolas a bhaineann le tograí de chineál tráchtála nó le tairiscintí a chuirfidh conraitheoirí, sainchomhairleoirí nó aon duine eile faoi bhráid an Údaráis.”.

Leasanna a nochtadh.

12. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15:

“15A.—(1) Más rud é, ag cruinniú den Údarás nó de choiste nó d'fhochoiste den Údarás, go n-éireoidh ceachtar de na nithe seo a leanas, eadhon—

(a) comhshocraíocht ar páirtí inti an tÚdarás nó comhshocraíocht den sórt sin atá beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an Údarás nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,

ansin, maidir le comhalta den Údarás nó de choiste nó d'fhochoiste den Údarás a bhfuil leas airgid nó leas tairbhiúil eile aige nó aici, seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin, ar leas é sa ní, nó ar leas é atá ábhartha i leith an ní—

(i) nochtfaidh sé nó sí don Údarás, don choiste nó don fhochoiste, de réir mar a bheidh, go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cén cineál leasa é,

(ii) ní bheidh sé nó sí i láthair ag an gcruinniú nó ag an gcuid sin den chruinniú ar lena linn a phléifear an ní,

(iii) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh an tÚdarás, an coiste nó an fochoiste, de réir mar a bheidh, maidir leis an ní,

(iv) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bheidh le déanamh i ndáil leis an ní, agus

(v) ní vótálfaidh sé nó sí ar chinneadh a bhaineann leis an ní.

(2) I gcás ina ndéanfar leas a nochtadh don Údarás nó do choiste nó d'fhochoiste den Údarás de bhun fho-alt (1), déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an duine a dhéanfaidh an nochtadh sa chóram don chruinniú.

(3) I gcás ina n-éireoidh ceist i dtaobh an ionann nó nach ionann, nó arbh ionann nó nárbh ionann, iompar áirithe a dhéanann duine, nó a bhfuil duine chun é a dhéanamh, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, is é an tÚdarás, an coiste nó an fochoiste lena mbaineann, de réir mar a bheidh, a chinnfidh an cheist agus déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

(4) Maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis, nó le sainchomhairleoir nó comhairleoir a bheidh fostaithe ag an Údarás, a bhfuil leas airgid nó leas tairbhiúil eile aige nó aici, seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta, mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir den sórt sin, de réir mar a bheidh, ar leas é i ní, nó ar leas é atá ábhartha i leith ní, a shonraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (1)—

(a) nochtfaidh sé nó sí don Údarás go bhfuil an leas sin aige nó aici agus cén cineál leasa é,

(b) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh an tÚdarás nó na comhaltaí dá fhoireann maidir leis an ní, agus

(c) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bheidh le déanamh i ndáil leis an ní.

(5) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (4), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine i ní más rud é—

(a) gur comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil sa ní, nó leas atá ábhartha i leith an ní, é nó í nó comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach, nó ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach,

(b) go bhfuil sé nó sí nó comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach i gcomhpháirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, ag cuideachta nó ag gnóthas eile, ag a bhfuil leas tairbhiúil sa ní nó leas atá ábhartha i leith an ní,

(c) gur páirtí é nó í nó comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (cibé acu infheidhmithe nó nach ea) i ndáil le talamh lena mbaineann an ní, nó

(d) go bhfuil leas tairbhiúil ag comhalta dá theaghlach nó dá teaghlach sa ní, nó go bhfuil leas aige nó aici atá ábhartha i leith an ní.

(6) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil i ní, nó leas atá ábhartha i leith ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin leas a bheith aige nó aici, nó ag aon duine, ag aon chuideachta, ag aon chomhlacht nó ag aon ghnóthas a luaitear i bhfo-alt (5), ar leas é atá chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach sin nach féidir a mheas le réasún gur dócha go n-imreoidh sé tionchar ar an duine le linn dó nó di plé nó vótáil a dhéanamh ar aon cheist maidir leis an ní, nó le linn dó nó di aon fheidhm a bhaineann leis an ní a chomhlíonadh.

(7) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.

Comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 16:

“16.—(1) Más rud é, maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa,

beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais i leith caiteachas in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar é nó í amhlaidh, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt lena dtoirmisctear tréimhse atá luaite ann a ríomh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon aoisliúntais.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis.”.

Ordacháin ón Aire don Údarás.

14. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 20:

“20A.—(1) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir le beartas ginearálta.

