47 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 47 de 1998


AN tACHT UM AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE AGUS UM CHOISTÍ THITHE AN OIREACHTAIS (FORÁLACHA SPEISIALTA), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Scrúduithe agus imscrúduithe ag an Ard-Reachtaire i ndáil leis na Coimisinéirí Ioncaim do mheasúnú agus do bhailiú cánach ioncaim is iníoctha ag forais airgeadais áirithe ar íocaíochtaí áirithe úis acu.

3.

Cumhacht an Ard-Reachtaire fianaise a fháil.

4.

Pribhléidí agus díolúintí finnéithe, etc., os comhair an Ard-Reachtaire nó iniúchóra.

5.

Fianaise a thabharfar don Ard-Reachtaire nó d'iniúchóir a bheith neamh-inghlactha in imeachtaí coiriúla.

6.

Fianaise faoi mhionn a thabhairt don Ard-Reachtaire.

7.

Cumhacht iniúchóra a cheangal go dtabharfaí faisnéis maidir le daoine a bhfuil leas acu i scaireanna nó i mbintiúir.

8.

Cumhachtaí iniúchóra maidir le cuideachtaí gaolmhara, etc.

9.

Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird d'iniúchóir.

10.

Cuardach agus dul isteach.

11.

Pribhléid comhaltaí, etc., den Choiste um Chuntais Phoiblí.

12.

Pribhléid an Ard-Reachtaire.

13.

Faisnéis a nochtadh don Ard-Reachtaire.

14.

Ordacháin, etc., ón Ard-Chúirt.

15.

Measúnóirí.

16.

Príobháideacht cruinnithe áirithe coistí a chosaint.

17.

Forálacha i ndáil le cionta.

18.

Caiteachais an Ard-Reachtaire, iniúchóra agus an Choiste.

19.

Leasú ar Acht 1997.

20.

Leasú ar Acht 1997 i ndáil leis an gCoiste.

21.

Leasú ar Acht an Árd-Scrúdóra, 1923.

22.

Srian leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997.

23.

Caiteachais.

24.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Choistí Thithe an Oireachtais (Inordaitheacht, Pribhléidí agus Díolúintí Finnéithe), 1997

1997, Uimh. 17

An tAcht um Choistí Thithe an Oireachtais (Pribhléid agus Nós Imeachta), 1976

1976, Uimh. 10

Acht na gCuideachtaí, 1990

1990, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990

Acht an Árd-Scrúdóra, 1923

1923, Uimh. 1

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993

1993, Uimh. 8

An tAcht Cánach Corparáide, 1976

1976, Uimh. 7

Exchequer and Audit Departments Act, 1866

1866, c.39

Exchequer and Audit Departments Act, 1921

1921, c. 52

An tAcht Airgeadais, 1986

1986, Uimh. 13

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht um Tharscaoileadh Cánach Áirithe, Úis agus Pionós, 1993

1993, Uimh. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 47 de 1998


AN tACHT UM AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE AGUS UM CHOISTÍ THITHE AN OIREACHTAIS (FORÁLACHA SPEISIALTA), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE DO DHÉANAMH SCRÚDÚ AGUS IMSCRÚDÚ AR MHEASÚNÚ AGUS AR BHAILIÚ MÉIDEANNA IN IONANNAS CÁNACH IONCAIM AG NA COIMISINÉIRÍ IONCAIM LE LINN CIBÉ TRÉIMHSE A SHONRÓIDH DÁIL ÉIREANN LE RÚN AR MÉIDEANNA IAD A CEANGLAÍODH LE DLÍ AR FHORAIS AIRGEADAIS ÁIRITHE A ASBHAINT AS ÚS AB INÍOCTHA ACU AR THAISCÍ ÁIRITHE AIRGID A BHÍ LEO AGUS A ÍOC LEIS AN ARD-BHAILITHEOIR, DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOISTÍ THITHE AN OIREACHTAIS (INORDAITHEACHT, PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ FINNÉITHE), 1997, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [16 Nollaig, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Choistí Thithe an Oireachtais (Inordaitheacht, Pribhléidí agus Díolúintí Finnéithe), 1997;

folaíonn “gníomhaire”, i ndáil le duine, aturnaetha agus iniúchóirí an duine;

ciallaíonn “iniúchóir” duine atá cáilithe, chun críocha Chuid X d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , lena cheapadh nó lena ceapadh mar iniúchóir cuideachta agus nach oifigeach de chuid an Ard-Reachtaire é nó í, nó aon duine eile (seachas oifigeach den sórt sin) a mheasann an tArd-Reachtaire a bheith oiriúnach, ag féachaint dá cháilíochtaí nó dá thaithí nó dá cáilíochtaí nó dá taithí, lena cheapadh nó lena ceapadh faoi alt 2 ;

ciallaíonn “an Coiste”, seachas in alt 11 , Coiste um Chuntais Phoiblí Dháil Éireann le linn dó bheith ag gabháil do chomhlíonadh na ndualgas a shannfar dó le rún de chuid Dháil Éireann arna rith de bhun alt 2 (1) agus aon fhochoiste den Choiste sin le linn dó bheith ag gabháil amhlaidh;

ciallaíonn “an tArd-Reachtaire” an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;

ciallaíonn “ordachán” ordachán faoi alt 3 agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “stiúrthóir” stiúrthóir de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, ach folaíonn sé, i gcás forais airgeadais nach cuideachta (de réir bhrí na nAchtanna sin), duine is comhalta de nó d'aon bhord nó comhlacht eile a dhéanann é a rialú, a bhainistiú nó a riaradh;

folaíonn “doiciméad” aon aicme nó cineál doiciméid agus folaíonn sé rud freisin;

folaíonn “fianaise” tuairim, creideamh nó intinn a chur in iúl;

ciallaíonn “foras airgeadais” duine ar glacadóir iomchuí taiscí é nó í de réir bhrí Chaibidil 4 de Chuid 8 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, ach folaíonn sé aon chuideachta atá gaolmhar, chun críocha Acht na gCuideachtaí, 1990 , le foras den sórt sin, nó i gcás forais nach cuideachta, a bheadh gaolmhar amhlaidh dá mba chuideachta é;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

(c) aon tagairt d'achtachán, forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi.

Scrúduithe agus imscrúduithe ag an Ard-Reachtaire i ndáil leis na Coimisinéirí Ioncaim do mheasúnú agus do bhailiú cánach ioncaim is iníoctha ag forais airgeadais áirithe ar íocaíochtaí áirithe úis acu.

2. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tArd-Reachtaire, má iarrann Dáil Éireann amhlaidh air nó uirthi le rún arna rith de dhroim fianaise prima facie maidir le baol mór d'ioncaim an Stáit a bheith curtha i bhfios di—

(a) cibé scrúduithe agus imscrúduithe a dhéanamh is cuí leis nó léi, ar na gnóthaí agus ar na leabhair chuntais agus ar thaifid eile in aon fhoirm agus ar dhoiciméid eile, i leith na tréimhse a shonraítear sa rún, de chuid na bhforas airgeadais a shonraítear sa rún, ar forais iad ar ceanglaíodh orthu le Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986 , agus le Caibidil 4 de Chuid 8 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, méideanna in ionannas cánach ioncaim a asbhaint as íocaíochtaí méideanna i leith úis a bheidh déanta acu i rith na tréimhse réamhráite ar thaiscí áirithe airgid a bhí leo agus na méideanna in ionannas cánach ioncaim a íoc leis an Ard-Bhailitheoir agus tuairisceáin a chur chuig an Ard-Bhailitheoir i leith na méideanna réamhráite d'ús agus na méideanna réamhráite in ionannas cánach ioncaim agus ar ceanglaíodh orthu le halt 175 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus le halt 891 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tuairisceáin áirithe eile a chur chuig cigire cánach i leith úis ab iníoctha acu gan cáin ioncaim a asbhaint,

(b) cibé scrúduithe dá dtagraítear in alt 3(7) d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, agus cibé scrúduithe agus imscrúduithe eile is cuí leis nó léi, a dhéanamh,

(c) má mheasann an tArd-Reachtaire gur gá é, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, iniúchóir a cheapadh chun cibé scrúduithe agus imscrúduithe is cuí leis an iniúchóir, chun a chumasú don Ard-Reachtaire a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann agus faoi réir a rialaithe agus a mhaoirseachta nó a maoirseachta agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile (más ann), nó faoina réir, a chinnfidh an tArd-Reachtaire nó a shonróidh an Ard-Chúirt faoi alt 14 , ar scrúduithe agus imscrúduithe iad ar chuntais nó taiscí a bheidh á sealbhú sna forais airgeadais réamhráite i rith na tréimhse a shonrófar sa rún, agus ar na gnóthaí agus ar na leabhair chuntais agus na taifid eile in aon fhoirm agus doiciméid eile de chuid na bhforas sin i leith na tréimhse sin a mhéid a bhaineann siad le cuntais agus taiscí den sórt sin; agus is é an t-iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh amhlaidh a dhéanfaidh na scrúduithe agus na himscrúduithe réamhráite, agus

(d) aon tuarascáil faoi fho-alt (2) a thabharfaidh iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi mhír (c) dó nó di a scrúdú agus, má mheasann sé nó sí gur cuí sin a dhéanamh, an tuarascáil a phlé leis an iniúchóir agus é nó í a cheistiú i ndáil le haon ní áirithe sa tuarascáil, nó a éiríonn i dtaca leis an tuarascáil, nó i ndáil leis an tuarascáil i gcoitinne,

d'fhonn—

(i) a fháil amach—

(I) an bhfuil na leabhair chuntais, na taifid agus na doiciméid réamhráite iomlán cruinn a mhéid a bhaineann siad leis na taiscí, leis an ús, agus leis na méideanna in ionannas cánach ioncaim, réamhráite agus an ndéanann an méid díobh a fhéadfaidh cigire cánach a iniúchadh léargas iomlán, fírinneach a chur ar fáil dó nó di ar a mhéid a chomhlíon na forais sin Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986 , agus Caibidil 4 de Chuid 8 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, agus na hailt sin 175 agus 891 i leith na dtaiscí, an úis, na méideanna in ionannas cánach ioncaim, agus na dtuairisceán, réamhráite,

(II) an bhfuil bearta cuí déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a dheimhniú dóibh féin an bhfuil an Chaibidil sin IV, an Chaibidil sin 4 agus na hailt sin 175 agus 891 comhlíonta ag na forais sin i leith na dtaiscí, an úis, na méideanna in ionannas cánach ioncaim, agus na dtuairisceán, réamhráite,

(III) an bhfuil aon fhorálacha iomchuí eile de chuid na nAchtanna Cánach (de réir bhrí an Achta Cánach Corparáide, 1976 , agus an Achta Comhdhlúite Cánacha, 1997) comhlíonta ag na forais sin i leith na nithe réamhráite, agus

(IV) má tá easnamh sa mhéid atá íoctha ag na forais sin faoin gCaibidil sin IV agus faoin gCaibidil sin 4 i leith na méideanna sin in ionannas cánach ioncaim, cad iad na fáthanna atá leis an easnamh agus imthosca an easnaimh,

(ii) a fháil amach an bhfuil córais, nósanna imeachta agus cleachtais bunaithe atá leordhóthanach chun seiceáil éifeachtach a áirthiú ar mheasúnú agus bailiú agus leithroinnt chuí na méideanna réamhráite in ionannas cánach ioncaim ag na Coimisinéirí Ioncaim agus íoc an chéanna ag na forais airgeadais réamhráite leis na Coimisineirí Ioncaim, agus,

(iii) a dheimhniú dó féin nó di féin, maidir leis an modh ina bhfuil feidhm bainte as na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais réamhráite agus ina bhfuil siad curtha i bhfeidhm i ndáil leis an ús sin agus na méideanna sin in ionannas cánach ioncaim, an bhfuil an modh sin leordhóthanach.

(2) Déanfaidh iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1) tuarascáil i scríbhinn a ullmhú i dtaobh torthaí aon scrúduithe agus imscrúduithe a bheidh déanta aige nó aici faoin alt seo agus déanfaidh sé nó sí, má iarrann agus aon uair a iarrann an tArd-Reachtaire amhlaidh air nó uirthi é, tuarascáil eatramhach i scríbhinn a ullmhú i ndáil le haon scrúduithe agus imscrúduithe den sórt sin agus cuirfidh sé nó sí faoi deara aon tuarascáil den sórt sin a chur ar fáil don Ard-Reachtaire.

