39 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 39 de 1998


AN tACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (LEASÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Comhaltas d'eagraíocht neamhdhleathach: tátail a fhéadfar a bhaint as.

3.

Fógra i dtaobh finnéithe.

4.

Leasú ar alt 3 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1972.

5.

Tátail as an gcúisí do mhainneachtain fíorais áirithe a lua.

6.

Eagraíocht neamhdhleathach a stiúradh.

7.

Airteagail a shealbhú chun críocha a bhaineann le cionta áirithe.

8.

Bailiú neamhdhleathach faisnéise.

9.

Faisnéis a choinneáil siar.

10.

Fadú tréimhse coinneála faoi alt 30 d'Acht 1939.

11.

Athghabháil faoi alt 30 d'Acht 1939.

12.

Daoine a oiliúint ar airm thine etc. a dhéanamh nó a úsáid.

13.

Foráil i ndáil le halt 52 d'Acht 1939.

14.

Cionta faoin Acht le bheith ina gcionta sceidealta.

15.

Pionóis mar gheall ar chionta áirithe.

16.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí, 1997.

17.

Maoin a fhorghéilleadh.

18.

Ré alt áirithe.

19.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bannaí, 1997

1997, Uimh. 16

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1984

1984, Uimh. 22

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994

1994, Uimh. 15

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976

1976, Uimh. 14

Explosive Substances Act, 1883

46 & 47 Vict., c.3

Explosives Act, 1875

38 & 39 Vict., c.17

Acht na nArm Teine, 1925

1925, Uimh. 17

Acht na nArm Tine, 1964

1964, Uimh. 1

Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990

An tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939

1939, Uimh. 13

An tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1972

1972, Uimh. 26

Na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 39 de 1998


AN tACHT UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT (LEASÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHIONTAÍ IN AGHAIDH AN STÁIT, 1939 GO 1985, AGUS ACHTACHÁN ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN DLÍ COIRIÚIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [3 Meán Fómhair, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1998;

ciallaíonn “pléascach” pléascach de réir bhrí an Explosives Act, 1875, agus aon substaint nó ní eile is substaint phléascach de réir bhrí an Explosive Substances Act, 1883;

tá le “arm tine” an bhrí chéanna atá leis in Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna leathnú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

Comhaltas d'eagraíocht neamhdhleathach: tátail a fhéadfar a bhaint as.

2. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí in aghaidh duine mar gheall ar chion faoi alt 21 d'Acht 1939, go dtabharfar fianaise gur mhainnigh an cúisí aon tráth sular cúisíodh é nó í sa chion, ar chomhalta den Gharda Síochána é nó í a cheistiú i ndáil leis an gcion, freagra a thabhairt ar aon cheist atá ábhartha i leith imscrúdú an chiona, ansin féadfaidh an chúirt, le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach nó an bhfuil cás ann le freagairt, agus féadfaidh an chúirt (nó faoi réir threoracha an bhreithimh, féadfaidh an giúiré), le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an cúisí ciontach sa chion, cibé tátail is dealraitheach a bheith cóir a bhaint as an mainneachtain; agus féadfar déileáil leis an mainneachtain, ar bhonn na dtátal sin, mar chomhthacaíocht, nó mar ní a d'fhéadfadh a bheith ina chomhthacaíocht, le haon fhianaise i ndáil leis an gcion, ach ní chiontófar duine sa chion mar gheall ar thátal a bhainfear as mainneachtain den sórt sin agus mar gheall air sin amháin.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) mura ndúradh leis an gcúisí i ngnáthchaint, le linn é nó í a cheistiú, cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith le mainneachtain den sórt sin.

(3) In aon imeachtaí—

(a) i gcás inar fhan an cúisí ina thost nó ina tost, nó inar ghníomhaigh sé nó sí ar shlí eile, mar fhreagra ar aon ní a dúradh ina láthair agus a bhain leis an iompar ar ina leith atá sé nó sí á chúiseamh nó á cúiseamh, ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'inghlacthacht an tosta nó an ghníomhaithe eile sin mar fhianaise, a mhéid a bheadh fianaise ina leith inghlactha ar leith ón alt seo, nó

(b) ní mheasfar aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh aon tátal a bhaint as tost nó gníomhú eile de chuid an chúisí ar tátal é a d'fhéadfaí a bhaint go cuí, ar leith ón alt seo.

