|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
| [EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 15 de 1999 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1999 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 15 de 1999 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1999 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ I nDÁIL LE hIOMPAR AR BHÓITHRE, DO LEASÚ AILT 12 AGUS 16 DEN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961 , DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LE CUMHACHTAÍ BREISE A THABHAIRT DO CHÓRAS IOMPAIR ÉIREANN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [23 Meitheamh, 1999] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1935 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1978 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1986 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “ceadúnas Comhphobail” ceadúnas Comhphobail le haghaidh iompair idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht (de réir bhrí Airteagal 3a (a cuireadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 11/98 an 11 Nollaig, 1997, ón gComhairle(1) ) de Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 an 16 Márta, 1992, ón gComhairle(2) ); | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta” ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta arna dheonú faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , ar ceadúnas é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) a thugann teideal don sealbhóir gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar luaíocht sa Stát, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) a cháilíonn an sealbhóir chun gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar luaíocht lasmuigh den Stát, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | le cibé feithiclí a shonrófar ar an gceadúnas; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí idirnáisiúnta de bhóthar” ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí idirnáisiúnta de bhóthar arna dheonú faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , ar ceadúnas é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) a thugann teideal don sealbhóir paisinéirí a iompar ar luaíocht laistigh den Stát, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) a cháilíonn an sealbhóir chun paisinéirí a iompar ar luaíocht lasmuigh den Stát, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | le cibé feithiclí a shonrófar ar an gceadúnas; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar Poiblí; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta” ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta arna dheonú faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , ar ceadúnas é a thugann teideal don sealbhóir gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar luaíocht sa Stát le cibé feithiclí a shonrófar ar an gceadúnas; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí náisiúnta de bhóthar” ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí náisiúnta de bhóthar arna dheonú faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , ar ceadúnas é a thugann teideal don sealbhóir paisinéirí a iompar ar luaíocht laistigh den Stát le cibé feithiclí a shonrófar ar an gceadúnas; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | tá le “ceadúnas fartha bóthair srianta” an bhrí a shanntar dó le halt 3; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “ceadúnas iompróra fartha bóthair” ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta nó ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí de bhóthar” ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí náisiúnta de bhóthar nó ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí idirnáisiúnta de bhóthar; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “diosca iompair” diosca iompair arna eisiúint faoi alt 4 ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “oifigeach iompair” oifigeach iompair arna cheapadh faoi alt 15 d'Acht 1986. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) San Acht seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) folaíonn aon tagairt d'achtachán tagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Ré ceadúnais. |
2. —Maidir le ceadúnas iompróra fartha bóthair nó ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí de bhóthar a dheonófar tar éis thosach feidhme an ailt seo, beidh sé i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse a luafar sa cheadúnas, ar tréimhse í nach faide ná 5 bliana ó dháta a dheonaithe, mura rud é go ndéanfaidh an tAire an ceadúnas a chúlghairm nó a fhionraí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Ceadúnais fartha bóthair srianta. |