(3) Ullmhóidh an tArd-Reachtaire tuarascáil i scríbhinn i dtaobh torthaí aon scrúduithe (lena n-áirítear scrúdú faoi mhír (d) d'fhomhír (1)) agus imscrúduithe a bheidh déanta aige nó aici faoin alt seo agus déanfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi agus aon uair is cuí leis nó léi sin a dhéanamh, tuarascáil eatramhach a ullmhú i scríbhinn ar aon ní a mbeidh sé nó sí tar éis a scrúduithe agus a imscrúduithe nó a himscrúduithe i ndáil leis faoin alt seo a chríochnú, agus cuirfidh sé nó sí faoi deara aon tuarascáil den sórt sin a thabhairt do Chléireach Dháil Éireann agus féadfaidh sé nó sí, más cuí leis nó léi sin a dhéanamh, a chur faoi deara cóip d'aon tuarascáil den sórt sin a thabhairt do chléireach an Choiste.

(4) Na feidhmeanna a thugtar don Ard-Reachtaire leis na hailt ina dhiaidh seo den Acht seo, ní fhéadfar iad a fheidhmiú ná a chomhlíonadh ach chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt seo.

(5) Scrúduithe nó imscrúduithe faoi mhír (a)(b) d'fho-alt (1), ní dhéanfar iad i ndáil le cuntais ar bith a bheidh oscailte nó taiscí a bheidh á sealbhú ag daoine sna forais airgeadais dá dtagraítear sa mhír (a) sin ná le leabhair chuntais ar bith ná le taifid eile ar bith in aon fhoirm ná le doiciméid eile de chuid na bhforas sin a mhéid a bhaineann siad le cuntais nó taiscí ar leithligh den sórt sin.

(6) Faoi réir fho-alt (7), daoine a bhfuil nó a raibh cuntais nó taiscí acu i bhforas airgeadais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó atá nó a bhí ina n-úinéirí tairbhiúla ar chuntais nó taiscí den sórt sin, ní thagrófar dóibh i dtuarascáil faoin alt seo ná ar shlí eile ag an Ard-Reachtaire ná ag iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1) (ar shlí seachas chun críocha fho-alt (7)) faoina n-ainmneacha ná ar chaoi ar bith eile óna bhféadfaí iad a aithint mar dhaoine a bhfuil nó a raibh cuntais nó taiscí den sórt sin acu nó atá nó a bhí ina n-úinéirí tairbhiúla den sórt sin.

(7) Féadfaidh an tArd-Reachtaire an méid seo a leanas a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) sonraí i dtaobh gearríoc nó neamhíoc a d'fhéadfadh a bheith déanta i leith méideanna in ionannas cánach ioncaim agus a bhfaighidh an tArd-Reachtaire fianaise prima facie air i gcúrsa a chuid nó a cuid scrúduithe agus imscrúduithe faoin Acht seo, agus

(b) sonraí i dtaobh ciona a d'fhéadfadh a bheith déanta faoi alt 9 den Acht um Tharscaoileadh Cánach Áirithe, Úis agus Pionós, 1993, lena mbaineann fo-alt (1)(b)(ii) den alt sin má fhaigheann an tArd-Reachtaire fianaise prima facie ar dhéanamh ciona den sórt sin i gcúrsa scrúduithe agus imscrúduithe den sórt sin,

agus sonraí na ndaoine lena mbaineann, lena n-áirítear a n-ainmneacha, a seoltaí agus a slite beatha, a gceirdeanna nó a ngairmeacha.

(8) Aon chaint a dhéanfaidh iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1) nó a dhéanfaidh fostaí, gníomhaire nó comhairleoir de chuid an iniúchóra chun críocha fheidhmeanna an iniúchóra faoin Acht seo, beidh sí faoi phribhléid iomlán agus beidh an chaint sin, tuarascáil faoin alt seo agus doiciméid, nó taifid, in aon fhoirm a dhéanfaidh nó a ullmhóidh aon duine de na daoine réamhráite chun na gcríoch réamhráite, faoi phribhléid iomlán cibé áit agus cibé caoi a bhfoilseofar iad.

(9) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar an Ard-Reachtaire nó ar iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi fho-alt (1) nó a chuirfidh isteach ar an gcéanna agus é nó í ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(10) Ní bheidh feidhm ag alt 11(2) d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, maidir le scrúdú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoin alt seo.

Cumhacht an Ard-Reachtaire fianaise a fháil.

3. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tArd-Reachtaire—

(a) a ordú i scríbhinn d'aon duine a bhfuil a fhianaise nó a fianaise ag teastáil ón Ard-Reachtaire freastal os a chomhair nó os a comhair ar dháta, agus ag tráth agus in áit a bheidh sonraithe san ordachán agus fianaise a thabhairt ansin agus aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht nó ina seilbh nó faoina cumhacht, agus a bheidh sonraithe san ordachán, a thabhairt ar aird,

(b) a ordú do dhuine a bheidh ag freastal os comhair an Ard-Reachtaire de bhun mhír (a) aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht nó ina seilbh nó faoina cumhacht, agus a bheidh sonraithe san ordachán, a thabhairt ar aird dó nó di,

(c) a ordú i scríbhinn d'aon duine aon doiciméad a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht nó ina seilbh nó faoina cumhacht, agus a bheidh sonraithe san ordachán, a chur chuig an Ard-Reachtaire,

(d) a ordú i scríbhinn d'aon duine aon doiciméid i ndáil le haon ní is iomchuí maidir le feidhmeanna an Ard-Reachtaire faoi alt 2 , agus atá nó a bhí i seilbh nó faoi chumhacht an duine sin, a fhollasú faoi mhionn agus aon doiciméid a luaitear sa mhionnscríbhinn doiciméad lena mbaineann agus a ndéanann sé nó sí agóid in aghaidh iad a thabhairt ar aird don Ard-Reachtaire, a shonrú sa mhionnscríbhinn sin agus na forais le haghaidh na hagóide a shonrú, agus beidh feidhm ag na rialacha cúirte a bhaineann le doiciméid a fhollasú in imeachtaí san Ard-Chúirt maidir le doiciméid a fhollasú de bhun na míre seo fara aon mhodhnuithe is gá,

(e) chun feidhmeanna an Ard-Reachtaire faoi alt 2 a chomhlíonadh, aon ordacháin eile a thabhairt a fheictear don Ard-Reachtaire a bheith réasúnach, cóir.

(2) Déanfar cibé caiteachais réasúnacha, a chinnfidh an tAire, de chuid duine a fhreastalóidh os comhair an Ard-Reachtaire de bhun iarrata ón Ard-Reachtaire nó de bhun ordacháin, a íoc leis nó léi as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Beidh ordachán i scríbhinn faoi shíniú an Ard-Reachtaire.