(4) San alt seo—

(a) folaíonn tagairtí d'aon cheist is ceist atá ábhartha i leith an imscrúdaithe tagairtí d'aon cheist lena n-iarrtar ar an gcúisí cuntas iomlán a thabhairt ar a chuid nó a cuid imeachtaí, gníomhartha, gníomhaíochtaí nó comhlachas le linn aon tréimhse sonraithe,

(b) folaíonn tagairtí do mhainneachtain freagra a thabhairt, tagairtí do fhreagra a thabhairt atá bréagach nó míthreorach agus forléireofar tagairtí do thost nó do ghníomhú eile an chúisí dá réir sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le mainneachtain ceist a fhreagairt má tharla an mhainneachtain roimh an Acht seo a rith.

Fógra i dtaobh finnéithe.

3. —(1) In imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 21 d'Acht 1939, ní ghlaofaidh an cúisí, gan chead ón gcúirt, ar aon duine eile chun fianaise a thabhairt thar a cheann nó thar a ceann mura ndéanfaidh sé nó sí, roimh dheireadh na tréimhse forordaithe, fógra a thabhairt go mbeartaíonn sé nó sí déanamh amhlaidh.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1), in aon imeachtaí den sórt sin, ní ghlaofaidh an cúisí, gan chead ón gcúirt, ar aon duine eile (dá ngairtear “an finné” san alt seo) chun fianaise den sórt sin a thabhairt mura rud é—

(a) go mbeidh ainm agus seoladh an fhinné ar áireamh san fhógra faoin bhfo-alt sin nó, más rud é nach mbeidh an t-ainm nó an seoladh ar eolas ag an gcúisí an tráth a thugann sé nó sí an fógra, go mbeidh aon fhaisnéis atá ina sheilbh nó ina seilbh agus a d'fhéadfadh a bheith ina cúnamh ábhartha i dtaca leis an bhfinné a aimsiú ar áireamh ann,

(b) i gcás nach mbeidh an t-ainm nó an seoladh ar áireamh san fhógra sin, gur deimhin leis an gcúirt go ndearna an cúisí, roimh an bhfógra a thabhairt, gach beart réasúnach a ghlacadh, agus gur lean sé nó sí dá éis sin de gach beart réasúnach a ghlacadh, chun a áirithiú go bhfaighfí an t-ainm agus an seoladh amach,

(c) i gcás nach mbeidh an t-ainm nó an seoladh ar áireamh san fhógra sin, ach go dtiocfaidh an cúisí ar an ainm nó ar an seoladh ina dhiaidh sin nó go bhfaighidh sé nó sí faisnéis eile a d'fhéadfadh a bheith ina cúnamh ábhartha i dtaca leis an bhfinné a aimsiú, go dtabharfaidh sé nó sí fógra láithreach maidir leis an ainm, leis an seoladh nó leis an bhfaisnéis eile, de réir mar a bheidh, agus

(d) i gcás ina bhfaighidh an cúisí scéala ón ionchúiseamh, nó thar ceann an ionchúisimh, nár aimsíodh an finné faoin ainm nó ag an seoladh a tugadh, go dtabharfaidh sé nó sí fógra láithreach maidir le haon fhaisnéis den sórt sin a bheidh ina sheilbh nó ina seilbh an tráth sin nó, tar éis dó nó di aon fhaisnéis den sórt sin a fháil ina dhiaidh sin, go dtabharfaidh sé nó sí fógra láithreach maidir léi.

(3) Ní dhiúltóidh an chúirt cead faoin alt seo má dhealraíonn sé don chúirt nach raibh ceanglais an ailt seo curtha in iúl don chúisí—

(a) ag an gCúirt Dúiche nuair a cuireadh é nó í ar aghaidh chun trialach, nó

(b) ag cúirt na trialach más rud é, tar éis é nó í a bheith curtha ar aghaidh ag an gCúirt Dúiche i gcomhair pianbhreithe, gur athraigh sé nó sí a phléadáil nó a pléadáil go pléadáil neamhchiontach, nó

(c) i gcás é nó í a bheith tugtha os comhair Cúirte Coiriúla Speisialta chun trialach faoi alt 47 d'Acht 1939, ag an gCúirt nuair a shocraigh sí dáta na trialach.

(4) Aon fhógra a airbheartóidh a bheith tugtha faoin alt seo thar ceann an chúisí ag a aturnae nó a haturnae, measfar, mura gcruthófar a mhalairt, gur tugadh é le húdarás an chúisí.

