Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Téacsanna na litreacha arna malartú ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lena ndéantar an Comhaontú forlíontach)

16 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1999


AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

“an Príomh-Acht”.

2.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

3.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Téacsanna na litreacha arna malartú ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lena ndéantar an Comhaontú forlíontach


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999

1999, Uimh. 1

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1999


AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN ARNA DHÉANAMH LE MALARTÚ LITREACHA DAR DÁTA AN 18ú LÁ DE MHEITHEAMH, 1999, AGUS AN 18ú LÁ DE MHEITHEAMH, 1999, AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN AG BUNÚ COMHLACHTAÍ FORFHEIDHMITHE ARNA DHÉANAMH I mBAILE ÁTHA CLIATH AN 8ú LÁ DE MHÁRTA, 1999, AGUS DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN, 1999 . [25 Meitheamh, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

“an Príomh-Acht”.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 .

Leasú ar an bPríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach in alt 2(1):

“ciallaíonn ‘an Comhaontú forlíontach’ an Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann arna dhéanamh leis an malartú litreacha dar dáta an 18ú lá de Mheitheamh, 1999, agus an 18ú lá de Mheitheamh, 1999, a bhfuil a dtéacsanna leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú), 1999 .”,

agus

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 23:

“23.—(1) Faoi réir fho-alt (4), is iad feidhmeanna an Chomhlachta, de réir mhír 1 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 4 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú.

(2) Faoi réir fho-alt (4), maidir leis na socruithe a shonraítear i gCodanna 4 agus 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú, beidh feidhm acu, de réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, maidir leis an gComhlacht.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an gComhlacht.

(4) Déanfar Cuid 4 de gach ceann de na hIarscríbhinní dá dtagraítear san alt seo a fhorléiriú de réir an Chomhaontaithe fhorlíontaigh.”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.