(4) Níl feidhm ag fo-alt (1)

(a) maidir le cuntais a bheidh oscailte ag daoine leis na forais réamhráite nó aon leabhair nó taifid eile in aon fhoirm nó doiciméid de chuid na bhforas sin a mhéid a bhaineann siad leis na cuntais sin nó le taiscí a shealbhaíonn daoine sna forais sin, nó

(b) maidir le fianaise a bhaineann leis na cuntais nó na taiscí réamhráite nó leis na leabhair nó na taifid eile nó na doiciméid réamhráite a mhéid a bhaineann siad leis na cuntais nó na taiscí sin,

ach, d'ainneoin an méid sin roimhe seo, féadfar fianaise a thabhairt don Ard-Reachtaire i ndáil le líon na dtaiscí dá dtagraítear in alt 2 (1), agus leis na méideanna iomlána airgid a shealbhaítear iontu, agus leis an méid iomlán úis a bheidh íoctha i leith na dtaiscí sin.

(5) I gcás nach ndéanfaidh duine de réir ordacháin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an Ard-Reachtaire ar shlí achomair, a ordú don duine an t-ordachán a chomhlíonadh agus cibé ordú eile (más ann) a mheasfaidh sí is gá agus is cóir a dhéanamh chun go mbeidh lánéifeacht leis an ordachán.

(6) Aon duine—

(a) ar tugadh ordachán dó nó di faoi mhír (a) d'fho-alt (1) freastal os comhair an Ard-Reachtaire agus ar tairgeadh aon suim dó nó di i leith na gcaiteachas a bhain le freastal os comhair an Ard-Reachtaire, ar suim í a mbeadh teideal ag finné arna thoghairm nó arna toghairm chun freastal os comhair na hArd-Chúirte go dtairgfí dó nó di í, nach ndéanfaidh de réir an ordacháin, gan cúis ná leithscéal cóir,

(b) agus é nó í ag freastal os comhair an Ard-Reachtaire de bhun ordacháin faoin mír (a) sin, a dhiúltóidh an mionn a thabhairt ar an Ard-Reachtaire dá cheangal sin air nó uirthi nó a dhiúltóidh freagra a thabhairt ar aon cheist a bhféadfaidh an tArd-Reachtaire a cheangal le dlí freagra a thabhairt uirthi,

(c) nach ndéanfaidh de réir ordacháin faoi mhír (b), (c), (d)(e) d'fho-alt (1), gan cúis ná leithscéal cóir,

(d) i ndáil le follasú doiciméad de bhun mhír (d) d'fho-alt (1), a sháróidh riail chúirte dá dtagraítear sa mhír sin, nó

(e) a dhéanfaidh aon rud eile i ndáil leis na nithe a bheidh os comhair an Ard-Reachtaire, ar rud é, dá ndéanfadh finné i gcúirt nó aon duine eile é i ndáil le himeachtaí os comhair cúirte, a bheadh ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(7) Má thugann duine fianaise bhréagach os comhair an Ard-Reachtaire in imthosca de shórt a thugann go mbeadh an duine ciontach i mionnú éithigh dá mba rud é gur thug an duine an fhianaise os comhair cúirte, beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil sa chion sin, na pionóis a ghabhann le mionnú éithigh a chur air nó uirthi.

Pribhléidí agus díolúintí finnéithe, etc., os comhair an Ard-Reachtaire nó iniúchóra.

4. —Aon duine—

(a) a bhfuil a fhianaise nó a fianaise tugtha, á tabhairt nó le tabhairt os comhair an Ard-Reachtaire, nó a thabharfaidh doiciméad ar aird dó nó di nó a chuirfidh doiciméad chuige nó chuici, de bhun ordacháin nó iarrata ón Ard-Reachtaire, nó a dtabharfaidh an tArd-Reachtaire ordachán dó nó di nó a n-iarrfaidh an tArd-Reachtaire air nó uirthi fianaise a thabhairt don Ard-Reachtaire nó doiciméad a thabhairt ar aird don Ard-Reachtaire nó freastal os a chomhair nó os a comhair agus fianaise a thabhairt nó doiciméad a thabhairt ar aird ansin, nó

(b) a dhéanfaidh ráiteas le hiniúchóir nó a thabharfaidh doiciméad d'iniúchóir nó a chuirfidh doiciméad chuig iniúchóir, arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 , de bhun iarrata ón iniúchóir chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin alt sin nó a gcuirfear ceanglas air nó uirthi faoi alt 7 , 910,

beidh sé nó sí i dteideal na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna i leith na nithe sin a mbeadh finné a bheadh os comhair na hArd-Chúirte ina dteideal.

Fianaise a thabharfar don Ard-Reachtaire nó d'iniúchóir a bheith neamh-inghlactha in imeachtaí coiriúla.

5. —Ráiteas nó admháil a dhéanfaidh duine os comhair an Ard-Reachtaire nó iniúchóra arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 , nó doiciméad a thabharfaidh duine don Ard-Reachtaire nó a chuirfidh duine chuig an Ard-Reachtaire de bhun ordacháin don duine nó iarrata air ón Ard-Reachtaire nó a bheidh sonraithe i mionnscríbhinn doiciméad a dhéanfaidh duine agus a thabharfaidh an duine don Ard-Reachtaire de bhun ordacháin don duine nó iarrata air ón Ard-Reachtaire, nó a thabharfaidh duine don iniúchóir sin nó a chuirfidh duine chuig an iniúchóir sin de bhun iarrata a dhéanfaidh nó ceanglas a chuirfidh sé nó sí ar an duine, ní bheidh siad inghlactha mar fhianaise i gcoinne an duine in aon imeachtaí coiriúla (seachas imeachtaí i ndáil le cion faoi fho-alt (6)(7) d'alt 3) agus forléireofar alt 4 agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

Fianaise faoi mhionn a thabhairt don Ard-Reachtaire.

6. —(1) Féadfaidh an tArd-Reachtaire a cheangal ar fhinné a bheidh os comhair an Ard-Reachtaire a fhianaise nó a fianaise a thabhairt don Ard-Reachtaire faoi mhionn.

(2) I gcás go gcuirfear ceanglas faoi fho-alt (1), féadfaidh an tArd-Reachtaire nó oifigeach don Ard-Reachtaire a bheidh údaraithe chuige sin ag an Ard-Reachtaire an finné lena mbaineann a chur faoin mionn.