3. —(1) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó san Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 , féadfaidh an tAire ceadúnas (ar a dtabharfar agus dá ngairfear san Acht seo “ceadúnas fartha bóthair srianta“) a dheonú do dhuine, i leith feithicle a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear in alt 7(1) den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 (arna leasú le halt 29 den Acht Iompair, 1958 ), ar ceadúnas é lena n-údarófar don duine sin an fheithicil a allmhairiú agus í a úsáid chun críocha iompair marsantais de bhóthar sa Stát, faoi réir aon choinníollacha is cuí leis an Aire a fhorchur agus a shonróidh sé nó sí sa cheadúnas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go measfar, maidir le ceadúnas nó aicme ceadúnais (de réir mar a shonrófar san ordú) arna dheonú ag údarás inniúil Stáit eile, ag eagraíocht idirnáisiúnta nó ag duine nó comhlacht a bheidh ag gníomhú thar ceann eagraíochta den sórt sin de bhun ionstraime de chuid na gComhphobal Eorpach, comhaontaithe idirnáisiúnta a bhaineann le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar agus ar páirtí ann an Rialtas, an Stát nó na Comhphobail Eorpacha, nó comhaontaithe, comhshocraíochta nó rúin a bhaineann le hiompar den sórt sin agus ar páirtí ann nó inti an tAire, gur ceadúnas fartha bóthair srianta é, agus leanfaidh aon ordú den sórt sin arna dhéanamh roimh theacht i ngníomh an ailt seo i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheadaíonn do dhuine feithicil, a bhfuil ceadúnas fartha bóthair srianta deonaithe ina leith, a úsáid chun earraí a luchtaíodh isteach ar an bhfeithicil sin sa Stát a sheachadadh sa Stát, ach amháin i gcás ina gceadófar seachadadh den sórt sin go sainráite le hordú arna dhéanamh ag an Aire faoi fho-alt (2). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Aon duine ar sealbhóir ceadúnais fartha bóthair shrianta i leith feithicle é nó í, nó a mheasfar gur sealbhóir den sórt sin é nó í faoi fho-alt (2), níl ceangal air nó uirthi, i leith na feithicle sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) ceadúnas iompróra fartha bóthair a shealbhú, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) diosca iompair a fháil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (6) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, táille a mhuirearú de cibé méid a chinnfidh sé nó sí i leith ceadúnais fartha bóthair shrianta nó ceadúnais a mheasfar le hordú faoi fho-alt (2) a bheith ina cheadúnas fartha bóthair srianta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Dioscaí iompair a eisiúint. |
4. —(1) Faoi réir an ailt seo, déanfaidh an tAire, ar iarratas, diosca iompair a eisiúint— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) chuig sealbhóir ceadúnais iompróra fartha bóthair, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) chuig sealbhóir ceadúnais oibritheora iompair paisinéirí de bhóthar, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) chuig sealbhóir ceadúnais Comhphobail, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | i leith gach feithicle a bheidh le hoibriú faoin gceadúnas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Maidir le hiarratas ar dhiosca iompair— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) beidh sé i cibé foirm agus beidh cibé faisnéis ann i leith an iarratasóra agus i leith na feithlicle lena mbaineann sé de réir mar a chinnfidh an tAire ó am go ham, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) beidh an táille chuí a fhorordaítear faoi alt 7 ag gabháil leis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Faoi réir fho-ailt (4)(a) agus (5)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) beidh diosca iompair bailí ar feadh tréimhse suas go cúig bliana ón dáta ar ina leith a eiseofar é, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) beidh diosca iompair déanta as cibé ábhar agus beidh sé de réir cibé patrúin agus taispeánfar air cibé faisnéis agus marcálacha a chinnfidh an tAire ó am go ham. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta chuig an Aire i cibé foirm, agus ina bhfuil cibé faisnéis, a chinnfidh an tAire ó am go ham ar iarratas é a mbeidh an táille chuí arna forordú faoi alt 7 ag gabháil leis, gur deimhin leis an Aire— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) gur cailleadh nó gur díothaíodh diosca iompair a eisíodh i leith feithicle, nó go bhfuil diosca den sórt sin caite nó aghloite ionas go bhfuil sé doléite, féadfaidh an tAire diosca iompair ionaid a eisiúint a bheidh bailí ar feadh an chuid atá fágtha de théarma an diosca iompair a mbeidh a ionad á ghlacadh aige, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) go bhfuil feithicil, ar ina leith a eisíodh diosca iompair, á deisiú, féadfaidh an tAire cead a eisiúint lena úsáid i bhfeithicil ionaid le linn cibé tréimhse nach faide ná 21 lá de réir mar a thaispeánfar ar an gcead, agus i gcás den sórt sin beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir leis an bhfeithicil ionaid agus maidir leis an gcead amhail is dá ma rud é gurb é an cead an diosca iompair don fheithicil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Más rud é go gcuirfidh sealbhóir ceadúnais feithicil leis an gceadúnas sin, ní bheidh an diosca a bheidh eisithe i leith na feithicle a bheidh curtha leis an gceadúnas bailí ach amháin go dtí dáta éagtha an cheadúnais. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Toirmisc agus forálacha ginearálta a bhaineann le dioscaí iompair. |
