24 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1999


AN tACHT UM RÁSAÍOCHT CAPALL AGUS CON (TÁILLÍ AGUS TOBHAIGH GHEALLTÓIREACHTA), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Cumhachtaí teagmhasacha etc. an Údaráis.

3.

Ráta nialais tobhaigh ar gheallghlacadóirí maidir le geallta cúrsa.

4.

Leasú ar Acht 1994 (geallghlacadóirí).

5.

Tobhach ar shearraigh folaíochta.

6.

Leasú ar alt 53 d'Acht 1994.

7.

Leasú ar alt 65 d'Acht 1994.

8.

“oifig ghealltóireachta”.

9.

Coistí den Bhord.

10.

Leasú ar Acht 1958 (cumhachtaí an Bhoird).

11.

Leasú ar Acht 1958 (geallghlacadóirí).

12.

Méadú ar fhíneálacha faoi Acht 1958, etc.

13.

Aisghairm.

14.

Leasú ar alt 8 den Acht um Gheall-Chur, 1931.

15.

Leasú ar alt 18 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962.

16.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Gheall-Chur, 1926

1926, Uimh. 38

An tAcht um Gheall-Chur, 1931

1931, Uimh. 27

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999

An tAcht Airgid, 1926

1926, Uimh. 35

An tAcht Airgid, 1929

1929, Uimh. 32

An tAcht Airgeadais, 1999

1999, Uimh. 2

Acht Tionscail na gCon, 1958

1958, Uimh. 12

An tAcht Deochanna Meisciúla, 1962

1962, Uimh. 21

An tAcht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994

1994, Uimh. 18

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1999


AN tACHT UM RÁSAÍOCHT CAPALL AGUS CON (TÁILLÍ AGUS TOBHAIGH GHEALLTÓIREACHTA), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT TIONSCAIL NA gCON, 1958 , AN ACHTA UM THIONSCAL RÁSAÍ-OCHTA CAPALL NA hÉIREANN, 1994, ALT 8 DEN ACHT UM GHEALL-CHUR, 1931 , AGUS ALT 18 DEN ACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1962 , AGUS DO DHÉAN-AMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [11 Iúil, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1958” Acht Tionscail na gCon, 1958 ;

ciallaíonn “Acht 1994” an tAcht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994.

Cumhachtaí teagmhasacha etc. an Údaráis.

2. —Leasaítear leis seo Acht 1994 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A.—Beidh ag an Údarás na cumhachtaí sin go léir is gá chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh nó a ghabhann lena gcomhlíonadh.”.

Ráta nialais tobhaigh ar gheallghlacadóirí maidir le geallta cúrsa.

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 54 (1) d'Acht 1994 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Déanfaidh geallghlacadóir údaraithe a dhéanann geall ag ráschúrsa údaraithe, ar ócáid a bheidh ar siúl ansin nó in áit eile, seachas trí theileachumarsáid ó áit taobh amuigh den ráschúrsa, tobhach ar an ngeall sin a íoc leis an Údarás.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 54(1)(b)(i) d'Acht 1994 trí”, nialas faoin gcéad nó cibé céatadán eile nach mó ná 5 faoin gcéad” a chur in ionad “5 faoin gcéad nó cibé céatadán eile”.

Leasú ar Acht 1994 (geallghlacadóirí).

4. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1994 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 54:

“Muirear láimhdeachais is iníoctha ag geallghlacadóirí údaraithe ar gheallta cúrsa.

54A.—(1) Déanfaidh geallghlacadóir údaraithe a dhéanann geall ag ráschúrsa údaraithe, ar ócáid a bheidh ar siúl ansin nó in áit eile, seachas trí theileachumarsáid ó áit taobh amuigh den ráschúrsa, ar geall é is ábhar do thobhach faoi alt 54, muirear láimhdeachais ar an ngeall sin a íoc leis an Údarás.

