|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 54 de 1998 | ||||||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT IASCAIGH AGUS IMEALL TRÁ (LEASÚ), 1998 | |||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
Uimhir 54 de 1998 | ||||||||||||||||||||
AN tACHT IASCAIGH AGUS IMEALL TRÁ (LEASÚ), 1998 | ||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA IASCAIGH, 1959 GO 1997, AN ACHTA IMEALL TRÁGHA, 1933 , AGUS AN ACHTA UM LÁRIONAID CHUANTA IASCAIGH, 1968 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [23 Nollaig, 1998] | ||||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— | ||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht Imeall Trágha, 1933 ; | |||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht Iascaigh, 1980 ; | |||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Iascaigh (Leasú), 1997; | |||||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 . | |||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis, nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo. | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Iarratais ar cheadúnais dobharshaothraithe áirithe. |
2. —(1) Más rud é, roimh thosach feidhme alt 74 d'Acht 1997, go ndearnadh iarratas ar cheadúnas oiliúna éisc faoi alt 15 den Phríomh-Acht, déanfar an t-iarratas sin— | ||||||||||||||||||
| [EN] | (a) a mheas mar iarratas a bhí indéanta amhlaidh riamh faoin alt sin 15 d'ainneoin achtú alt 54 d'Acht 1980, agus | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) a chinneadh de réir an ailt sin 74. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Más rud é, de bhun alt 19 d'Acht 1933, gur chuir an tAire faoi deara fógra faoi iarratas ar cheadúnas chun críocha dobharshaothraithe a fhoilsiú de réir an ailt sin 19, ansin measfar gur fógra poiblí an fógra sin chun críocha fho-alt (3) d'alt 74 d'Acht 1997. | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Forálacha a bhaineann le ceadúnais dobharshaothraithe áirithe. |
3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, más rud é, roimh thosach feidhme alt 75 d'Acht 1997, gur airbheartaíodh gur deonaíodh— | ||||||||||||||||||
| [EN] | (a) ceadúnas imeall trá chun críocha dobharshaothraithe faoi Acht 1933, nó | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) ceadúnas oiliúna éisc faoi alt 15 den Phríomh-Acht, | |||||||||||||||||||
| [EN] | ansin measfar deonú airbheartaithe sin an cheadúnais lena mbaineann a bheith déanta go cuí agus, dá réir sin, measfar, de bhua an ailt sin 75, gur ceadúnas dobharshaothraithe é arna dheonú faoi Acht 1997. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Más rud é go measfar, faoi fho-alt (1) den alt seo, gur ceadúnas dobharshaothraithe ceadúnas imeall trá, ansin beidh feidhm ag an méid seo a leanas: | |||||||||||||||||||
| [EN] | (a) déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, dréachtcheadúnas dobharshaothraithe a eisiúint chuig an gceadúnaí lena mbaineann agus déanfaidh sé nó sí fógra 28 lá ar a laghad a thabhairt i scríbhinn leis an bpost don cheadúnaí, á rá go mbeartaíonn an tAire an ceadúnas a dheonú faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sa dréachtcheadúnas; | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) breithneoidh an tAire aon uiríll i ndáil leis an dréachtcheadúnas a dhéanfaidh an ceadúnaí chun an Aire roimh dhul in éag don fhógra; | |||||||||||||||||||
| [EN] | (c) déanfaidh an tAire a bhreith nó a breith i leith an dréachtcheadúnais a chur in iúl i scríbhinn don cheadúnaí agus foilseoidh sé nó sí fógra faoin mbreith— | |||||||||||||||||||
| [EN] | (i) a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a dhéanamh, i nuachtán a scaiptear i gcomharsanacht an dobharshaothraithe, agus | |||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) ina theannta sin, san Iris Oifigiúil má ceanglaíodh ráiteas tionchair timpeallachta a bheith ann; | |||||||||||||||||||
| [EN] | (d) beidh feidhm ag alt 14 agus ag Caibidil II d'Acht 1997 maidir le breith an Aire i leith an dréachtcheadúnais amhail is dá mba chinneadh nó breith i leith iarratais ar cheadúnas dobharshaothraithe í. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Más rud é go measfar gur ceadúnas dobharshaothraithe ceadúnas— | |||||||||||||||||||
| [EN] | (a) faoi fho-alt (1) den alt seo, nó | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) faoi alt 75 d'Acht 1997, | |||||||||||||||||||
| [EN] | ansin beidh an ceadúnaí faoi dhliteanas i leith cibé táillí a fhorordóidh an tAire faoi Acht 1997 lena n-áirítear táillí is iníoctha— | |||||||||||||||||||