Cumhacht iniúchora a cheangal go dtabharfaí faisnéis maidir le daoine a bhfuil leas acu i scaireanna nó i mbintiúir.

7. —(1) Má fheictear d'iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 gur gá, chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, úinéireacht aon scaireanna i gcuideachta nó aon bhintiúr de chuid cuideachta a imscrúdú, féadfaidh sé nó sí, maidir le haon duine a bhfuil cúis réasúnach aige nó aici chun a chreidiúint ina leith go bhfuil aon fhaisnéis aige nó aici nó go bhfuil sé nó sí in ann aon fhaisnéis a fháil maidir leis na leasanna atá agus a bhí sna scaireanna nó sna bintiúir sin agus ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a bhfuil na leasanna sin acu agus ainmneacha agus seoltaí aon daoine a ghníomhaíonn nó a ghníomhaigh thar a gceann i ndáil leis na scaireanna nó na bintiúir, a cheangal ar an duine sin an fhaisnéis a thabhairt don iniúchóir.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar leas a bheith ag duine i scair nó i mbintiúr má bhíonn aon cheart aige nó aici an scair nó an bintiúr nó aon leas sa chéanna a fháil nó a dhiúscairt nó vótáil ina leith nó más gá a thoiliú nó a toiliú chun aon cheann de chearta daoine eile a bhfuil leas acu sa chéanna a fheidhmiú nó más féidir a cheangal ar na daoine eile a bhfuil leas acu sa chéanna a gcearta a fheidhmiú de réir a threoracha nó a treoracha nó más gnách leo a gcearta a fheidhmiú amhlaidh.

(3) Aon duine a mhainneoidh aon fhaisnéis a thabhairt, ar faisnéis í a gceanglaítear air nó uirthi faoin alt seo í a thabhairt agus atá aige nó aici nó atá sé nó sí in ann a fháil, nó, ag tabhairt aon fhaisnéise den sórt sin dó nó di, a dhéanfaidh aon ráiteas is eol dó nó di a bheith bréagach i bponc ábhartha nó a dhéanfaidh, go meargánta, aon ráiteas atá bréagach i bponc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Cumhachtaí iniúchóra maidir le cuideachtaí gaolmhara, etc.

8. —Má fheictear d'iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 gur gá é a dhéanamh chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, féadfaidh sé nó sí na cumhachtaí a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú—

(a) i ndáil le haon chuideachta atá, chun críocha Acht na gCuideachtaí, 1990 , gaolmhar le foras airgeadais dá dtagraítear in alt 2 (1) nó, i gcás forais den sórt sin nach cuideachta, a bheadh gaolmhar amhlaidh dá mba chuideachta í, nó

(b) i ndáil le haon chomhlacht arna chorprú lasmuigh den Stát a mhéid atá sé ag seoladh aon ghnó, nó a sheol sé aon ghnó aon tráth, sa Stát.

Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird d'iniúchóir.

9. —(1) Beidh de dhualgas ar na forais airgeadais a shonraítear in alt 2 (1), ar aon chomhlachtaí corpraithe a bhfuil a ngnóthaí á scrúdú nó á n-imscrúdú de bhun alt 8 agus ar stiúrthóirí, oifigigh, fostaithe, comhairleoirí agus gníomhairí na bhforas agus na gcomhlachtaí corpraithe sin agus ar iarstiúrthóirí, iaroifigigh, iarfhostaithe, iarchomhairleoirí agus iarghníomhairí den sórt sin gach leabhar cuntais agus gach taifead eile in aon fhoirm agus gach doiciméad eile de chuid na bhforas nó na gcomhlachtaí corpraithe nó a bhaineann leo atá ina gcoimeád nó faoina gcumhacht a thabhairt ar aird d'iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 nuair a cheanglófar orthu sin a dhéanamh, freastal os comhair an iniúchóra nuair a cheanglófar orthu sin a dhéanamh agus thairis sin gach cúnamh atá siad in ann a thabhairt le réasún a thabhairt don iniúchóir i dtaca le scrúduithe nó imscrúduithe aige nó aici faoi alt 2 ; agus féadfaidh an t-iniúchóir ceanglais a chur chun críocha an fho-ailt seo.

(2) Má mheasann iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 go bhféadfadh aon fhaisnéis a bhaineann le gnóthaí forais airgeadais nó comhlachta chorpraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith i seilbh duine seachas duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar faisnéis í atá ag teastáil uaidh nó uaithi chun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, féadfaidh an t-iniúchóir a cheangal ar an duine sin aon leabhair chuntais agus taifid eile in aon fhoirm agus doiciméid eile atá ina choimeád nó faoina chumhacht nó ina coimeád nó faoina cumhacht agus a bhaineann leis an bhforas nó leis an gcomhlacht corpraithe a thabhairt ar aird dó nó di, freastal os a chomhair nó os a comhair agus thairis sin gach cúnamh a thabhairt don iniúchóir i dtaca leis na scrúduithe nó na himscrúduithe réamhráite atá an duine in ann a thabhairt le réasún.

(3) Féadfaidh iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 na daoine dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) a scrúdú faoi mhionn, de bhriathar béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, i ndáil leis na nithe is ábhar do na scrúduithe agus na himscrúduithe réamhráite agus le nithe gaolmhara agus féadfaidh sé nó sí—

(a) na daoine a chur faoi mhionn dá réir sin, agus

(b) freagraí na ndaoine sin a chur síos i scríbhinn agus a cheangal orthu iad a shíniú.

(4) Déanfar cibé caiteachais réasúnacha, a chinnfidh an tAire, de chuid duine a fhreastalóidh os comhair an iniúchóra de bhun iarrata nó ordacháin ón iniúchóir, a íoc leis nó léi as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Má dhiúltaíonn duine aon leabhar, taifead nó doiciméad eile, a bhfuil sé de dhualgas air nó uirthi faoin alt seo é a thabhairt ar aird, a thabhairt ar aird amhlaidh d'iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 nó, tar éis aon suim a mbeadh finné a thoghairfí os comhair na hArd-Chúirte i dteideal go dtairgfí dó nó di í a bheith tairgthe dó nó di i ndáil le freastal os comhair an iniúchóra, má dhiúltaíonn sé nó sí freastal os comhair an iniúchóra nuair a cheanglófar air nó uirthi déanamh amhlaidh, ceanglas faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh nó aon cheist a chuirfidh an t-iniúchóir air i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a fhreagairt, féadfaidh an tArd-Reachtaire an diúltú a tharchur chuig an Ard-Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt sin air sin an cás a fhiosrú agus féadfaidh sí, tar éis di aon fhinnéithe a thabharfar ar aird i gcoinne nó thar ceann an chiontóra líomhnaithe agus aon ráiteas a thabharfar ar aird i gcoinne nó thar ceann an chiontóra líomhnaithe agus aon ráiteas a thairgfear sa chosaint a éisteacht, más deimhin léi gur tharla an diúltú, an ciontóir a phionósú ionann is dá mba go raibh sé nó sí ciontach i ndíspeagadh cúirte.