5. —(1) Ní oibreoidh aon duine feithicil— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) chun paisinéirí a iompar faoi cheadúnas oibritheora iompair paisinéirí de bhóthar arna dheonú, nó faoi cheadúnas Comhphobail arna eisiúint, tar éis thosach feidhme an fho-ailt seo, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) chun marsantas a iompar faoi cheadúnas iompróra fartha bóthair, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | mura rud é go mbeidh diosca iompair arna eisiúint i leith na feithicle. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Más rud é go mbeidh diosca iompair arna eisiúint i leith feithicle, ní dhéanfaidh aon duine— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) an fheithicil a oibriú mura mbeidh an diosca ar taispeáint san fheithicil nó uirthi de réir cibé treoracha a eiseoidh an tAire in éineacht leis an diosca, in áit ina mbeidh an diosca infheicthe go héasca agus ina mbeidh rochtain air lena iniúchadh agus nach gcuirfidh sé isteach ar radharc oibritheoir na feithicle le linn an fheithicil a thiomáint, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) an fheithicil a oibriú más rud é go mbeidh an diosca a bheidh ar taispeáint san fheithicil nó uirthi caite nó aghloite go feadh méid nach féidir an fhaisnéis agus na marcálacha a cheanglaítear a thaispeáint air a léamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) maidir le feithicil ar eisíodh diosca iompair ina leith, go scoirfear dá húsáid i dtaca leis an oibríocht a sheolann sealbhóir an cheadúnais lena mbaineann an fheithicil, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) go scoirfidh sealbhóir an cheadúnais de theideal dleathach a bheith aige nó aici an oibríocht lena mbaineann an ceadúnas a sheoladh, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | déanfaidh an sealbhóir, má tá an diosca iompair inbhainte den fheithicil, é a bhaint di agus a chur as ais chuig an Aire laistigh de 30 lá. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Beidh aon duine a sháróidh aon fhoráil den alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Más rud é go gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (2)(b), is cosaint ag an duine a thaispeáint go raibh an t-iarratas ar dhiosca iompair ionaid faoi alt 4 (4)(a) déanta tráth an chiona líomhnaithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (6) Maidir le deimhniú arna shíniú ag oifigeach don Aire nó ag Ceannfort den Gharda Síochána ina luaitear— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) gur eisíodh diosca iompair ar dháta sonraithe chuig duine sonraithe i leith feithicle sonraithe, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) nach raibh diosca iompair in éifeacht i leith duine shonraithe nó feithicle sonraithe ar dháta sonraithe nó le linn tréimhse sonraithe, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | déanfar, gan cruthúnas ar an síniú nó cruthúnas gurb é an t-oifigeach sin nó an Ceannfort sin an duine a shínigh, é a ghlacadh i bhfianaise in aon imeachtaí faoin Acht seo agus is cruthúnas é, cheal fianaise ar a mhalairt, ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Cionta a bhaineann le dioscaí iompair. |
6. —Má dhéantar aon diosca iompair a eisíodh i leith feithicle ar leith a ghreamú d'aon fheithicil eile, beidh úinéir na feithicle céadluaite agus, freisin, úinéir na feithicle eile (murab é nó í an duine céanna é nó í le húinéir na feithicle céadluaite sin) ciontach araon i gcion agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur orthu. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Rialacháin a bhaineann le dioscaí iompair. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an táille a fhorordú a bheidh le híoc as iarratas ar dhiosca iompair agus féadfaidh sé nó sí táillí éagsúla a fhorordú i leith cineálacha éagsúla nó earnálacha éagsúla dioscaí iompair, cibé acu mar mhéideanna seasta nó méideanna a chinnfear faoi threoir chineál na bhfeithiclí a bheidh le hoibriú faoin gceadúnas nó faoi threoir cibé nithe eile is iomchuí leis an Aire i dtaca leis na táillí sin a mhuirearú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfar a shocrú, le rialachán faoi fho-alt (1), nach gá méid iomlán aon táille a íocfar as iarratas ar dhiosca iompair, nó cuid shonraithe den táille sin, a thabhairt ar ais don iarratasóir agus go bhféadfaidh an tAire í a choinneáil mar chostais riaracháin i gcás nach n-eiseofar an diosca. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon aicme sealbhóra ceadúnais oibritheora iompair paisinéirí de bhóthar nó feithiclí d'aon aicme shonraithe sealbhóra den sórt sin a dhíolmhú ó cheanglais alt 5 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Feidhm forálacha a bhaineann le dioscaí iompair agus le plátaí feithicle. |