(2) Is éard a bheidh sa ráta muirir láimhdeachais is iníoctha faoi fho-alt (1)—

(a) i leith gill le geallghlacadóir údaraithe seachas in oifig ghealltóireachta agus a chuirfear go heisiach ar rás capall a bheidh ar siúl ag an ráschúrsa údaraithe ag a gcuirtear an geall, 0.3 faoin gcéad nó cibé céatadán eile nach mó ná 2.5 faoin gcéad a fhorordóidh an tÚdarás ó am go ham, le toiliú an Aire; agus

(b) i leith na ngeallta uile a chuirfear in oifig ghealltóireachta agus i leith aon ghill a chuirfear ag ráschúrsa údaraithe i gcás ina mbaineann an geall sin go léir nó aon chuid den gheall sin le hócáid arb é atá inti rás capall nó aon ócáid eile a bheidh ar siúl in áit eile, 0.3 faoin gcéad nó cibé céatadán eile a bheidh arna shonrú faoi rialacháin faoi alt 54D.

Muirir chothrom ráta is iníoctha ag geallghlacadóirí údaraithe.

54B.—(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé muirir chothrom-ráta a mheasfaidh sé is gá agus is cuí a ghearradh i leith na nithe seo a leanas—

(a) gníomhaíochtaí geallghlacadóra údaraithe,

(b) gníomhaíochtaí geallghlacadóra cheadúnaithe ag ráschúrsaí ceadúnaithe atá ceadúnaithe chun rás-chruinnithe pointe-go-pointe a sheoladh,

(c) ionad a shealbhaíonn geallghlacadóir údaraithe ag ráschúrsa údaraithe,

(d) ionad a shealbhaíonn geallghlacadóir ceadúnaithe ag ráschúrsa ceadúnaithe atá ceadúnaithe chun rás-chruinnithe pointe-go-pointe a sheoladh,

(e) oifig ghealltóireachta,

agus féadfar muirir éagsúla a ghearradh i leith suíomh nó rás-chruinnithe éagsúla ag féachaint do luach ionchasach an tsuímh nó an chruinnithe le haghaidh gnó geallghlacadóireachta.

Cead gealltóireachta cúrsa a fhionraí nó a chúlghairm mura n-íocfar muirir.

54C.—(1) Maidir le geallghlacadóir údaraithe a mhainneoidh nó a fhailleoidh aon suim is iníoctha aige i leith muirir a bheidh dlite faoi alt 54A nó 54B a íoc, féadfaidh an tÚdarás aon chead a deonaíodh dó faoi alt 48 a fhionraí nó a chúlghairm.

(2) Féadfaidh an tÚdarás aon chead den sórt sin a thabhairt ar ais i gcás gur deimhin leis gur íocadh na riaráistí uile muirir (lena n-áirítear ús de réir ráta cuí faoin gcéad).

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoi alt 54A nó 54B a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ó aon duine ag a mbeidh sé iníoctha.

(4) Déanfar aon tagairt in alt 54(4) agus (5) do thobhach a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do mhuirir faoi alt 54A nó 54B.

Muirear láimhdeachais is iníoctha ag geallghlacadóirí ceadúnaithe ar gheallta eischúrsa.

54D.—(1) Déanfaidh geallghlacadóir ceadúnaithe a dhéanann geall ar aon ócáid, faoi réir na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926 , muirear láimhdeachais 0.3 faoin gcéad, nó cibé céatadán eile nach mó ná 2.5 faoin gcéad a shonróidh an tAire i rialacháin, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, ar an ngeall sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh agus thar ceann an Údaráis.

(2) Is éard a bheidh in aon chéatadán a shonrófar le rialacháin faoi fho-alt (1) an céatadán a shonrófar chun críocha alt 54A(2)(b) agus alt 32A(2)(b) d'Acht Tionscail na gCon, 1958 .

(3) Beidh feidhm ag forálacha ailt 24(4), 25 agus 26 den Acht Airgid, 1926 , agus alt 32 den Acht Airgid, 1929 , faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an muirear láimhdeachais a fhorchuirtear le fo-alt (1).

Muirear bliantúil is iníoctha i leith áitribh chláraithe.