(6) Gan dochar dá cumhacht faoi fho-alt (5), féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis éisteachta faoin bhfo-alt sin, aon ordú is cuí léi a dhéanamh nó aon ordachán is cuí léi a thabhairt, lena n-áirítear ordachán don duine lena mbaineann freastal nó athfhreastal os comhair an iniúchóra lena mbaineann nó leabhair nó doiciméid áirithe a thabhairt ar aird nó ceisteanna áirithe a chuirfidh an t-iniúchóir air nó uirthi a fhreagairt, nó ordachán nach gá don duine lena mbaineann leabhar nó doiciméad áirithe a thabhairt ar aird ná ceist áirithe a chuirfidh an t-iniúchóir air nó uirthi a fhreagairt.

Cuardach agus dul isteach.

10. —(1) Aon iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 nó aon duine a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag iniúchóir den sórt sin i scríbhinn (a ngairtear duine údaraithe de gach duine acu ina dhiaidh seo san alt seo), féadfaidh sé nó sí chun go bhfaighidh sé nó sí aon fhaisnéis is gá chun a chumasú don Ard-Reachtaire na feidhmeanna a thugtar dó nó di leis an Acht seo a chomhlíonadh—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh má tá foras réasúnach ann chun a chreidiúint ina leith go bhfuil gnó forais airgeadais lena mbaineann scrúdú nó imscrúdú faoi alt 2 (1) á sheoladh ansin, nó go bhfuil taifid i ndáil le gnó den sórt sin á gcoimeád ansin, agus an t-áitreabh a chuardach agus iniúchadh a dhéanamh air agus iniúchadh a dhéanamh ar aon leabhair chuntais, taifid in aon fhoirm nó doiciméid a gheofar san áitreabh,

(b) an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh a dhaingniú chun iniúchadh a dhéanamh air nó uirthi ina dhiaidh sin más rud é go bhfuil taifid i ndáil le gnó den sórt sin á gcoimeád ansin nó go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil taifid den sórt sin á gcoimeád amhlaidh,

(c) a cheangal ar aon duine a gheofar san áitreabh agus atá fostaithe nó fruilithe sa ghnó nó i dtaca leis an ngnó (lena n-áirítear stiúrthóir) aon taifid atá á gcoimeád san áitreabh a thabhairt ar aird don duine údaraithe agus cibé faisnéis a cheanglóidh sé nó sí le réasún a thabhairt i ndáil le haon iontrálacha in aon taifid den sórt sin a thabhairt dó nó di agus, i gcás faisnéise den sórt sin i bhfoirm neamh-inléite, í a atáirgeadh i bhfoirm inléite,

(d) iniúchadh a dhéanamh ar aon taifid den sórt sin, agus cóipeanna díobh nó de shleachta astu a thógáil (lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóip den fhaisnéis sin, nó de shliocht as an bhfaisnéis sin, i mbuanfhoirm inléite),

(e) aon leabhair chuntais, taifid in aon fhoirm nó doiciméid den sórt sin a thabhairt chun siúil agus a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach lena scrúdú tuilleadh,

(f) a cheangal ar aon duine den sórt sin a dúradh, i ndáil le haon fhaisnéis atá ina sheilbh nó faoina chumhacht nó ina seilbh nó faoina cumhacht a cheanglóidh an duine údaraithe le réasún a thabhairt maidir le haon ghnó atá á sheoladh ansin nó maidir leis na daoine atá fostaithe nó fruilithe ann nó i dtaca leis (lena n-áirítear aon stiúrthóir) nó a bhí fostaithe nó fruilithe amhlaidh roimhe sin, an fhaisnéis sin a thabhairt don duine údaraithe agus aon fhaisnéis eile den sórt sin a cheanglóidh an duine údaraithe le réasún a thabhairt maidir leis an ngnó sin a thabhairt dó nó di,

(g) a cheangal ar aon duine a gheofar san áitreabh agus a úsáideann nó a d'úsáid trealamh sonraí nó a n-úsáidtear nó ar úsáideadh trealamh sonraí thar a cheann nó thar a ceann nó ar aon duine a bheidh i bhfeighil an trealaimh sonraí nó aon ghairis nó ábhair ghaolmhair nó a mbeidh baint aige nó aici ar shlí eile le hoibriú an chéanna, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don duine údaraithe i ndáil leis sin,

(h) a cheangal, aon tráth réasúnach, ar aon duine eile atá fostaithe nó fruilithe sa ghnó nó i dtaca leis an ngnó (lena n-áirítear aon stiúrthóir) nó a bhí fostaithe nó fruilithe amhlaidh roimhe sin agus ar aon ghníomhaire nó iarghníomhaire de chuid forais den sórt sin a dúradh aon fhaisnéis atá i seilbh nó faoi chumhacht an duine agus a cheanglóidh an duine údaraithe le réasún a thabhairt maidir leis an ngnó sin a thabhairt don duine údaraithe ag cibé tráth agus cibé áit réasúnach a shonrófar sa cheanglas agus aon taifid atá i seilbh nó faoi chumhacht an duine sin nó an ghníomhaire sin a thabhairt ar aird dó nó di.

(2) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine údaraithe (seachas iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 ) nó a chuirfidh isteach ar dhuine údaraithe agus é nó í ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo nó a thabharfaidh faisnéis atá bréagach nó míthreorach do dhuine údaraithe nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon cheanglas faoin alt seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Aon duine a mbeidh údaraithe dó nó di ag iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, tabharfar an t-údarú dó nó di agus nuair a bheidh aon chumhacht den sórt sin á feidhmiú aige nó aici, déanfaidh sé nó sí, má iarrann duine dá ndéanann an céanna difear air nó uirthi amhlaidh, an t-údarú nó cóip de a thabhairt ar aird don duine, agus déanfaidh an t-iniúchóir sin, nuair a bheidh aon chumhacht den sórt sin á feidhmiú aige nó aici, doiciméad a déarfaidh gurb é nó í an t-iniúchóir sin é nó í a thabhairt ar aird, má iarrann duine dá ndéanann an céanna difear air nó uirthi amhlaidh.

