An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Ráitis agus Faisnéis) Ar Aghaidh (CUID VI Taighde ar Thoghcháin Áitiúla agus ar Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.)

7 1999

AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA (SÍNTIÚIS AGUS CAITEACHAS A NOCHTADH), 1999

CUID V

Dícháilíochtaí, Ionchúisimh agus Leasuithe Ilghnéitheacha

Díchailíochtaí.

20. —(1) Más rud é go mainneoidh iarrthóir nach n-éireoidh leis nó léi i dtoghchán ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun alt 13 (1) (a) (iii) don údarás áitiúil lena mbaineann, laistigh den tréimhse atá sonraithe chuige sin, beidh an duine, ar éag don tréimhse shonraithe sin, dícháilithe le haghaidh comhaltais d'aon údarás áitiúil ar feadh an chuid eile de théarma oifige chomhaltaí an údaráis áitiúil lena mbaineann.

(2) Más rud é go mainneoidh comhalta d'údarás áitiúil a thoghfar sa toghchán ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun alt 13 (1) (a) (iii) don údarás áitiúil lena mbaineann, laistigh den tréimhse atá sonraithe chuige sin, déanfar an comhalta a chur ar fionraí ó chomhaltas an údaráis ar feadh thréimhse 7 lá dar tosach deireadh na tréimhse atá sonraithe chuige sin, nó ar feadh tréimhse is lú dar críoch an tráth a chomhlíonfaidh an comhalta ceanglais alt 13 , agus más rud é ag deireadh na tréimhse sin nach mbeidh ceanglais alt 13 comhlíonta ag an gcomhalta, beidh an comhalta dícháilithe le haghaidh comhaltais d'aon údarás áitiúil.

(3) Tiocfaidh dícháilíocht a éireoidh de bhun fho-alt (2) in éifeacht ar an ochtú lá tar éis an lae dheireanaigh chun ceanglais alt 13 a chomhlíonadh agus beidh feidhm ag an dícháilíocht, agus beidh éifeacht léi, ar feadh an chuid eile de théarma oifige chomhaltaí an údaráis áitiúil lena mbaineann.

(4) Más rud é go ndéanfaidh iarrthóir nach n-éireoidh leis nó léi nó comhalta tofa d'údarás áitiúil ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann ar ráiteas é is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann imeachtaí achoimre a thionscnamh i gcoinne an iarrthóra nach n-éireoidh leis nó léi nó i gcoinne an chomhalta thofa mar gheall ar dhearbhú reachtúil bréagach nó míthreorach a dhéanamh faoin Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938 .

(5) Más rud é go gciontóidh cúirt duine i gcion tar éis imeachtaí arna dtionscnamh faoi fho-alt (4), beidh an duine, i dteannta aon phionóis a fhorchuirfidh an chúirt air nó uirthi, dícháilithe le haghaidh comhaltais d'aon údarás áitiúil agus beidh feidhm ag an dícháilíocht, agus beidh éifeacht léi, ar feadh an chuid eile de théarma oifige chomhaltaí an údaráis áitiúil lena mbaineann.

(6) Más rud é go dtiocfaidh comhalta d'údarás áitiúil chun bheith dícháilithe le haghaidh comhaltais d'údarás áitiúil de bhun fho-alt (2)(5), scoirfidh an duine sin, láithreach tar éis dó sin tarlú, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin agus beidh folúntas ann dá réir sin i gcomhaltas an údaráis áitiúil.

(7) Duine a scoirfidh de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil de bhun an ailt seo scoirfidh sé nó sí freisin, ar an scor sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'aon chomhlacht ar thogh, ar ainmnigh nó ar cheap údarás áitiúil an duine sin chuige nó ar comhalta de an duine de bhua a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil; ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo chun difear a dhéanamh do bhailíocht aon ní a rinne an duine sin roimhe sin le linn dó nó di a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht sin.

Cionta agus pionóis.

21. —(1) Beidh gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta ciontach i gcion más rud é i dtoghchán—

(a) go mainneoidh sé nó sí ráiteas caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun alt 13 (1) (a) (i) don údarás áitiúil sonraithe laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe chuige sin, nó

(b) go dtabharfaidh sé nó sí ráiteas caiteachas toghcháin don údarás áitiúil sonraithe ar ráiteas é is eol don ghníomhaire a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

(c) go mainneoidh sé nó sí ar shlí eile forálacha alt 13 a chomhlíonadh.