54E.—(1) Déanfaidh gach dílseánach cláraithe (de réir bhrí an Achta um Gheall-Chur, 1931 ), i leith gach áitribh chláraithe (de réir bhrí an Achta um Gheall-Chur, 1931 ) arb é an dílseánach cláraithe air é, muirear i ndáil leis an méid (dá ngairtear ‘láimhdeachas’ san alt seo) a bheidh faighte aige ó gheallta a bheidh faoi réir dleachta máil a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926 , a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, le haghaidh agus thar ceann an Údaráis, faoin 1ú lá de Mheán Fómhair i ngach bliain, ar geallta iad a rinneadh ag an áitreabh, le linn na tréimhse 12 mhí dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh roimhe sin nó an Satharn deireanach den Mheitheamh roimhe sin, de réir mar a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus is éard a bheidh sa mhuirear sin—

(a) i gcás dílseánaigh a mbeidh láimhdeachas faoi bhun £50,000 faighte aige sa tréimhse sin, méid £500,

(b) i gcás dílseánaigh a mbeidh láimhdeachas £50,000 nó níos mó ach faoi bhun £100,000 faighte aige sa tréimhse sin, méid £1,000, agus

(c) i gcás dílseánaigh a mbeidh láimhdeachas £100,000 nó níos mó faighte aige sa tréimhse sin, méid £2,000.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) an muirear dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) a athrú go méid nach mó ná £1,000,

(b) an muirear dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) a athrú go méid nach mó ná £2,000, agus

(c) an muirear dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (1) a athrú go méid nach mó ná £5,000.

(3) Ní dhéanfar clárú aon áitribh a athnuachan faoi alt 12 den Acht um Gheall-Chur, 1931 , mura mbeidh agus go dtí go mbeidh aon mhéid a bheidh dlite faoi fho-alt (1) íoctha go hiomlán.

An tÚdarás d'aistriú cuid de na suimeanna a bheidh bailithe chuig Bord na gCon.

54F.—Déanfaidh an tÚdarás 20 faoin gcéad d'aon mhéid a bheidh íoctha leis an Údarás, nó a bheidh bailithe ag an Údarás nó thar ceann an Údaráis faoi alt 54D(1) nó 54E, a aistriú chuig Bord na gCon.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 55 d'Acht 1994—

(a) trí “nó muirir faoin gCuid seo” a chur isteach i ndiaidh “tobhaigh” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “nó muirear faoin gCuid seo” a chur isteach i ndiaidh “i dtobhach” i mír (c) d'fho-alt (1).”

Tobhach ar shearraigh folaíochta.

5. —Leasaítear leis seo Acht 1994 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 38:

“38A.—(1) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, tobhach (dá ngairtear ‘tobhach’ ina dhiaidh seo san alt seo) a mhuirearú agus a thobhach, i ngach bliain dar tosach cibé bliain a fhorordófar, ar na searraigh folaíochta uile a bheidh cláraithe i ngraíleabhar.

(2) Déanfaidh úinéir searraigh folaíochta a bheidh cláraithe i ngraíleabhar tobhach a íoc.

(3) Íocfar tobhach leis an Údarás cibé tráth agus ar cibé modh a fhorordófar.

(4) Faoi réir fho-alt (5), is éard a bheidh sa ráta nó sa scála rátaí tobhaigh i ngach bliain cibé ráta nó rátaí a fhorordófar le toiliú an Aire.

(5) Ní bheidh aon ráta a fhorordófar faoi fho-alt (4) níos mó ná £1,000.

(6) Féadfaidh an tÚdarás comhshocraíochtaí a dhéanamh le duine eile a choimeádann graíleabhar chun tobhach a bhailiú agus a ghnóthú.

(7) Féadfaidh an tÚdarás tobhach a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ó aon duine ag a mbeidh sé iníoctha.

(8) Déanfar fáltais tobhaigh a chaitheamh ar bhonn cláir chun tairbhe póraitheoirí capall a chinnfidh an tÚdarás tar éis dul i gcomhairle le haon duine is dóigh leis an Údarás a bheith ionadaitheach do phóraitheoirí capall.

(9) San alt seo ciallaíonn ‘graíleabhar’ graíleabhar a choimeádann comhlacht arna cheadú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Graíleabhar agus Iomaíocht Each-ainmhithe), 1993 (I.R. Uimh. 305 de 1993).”.

Leasú ar alt 53 d'Acht 1994.

6. —Leasaítear leis seo alt 53(2) (a bhaineann le rialáil uaireanta oscailte oifigí gealltóireachta) d'Acht 1994 trí “dhá uair an chloig” a chur in ionad “uair an chloig amháin”.