8. —Ach amháin i gcás inar léir a mhalairt d'intinn, maidir le forálacha an Phríomh-Achta a bhfuil feidhm acu— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) i leith pláta feithicle, beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i leith diosca iompair, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) i leith diosca iompair, beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i leith pláta feithicle. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Toirmeasc a bhaineann le húsáid daoine neamhcheadúnaithe chun marsantas a iompar. |
9. —Leasaítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(1) Ní dhéanfaidh aon duine seirbhísí aon ghnóthais a fhruiliú nó a úsáid chun marsantas a iompar de bhóthar i bhfeithicil ar luaíocht mura rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) gur sealbhóir ceadúnais iompróra fartha bóthair an gnóthas, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) gur iompar é nach gceanglaítear le dlí ceadúnas iompróra fartha bóthair a bheith ann ina leith. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (1A) I bhfo-alt (1), ciallaíonn ‘gnóthas’ aon duine nádúrtha, aon duine dlítheanach, cibé acu brabúsach nó nach ea, aon chomhlachas nó grúpa daoine gan phearsantacht dhlítheanach, cibé acu brabúsach nó nach ea, nó aon chomhlacht oifigiúil, a bhfuil a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó atá ag brath ar údarás a bhfuil pearsantacht den sórt sin aige.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 5 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1978 . |
10. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1978 — | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 29(8) den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986 ): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(1) I gcás ina gceanglaítear amhlaidh le hionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar, le comhaontú idirnáisiúnta a bhaineann le hiompar den sórt sin ar páirtí ann an Rialtas, an Stát nó na Comhphobail Eorpacha, nó le comhaontú, comhshocraíocht nó rún a bhaineann le hiompar den sórt sin ar páirtí ann an tAire, féadfaidh an tAire, le hordú, aon aicme shonraithe feithicle nó aon aicme shonraithe iompair den sórt sin a dhíolmhú ó alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , ó ailt 6 agus 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 , nó ó aon fhoráil— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) d'aon Acht, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) d'aon rialacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | lena ndéantar foráil maidir le ceadúnú iompróirí fartha bóthair nó oibritheoirí iompair paisinéirí de bhóthar nó maidir le heisiúint dioscaí iompair.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(3) Maidir le feithiclí paisinéirí bóthair a cheadaítear a allmhairiú isteach sa Stát faoi chomhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a bheidh i bhfeidhm an lá a thiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh, measfar iad a bheith díolmhaithe ó fhorálacha alt 4 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1999 , le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) D'ainneoin fho-alt (1), leanfaidh ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 5(1) den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1978 , ar ordú marthanach é tráth thosach feidhme fho-alt (1)(a), de bheith i bhfeidhm go dtí go gcúlghairfidh an tAire go cuí é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Spás loctha agus oibríochta d'fheithiclí le soláthar ag an sealbhóir ceadúnais. |
11. —(1) Déanfaidh sealbhóir ceadúnais iompróra fartha bóthair nó ceadúnais oibritheora iompair paisinéirí de bhóthar, mar choinníoll den cheadúnas, a chinntiú go ndéanfar dóthain áiteanna loctha agus áitreabh oibríochta a chur ar fáil sa Stát d'fheithiclí a bheidh á n-oibriú, nó a bheartaítear a oibriú, faoin gceadúnas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i leith duine a shealbhaíonn ceadúnas an lá díreach roimh an dáta a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh go dtí go mbeidh trí bliana caite ón dáta sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Cionta maidir le doiciméad ceadúnúcháin. |
12. —(1) Aon duine— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) a athróidh doiciméad ceadúnúcháin nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh doiciméad ceadúnúcháin a athrú, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) a bheidh ag gabháil d'earraí nó do phaisinéirí a iompar de bhóthar ar luaíocht le linn doiciméad ceadúnúcháin a athraíodh a bheith ina sheilbh aige nó ina seilbh aici, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Measfar doiciméad ceadúnúcháin a bheith ina dhoiciméad poiblí chun críocha alt 4(2) den Forgery Act, 1913. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) San alt seo, ciallaíonn “doiciméad ceadúnúcháin”— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) ceadúnas iompróra fartha bóthair, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) ceadúnas oibritheora iompair paisinéirí de bhóthar, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) ceadúnas Comhphobail, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) diosca iompair, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (e) ceadúnas fartha bóthair srianta, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (f) cibé doiciméad eile a fhorordófar. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gabháil gan bharántas. |