Pribhléid comhaltaí, etc., den Choiste um Chuntais Phoiblí.

11. —(1) An chaint a dhéanfaidh comhaltaí den Choiste ar shlí seachas ag cruinnithe den Choiste, chun a bhfeidhmeanna mar chomhaltaí den sórt sin a chomhlíonadh, beidh sí faoi phribhléid iomlán agus an chaint agus na doiciméid sin, nó taifid, in aon fhoirm a ullmhóidh na comhaltaí sin chun críche an chomhlíonta sin, beidh siad faoi phribhléid iomlán cibé áit agus cibé caoi a bhfoilseofar iad.

(2) An chaint a dhéanfaidh comhairleoirí, oifigigh agus gníomhairí den Choiste ar shlí seachas ag cruinnithe den Choiste, chun a bhfeidhmeanna mar chomhairleoirí, oifigigh agus gníomhairí den sórt sin a chomhlíonadh, beidh sí faoi phribhléid iomlán agus an chaint agus na doiciméid sin, nó taifid, in aon fhoirm a ullmhóidh na daoine sin chun críche an chomhlíonta sin, beidh siad faoi phribhléid iomlán cibé áit agus cibé caoi a bhfoilseofar iad.

(3) San alt seo ciallaíonn “an Coiste” Coiste um Chuntais Phoiblí Dháil Éireann agus aon fhochoiste de chuid an Choiste sin.

Pribhléid an Ard-Reachtaire.

12. —Aon chaint a dhéanfaidh an tArd-Reachtaire, nó oifigeach don Ard-Reachtaire, chun feidhmeanna an Ard-Reachtaire a chomhlíonadh, beidh sí faoi phribhléid iomlán agus an chaint agus na doiciméid sin, nó taifid, in aon fhoirm a ullmhóidh an tArd-Reachtaire nó oifigeach don Ard-Reachtaire chun críche an chomhlíonta sin, beidh siad faoi phribhléid iomlán cibé áit agus cibé caoi a bhfoilseofar iad.

Faisnéis a nochtadh don Ard-Reachtaire.

13. —(1) Faoi réir alt 2 (6) agus fho-alt (2), aon toirmeasc nó srian a fhorchuirtear le dlí (lena n-áirítear aon chonradh) i ndáil le nochtadh faisnéise (lena n-áirítear taifid in aon fhoirm nó doiciméid), ní bheidh feidhm aige maidir le faisnéis a nochtadh don Ard-Reachtaire nó don iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 , ná le rochtain ar fhaisnéis ag an Ard-Reachtaire nó ag an iniúchóir sin, chun críocha a bhfeidhmeanna faoin Acht seo nó i ndáil le haon fhaisnéis a bheidh ar áireamh i dtuarascáil de chuid an Ard-Reachtaire nó iniúchóra den sórt sin faoin alt sin agus ar faisnéis í arb é tuairim an Ard-Reachtaire nó an iniúchóra, de réir mar a bheidh, ina leith gur cheart í a bheith ar áireamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail.

(2) Níl feidhm ag fo-alt (1)

(a) i ndáil le toirmeasc nó srian ar bith a fhorchuirtear le hionstraim de chuid institiúide den Aontas Eorpach nó de bhun an chéanna, nó

(b) maidir le comhaontú idir an Stát agus stát eile i ndáil le cánachas.

Ordacháin, etc., ón Ard-Chúirt.

14. —(1) Féadfaidh an tArd-Reachtaire aon tráth a measfaidh sé nó sí gur cuí nó gur fóirsteanach sin a dhéanamh, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordacháin i ndáil le comhlíonadh aon cheann dá fheidhmeanna nó dá feidhmeanna faoin Acht seo nó d'fheidhmeanna iniúchóra arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 nó ar cheadú a fháil uaithi i leith aon ghnímh nó neamhghnímh a bheartaíonn an tArd-Reachtaire nó an t-iniúchóir a dhéanamh chun críocha an chomhlíonta sin.

(2) Ar iarratas den sórt sin a dúradh a bheith déanta, féadfaidh an Ard-Chúirt—

(a) ordacháin den sórt sin a thabhairt (lena n-áirítear ordachán gur cheart don Ard-Reachtaire tuarascáil a thabhairt agus más cuí leis an gCúirt sin é, tuarascáil eatramhach a thabhairt di cibé tráthanna a shonróidh sí nó roimh thráthanna a shonróidh sí i ndáil leis an ní is ábhar don iarratas nó le haon ní gaolmhar),

(b) aon ordú is cuí léi a dhéanamh,

(c) diúltú aon ghníomh nó neamhghníomh den sórt sin a dúradh a cheadú.

(3) Comhlíonfaidh an tArd-Reachtaire agus iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 ordachán nó ordú ón Ard-Chúirt faoin alt seo agus ní dhéanfaidh sé nó sí aon ghníomh a dúradh ná ní dhéanfaidh sé nó sí aon neamhghníomh a dúradh más rud é go mbeidh diúltaithe ag an Ard-Chúirt é a cheadú.

(4) Féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an Ard-Reachtaire, téarmaí agus coinníollacha a shonrú ar a ndéanfaidh, agus ar dá réir a dhéanfaidh, iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, agus féadfaidh na téarmaí agus na coinníollacha sin a bheith i dteannta nó in ionad aon cheann a chinnfidh an tArd-Reachtaire nó a fhéadfaidh sé nó sí a chinneadh faoi alt 2 (1), agus comhlíonfaidh an tArd-Reachtaire aon téarmaí nó coinníollacha a shonrófar faoin bhfo-alt seo.

(5) Déanfaidh an Ard-Chúirt cibé tosaíocht is féidir léi le réasún, ag féachaint do na himthosca go léir, a thabhairt do réiteach imeachtaí sa Chúirt sin faoin Acht seo nó faoi Acht 1997.

(6) Féadfaidh Coiste Rialacha na nUaschúirteanna rialacha a dhéanamh chun gur fusa éifeacht a thabhairt d'fho-alt (5).

Measúnóirí.