Leasú ar alt 65 d'Acht 1994.

7. —Leasaítear leis seo alt 65(2) (a bhaineann le díol deochanna meisciúla ag coinní rásaí a cheadúnú) d'Acht 1994 trí “dhá uair an chloig” a chur in ionad “uair an chloig amháin”.

“oifig ghealltóireachta”.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1958 tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “oifigeach údaraithe”:

“ciallaíonn ‘oifig ghealltóireachta’ aon áitreabh ag rás-rian con ina gceadaítear gealltóireacht le rialacháin faoi alt 32D den Acht seo;”.

(2) Leasaítear leis seo alt 53(1)(d) d'Acht 1994 trí “ag ráschúrsaí údaraithe” a chur isteach i ndiaidh “oifigí gealltóireachta”.

Coistí den Bhord.

9. —Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1958—

(a) trí na focail “agus, de rogha an Bhoird, féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ar choiste den sórt sin nó féadfaidh sé a bheith comhdhéanta de dhaoine nach comhaltaí den Bhord” a chur in ionad na bhfocal”, agus féadfaidh sé, do réir mar is rogha leis an mBord, a bheith comhdhéanta ar fad de dhaoine is comhaltaí den Bhord nó go páirteach de dhaoine is comhaltaí den Bhord agus go páirteach de dhaoine is oifigigh don Bhord”, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Déanfaidh an Bord téarmaí tagartha aon choiste den Bhord a chinneadh.

(6) Féadfaidh an Bord duine a cheapadh le bheith ina chathaoirleach ar choiste den Bhord.

(7) Féadfaidh an Bord tráth ar bith comhalta de choiste den Bhord, a mhainneoidh a fheidhmeanna a chomhlíonadh, a chur as oifig.

(8) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste den Bhord a dhíscaoileadh.

(9) Déanfar cibé liúntais a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a íoc as ioncam an Bhoird le comhaltaí de choiste den Bhord i leith caiteachas a thabhóidh siad i gcomhall a bhfeidhmeanna.”.

AN TÁBLA

(3) Beidh coiste den Bhord comhdhéanta de cibé méid comhaltaí is cuí leis an mBord agus, de rogha an Bhoird, féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ar choiste den sórt sin nó féadfaidh sé a bheith comhdhéanta de dhaoine nach comhaltaí den Bhord.

Leasú ar Acht 1958 (cumhachtaí an Bhoird).

10. —Leasaítear leis seo Acht 1958 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18:

“An Bord do ghearradh muirear.

18A.—(1) Féadfaidh an Bord cibé muirir a ghearradh is dóigh leis is gá agus is cuí i gcomaoin na nithe seo a leanas—

(a) comhlíonadh a fheidhmeanna aige,

(b) soláthar aon seirbhíse aige,

(c) seoladh aon ghníomhaíochtaí aige, agus

(d) iarratas ar aon cheadúnas rás-riain chon nó ar aon chead gealltóireachta cúrsa nó deonú aon cheadúnais rás-riain chon nó aon cheada gealltóireachta cúrsa.

(2) Féadfaidh an Bord aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoi fho-alt (1) den alt seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ó aon duine ag a mbeidh sé iníoctha.

An Bord do bhunú cuideachtaí.

18B.—(1) Féadfaidh an Bord, ina aonar nó i dteannta duine eile, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus faoi réir aon choinníollacha ó cheachtar de na hAirí sin, foirmiú nó bunú cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999, a thionscnamh agus páirt a ghlacadh sa chéanna—

(a) chun aon cheann de na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh, nó

(b) chun suimitheoir a oibriú.

(2) Féadfaidh an Bord rialú iomlán nó páirteach a fheidhmiú ar an mbord stiúrthóirí, cibé ainm a thabharfar air, de chuideachta de chuid an Bhoird, arb é an bord é a rialaíonn nó a bhainistíonn an chuideachta.

(3) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais cuideachta i cibé foirm i gcomhréir leis an Acht seo a cheadóidh an Bord le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Tabharfaidh cuideachta de chuid an Bhoird cibé tuarascálacha don Bhord, agus iad i cibé foirm, a cheanglóidh an Bord.

(5) Féadfaidh cuideachta dul i mbun comhfhiontar le daoine eile.