13. —(1) I gcás ina líomhnóidh comhalta den Gharda Síochána le duine go bhfuil drochamhras ar an gcomhalta go ndearna an duine sin cion nó go bhfuil cion á dhéanamh aige nó aici ar cion é— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) a thig as sárú ar an bPríomh-Acht (lena n-áirítear Acht a fhorléirítear mar aon ní amháin leis) nó ar aon ionstraim arna déanamh faoin Acht sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) a thig as sárú ar aon rialachán arna dhéanamh ag an Aire faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , ar rialachán é lena ndéantar foráil maidir le marsantas a iompar de bhóthar nó maidir le paisinéirí a iompar de bhóthar nó maidir le heisiúint dioscaí iompair, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | féadfaidh an comhalta a cheangal ar an duine sin a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt dó nó di agus má thugann an duine sin seoladh lasmuigh den Stát, féadfaidh an comhalta a cheangal ar an duine seoladh laistigh den Stát a thabhairt don chomhalta, ar seoladh é atá sásúil don chomhalta, chun aon toghairm a sheirbheáil, agus féadfaidh sé nó sí, más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) go mainneoidh an duine sin a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) go dtabharfaidh an duine sin ainm nó seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (e) i gcás seoladh a bheith ag an duine sin lasmuigh den Stát, go mainneoidh sé nó sí seoladh laistigh den Stát a thabhairt nó go dtabharfaidh sé nó sí seoladh den sórt sin ar seoladh é a bhfuil cúis ag an gcomhalta a bheith in amhras i dtaobh é a bheith sásúil chun toghairm a sheirbheáil, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | an duine sin a ghabháil gan bharántas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Chun críche fho-alt (1), beidh seoladh ina sheoladh sásúil le haghaidh seirbheála más dealraitheach don chomhalta den Gharda Síochána— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) go mbeidh an duine ag an seoladh ar feadh tréimhse sách fada chun gur féidir toghairm a sheirbheáil ar an duine, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) go ndéanfaidh duine éigin eile arna shonrú ag an duine céadluaite seirbheáil toghairme a ghlacadh don duine céadluaite ag an seoladh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) nuair a cheanglaítear ar dhuine a ainm nó a hainm a thabhairt faoi fho-alt (1), go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé nó sí a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt nó go dtabharfaidh sé nó sí ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) i gcás seoladh a bheith ag duine lasmuigh den Stát, go dtabharfaidh sé nó sí seoladh atá bréagach nó míthreorach nuair a cheanglaítear air nó uirthi faoi fo-alt (1) seoladh sa Stát a thabhairt, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1986 . |
14. —(1) Leasaítear leis seo alt 1(1) d'Acht 1986 trí na mínithe ar “ceadúnas iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta” agus “ceadúnas iompróra fartha bóthair náisiúnta” a scriosadh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 16(1)(i) d'Acht 1986 trí “, lena n-áirítear duine san áitreabh nó san áit do fhruiliú nó d'úsáid seirbhísí gnóthais chun marsantas a iompar de bhóthar i bhfeithicil ar luaíocht” a chur isteach i ndiaidh “á úsáid chun críche atá bainteach le hiompar ar bhóithre”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1986 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(4) Seachas le toiliú an áitritheora, ní rachaidh oifigeach iompair isteach sa chuid sin d'áitreabh a úsáidtear mar theaghais phríobháideach mura mbeidh barántas faighte aige ón gCúirt Dúiche faoi alt 16A den Acht seo lena n-údaraítear an dul isteach sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Más rud é go gcoisctear ar oifigeach iompair, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, dul isteach in aon áitreabh nó áit, féadfar iarratas a dhéanamh faoi alt 16A den Acht seo ar bharántas lena n-údarófar an dul isteach sin.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Barántais chuardaigh. |
15. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 16 d'Acht 1986: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “16A.—Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach iompair go bhfuil cúis réasúnach ann chun a chreidiúint— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) go n-úsáidtear áitreabh nó áit chun críche a bhaineann le hiompar ar bhóithre, lena n-áirítear duine san áitreabh nó san áit do fhruiliú nó d'úsáid seirbhísí gnóthais chun marsantas a iompar de bhóthar i bhfeithicil ar luaíocht, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) go bhfuil feithicil a úsáidtear chun na críche sin ag an áitreabh nó san áit, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) go bhfuil faisnéis nó ábhar a bhaineann le hiompar ar bhóithre agus a theastaíonn ón oifigeach iompair lena hiniúchadh nó lena iniúchadh á coinneáil nó á choinneáil in aon áitreabh nó áit nó i gcuid d'aon áitreabh nó áit, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (d) go ndearnadh cion i ndáil le hiompar ar bhóithre san áitreabh nó san áit sin, nó go bhfuil cion á dhéanamh ansin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint lena n-údarófar d'oifigeach iompair, in éineacht le hoifigigh iompair eile nó le comhaltaí den Gharda Síochána, aon tráth nó tráthanna laistigh d'aon mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh, dul isteach san áitreabh nó san áit, agus forneart réasúnach á úsáid chuige sin más gá, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach iompair faoi alt 16 den Acht seo a fheidhmiú.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Íocaíocht, in ionad ionchúisimh, le Comhalta den Gharda Síochána nó le hoifigeach iompair. |
16. —(1) Baineann an t-alt seo le cionta— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) faoin bPríomh-Acht (lena n-áirítear aon Acht a fhorléirítear mar aon ní amháin leis) ar cionta iad nach bhféadtar a ionchúiseamh ar díotáil, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) faoi aon rialachán arna dhéanamh ag an Aire faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , lena ndéantar foráil maidir le marsantas a iompar de bhóthar nó maidir le paisinéirí a iompar de bhóthar nó maidir le heisiúint dioscaí iompair, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | a ndearbhóidh an tAire ina leith le rialacháin gur cionta iad lena mbaineann an t-alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Más rud é go mbeidh cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána nó ag oifigeach iompair chun a chreidiúint go bhfuil cion á dhéanamh ag duine lena mbaineann an t-alt seo, nó go ndearna duine den sórt sin cion, féadfaidh sé nó sí fógra a sheirbheáil ar an duine, i cibé foirm a fhorordófar, á rá— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) go bhféadfaidh an duine, gan mhoill, íocaíocht £150 a thabhairt don chomhalta nó don oifigeach iompair, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) má thugtar an íocaíocht a shonraítear san fhógra gan mhoill, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Más rud é go seirbheálfaidh comhalta nó oifigeach iompair fógra ar dhuine faoin alt seo agus go bhfaighidh sé nó sí íocaíocht ón duine den mhéid a shonraítear san fhógra, déanfaidh an comhalta nó, de réir mar a bheidh, an t-oifigeach iompair, admháil ar an íocaíocht sin a eisiúint chuig an duine agus an t-airgead a bheidh íoctha amhlaidh a choinneáil lena dhiúscairt i cibé modh a fhorordófar, agus ní bheidh aon íocaíocht a gheofar amhlaidh inghnóthaithe in aon imthosca ag an duine a thug í. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo, is ar an gcosantóir a bheidh an dualgas a chruthú go ndearnadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Féadfaidh an tAire le rialacháin an méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire i bhfo-alt (2)(b) a athrú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (6) Féadfar íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) in airgeadra an Stáit, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) i méid comhréireach— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) in airgeadra Ballstáit eile den Aontas Eorpach, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) i cibé airgeadra eile a fhorordófar, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) le hionstraim shoshannta a bheidh inghlactha ag an gcomhalta nó ag an oifigeach iompair. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 . |
17. —(1) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(4A) I gcás ina sáróidh duine fo-alt (3)(b) den alt seo agus gur aon choinsíneoir amháin go haonarach a choinsínigh an t-ualach nó na hualaí don duine sin, beidh an coinsíneoir sin ciontach i gcion. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4B) In ionchúiseamh faoi fho-alt (4A) den alt seo is cosaint mhaith ag an gcoinsíneoir a chruthú— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) nach raibh sé indéanta don choinsíneoir meáchan ualaithe na feithicle nó an chónaisc feithiclí a mheas, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) gur léirigh meastachán ar mheáchan ualaithe na feithicle nó an chónaisc feithiclí arna dhéanamh ag an gcoinsíneoir roimh sheoladh na n-earraí nár mhó meáchan na feithicle nó an chónaisc feithiclí ná an meáchan ualaithe uasta arna shonrú le rialachán faoin alt seo agus a bhfuil feidhm aige i ndáil leis an bhfeithicil nó leis an gcónasc feithiclí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4C) San alt seo ciallaíonn ‘coinsíneoir’ duine a fhruilíonn seirbhísí duine eile chun marsantas a iompar de bhóthar i bhfeithicil nó i gcónasc feithiclí.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 16 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , trí “25 chiliméadar” a chur in ionad “cúig mhíle” i bhfo-ailt (1)(b)(i) agus (2)(c)(i) araon. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Orduithe arna ndéanamh faoi alt 14 den Acht Iompair, 1950 , do leanúint i bhfeidhm. |