(5) Déanfar fógra faoi fho-alt (1) a thabhairt sa chúirt le linn, nó ag deireadh, réamhscrúdú an chiona lena mbaineann nó tabharfar i scríbhinn é d'aturnae an ionchúisimh, agus déanfar fógra faoi mhír (c)(d) d'fho-alt (2) a thabhairt i scríbhinn don aturnae sin.

(6) Féadfar fógra a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt d'aturnae an ionchúisimh a thabhairt trína sheachadadh air nó uirthi nó trína fhágáil ag a oifig nó ag a hoifig nó trína sheoladh chuige nó chuici leis an bpost cláraithe ag a oifig nó a hoifig.

(7) San alt seo, ciallaíonn “an tréimhse fhorordaithe”—

(a) an tréimhse 14 lá ó dheireadh an réamhscrúdaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (5),

(b) i gcás ina dtarscaoilfidh an cúisí réamhscrúdú, an tréimhse 14 lá ó dháta an tarscaoilte, nó

(c) i gcás ina ndéanfaidh an cúisí, tar éis é nó í a bheith curtha ar aghaidh i gcomhair pianbhreithe, a phléadáil nó a pléadáil a athrú go pléadáil neamhchiontach, an tréimhse 14 lá ón dáta a ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, nó

(d) i gcás ina dtabharfar an cúisí os comhair Cúirte Coiriúla Speisialta chun trialach faoi alt 47 d'Acht 1939, cibé tréimhse a shocróidh an Chúirt le linn don Chúirt dáta na trialach a shocrú.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon duine a mbeartóidh an cúisí glaoch air nó uirthi chun fianaise a thabhairt thar a cheann nó thar a ceann i ndáil leis an bpianbhreith, agus i ndáil leis sin amháin, i gcás ina gciontófar an cúisí sa chion lena mbaineann.

(9) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le himeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar imeachtaí iad a bheidh tionscanta roimh an Acht seo a rith agus chun críocha an fho-ailt seo bíonn imeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) tionscanta nuair a thugtar an cúisí os comhair cúirte den chéad uair agus é nó í cúisithe sa chion lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, nuair a chúisítear é nó í os comhair cúirte sa chion lena mbaineann.

Leasú ar alt 3 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1972 .

4. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1972 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

“(b) I mír (a) den fho-alt seo, folaíonn ‘iompar’—

(i) imeachtaí, gníomhartha, gníomhaíochtaí nó comhlachais de chuid an duine chúisithe, agus

(ii) gan séanadh a theacht ón duine cúisithe ar thuairiscí foilsithe gur chomhalta é d'eagraíocht neamhdhleathach, ach má dhéantar séanadh den sórt sin, ní bheidh sé sin ann féin dochloíte.”.

Tátail as an gcúisí do mhainneachtain fíorais áirithe a lua.

5. —(1) Baineann an t-alt seo—

(a) le cion faoi na hAchtanna,

(b) le cion atá, de thuras na huaire, ina chion sceidealta chun críocha Chuid V d'Acht 1939,

(c) le cion a thig ón tsraith chéanna fíoras le cion dá dtagraítear i mír (a)(b),

ar cion é a bhféadfar, faoi aon achtachán nó dá bhua, duine lánaoise láninniúlachta nár ciontaíodh roimhe sin a phíonósú ina leith le príosúnacht ar feadh téarma 5 bliana nó le pionós is déine ná sin.

(2) Más rud é, in aon imeachtaí in aghaidh duine mar gheall ar chion lena mbaineann an t-alt seo, go dtabharfar fianaise gur mhainnigh an cúisí—

(a) aon tráth sular cúisíodh é nó í sa chion, ar chomhalta den Gharda Síochána é nó í a cheistiú i ndáil leis an gcion, nó