(6) Beidh príomhoifigeach cuideachta i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair), agus faoina réir, a cheadóidh an bord stiúrthóirí (nó údarás eile, cibé ainm a thabharfar air, a rialaíonn aon chuideachta den sórt sin) le toiliú an Bhoird, an Aire agus an Aire Airgeadais.

(7) San alt seo ciallaíonn ‘cuideachta’ cuideachta arna bunú faoin alt seo.

Féadfaidh an Bord scaireanna i gcuideachta a fháil etc., agus teacht chun bheith ina chomhalta di.

18C.—Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina chomhalta de chuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999, nó dlíthe dlínse eile a bheidh ar comhréir leis na hAchtanna sin).

Táillí agus muirir a bhailiú thar ceann an Bhoird.

18D.—(1) Déanfaidh an Club, tar éis iarraidh a fháil chuige sin ón mBord, cibé táillí, tobhaigh nó muirir a shonróidh an Bord, ó am go ham, in iarraidh den sórt sin, a bhailiú in ainm an Bhoird.

(2) Déanfar na suimeanna uile a bhaileofar faoin alt seo a íoc leis an mBord i cibé slí agus cibé tráthanna a ordóidh an Bord i scríbhinn.”.

Leasú ar Acht 1958 (geallghlacadóirí).

11. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1958 trí na hailt seo a leanas a chur in ionad alt 32:

“Tobhaigh is iníoctha ag geallghlacadóirí údaraithe ar gheallta

32.—(1) (a) Déanfaidh geallghlacadóir ceadúnaithe a dhéanann geall ag rásrian con, ar ócáid a bheidh ar siúl ansin nó in áit eile, seachas trí theileachumarsáid ó áit taobh amuigh den rás-rian, tobhach ar an ngeall sin a íoc leis an mBord.

(b) Is éard a bheidh sna rátaí tobhaigh is iníoctha faoi mhír (a) den fho-alt seo—

(i) i leith gill le geallghlacadóir ceadúnaithe seachas in oifig ghealltóireachta agus a chuirfear go heisiach ar rás con a bheidh ar siúl ag an rás-rian con ag a gcuirtear an geall, nialas faoin gcéad nó cibé céatadán eile nach mó ná 5 faoin gcéad a fhorordóidh an Bord ó am go ham, le toiliú an Aire, nó

(ii) i leith na ngeallta uile a chuirfear in oifig ghealltóireachta ag rás-rian con agus i leith aon ghill a chuirfear ag rás-rian con i gcás ina mbaineann an geall sin go léir nó aon chuid den gheall sin le hócáid arb éard atá inti rás con nó aon ócáid eile a bheidh ar siúl in áit eile, an ráta tobhaigh céanna leis an ráta dleachta máil sin ag a mbeadh feidhm, faoi alt 24 den Acht Airgid, 1926 (arna leasú le halt 117 den Acht Airgeadais, 1999), maidir le geall den sórt sin dá gcuirfí in áit seachas ag rás-rian con é.

(c) Más rud é go gcinnfear an ócáid is ábhar do gheall faoi mhír (b)(i) den fho-alt seo i bhfabhar an duine lena ndéanann an geallghlacadóir an geall, déanfaidh an geallghlacadóir asbhaint as an méid iomlán a dhéanfadh sé, mura mbeadh sin, a íoc leis an duine sin nó a chreidiúnú don duine sin i leith an ghill, ar asbhaint í arna ríomh de réir an ráta faoin gcéad dá dtagraítear san fhomhír sin den mhéid iomlán sin.

(d) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é méid gill an tsuim a mbeidh an geallghlacadóir a dhéanann é i dteideal, de réir téarmaí an ghill, í a fháil, í a choimeád nó creidmheas a ghlacadh ina leith, má chinntear ina fhabhar an ócáid is ábhar don gheall.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1)(b)(ii) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Muirear láimhdeachais is iníoctha ag geallghlacadóirí údaraithe ar gheallta.

32A.—(1) Déanfaidh geallghlacadóir ceadúnaithe a dhéanann geall ag rás-rian con, ar ócáid a bheidh ar siúl ansin nó in áit eile, seachas trí theileachumarsáid ó áit taobh amuigh den rásrian, ar geall é is ábhar do thobhach faoi alt 32 den Acht, muirear láimhdeachais ar an ngeall sin a íoc leis an mBord.