| [EN] | (i) ar chothromlá deonaithe an cheadúnais gach bliain fad a bheidh an ceadúnas i bhfeidhm, | |||||||||||||||||||
| [EN] | (ii) i leith iarratais chun an ceadúnas a athnuachan, agus | |||||||||||||||||||
| [EN] | (iii) i leith iarratais faoi alt 70 d'Acht 1997 chun an ceadúnas a athbhreithniú. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (4) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, i gcás ceadúnais imeall trá a measfar gur ceadúnas dobharshaothraithe é faoin bhfo-alt (1) sin, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Imeall Trá, 1933 agus 1992, maidir leis an gceadúnas imeall trá sin. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (5) Más rud é go measfar faoi fho-alt (1) den alt seo gur ceadúnas dobharshaothraithe ceadúnas agus go mbeadh sé, murach an fo-alt seo, ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine é a mheas amhlaidh, ansin beidh an ceadúnas lena mbaineann faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm agus lánéifeacht aige thairis sin. | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Gan daoine do ghabháil do dhobharshaothrú in oirchill ceadúnas a dheonú. |
4. —(1) Amhail ar an agus ón 10ú lá de Nollaig, 1998, ní ghlacfar le hiarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe, nó má ghlactar leis ní chinnfear é, más rud é go dtosaíonn an t-iarratasóir nó aon duine thar ceann an iarratasóra ag gabháil do dhobharshaothrú ag an áit nó ag na huiscí lena mbaineann an t-iarratas sula ndeonófar ceadúnas faoi Acht 1997. | ||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Aisghairtear leis seo alt 11 d'Acht 1997. | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar Acht 1933. |
5. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1933— | ||||||||||||||||||
| [EN] | (a) in alt 12, trí mhír (b) d'fho-alt (2) a scriosadh, agus | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) in alt 14, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2): | |||||||||||||||||||
| [EN] | “(3) Aon uair a chiontófar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Chúirt a chiontóidh an duine sin amhlaidh, más cuí sna himthosca agus más oiriúnach leis an gCúirt sin déanamh amhlaidh, ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine sin, laistigh de thréimhse shonraithe— | |||||||||||||||||||
| [EN] | (a) an t-earra lena mbaineann a aistriú ón áit ina ndéanfadh sé díobháil, nó ina bhféadfadh sé díobháil a dhéanamh, do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, nó | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) an t-ábhar nó an tsubstaint sin a aistriú ó áit ina mbeadh sé nó sí, nó ina bhféadfadh sé nó sí a bheith, díobhálach nó míthaitneamhach do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Má mhainníonn aon duine a ndéanfar ordú ina leith faoi fho-alt (3) den alt seo an t-ordú sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus dlífear— | |||||||||||||||||||
| [EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó iad araon, a chur air.”. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) nó (4) d'alt 13, nó faoi fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1933, dlífear, in ionad na bpionós dá bhforáiltear faoi gach ceann de na fo-ailt sin— | |||||||||||||||||||
| [EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |||||||||||||||||||
| [EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar an Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 . |
6. —Leasaítear leis seo an tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 5: | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
7. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh agus Imeall Trá (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1997, d'ailt 2 go 4 den Acht seo agus, a mhéid a bhaineann siad leis na hailt sin, d'alt 1 den Acht seo agus den alt seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (3) Féadfar na hAchtanna Imeall Trá, 1933 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Imeall Trá, 1933 agus 1992, d'alt 5 den Acht seo agus, a mhéid a bhaineann siad leis an alt sin, d'alt 1 den Acht seo agus den alt seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||||||||||||||||
| [EN] | (4) Féadfar na hAchtanna um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 go 1998, a ghairm de na hAchtanna um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 go 1992, d'alt 6 den Acht seo agus, a mhéid a bhaineann siad leis an alt sin, d'alt 1 den Acht seo agus den alt seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||||||||||||||||