(b) le linn é nó í a chúiseamh sa chion nó le linn do chomhalta den Gharda Síochána a chur in iúl dó nó di go bhféadfaí é nó í a ionchúiseamh ina leith,

aon fhíoras a lua a bhfuiltear ag brath air ina chosaint nó ina cosaint sna himeachtaí sin, ar fíoras é a bhféadfaí a bheith ag súil le réasún sna himthosca a bhí ann an tráth sin go luafadh sé nó sí é nuair a rinneadh é nó í a cheistiú nó a chúiseamh amhlaidh nó nuair a cuireadh in iúl dó nó di amhlaidh, de réir mar a bheidh, ansin féadfaidh an chúirt, le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcuirfear an cúisí ar aghaidh chun trialach nó an bhfuil cás ann le freagairt, agus féadfaidh an chúirt (nó, faoi réir threoracha an bhreithimh, féadfaidh an giúiré), le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an cúisí ciontach sa chion inar cúisíodh é nó í (nó in aon chion eile ina bhféadfaí é nó í a chiontú go dleathach ar an gcúiseamh sin), cibé tátail is dealraitheach a bheith cóir a bhaint as an mainneachtain; agus féadfar déileáil leis an mainneachtain, ar bhonn na dtátal sin, mar chomhthacaíocht, nó mar ní a d'fhéadfadh a bheith ina chomhthacaíocht, le haon fhianaise a bhfuil an mhainneachtain ábhartha ina leith, ach ní chiontófar duine i gcion mar gheall ar thátal a bhainfear as mainneachtain den sórt sin agus mar gheall air sin amháin.

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (2) mura ndúradh leis an gcúisí i ngnáthchaint, le linn é nó í a cheistiú nó a chúiseamh nó le linn a chur in iúl dó nó di, de réir mar a bheidh, cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith le mainneachtain den sórt sin.

(4) In aon imeachtaí—

(a) i gcás inar fhan an cúisí ina thost nó ina tost, nó inar ghníomhaigh sé nó sí ar shlí eile, mar fhreagra ar aon ní a dúradh ina láthair agus a bhain leis an iompar ar ina leith atá sé nó sí á chúiseamh nó á cúiseamh, ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'inghlacthacht an tosta nó an ghníomhaithe eile sin mar fhianaise, a mhéid a bheadh fianaise ina leith inghlactha ar leith ón alt seo, nó

(b) ní mheasfar aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh aon tátal a bhaint as tost nó gníomhú eile an chúisí ar tátal é a d'fhéadfaí a bhaint go cuí, ar leith ón alt seo.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le mainneachtain fíoras a lua má tharla an mhainneachtain roimh an Acht seo a rith.

Eagraíocht neamhdhleathach a stiúradh.

6. —Maidir le duine a stiúrann, ag aon leibhéal de struchtúr na heagraíochta, gníomhaíochtaí eagraíochta a mbeidh ordú díchuir déanta ina leith faoi alt 19 d'Acht 1939, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, príosúnacht saoil a chur air nó uirthi.

Airteagail a shealbhú chun críocha a bhaineann le cionta áirithe.

7. —(1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é go bhfuil aon airteagal ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú in imthosca is bun le drochamhras réasúnach a bheith ann go bhfuil an t-airteagal ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú chun críche a bhaineann le cion a dhéanamh, a ullmhú nó a spreagadh faoin Explosive Substances Act, 1883, nó faoi Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990, ar cion sceidealta é de thuras na huaire chun críocha Chuid V d'Acht 1939.

(2) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoin alt seo a chruthú nach raibh an t-airteagal atá i gceist ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina rialú, tráth an chiona líomhnaithe, chun aon chríche a shonraítear i bhfo-alt (1).

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) Measfar go bhfolaíonn an tagairt i bhfo-alt (1) do chion faoi achtachán dá dtagraítear ann tagairt do ghníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh lasmuigh den Stát ar chion é faoin achtachán sin dá ndéanfaí sa Stát é.

Bailiú neamhdhleathach faisnéise.

8. —(1) Is cion é ag duine faisnéis a bhailiú, a thaifeadadh nó a shealbhú, ar faisnéis í de chineál ar dócha í a bheith úsáideach le linn do chomhaltaí d'aon eagraíocht neamhdhleathach cionta tromaí i gcoitinne nó aon chineál ar leith ciona thromaí a dhéanamh.

(2) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoin alt seo a chruthú nach raibh, tráth an chiona líomhnaithe, an fhaisnéis áirithe á bailiú nó á taifeadadh aige nó aici, nó ina sheilbh nó ina seilbh, lena húsáid le linn aon chion tromaí nó cionta tromaí a dhéanamh amhlaidh.