(2) Beidh duine ainmnithe ciontach i gcion más rud é i dtoghchán—

(a) go mainneoidh sé nó sí ráiteas caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun alt 13 (1) (a) (ii) don údarás áitiúil lena mbaineann laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe chuige sin, nó

(b) go dtabharfaidh sé nó sí don údarás áitiúil lena mbaineann ráiteas caiteachas toghcháin is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

(c) go mainneoidh sé nó sí ar shlí eile forálacha alt 13 a chomhlíonadh.

(3) Beidh duine lena mbaineann alt 6 (7) ciontach i gcion más rud é i dtoghchán—

(a) go mainneoidh sé nó sí fógra a thabhairt don údarás áitiúil sonraithe nó don údarás áitiúil lena mbaineann de réir an fho-ailt sin á rá go bhfuil ar intinn aige nó aici caiteachais toghcháin a thabhú, nó

(b) go mainneoidh sé nó sí ráiteas caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun fhomhír (i)(ii) d'alt 13 (1) (a) don údarás áitiúil iomchuí laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe chuige sin, nó

(c) go dtabharfaidh sé nó sí don údarás áitiúil iomchuí ráiteas caiteachas toghcháin is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

(d) go mainneoidh sé nó sí ar shlí eile forálacha alt 13 a chomhlíonadh.

(4) Beidh duine ciontach i gcion má dhéanann sé nó sí aon fhógrán nó fógra i ndáil le toghchán a airbheartaíonn leasanna páirtí polaitíochta nó iarrthóra sa toghchán sin a chur chun cinn, nó cur i gcoinne leasanna den sórt sin, a fhoilsiú i nuachtán, in iris nó i bhfoilseachán tréimhsiúil eile arb é nó í is foilsitheoir air nó uirthi ar iarraidh ó aon duine seachas gníomhaire náisiúnta nó duine ainmnithe de chuid páirtí polaitíochta, nó duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an ngníomhaire nó ag an duine sin, nó iarrthóir sa toghchán nó duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag iarrthóir den sórt sin, mura rud é go ndéanfaidh an duine sin deimhniú ó údarás áitiúil dá dtagraítear in alt 6 (9) a thabhairt ar aird don fhoilsitheoir sin.

(5) (a) Más rud é go mbeidh duine ciontach i gcion faoin alt seo—

(i) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi,

(ii) más rud é gur cion é an cion lena mbaineann fo-alt (1) (b), (2)(b)(3) (c), dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air nó uirthi.

(b) Más rud é go mbainfidh ciontú le mainneachtain ráiteas caiteachas toghcháin a thabhairt faoi alt 13 , beidh an duine lena mbaineann ciontach i gcion breise ar gach lá a leanfar den mhainneachtain tar éis ciontú den sórt sin agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an duine lena mbaineann, in aghaidh gach ciona den sórt sin.

(6) Ní dhéanfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú uaidh nó uaithi.

Costas ionchúiseamh.

22. —I gcás ina gciontófar duine i gcion in imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás áitiúil faoin Acht seo, déanfaidh an chúirt, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an t-údarás áitiúil i ndáil leis an gcion a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus i leith luach saothair agus caiteachas eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, de réir mar a bheidh, a íoc leis an údarás áitiúil.

Achainí toghcháin áitiúil.

23. —Leasaítear leis seo an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Achainíocha agus Dícháilíochtaí), 1974 :

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) d'alt 4:

“(3A) I gcás ina líomhnófar in achainí go raibh neamhrialtacht ann nó nár comhlíonadh aon fhoráil den Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999 , cibé acu roimh thoradh an toghcháin áitiúil a fhógairt ag an gceann comhairimh nó dá éis, d'ainneoin go mb'fhéidir gur tíolacadh nó gur triaileadh roimhe sin achainí eile maidir leis an toghchán céanna, féadfar an achainí a thíolacadh laistigh den ocht lá is fiche tar éis d'údarás áitiúil fógra a fhoilsiú faoi alt 19 (2).”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) d'alt 5:

“(1A) Ní dhearbhófar toghchán áitiúil a bheith neamhbhailí mar gheall ar aon fhoráil den Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999 , a bheith gan chomhlíonadh, nó mar gheall ar dhearmad in úsáid foirmeacha dá bhforáiltear i rialacháin arna ndéanamh faoin Acht sin, más dealraitheach don chúirt gur chomhlíon iarrthóir, gníomhaire náisiúnta, duine ainmnithe (de réir bhrí an Achta sin) nó duine lena mbaineann alt 6 (7) den Acht sin, de réir mar a bheidh, na prionsabail atá leagtha síos san Acht sin arna nglacadh ina n-iomláine agus nach ndearna an neamhchomhlíonadh nó an dearmad sin difear ábhartha do thoradh an toghcháin.”.

Leasú ar alt 6 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994.

24. —Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994, trí fho-ailt (1) (g) agus (3) a scriosadh.