|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
Uimhir 50 de 1998 | ||||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM CHISTE SCOLÁIREACHTAÍ GEORGE MITCHELL, 1998 | |||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||
Uimhir 50 de 1998 | ||||||||||||||||||
AN tACHT UM CHISTE SCOLÁIREACHTAÍ GEORGE MITCHELL, 1998 | ||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||
ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA CISTE A BHUNÚ I STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ AR A dTABHARFAR CISTE SCOLÁIREACHTAÍ GEORGE MITCHELL CHUN SCOLÁIREACHTAÍ A CHUR AR FÁIL DO SHAORÁNAIGH AGUS NÁISIÚNAIGH STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ ATÁ AG FREASTAL AR OLLSCOILEANNA NÓ AR CHOLÁISTÍ ARDLÉINN SNA STÁIT AONTAITHE LE STAIDÉAR NÓ TAIGHDE A DHÉANAMH SA STÁT NÓ I dTUAISCEART ÉIREANN IN OLLSCOILEANNA NÓ I bhFORAIS ARDOIDEACHAIS EILE, DO THABHAIRT ÉIFEACHT DO CHOMHAONTÚ CHUIGE SIN IDIR AN tAIRE AGUS RÚNAÍ STÁIT OIDEACHAIS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [23 Nollaig, 1998] | ||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an Ciste” Ciste Scoláireachtaí George Mitchell; | |||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta; | |||||||||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheiriceá. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Ciste Scoláireachtaí George Mitchell. |
2. —(1) Bunóidh an tAire go cuí, sna Stáit Aontaithe, ciste ar a dtabharfar Ciste Scoláireachtaí George Mitchell, agus dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo, chun scoláireachtaí a chur ar fáil do shaoránaigh agus náisiúnaigh na Stát Aontaithe atá ag freastal, mar mhic léinn nó scoláirí taighde a bhfuil torthaí acadúla ar ardleibhéal acu, ar ollscoileanna nó ar choláistí ardléinn sna Stáit Aontaithe, d'fhonn a chumasú do na daoine sin staidéar nó taighde a dhéanamh— | ||||||||||||||||
| [EN] | (a) sa Stát— | |||||||||||||||||
| [EN] | (i) in ollscoil nó i gcoláiste a bhfuil feidhm ag Acht na nOllscoileanna, 1997, ina leith, | |||||||||||||||||
| [EN] | (ii) in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, | |||||||||||||||||
| [EN] | (iii) i bhforas oideachais a bhfuil feidhm ag Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 , ina leith, nó | |||||||||||||||||
| [EN] | (iv) i Scoil Éacúiméinice na hÉireann, atá suite, de thuras na huaire, i mBaile an Mhuilinn i gcathair Bhaile Átha Cliath, | |||||||||||||||||
| [EN] | nó | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) i dTuaisceart Éireann, i cibé ollscoil nó foras ardoideachais eile a shonróidh an tAire, le toiliú na hollscoile nó an fhorais eile sin agus aon údaráis inniúil iomchuí eile. | |||||||||||||||||
| [EN] | (2) Déanfaidh cibé duine nó daoine (seachas an tAire) is cuí leis an Aire agus a cheapfaidh sé nó sí ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, an Ciste a bhainistiú agus a rialú sna Stáit Aontaithe agus féadfar daoine éagsúla a cheapadh amhlaidh chun an Ciste a bhainistiú agus a rialú i gcáileanna éagsúla. | |||||||||||||||||
| [EN] | (3) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhaontú, le cibé duine nó daoine is cuí leis an Aire, maidir le bainistiú agus rialú an Chiste, agus déanfar socrú i gcomhaontú den sórt sin, de réir mar is cuí, maidir le gach ceann de na nithe seo a leanas: | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) aon nithe iomchuí a bhaineann le rialú agus le bainistiú an Chiste, | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) cuntais an Chiste agus, go háirithe, cuntas infheistíochta, | |||||||||||||||||
| [EN] | (c) réimsí staidéir agus taighde a bhféadfar scoláireachtaí a dhámhachtain ina leith faoin gCiste, | |||||||||||||||||
| [EN] | (d) critéir i dtaca leis an gcaighdeán acadúil nach foláir a bheith bainte amach ag iarrthóir chun go ndámhfar scoláireacht dó nó di faoin gCiste, | |||||||||||||||||
| [EN] | (e) eisíocaíochtaí as an gCiste, | |||||||||||||||||
| [EN] | (f) an dlí atá le feidhmiú, i gcás aon díospóide idir na páirtithe sa chomhaontú, agus | |||||||||||||||||
| [EN] | (g) aon ní eile is iomchuí leis an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun éifeacht a thabhairt d'oibriú an Chiste, | |||||||||||||||||
| [EN] | agus féadfar na hollscoileanna nó na coláistí ardléinn sna Stáit Aontaithe, nó an aicme nó na haicmí d'ollscoileanna nó de choláistí den sórt sin, a bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh iarrthóir iarratas a dhéanamh uathu ar scoláireacht a chuirfear ar fáil faoin gCiste, a shonrú ann. | |||||||||||||||||
| [EN] | (4) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip d'aon chomhaontú arna dhéanamh aige nó aici, maidir le bainistiú agus rialú an Chiste, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Íocaíochtaí ag an Aire isteach sa Chiste. |
3. —(1) Íocfaidh an tAire isteach sa Chiste, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim £2,000,000. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Íocfaidh an tAire isteach sa Chiste— | |||||||||||||||||
| [EN] | (a) méid aon bhronntanais airgid a bheidh glactha aige nó aici faoi alt 4 den Acht seo, nó | |||||||||||||||||
| [EN] | (b) na fáltais ó dhíol nó ó dhiúscairt eile den sórt sin a dhéanamh ar aon bhronntanas talún nó maoine eile a bheidh glactha aige nó aici faoin alt sin agus a dhíoltar nó a dhiúscraítear ar shlí eile faoin gcéanna. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Bronntanais. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, bronntanas airgid a ghlacadh, arb é an cuspóir atá lena thabhairt é a dhul chun sochair don Chiste, ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, bronntanas talún nó maoine eile a ghlacadh, arb é is cuspóir lena thabhairt a chumasú don Stát a luach a réadú chun sochair don Chiste, ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir. | |||||||||||||||||
| [EN] | (3) Ní ghlacfaidh an tAire bronntanas airgid, talún nó maoine eile dá mbeadh na hiontaobhais nó na coinníollacha atá ag gabháil leis ar neamhréir le feidhmeanna an Aire, nó an Aire Airgeadais, faoin Acht seo. | |||||||||||||||||
| [EN] | (4) Déanfaidh an tAire, i cibé modh a chinnfidh sé nó sí, le toiliú an Aire Airgeadais, aon talamh nó maoin eile a bheidh glactha mar bhronntanas faoin alt seo a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile. | |||||||||||||||||
| [EN] | (5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'aon chumhacht atá ag an Aire, ar leith ó chumhacht faoin alt seo, bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Tuarascáil bhliantúil agus cuntais. |
5. —(1) Ullmhóidh an tAire tuarascáil in aghaidh na bliana maidir le hoibriú an Chiste le linn an 12 mhí roimhe sin agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | ||||||||||||||||
| [EN] | (2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip d'achomaireacht ar aon chuntais iniúchta de chuid an Chiste, mar aon le cóip d'aon tuarascáil ó iniúchóir ar an gcéanna, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |||||||||||||||||
| [EN] |
Caiteachais an Aire. |
6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | ||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
7. —Féadfar an tAcht um Chiste Scoláireachtaí George Mitchell, 1998 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||