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) San alt seo—

folaíonn “comhaltaí d'aon eagraíocht neamhdhleathach” comhaltaí d'eagraíocht den sórt sin nach bhfuil a gcéannachtaí ar eolas ag an nGarda Síochána;

ciallaíonn “cion tromaí” cion a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ina leith:

(a) gur cion é a bhféadfar, faoi aon achtachán nó dá bhua, duine lánaoise láninniúlachta nár ciontaíodh roimhe sin a phionósú ina leith le príosúnacht ar feadh téarma 5 bliana nó le pionós is déine ná sin, agus

(b) gur cion é lena ngabhann bás duine, díobháil phearsanta thromaí (seachas díobháil ar cion de chineál gnéasach é), príosúnú neamhdhleathach, cailleadh tromaí maoine nó damáiste tromaí do mhaoin nó baol tromaí go mbeidh aon chailleadh, díobháil, príosúnú nó damáiste den sórt sin ann,

agus folaíonn sé gníomh nó neamhghníomh arna dhéanamh lasmuigh den Stát ar chion tromaí é dá ndéanfaí sa Stát é.

Faisnéis a choinneáil siar.

9. —(1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é go mbeidh faisnéis aige nó aici ar faisnéis í arb eol dó nó di, nó a gcreideann sé nó sí ina leith, go bhféadfadh sí a bheith ina cúnamh ábhartha—

(a) maidir le cosc a chur le haon duine eile cion tromaí a dhéanamh, nó

(b) maidir le gabháil, ionchúiseamh nó ciontú aon duine eile mar gheall ar chion tromaí a áirithiú,

agus go mainneoidh sé nó sí gan leithscéal réasúnach an fhaisnéis sin a nochtadh a luaithe is féidir do chomhalta den Gharda Síochána.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) San alt seo, tá le “cion tromaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 8 .

Fadú tréimhse coinneála faoi alt 30 d'Acht 1939.

10. —Leasaítear leis seo alt 30 d'Acht 1939 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort iarratas a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche ar bharántas lena n-údarófar duine a choinneofar de bhun ordaithe faoi fho-alt (3) den alt seo a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 24 huaire an chloig má tá cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur gá an choinneáil bhreise sin chun imscrúdú cuí a dhéanamh ar an gcion lena mbaineann.

(4A) Ar iarratas faoi fho-alt (4) den alt seo, eiseoidh an breitheamh lena mbaineann barántas á údarú an duine lena mbaineann an t-iarratas a choinneáil go ceann tréimhse breise nach faide ná 24 huaire an chloig sa chás, agus sa chás amháin, gur deimhin leis an mbreitheamh gur gá an choinneáil bhreise sin chun imscrúdú cuí a dhéanamh ar an gcion lena mbaineann agus go bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh go dícheallach dlúsúil.

(4B) Ar iarratas faoi fho-alt (4) den alt seo, déanfar an duine lena mbaineann an t-iarratas a thabhairt os comhair an bhreithimh lena mbaineann agus éistfidh an breitheamh aon aighneachtaí a dhéanfar agus breithneoidh an breitheamh aon fhianaise a thabharfaidh an duine ar aird, nó a thabharfar ar aird thar a cheann, agus a thabharfaidh an t-oifigeach den Gharda Síochána a bheidh ag déanamh an iarratais ar aird, nó a thabharfar ar aird thar a cheann.

(4C) Féadfar duine a choinneofar faoin alt seo a chúiseamh i gcion, aon tráth le linn na coinneála sin, os comhair na Cúirte Dúiche nó Cúirte Coiriúla Speisialta nó féadfar é a scaoileadh saor le hordú ó oifigeach den Gharda Síochána, agus déanfar, mura gcúiseofar nó mura scaoilfear saor amhlaidh é, é a scaoileadh saor ag deireadh na tréimhse coinneála a bheidh údaraithe le fo-alt (3) den alt seo nó faoi nó, de réir mar a bheidh, leis an bhfo-alt sin agus fo-alt (4A) den alt seo nó fúthu.”.

Athghabháil faoi alt 30 d'Acht 1939.