18. —(1) D'ainneoin aisghairm alt 14 den Acht Iompair, 1950 , le hAcht 1986, leanfaidh aon ordú faoin alt sin 14 a bhí i bhfeidhm díreach roimh Acht 1986 a rith, d'fheidhm a bheith aige, agus measfar gur lean sé d'fheidhm a bheith aige i gcónaí, ar an Acht sin a rith amhlaidh agus dá éis sin, amhail is dá ndéanfaí é faoi alt 25 d'Acht 1986 agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin, agus beidh éifeacht dá réir sin le haon ní a airbheartaítear a bheith déanta faoi aon ordú den sórt sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú), 1986 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar scéimeanna aoisliúntais áirithe ag Córas Iompair Éireann. |
19. —(1) Féadfaidh an Bord scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire (dá ngairtear “scéim leasaitheach speisialta” san alt seo) ar scéim í— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) lena leasófar scéim a bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir léi (an “scéim glactha“) trí fhoráil a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) maidir le ciste arna bhunú leis an scéim glactha agus arna chothabháil fúithi chun sócmhainní a aistreofar ó chiste arna bhunú le scéim eile agus arna chothabháil fúithi, ar scéim í a bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir léi (an “scéim aistritheach”) agus ranníocaí is iníoctha faoin scéim aistritheach a ghlacadh agus chun sócmhainní agus ranníocaí den sórt sin a chur san áireamh ann, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) maidir le sochair a éiríonn faoin scéim aistritheach agus a bheidh le híoc as an gciste arna bhunú leis an scéim glactha agus arna chothabháil fúithi, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) lena leasófar scéim a bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir léi (an “scéim aistritheach”) trí fhoráil a dhéanamh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (i) go n-aistreofar sócmhainní ciste arna bhunú leis an scéim aistritheach (más ann) agus arna chothabháil fúithi chuig ciste arna bhunú le scéim eile agus arna chothabháil fúithi ar scéim í a bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo maidir léi (an “scéim glactha”) agus go n-íocfar ranníocaí is iníoctha faoin scéim aistritheach le ciste den sórt sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) go scoirfidh sochair a éiríonn faoin scéim aistritheach de bheith iníoctha as an gciste arna bhunú leis an scéim aistritheach agus arna chothabháil fúithi. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) (a) Ní dhéanfar aon scéim a bhfuil feidhm ag fo-alt (1) maidir léi a leasú le scéim leasaitheach speisialta ionas go soláthrófar sochair is lú fabhar, nó go soláthrófar sochair ar théarmaí agus ar choinníollacha is lú fabhar, ná iad sin a soláthraíodh sula ndearnadh an scéim leasaitheach speisialta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) Maidir le ciste arna bhunú le scéim, agus arna chothabháil fúithi, ar scéim glactha í chun críocha fho-alt (1), leanfar, tar éis aon aistriú sócmhainní nó íocaíocht ranníocaí arna dhéanamh nó arna déanamh de bhun scéime leasaithí speisialta a ghlacadh, dá mheas é a bheith á shealbhú faoi iontaobhas neamh-inchúlghairthe de réir alt 44(7) den Acht Iompair, 1950 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-alt (1)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) maidir le scéimeanna a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) maidir le haon scéim aoisliúntais a shonraítear i rialacháin faoi fho-alt (6). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) go (6) d'alt 44 den Acht Iompair, 1950 , fara aon mhodhnuithe agus oiriúnuithe is gá, maidir le scéim leasaitheach speisialta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (5) (a) Maidir leis na scéimeanna a dhaingnítear leis na horduithe a shonraítear i gCuid II den Tábla a ghabhann leis an alt seo (dá ngairtear na “scéimeanna sceidealta” san fho-alt seo), measfar iad a bheith déanta go bailí riamh ag an mBord, agus a bheith daingnithe go bailí riamh ag an Aire, faoin alt sin 44. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) D'ainneoin mhír (a), níl feidhm ag an mír sin maidir le scéim sceidealta más rud é, agus sa mhéid, go soláthraíonn sí sochair is lú fabhar, nó go soláthraíonn sí sochair ar théarmaí agus ar choinníollacha is lú fabhar, ná iad sin a soláthraíodh sula ndearnadh an scéim sceidealta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) Maidir le ciste arna bhunú agus arna chothabháil faoi scéim arna leasú le scéim sceidealta, leanfar, tar éis aon aistriú sócmhainní nó íocaíocht ranníocaí a ghlacadh, arna dhéanamh nó arna déanamh de bhun scéime sceidealta, dá mheas é a bheith á shealbhú faoi iontaobhas neamh-inchúlghairthe de réir alt 44(7) den Acht Iompair, 1950 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (6) Féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh agus má iarrann an Bord air nó uirthi é a dhéanamh, scéim aoisliúntais a shonrú le rialacháin chun críocha fho-alt (3) ar scéim í arna déanamh ag an mBord nó a bhféadfaidh an Bord aon chumhacht a fheidhmiú ina leith a bhí infheidhmithe roimhe sin ag an duine a rinne an scéim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (7) San alt seo ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Ceadúnas iompróra arna dheonú faoi alt 3 d'Acht 1986 do leanúint i bhfeidhm. |
