|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 45 de 1998 | ||||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1998 | |||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 45 de 1998 | ||||||||||
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1998 | ||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1995. [12 Nollaig, 1998] | ||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann. | ||||||||
| [EN] |
Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha áirithe don Bhord. |
2. —Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le haghaidh oibreacha forbartha den chineál a luaitear in alt 2(1) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1975 , thar £50,000,000 agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 2(1) den Acht sin trí “£50,000,000” a chur in ionad na suime a shonraítear ansin. | ||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1998 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1998, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1995, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||