11. —Cuirtear an t-alt seo a leanas isteach leis seo i ndiaidh alt 30 d'Acht 1939:

“30A. (1) I gcás ina ndéanfar duine a ghabhfar mar gheall ar dhrochamhras go ndearna sé cion a choinneáil de bhun alt 30 den Acht seo agus go scaoilfear saor é gan aon chúiseamh a dhéanamh ina aghaidh—

(a) ní ghabhfar arís é maidir leis an gcion céanna, ná

(b) ní ghabhfar é maidir le haon chion eile a raibh drochamhras ina leith ar an mball den Gharda Síochána a ghabh é, tráth na chéad ghabhála, nó ar cheart dó amhras a bheith air ina leith le réasún, go ndearna an duine sin é,

ach amháin faoi údarás barántais arna eisiúint ag breitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis, de bharr faisnéise a thabharfaidh oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort faoi mhionn, go bhfuil eolas faoi fhaisnéis bhreise faighte ag an nGarda Síochána ó scaoileadh saor an duine ar faisnéis bhreise í i dtaobh drochamhras a bheith ann go raibh an duine páirteach sa chion a bhfuil a ghabháil á hiarraidh ina leith.

(2) Beidh feidhm ag alt 30 den Acht seo, agus, go háirithe, ag aon chumhachtaí a thugtar leis, maidir le duine, nó i leith duine, a ghabhfar i dtaca le cion lena mbaineann an t-alt sin faoi bharántas arna eisiúint de bhun fho-alt (1) den alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le duine, nó i leith duine, lena mbaineann an t-alt sin, fara na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe eile is gá:

(a) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

‘(3) Aon uair a ghabhfar duine faoi bharántas arna eisiúint de bhun alt 30A(1) den Acht seo, féadfar é a thabhairt go dtí stáisiún Garda Síochána nó príosún nó áit chaoithiúil eile agus é a choinneáil faoi choimeád ann go ceann tréimhse 24 huaire an chloig ó am a ghabhála.’,

(b) fo-ailt (4), (4A) agus (4B) a scriosadh, agus

(c) an méid seo a leanas a chur leis ag deireadh fho-alt (4C):

‘nó, i gcás ina leanfaidh an choinneáil gabháil faoi bharántas arna eisiúint de bhun alt 30A den Acht seo, le fo-alt (3) den alt seo arna ionadú leis an alt sin 30A.’.

(3) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfar duine lena mbaineann an fo-alt sin a ghabháil mar gheall ar aon chion chun é a chúiseamh sa chion sin láithreach.”.

Daoine a oiliúint ar airm thine etc. a dhéanamh nó a úsáid.

12. —(1) Aon duine a theagascann nó a oileann duine eile, nó a fhaigheann teagasc nó oiliúint, i dtaca le hairm thine nó pléascaigh a dhéanamh nó a úsáid, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoin alt seo a chruthú go ndearnadh an teagasc sin nó an oiliúint sin a thabhairt nó a fháil le húdarás dleathach nó go raibh leithscéal réasúnach aige nó aici chun an teagasc nó an oiliúint sin a thabhairt nó a fháil.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é nó í a chiontú ar díotáil fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon tionól dá dtagraítear in alt 15(4) d'Acht 1939.

Foráil i ndáil le halt 52 d'Acht 1939.

13. —Ní bheidh éifeacht le halt 52 d'Acht 1939 i ndáil le duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin mura rud é, díreach sula ndéanfar éileamh air nó uirthi faoin bhfo-alt sin, go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána na nithe seo a leanas a chur in iúl dó nó di i ngnáthchaint—

(a) go bhfuil an t-éileamh á dhéanamh faoin alt sin 52, agus

(b) na hiarmhairtí a ndéantar foráil ina leith leis an alt sin i gcás mainneachtain nó diúltú éileamh den sórt sin a chomhlíonadh nó i gcás aon chuntas nó faisnéis a thabhairt i gcomhlíonadh airbheartaithe éilimh den sórt sin ar cuntas nó faisnéis é nó í atá bréagach nó míthreorach.

Cionta faoin Acht le bheith ina gcionta sceidealta.

14. —(1) Dearbhaítear leis seo nach leor na gnáthchúirteanna chun riaradh éifeachtach an cheartais agus caomhnú na síochána poiblí agus an oird phoiblí a áirithiú i ndáil le gach cion faoi ailt 6 go 9 agus 12.

(2) Measfar gach cion faoi ailt 6 go 9 agus 12 a bheith ina chion sceidealta chun críocha Chuid V d'Acht 1939 amhail is go ndearnadh ordú faoi alt 36 den Acht sin i ndáil leis agus beidh feidhm ag fo-alt (3) den alt sin agus ag alt 37 den Acht sin maidir le cion den sórt sin dá réir sin.