(2) Is éard a bheidh sa ráta muirir láimhdeachais is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) i leith gill le geallghlacadóir ceadúnaithe seachas in oifig ghealltóireachta agus a chuirfear go heisiach ar rás con a bheidh ar siúl ag an rás-rian ag a gcuirtear an geall, 0.3 faoin gcéad nó cibé céatadán eile nach mó ná 2.5 faoin gcéad a fhorordóidh an Bord ó am go ham, le toiliú an Aire, agus

(b) i leith na ngeallta uile a chuirfear in oifig ghealltóireachta agus i leith aon ghill a chuirfear ag rás-rian con, i gcás ina mbaineann an geall sin go léir nó aon chuid den gheall sin le hócáid arb éard atá inti rás con nó aon ócáid eile a bheidh ar siúl in áit eile, 0.3 faoin gcéad nó cibé céatadán eile a bheidh arna shonrú faoi alt 54D den Acht um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994.

Muirir chothromráta is iníoctha ag geallghlacadóirí údaraithe

32B.—Féadfaidh an Bord cibé muirir chothrom-ráta a mheasfaidh sé is gá agus is cuí a ghearradh i leith na nithe seo a leanas—

(a) geallghlacadóir ceadúnaithe ag oibriú dó ag rás-rian con,

(b) ionad a shealbhaíonn geallghlacadóir ceadúnaithe ag rás-rian con, nó

(c) oifig ghealltóireachta,

agus féadfar muirir éagsúla a ghearradh i leith suíomh éagsúil nó i leith rás-chruinnithe con éagsúla a bheidh á seoladh ag rás-rianta con ag féachaint do luach ionchasach an tsuímh nó an chruinnithe le haghaidh gnó geallghlacadóireachta.

Cead gealltóireachta cúrsa a fhionraí nó a chúlghairm mura n-íoctar tobhach nó muirir.

32C.—(1) (a) Maidir le geallghlacadóir ceadúnaithe a mhainneoidh nó a fhailleoidh aon suim is iníoctha aige i leith tobhaigh nó muirear a bheidh dlite faoin Acht seo a íoc, féadfaidh an Bord aon chead a deonaíodh dó faoi alt 29 den Acht seo a fhionraí nó a chúlghairm.

(b) Féadfaidh an Bord aon chead den sórt sin a thabhairt ar ais i gcás gur deimhin leis gur íocadh na riaráistí uile tobhaigh agus muirear atá dlite faoin Acht seo (lena n-áirítear ús de réir ráta cuí faoin gcéad).

(2) Beidh gach tobhach nó muirear is iníoctha ag aon duine inghnóthaithe ón duine sin ag an mBord mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) (a) I gcás ina bhfaighfear nach bhfuil tobhach nó muirir atá dlite faoin Acht seo íoctha ag geallghlacadóir ceadúnaithe nó nach bhfuil tuairisceáin chuí curtha chuig an mBord aige i leith an tobhaigh sin nó na muirear sin, nó ina leith araon, le haghaidh tréimhse míosa, féadfaidh an Bord measúnacht a dhéanamh ar an tobhach nó ar na muirir atá dlite agus féadfaidh sé ús a mhuirearú de réir ráta chuí ón lá a tháinig aon tobhach nó muirear den sórt sin chun bheith dlite den chéad uair, agus le linn dó é sin a dhéanamh beidh aird aige ar an leibhéal rátaí úis i gcoitinne sa Stát.

(b) (i) Faoi réir fhomhír (ii) den mhír seo, is é 10 faoin gcéad sa bhliain an ráta faoin gcéad cuí úis a mhuirearóidh an Bord faoin alt seo.

(ii) Más deimhin leis an mBord gur chóir, ag féachaint don leibhéal rátaí úis i gcoitinne sa Stát, an ráta faoin gcéad cuí a bheidh arna shonrú de thuras na huaire san alt seo a athrú, féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, an ráta úis arna shonrú amhlaidh a athrú le rialacháin agus beidh éifeacht leis an alt seo de réir théarmaí aon rialachán den sórt sin.