15. —Má mheasann an Coiste, ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, go bhfuil comhairle, treoir nó cúnamh ó shaineolaithe ag teastáil uaidh i ndáil le haon ní a éireoidh ag cruinnithe den Choiste nó i dtaca leo, féadfaidh sé, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé, le toiliú an Aire, cibé líon measúnóirí a chinnfidh sé a cheapadh, leis an toiliú céanna, chun comhairle, treoir nó cúnamh den sórt sin a chur ar fáil dó, ar measúnóirí iad a mbeidh saineolas acu i ndáil leis an ní sin.

Príobháideacht cruinnithe áirithe coistí a chosaint.

16. —Maidir le caint a dhéanfar ag aon chruinnithe de choiste (de réir bhrí Acht 1997) nó doiciméid nó taifid in aon fhoirm a ullmhófar le haghaidh cruinnithe den sórt sin, ar cruinnithe iad a thionólfar ar shlí seachas go poiblí agus nach dtabharfar fianaise ar bith don choiste lena linn, ní nochtfar an chaint ná na doiciméid sin gan toiliú Chathaoirleach an choiste.

Forálacha i ndáil le cionta.

17. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo, dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Más rud é, maidir le cion a bheidh déanta faoin Acht seo ag comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, cúlcheadú nó ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí toiliúla ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó aon oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, agus an comhlacht corpraithe freisin, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh nó ina haghaidh agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(3) Aon duine a mbeidh an Ard-Chúirt tar éis é nó í a phionósú as mainneachtain nó diúltú ordú ón gCúirt sin a chomhlíonadh faoi fho-alt (5) d'alt 3 i ndáil le hordachán áirithe, ní dhéanfar é nó í a thriail i leith ciona faoi fho-alt (6) den alt sin ná faoi alt 2 (9) i ndáil leis an ordachán sin agus aon duine a dhéanfar a thriail i leith ciona faoin bhfo-alt (6) sin nó faoin alt 2 (9) sin i ndáil le hordachán áirithe, ní thionscnófar imeachtaí ina aghaidh nó ina haghaidh as mainneachtain nó diúltú ordú ón Ard-Chúirt faoin bhfo-alt (5) sin a chomhlíonadh i ndáil leis an ordachán sin.

(4) Aon duine a mbeidh an Ard-Chúirt tar éis é nó í a phionósú faoi alt 9 (5), ní dhéanfar é nó í a thriail i leith ciona faoi alt 2 (9) i ndáil leis an ní is cionsiocair leis an bpionósú agus aon duine a dhéanfar a thriail i leith ciona den sórt sin, ní dhéanfaidh an Ard-Chúirt é nó í a phionósú i leith an ní is ábhar don chion.

Caiteachais an Ard-Reachtaire, iniúchóra agus an Choiste.

18. —(1) Maidir leis na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le comhlíonadh fheidhmeanna an Ard-Reachtaire agus iniúchóra arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 agus le caiteachais an Choiste, déanfar, le toiliú an Aire, iad a íoc ar an gcéad ásc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas ach féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú, ar iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag an Aire, go ndlífidh foras airgeadais dá dtagraítear in alt 2 (1), a mhéid a ordóidh an Chúirt sin, cibé méid nach mó ná méid comhiomlán na gcaiteachas réamhráite a chinnfidh sí a íoc leis an Aire, agus déanfaidh an tAire aon mhéid a íocfar leis nó léi de bhun an fho-ailt seo a íoc isteach sa Státchiste.

(2) Féadfaidh an Coiste, más cuí leis é, ag féachaint d'aon tuarascálacha ón Ard-Reachtaire faoi alt 2 agus d'aon fhianaise a bheidh faighte ag an gCoiste i ndáil le nithe a éireoidh astu sin, moladh a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte i ndáil leis na hordacháin (más ann) a mheasann sé a bheith cuí, ag féachaint do scrúduithe agus d'imscrúduithe faoin alt sin, a thabhairt faoi fho-alt (1).

Leasú ar Acht 1997.

19. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1997—

(a) in alt 4(2), trí “mír (a) d'alt 3(1)” a chur in ionad “mír (a)”,

(b) in alt 5(4), trí “coiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b)” a chur in ionad “coiste arna cheapadh de bhun fho-alt (1)(b)”,

(c) in alt 11(1), trí “i leith na nithe sin” a chur isteach i ndiaidh “céanna”, agus

(d) in alt 17(3), trí “faoi fho-alt (8)” a chur in ionad “faoi fho-alt (10)” agus trí “faoin bhfo-alt sin (8)” a chur in ionad “faoin bhfo-alt sin (10)”.

(2) Chun deireadh a chur le hamhras, dearbhaítear leis seo gur féidir go mbainfidh aon toiliú amháin faoi fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1997 leis na hordacháin go léir a dhéanfaidh coiste dá dtagraítear san alt sin a thabhairt faoin alt sin i ndáil le feidhm shonraithe nó feidhmeanna sonraithe de chuid an choiste sin.

(3) Féadfar ordachán faoi fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1997 chun críocha alt 10 den Acht sin a thabhairt gan an toiliú a shonraítear san fho-alt sin.

Leasú ar Acht 1997 i ndáil leis an gCoiste.

20. —Beidh éifeacht le halt (5) d'Acht 1997 i ndáil leis an gCoiste amhail is dá scriosfaí mír (f) d'fho-alt (1).

Leasú ar Acht an Árd-Scrúdóra, 1923 .

21. —Leasaítear leis seo alt 7(2) d'Acht an Árd-Scrúdóra, 1923 , trí “a iarrfar le rún” a chur in ionad “a héileofar le rún”.

Srian leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 .

22. —Níl feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 , maidir le taifead a bhaineann le scrúdú nó imscrúdú arna dhéanamh faoin Acht seo ag an Ard-Reachtaire nó ag iniúchóir arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 2 seachas—

(a) taifead den sórt sin a cruthaíodh roimh thosú an scrúdaithe nó an imscrúdaithe, nó

(b) taifead a bhaineann le riarachán ginearálta Oifig an Ard-Reachtaire.

Caiteachais.

23. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

24. —(1) Féadfar an tAcht um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus um Choistí Thithe an Oireachtais (Forálacha Speisialta), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Choistí Thithe an Oireachtais, 1976 go 1998, a ghairm den Acht um Choistí Thithe an Oireachtais (Pribhléid agus Nós Imeachta), 1976 , d'Acht 1997 agus d'ailt 11, 16 agus 19 le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1866 go 1998, a ghairm den Exchequer and Audit Departments Act, 1866, den Exchequer and Audit Departments Act, 1921, de na hAchtanna um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, 1923 agus 1993, agus d'ailt 12, 21 agus 22 le chéile.