(2) Maidir le hordachán faoi fho-alt (1), ní bheidh feidhm aige maidir le gnóthas tionsclaíoch aonair nó le scéim tháirgiúil fostaíochta aonair, agus leis sin amháin, agus ní thabharfaidh ordachán den sórt sin tosaíocht do limistéar amháin den Ghaeltacht de rogha ar limistéar eile den sórt sin maidir le suí gnóthais nó scéime den sórt sin.

(3) Leagfaidh an tÚdarás amach, ina thuarascáil bhliantúil, téacs d'ordachán faoi fho-alt (1) agus cén beart a bheidh déanta aige chun ordachán den sórt sin a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir le gach ní nó le haon ní díobh seo a leanas:

(a) an tÚdarás do thabhú caiteachais i gcomhlíonadh a fheidhmeanna,

(b) an tÚdarás do thabhairt cúnaimh airgid faoi alt 10,

(c) an tÚdarás do dhiúscairt talún, foirgneamh, áitreabh nó gléasra,

(d) an tÚdarás do dhíol scaireanna i gcomhlacht corpraithe.

(5) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha go léir dá dtagraítear in alt 12(2) nó maidir le haon cheann díobh.

(6) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir le feidhmeanna an Údaráis a shonraítear in alt 8(1).

(7) Comhlíonfaidh an tÚdarás ordachán faoin alt seo.

(8) Maidir le treoir, cibé ainm a thabharfar uirthi, i dtaca le haon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (4) nó (5), arna tabhairt ag an Aire don Údarás roimh thosach feidhme an ailt seo, measfar gur tugadh í faoin bhfo-alt sin ar an tosach feidhme sin.”.

Toghlaigh agus an líon daoine a thoghfar.

15. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 29:

“29.—(1) Is toghlach chun críocha na Coda seo gach limistéar díobh seo a leanas:

(a) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Dhún na nGall,

(b) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Mhaigh Eo,

(c) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae na Gaillimhe,

(d) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae na Mí,

(e) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Chiarraí,

(f) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Chorcaí, agus

(g) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Phort Láirge.

(2) I dtoghchán—

(a) toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1)(a) 4 dhuine,

(b) toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1)(b) 2 dhuine,

(c) toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1)(c) 6 dhuine,

(d) toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1)(d) duine amháin,

(e) toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1)(e) 2 dhuine,

(f) toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1)(f) duine amháin, agus

(g) toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1)(g) duine amháin.”.

Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht trí “i dtaobh an duine nó na ndaoine, de réir mar is cuí, a toghadh don toghlach sin” a chur in ionad “i dtaobh na ndaoine a toghadh don toghlach sin” i bhfo-alt (1).

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

17. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír 2—

(i) trí “agus sé mhí” a chur isteach i bhfomhír (a) i ndiaidh “cúig bliana”, agus

(ii) trí “nó don toghlach sin arna athrú de bhua ordaithe faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 ” a chur isteach i bhfomhír (b)(ii) i ndiaidh “don toghlach sin”,

(b) i mír 7—

(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):

“(2) Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé nó sí d'oifig a shealbhú—

(a) má bhreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í nó má dhéanann sé nó sí imshocraíocht lena chreidiúnaithe nó lena creidiúnaithe,

(b) má chiontaítear é nó í i gcion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(c) má chiontaítear é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu is i ndáil le cuideachta é nó nach ea,

(d) má dhéantar ordú ina thaobh nó ina taobh faoi alt 160 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ,

(e) má tá pianbhreith príosúnachta ar feadh aon téarma is faide ná 6 mhí a ghearr cúirt dlínse inniúla sa Stát á cur isteach aige nó aici,

(f) má scoireann sé nó sí de ghnáthchónaí a bheith air nó uirthi sa Stát,

(g) má chiontaítear é nó í i gcion faoi alt 15, nó

(h) má chiontaítear é nó í i gcion faoi alt 15A.”,

agus

(ii) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (3) agus (4):

“(3) Más rud é, maidir le comhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa,

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí den sórt sin dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás.”,

agus

(c) trí “trí aon choiste (arb é atá ann coiste réigiúnach nó coiste eile arna bhunú faoi alt 10A nó an Coiste Meastóireachta) nó trí aon fhochoiste den Údarás” a chur in ionad “trí aon fhochoiste den Údarás” i mír 11.

Aisghairm.

18. —Aisghairtear leis seo ailt 10(3) agus 11 den Phríomh-Acht agus mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

19. —(1) Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999, a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh ailt 5, 6, 7, 8, 17(c) agus 18, a mhéid a dhéantar foráil leis an alt sin chun alt 10(3) den Phríomh-Acht a aisghairm, den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1999” an tAcht seo.