(4) (a) Aon uair a chruthófar chun sástacht an Bhoird go bhfuil geall a bhfuil tobhach nó muirear iníoctha ina leith tar éis teacht chun bheith ina gheall ar neamhní, féadfaidh an Bord, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis a fhorchur, an tobhach nó an muirear a íocadh a aisíoc nó an tobhach nó an muirear is inmhuirearaithe a mhaitheamh, de réir mar is gá sa chás, i leith an ghill sin.

(b) Sa mhír seo ciallaíonn ‘geall ar neamhní’ geall a chuirtear ar chú i rás ag rás-rian nó ar ócáid eile a tréigeadh, a dearbhaíodh a bheith ar neamhní ar aon chúis seachas toiliú frithpháirteach na bpáirtithe sa chéanna nó a cuireadh siar go lá eile.

Rialacháin i ndáil le hoifigí gealltóireachta.

32D.—(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh an Bord, le rialacháin, socrú a dhéanamh—

(a) maidir lena cheadú do gheallghlacadóirí ceadúnaithe oibriú ó oifigí gealltóireachta ag rás-rianta con,

(b) maidir leis na nithe seo a leanas a rialáil—

(i) raon na seirbhísí gealltóireachta a chuirfear ar fáil ag oifigí gealltóireachta,

(ii) struchtúr agus suíomh oifigí gealltóireachta,

(iii) oibriú agus uaireanta oscailte oifigí gealltóireachta,

(iv) na daoine a fhéadfar a ligean isteach in oifigí gealltóireachta nó a gceadófar dóibh geallta a chur iontu,

(v) dea-ord agus iompar in oifigí gealltóireachta.

(2) Ní cheadófar le haon rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (1)(b)(iii) den alt seo i leith uaireanta oscailte oifigí gealltóireachta na hoifigí gealltóireachta sin a oscailt le haghaidh gnó ar feadh tréimhse ar bith sula gceadaítear don phobal dul isteach chuig rás-rian con nó go bhfanfaidh siad ar oscailt níos déanaí ná dhá uair an chloig tar éis an rás deireanach a chríochnú.

(3) Féadfaidh an Bord, i gcás gur mhainnigh geallghlacadóir ceadúnaithe aon rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo a chomhlíonadh, a chead gealltóireachta cúrsa a fhionraí ar feadh cibé tréimhse is cuí leis nó an cead sin a chúlghairm.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1958 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an Bord rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar tobhach faoi alt 32 den Acht seo nó muirir arna ngearradh faoi alt 32A nó 32B den Acht seo agus i gcoitinne chun na forálacha den Chaibidil seo a bhaineann le tobhaigh agus muirir den sórt sin a chur in éifeacht agus go háirithe—

(a) chun a cheangal ar gheallghlacadóirí a dhlíonn tobhach nó muirir den sórt sin a íoc—

(i) sonraí gach gill a dhéantar ag rás-rian con a thaifeadadh, sa tslí fhorordaithe agus an tráth forordaithe, sna taifid fhorordaithe,

(ii) na taifid a choimeád go ceann na tréimhse forordaithe,

(iii) na taifid a chur, ar an mBord á iarraidh sin, chun an Bhoird lena n-iniúchadh ag an mBord,

(iv) cóipeanna de na taifid a thabhairt don Bhord cibé tráth nó tráthanna a fhorordófar;

(b) maidir le geall-leatháin tobhach-íoctha nó muirearíoctha a sholáthar, a úsáid agus a mhaoirsiú agus maidir le haisíoc a dhéanamh i leith leathán den sórt sin nach mbeidh úsáidte nó nach mbeidh úsáidte ach go páirteach;

(c) maidir leis an mBord do dhéanamh comhshocraíochtaí le geallghlacadóirí agus do ghlacadh urrúis ó gheallghlacadóirí ar mian leo tobhach nó muirir a íoc ar bhonn tuairisceán a thabharfaidh siad;

(d) maidir leis an mBord do thabhairt maithimh nó aisíoca (de réir mar is gá sa chás) do gheallghlacadóirí i dtobhach nó muirear i gcásanna ina suífear chun sástacht an Bhoird go ndearnadh dliteanas teagmhasach iomlán geallghlacadóra nó aon chuid den chéanna, i leith gill a chuir sé nó a leag sé nó a rinne sé ar aon slí eile ag rás-rian con, a aistriú chun geallghlacadóra eile trí gheall nua a cuireadh, a leagadh nó a rinneadh ar aon slí eile ag an gcéad gheallghlacadóir leis an dara geall-ghlacadóir.

