Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL)

5 1999

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 1999


AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1996.

3.

Aisghairm.

4.

Scéimeanna faoi ailt 46 agus 90 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983.

5.

Leasú ar alt 46 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983.

6.

Fostaí-stiúrthóirí.

7.

Feidhm forálacha áirithe maidir le gach oibritheoir ceadúnaithe.

8.

Caiteachais.

9.

Leasú ar alt 9 den Acht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha), 1996.

10.

Gan feidhm a bheith ag Achtanna áirithe.

11.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

AN CHÉAD SCEIDEAL

AN DARA SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988

1988, Uimh. 19

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995

1995, Uimh. 22

An tAcht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialáil), 1993

1993, Uimh. 10

An tAcht Ombudsman, 1980

1980, Uimh. 26

An tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

1983, Uimh. 24

Na hAchtanna Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 agus 1984

An tAcht um Oifig an Phoist (Leasú), 1951

1951, Uimh. 17

An tAcht um Íoc Pras Cuntas, 1997

1997, Uimh. 31

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha), 1996

1996, Uimh. 34

Na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 1999


AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983 , AGUS AN ACHTA TEILEACHUMARSÁIDE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1996, D'AISGHAIRM FORÁLACHA ÁIRITHE DE NA hACHTANNA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [7 Aibreán, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 ;

ciallaíonn “Acht 1996” an tAcht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha), 1996;

ciallaíonn “an chuideachta” Bord Telecom Éireann c.p.t.;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar Poiblí.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'aon achtachán eile is tagairt í don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1996.

2. —Leasaítear leis seo alt 8(2) d'Acht 1996 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) Ní fhéadfaidh an tAire aon scaireanna sa chuideachta a dhiúscairt seachas mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3)(a) gan prionsabail ghinearálta an díola a leagan faoi bhráid Dháil Éireann agus a bheith ceadaithe ag Dáil Éireann.”.

Aisghairm.

3. —(1) Déantar na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm leis seo a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Déantar na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a aisghairm leis seo a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta.

Scéimeanna faoi ailt 46 agus 90 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 .

4. —(1) D'ainneoin aisghairm fho-ailt (1), (2), (3), (6) agus (7) d'alt 46 d'Acht 1983 leis an Acht seo, a mhéid atá feidhm ag na forálacha sin maidir leis an gcuideachta, leanfaidh scéim a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a chuirfear i gcrích de réir an ailt sin, i leith na cuideachta, d'fheidhm a bheith aici agus féadfar í a leasú nó a chúlghairm de réir airteagail chomhlachais na cuideachta.

(2) D'ainneoin aisghairm alt 90 d'Acht 1983 leis an Acht seo, a mhéid atá feidhm ag an bhforáil sin maidir leis an gcuideachta, leanfaidh scéim a dhéanfar faoin alt sin d'fheidhm a bheith aici agus, faoi réir aon achtacháin nó forála dlí, féadfaidh an chuideachta í a leasú nó a chúlghairm.

Leasú ar alt 46 den Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 .

5. —Leasaítear leis seo alt 46 d'Acht 1983—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Socróidh gach scéim faoin alt seo coinníollacha i leith daoine atá nó a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann na cuideachta poist agus a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa ar coinníollacha iad nach lú fabhar ná na coinníollacha a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá dílseacháin.

(4A) Gach scéim chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do na daoine seo a leanas nó ina leith, ar scor nó ar bhás—

(a) daoine atá nó a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann na cuideachta teileachumarsáide agus a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa, nó

(b) na daoine sin a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa agus a scoir nó a fuair bás roimh an lá dílseacháin de réir mar a shonróidh an tAire Airgeadais,

socróidh sí coinníollacha i leith na ndaoine sin ar coinníollacha iad nach lú fabhar ná na coinníollacha a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá dílseacháin.”,

agus

(b) i bhfo-alt (5), trí “dá dtagraítear i bhfo-ailt (4) agus (4A)” a chur in ionad “a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa” agus tá an fo-alt arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(5) Na pinsin, na haiscí agus na liúntais eile is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, dá dtagraítear i bhfo-ailt (4) agus (4A), eisíocfar iad ar choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm leo dá mba as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheadh na sochair dá dtagraítear á n-íoc fós.

Fostaí-stiúrthóirí.

