25 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1999


ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLIONTACHA) (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Forálacha a bhaineann le pinsin i gcásanna sonraithe.

2.

Feidhm forálacha a bhaineann le pinsin a laghdú.

3.

Íocaíochtaí áirithe a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste agus íocaíochtaí agus caiteachais i gcoitinne.

4.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1998

Acht na gCúirteanna Breithiúnais agus na nOifigeach Cúirte (Aoisliúntas), 1961

1961, Uimh. 16

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1997

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1991

1991, Uimh. 23

An tAcht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998

1998, Uimh. 52

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte, Breithiúnacha agus Cúirte (Leasú), 1998

1998, Uimh. 5

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1999


ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT CHUN PINSIN A CHUR AR FÁIL DO DHAOINE A SCAR LENA nOIFIG, GACH DUINE ACU I gCÁS SONRAITHE, MAR GHNÁTH-BHREITHEAMH DEN CHÚIRT UACHTARACH, MAR GHNÁTH-BHREITHEAMH DEN ARD-CHÚIRT AGUS MAR CHLÁRAITHEOIR CONTAE AGUS CHUN FORÁIL A DHÉANAMH MAIDIR LE SOCRUITHE I dTAOBH PINSEAN CÉILE AGUS LEANAÍ I LEITH GACH DUINE ACU SIN AR É D'FHÁIL BHÁIS. [13 Iúil, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Forálacha a bhaineann le pinsin i gcásanna sonraithe.

1. —(1) D'ainneoin aon fhorála atá ar áireamh—

(a) in Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1997, nó, a mhéid a leasaítear nó a leathnaítear na hAchtanna sin leis, san Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte, Breithiúnacha agus Cúirte (Leasú), 1998 , nó

(b) sna hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1998,

ach faoi réir na bhforálacha dá dtagraítear in alt 2 den Acht seo, déanfar íoc pinsean i leith gach duine de na daoine a shonraítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (2) den alt seo (dá ngairtear “na daoine sonraithe” san alt seo) a rialú leis na forálacha atá san alt seo agus leis na forálacha sin amháin.

(2) (a) Ag tosú an 18ú lá d'Aibreán, 1999, beidh duine a ceapadh mar ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach an 26ú lá de Mhárta, 1990, agus a scar lena oifig an 17ú lá d'Aibreán, 1999, i dteideal, ar feadh ré a shaoil, pinsean a fháil a bheadh comhionann le £40,000 nuair a íoctar go cuí é thar bhliain iomlán agus sula ndéantar asbhaintí dleathacha.

(b) Ag tosú an 21ú lá d'Aibreán, 1999, beidh duine a ceapadh mar ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt an 30ú lá de Shamhain, 1998, agus a scar lena oifig an 20ú lá d'Aibreán, 1999, i dteideal, ar feadh ré a shaoil, pinsean a fháil a bheadh comhionann le £30,000 nuair a íoctar go cuí é thar bhliain iomlán agus sula ndéantar asbhaintí dleathacha.

(c) Ag tosú an 21ú lá d'Aibreán, 1999, beidh duine a ceapadh mar chláraitheoir contae an 24ú lá de Mheitheamh, 1991, agus a scar lena oifig an 20ú lá d'Aibreán, 1999, i dteideal, ar feadh ré a shaoil, pinsean a fháil a bheadh comhionann le £15,000 nuair a íoctar go cuí é thar bhliain iomlán agus sula ndéantar asbhaintí dleathacha.

(3) I gcás ina ndéanfar tuarastal gnáth-bhreithimh den Chúirt Uachtarach, gnáth-bhreithimh den Ard-Chúirt nó cláraitheora contae choibhéisigh a mhéadú, beidh na pinsin a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó na pinsin sin arna gcoigeartú go deireanach de bhua an fho-ailt seo, le coigeartú, le héifeacht ón dáta céanna, de réir céatadáin atá comhionann leis an méadú céatadánach tuarastail a bheidh tugtha.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, ní bheidh feidhm ag ailt 2(2) agus 4(2) (arna leasú leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte, Breithiúnacha agus Cúirte (Leasú), 1998 ) d'Acht na gCúirteanna Breithiúnais agus na nOifigeach Cúirte (Aoisliúntas), 1961 , maidir leis na daoine sonraithe, de réir mar is cuí.

(5) Beidh feidhm ag na rialacháin atá le déanamh faoi alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1991 (a bhaineann le pinsin chéilí agus leanaí a sholáthar), maidir le céilí agus leanaí na ndaoine sonraithe mar a bheidh feidhm acu maidir le céilí agus leanaí gnáth-bhreithimh den Chúirt Uachtarach, gnáth-bhreithimh den Ard-Chúirt nó cláraitheora contae choibhéisigh, de réir mar a bheidh, ach amháin gurb iad na pinsin a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo (mar a choigeartófar iad ó am go ham de bhua fho-alt (3) den alt seo) is bonn le ríomh an phinsin atá le híoc le céilí nó leanaí na ndaoine sonraithe.

(6) Go dtí go ndéanfar na rialacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (5) den alt seo, leanfaidh aon socrú riaracháin chun pinsin a íoc le céilí agus leanaí na breithiúnachta nó oifigeach cúirte ar páirtí ann na daoine sonraithe d'éifeacht a bheith leis, faoi réir an agúis atá leagtha amach san fho-alt sin.

(7) San alt seo ciallaíonn “cláraitheoir contae coibhéiseach” oifig cláraitheora contae atá coibhéiseach leis an oifig ar scaradh léi faoi fho-alt (2)(c) den alt seo.

Feidhm forálacha a bhaineann le pinsin a laghdú.

2. —Beidh feidhm ag ailt 46(6) agus 57(2) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , maidir leis na daoine sonraithe, de réir mar is cuí, fara aon mhodhnuithe is gá.

Íocaíochtaí áirithe a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste agus íocaíochtaí agus caiteachais i gcoitinne.

3. —(1) Déanfar an pinsean is iníoctha faoin Acht seo le hiarghnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó le hiarghnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt agus aon phinsean a dheonaítear do chéile nó d'aon leanbh de chuid iarbhreithimh den sórt sin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis, agus beidh sé iníoctha as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Déanfar aon íocaíochtaí (seachas íocaíochtaí lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo) a thabharfar agus aon chaiteachais a thabhófar i ndáil le héifeacht a thabhairt don Acht seo agus ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1997, agus, a mhéid a leasaítear nó a leathnaítear na hAchtanna sin leo, an tAcht seo agus an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte, Breithiúnacha agus Cúirte (Leasú), 1998 , agus ailt 7 go 10, 13, 14 agus 16 den Acht um Dhlínse Cúirteanna agus Forghníomhú Breithiúnas, 1998 , a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1999, a ghairm díobh le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1998, agus, a mhéid a leasaítear nó a leathnaítear na hAchtanna sin leis, an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Oifigeach Cúirte, 1926 go 1999, a ghairm díobh le chéile.