(1A) Aon duine a sháróidh, gan leithscéal réasúnach, aon rialachán arna dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an Bord aon chead gealltóireachta cúrsa a bheidh deonaithe dó a fhionraí nó a chulghairm.”.

Méadú ar fhíneálacha faoi Acht 1958, etc.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1958 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fineáil nach mó ná £1,500 a chur air.

(2A) I gcás go leanfaidh duine, tar éis a chiontaithe i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo, d'fho-alt (1) den alt seo a shárú, beidh sé ciontach i gcion ar gach lá a leanfar den sárú agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £400 a chur air.”.

(2) Maidir leis an bhfíneáil a fhéadfar a fhorchur faoi fhoráil d'Acht 1958 a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo, is fíneáil í nach mó a méid ná an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne na huimhreach tagartha ar os a coinne atá an fhoráil sin sonraithe amhlaidh.

(3) Leasaítear leis seo alt 6(5) d'Acht 1994 trí “faoi alt 47(1), 48(7) nó 59(6)” a chur in ionad “faoin Acht seo”.

AN TÁBLA

Uimhir Thagartha

An Fhoráil d'Acht 1958

An Fhíneáil Uasta

(1)

(2)

(3)

£

1

Alt 23(6)

1,500

2

Alt 25(4)

1,000

3

Alt 25(7)

1,000

4

Alt 28(2)

1,500

5

Alt 30(3)

500

6

Alt 33(2)

1,000

7

Alt 34(2)

1,000

8

Alt 35(2)

1,000

9

Alt 36(2)

1,000

10

Alt 37(3)

1,000

11

Alt 37(6)

1,000

12

Alt 38(4)

1,000

13

Alt 39(3)

1,000

14

Alt 41(3)

500

15

Alt 43(7)

500

16

Alt 44(4)

500

17

Alt 46(2)

500

18

Alt 48(15)

500

19

Alt 48(17)

1,000

20

Alt 48(18)

1,000

21

Alt 48(19)

1,000

22

Alt 49(2)

1,000

Aisghairm.

13. —Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1958:

(a) fo-alt (2) d'alt 20, agus

(b) alt 31.

Leasú ar alt 8 den Acht um Gheall-Chur, 1931.

14. —Leasaítear leis seo alt 8(1) (arna leasú le halt 64 d'Acht 1994) den Acht um Gheall-Chur, 1931 , trí “nó oifig ghealltóireachta (de réir bhrí Acht Tionscail na gCon, 1958 ),” a chur isteach i ndiaidh “an Achta um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994),” agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim den chlár (dá ngairmtear san Acht so an clár d'oifigí glactha geall) d'áitreabhacha ina ndeintear gnó glactha na ngeall, seachas áitreabh is oifig ghealltóireachta (de réir bhrí an Achta um Thionscal Rásaíochta Capall na hÉireann, 1994), nó oifig ghealltóireachta (de réir bhrí Acht Tionscail na gCon, 1958 ), do bhunuíodar agus do choimeádadar go dtí so fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , do choimeád sa bhfuirm orduithe agus cláróid sa chlár san gach áitreabh go mbeidh sé ceangailte ortha de bhua an Achta so é do chlárú ann.

Leasú ar alt 18 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 .

15. —Leasaítear leis seo alt 18(2) (a bhaineann le ceadúnais deochanna meisciúla do rás-rianta con) den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-mhíreanna (i) agus (ii):

“(i) dar tosach, tráth nach luaithe ná 10.30 ar maidin, ón am a gceadaítear don phobal dul isteach chuig an ráschruinniú, an díol nó na trialacha, de réir mar a bheidh, agus

(ii) dar críoch dhá uair an chloig tar éis an cruinniú, an díol nó na trialacha, de réir mar a bheidh, a chríochnú,”.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

16. —(1) Féadfar an tAcht um Rásaíocht Capall agus Con (Táillí agus Tobhaigh Ghealltóireachta), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Talmhaíochta agus Bia le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.