44 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 44 de 1998


AN tACHT MAOINE STÁIT, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar an Acht Groighe Náisiúnta, 1945.

2.

Leasú ar an Acht Maoine Stáit, 1954.

3.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Groighe Náisiúnta, 1945

1945, Uimh. 31

An tAcht Maoine Stáit, 1954

1954, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 44 de 1998


AN tACHT MAOINE STÁIT, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE TALMHAÍOCHTA AGUS BIA TAILTE A DÍLSÍODH SAN AIRE LEIS AN ACHT GROIGHE NÁISIÚNTA, 1945 , A DHÍOL AGUS DÉILEÁIL LEO THAIRIS SIN, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AN ACHTA SIN AGUS AN ACHTA MAOINE STÁIT, 1954 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [8 Nollaig, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht Groighe Náisiúnta, 1945 .

1. —Leasaítear leis seo an tAcht Groighe Náisiúnta, 1945 , trí alt 7 a aisghairm.

Leasú ar an Acht Maoine Stáit, 1954 .

2. —Leasaítear leis seo an tAcht Maoine Stáit, 1954 , sa Chéad Sceideal, trí mhír 5 a aisghairm.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Maoine Stáit, 1998 , a ghairm den Acht seo.