6. —(1) Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993, maidir le Bord Telecom Éireann c.p.t.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) agus aisghairm alt 10 d'Acht 1996 leis an Acht seo, maidir le téarma oifige aon fhostaí-stiúrthóra arna cheapadh nó arna ceapadh de réir na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993, nó aon stiúrthóra nó stiúrthóra malairte arna cheapadh nó arna ceapadh faoin alt sin 10 agus a bheidh ag fónamh ar thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh sé go dtí cibé dáta a shonróidh an tAire.

Feidhm forálacha áirithe maidir le gach oibritheoir ceadúnaithe.

7. —(1) Déanfar aon tagairt don chuideachta nó do Bhord Telecom Éireann, de réir mar a bheidh, in alt 13 den Acht um Oifig an Phoist (Leasú), 1951 , in ailt 52(2), 96(d), 98, 99 agus 110 d'Acht 1983, in alt 7 den Acht Craolacháin agus Raidió-Theileagrafaíochta, 1988 , agus san Acht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialáil), 1993, a fhorléiriú mar thagairt do “oibritheoir ceadúnaithe”.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 110 d'Acht 1983, i leith na cuideachta agus oibritheora cheadúnaithe, ach chun críocha alt 98 d'Acht 1983 agus an Achta um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialáil), 1993.

(3) San alt seo, ciallaíonn “oibritheoir ceadúnaithe” an chuideachta nó aon duine arna cheadúnú faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 111 d'Acht 1983.

Caiteachais.

8. —Airgead a bheidh ag teastáil ón Aire faoi chomhair suimeanna is iníoctha ag an Aire i leith scaireanna na cuideachta a dhíol, íocfar é, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as an airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Leasú ar alt 9 den Acht Teileachumarsáide (Forálacha Ilghnéitheacha), 1996.

9. —Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1996—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhaontú amháin nó níos mó a dhéanamh i dtaca le cothromas sa chuideachta a dhíol nó a eisiúint nó féadfaidh sé nó sí comhaontú amháin nó níos mó a dhéanamh i dtaca le cothromas sa chuideachta a dhíol agus a eisiúint araon.”,

(b) i bhfo-alt (2)(b), trí “, lena n-áirítear forálacha gnácha a bhíonn i gcomhaontú frithghealltanais” a chur isteach i ndiaidh “le toiliú an Aire Airgeadais”, agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Ní bheidh feidhm ag alt 60 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le haon uiríoll a dhéanfaidh, nó maidir le haon bharánta nó slánaíocht a thabharfaidh, an chuideachta nó aon fhochuideachta dá cuid (de réir bhrí alt 155(1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ), nó maidir le haon oibleagáidí airgeadais a ghabhfaidh an chuideachta uirthi féin ina leith sin, i dtaca leis an gcuideachta d'eisiúint scaireanna sa chuideachta nó i dtaca le haon scairshealbhóir do dhíol nó d'aistriú scaireanna sa chuideachta de bhun comhaontaithe faoi fho-alt (1) arna dhéanamh ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) D'ainneoin fho-alt (13)(b) d'alt 60 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ní bheidh feidhm ag alt 60 den Acht sin maidir leis an gcuideachta nó le haon fhochuideachta dá cuid (de réir bhrí alt 155(1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ) do dhéanamh, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, airgead nó comhshocraíocht airgeadais a sholáthar lena n-áirítear iasacht, ráthaíocht, urrús a sholáthar nó, ar shlí eile i dtaca le ceannach, nó suibscríobh le haghaidh, scaireanna sa chuideachta ag iontaobhas scair-úinéireachta d'fhostaithe arna bhunú ag an gcuideachta, nó i dtaca le scaireanna den sórt sin a aistriú chuige, is cuma cé acu a dhéantar nó nach ndéantar na scaireanna sin go léir nó cion díobh a chur i ngeall mar urrús nó ar shlí eile d'aon tríú páirtí.”.

Gan feidhm a bheith ag Achtanna áirithe.

10. —Ní bheidh feidhm ag an Acht Ombudsman, 1980 , ag an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ag an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997, agus ag alt 521 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, maidir leis an gcuideachta.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

11. —(1) Féadfar an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide (Leasú), 1999 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh freisin chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

(3) Féadfar na hAchtanna Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 go 1999, a ghairm de na hAchtanna Poist agus Teileachumarsáide, 1983 agus 1984, d'ailt 4, 5 agus 7 agus, a mhéid a bhaineann siad leis an alt sin, d'alt 1 agus den alt seo le chéile.