20. —Leanfaidh ceadúnas iompróra arna dheonú faoi alt 3 d'Acht 1986 (a aisghairtear leis an Acht seo), ar ceadúnas é atá i bhfeidhm díreach roimh aisghairm an ailt seo, d'fheidhm a bheith aige ar feadh na tréimhse a bheidh luaite sa cheadúnas agus measfar é a bheith arna dheonú faoi aon rialacháin a bhí i bhfeidhm agus a rinneadh faoi alt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , ar rialacháin iad ar fúthu a dhéanann ceadúnas atá arna dheonú— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) teideal a thabhairt don sealbhóir gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar luaíocht sa Stát, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) i gcás ceadúnais iompróra fartha bóthair idirnáisiúnta, an sealbhóir a cháiliú chun gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar luaíocht lasmuigh den Stát, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | le cibé feithiclí a shonraítear sa cheadúnas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar alt 9 den Acht um Iompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 1998 . |
21. —Leasaítear leis seo alt 9 den Acht um Iompar Earraí Contúirteacha de Bhóthar, 1998 — | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(1) Más rud é go líomhnóidh comhalta den Gharda Síochána le duine go bhfuil drochamhras ar an gcomhalta go ndearna an duine sin cion nó go bhfuil cion á dhéanamh aige nó aici ar cion é a thig as sárú ar an Acht seo nó ar rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 i dtaca le trealamh iompair a oibriú ar bhóthar poiblí, féadfaidh an comhalta a cheangal ar an duine sin a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt dó nó di, agus más rud é go dtabharfaidh an duine sin seoladh lasmuigh den Stát, féadfaidh an comhalta a cheangal ar an duine seoladh laistigh den Stát a thabhairt don chomhalta, ar seoladh é atá sásúil don chomhalta, le haghaidh aon toghairm a sheirbheáil, agus féadfaidh sé nó sí, más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) go mainneoidh an duine sin a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) go dtabharfaidh an duine sin ainm nó seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) i gcás seoladh lasmuigh den Stát a bheith ag an duine sin, go mainneoidh sé nó sí seoladh laistigh den Stát a thabhairt nó go dtabharfaidh sé nó sí seoladh den sórt sin ar seoladh é a bhfuil cúis ag an gcomhalta a bheith in amhras i dtaobh é a bheith sásúil le haghaidh toghairm a sheirbheáil, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | an duine sin a ghabháil gan bharántas.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) i bhfo-alt (2), trí “fho-alt (1)” a chur in ionad “fho-alt (1)(b)”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(3) Más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) nuair a cheanglaítear ar dhuine a ainm nó a hainm a thabhairt faoi fho-alt (1), go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé nó sí a ainm agus a sheoladh nó a hainm agus a seoladh a thabhairt nó go dtabharfaidh sé nó sí ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) i gcás seoladh lasmuigh den Stát a bheith ag duine, go dtabharfaidh sé nó sí seoladh atá bréagach nó míthreorach nuair a cheanglaítear air nó uirthi faoi fho-alt (1) seoladh sa Stát a thabhairt, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air nó uirthi.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Caiteachais. |
22. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Aisghairm. |
23. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear os coinne an lua sin i gcolún (3) den Sceideal sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Tosach feidhme. |
24. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Maidir leis an aisghairm a dhéantar le halt 23 agus leis an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, féadfar, le hordú faoin alt seo, laethanta éagsúla a shocrú chun forálacha éagsúla a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin a aisghairm nó chun aon fhorálacha den sórt sin a aisghairm chun críoch éagsúil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus forléiriú. |
25. —(1) Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1999 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo (seachas ailt 17, 18 agus 21) le chéile mar aon Acht amháin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||