(3) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1)(2) mar ní a dhéanfaidh difear do na nithe seo a leanas nó a theorannóidh iad in aon chás ar leith—

(a) an Rialtas d'fheidhmiú aon cheann dá chumhachtaí faoi aon fhoráil d'alt 35 nó 36 d'Acht 1939,

(b) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí d'fheidhmiú a chumhachta nó a cumhachta faoi alt 45(2) den Acht sin chun a ordú nach gcuirfear duine ar aghaidh chun trialach ag an gCúirt Choiriúil Speisialta ar chúiseamh ar leith, nó

(c) an Rialtas nó an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí d'fheidhmiú aon cheann eile dá chumhachtaí nó dá cumhachtaí faoi Chuid V den Acht sin nó aon duine eile d'fheidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin gCuid sin.

Pionóis mar gheall ar chionta áirithe.

15. —(1) Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht na nArm Teine, 1925 , arna leasú le halt 21(4) den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , agus le halt 14 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 (seilbh ar arm tine nó lón lámhaigh le hintinn duine a chur i gcontúirt bháis nó díobháil mhór a dhéanamh do mhaoin) trí “fíneáil nó príosúnacht saoil nó iad araon” a chur in ionad “príosúnacht saoil”.

(2) Leasaítear leis seo alt 27A(1) d'Acht na nArm Tine, 1964 , a cuireadh isteach le halt 8 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , agus a leasaíodh le halt 14 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 (arm tine nó lón lámhaigh a shealbhú in imthosca amhrasacha) trí “fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná deich mbliana nó iad araon” a chur in ionad “príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná deich mbliana”.

(3) Leasaítear leis seo alt 3 den Explosive Substances Act, 1883, a cuireadh isteach le halt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , trí “a fine or imprisonment for life or both” a chur in ionad “imprisonment for life”.

(4) Leasaítear leis seo alt 4 den Explosive Substances Act, 1883, trí na focail go léir i bhfo-alt (1) ó “of felony” go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh agus trí “of an offence and shall be liable, on conviction on indictment, to a fine or imprisonment for a term not exceeding 14 years or both, and the explosive substance shall be forfeited.” a chur ina n-ionad.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí, 1997.

16. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht um Bannaí, 1997, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 25:

“25. Aon chion faoi na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1998.”.

Maoin a fhorghéilleadh.

17. —Leasaítear leis seo alt 61 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Más rud é—

(a) go mbeidh duine ciontaithe i gcion faoi alt 3 nó 4 den Explosive Substances Act, 1883, alt 15 d'Acht na nArm Teine, 1925 , nó alt 27A d'Acht na nArm Tine, 1964 , agus

(b) go bhféadfar ordú forghéillte a dhéanamh i gcás an duine sin de bhua fho-alt (1) den alt seo i leith maoine lena mbaineann an fo-alt sin,

déanfaidh an chúirt an t-ordú forghéillte, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, mura rud é, ag féachaint do na nithe a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo agus do chineál an chiona a mbeidh an duine ciontaithe ann agus dá thromaí atá an cion sin, gur deimhin léi go mbeadh baol tromaí éigeartais ann dá ndéanfadh sí an t-ordú.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Féadfaidh cúirt, le linn ordú forghéillte a dhéanamh, cibé forálacha a chur san áireamh san ordú sin, nó, de réir mar is gá sa chás, féadfaidh sí ordú a dhéanamh d'fhorlíonadh an ordaithe sin ina bhfuil cibé forálacha is dealraitheach di is gá chun aon leas i maoin duine seachas an ciontóir, ar maoin í is ábhar don ordú forghéillte, a chosaint.”.

Ré alt áirithe.

18. —(1) Faoi réir fho-alt (2), scoirfidh gach ceann de na hailt seo a leanas, eadhon ailt 2 go 12 agus 14 agus 17, de bheith i ngníomh amhail ar an agus ón 30ú lá de Mheitheamh, 2000, mura rud é go rithfidh gach Teach den Oireachtas rún lena mbeartófar gur ceart go leanfaidh an t-alt sin i ngníomh.

(2) Féadfar alt dá dtagraítear i bhfo-alt (1), a choimeád i ngníomh ó am go ham le rún arna rith ag gach Teach den Oireachtas roimh é a dhul in éag ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sna rúin.

(3) Sula ndéanfaidh ceachtar Teach den Oireachtas rún faoin alt seo i ndáil le halt a shonraítear i bhfo-alt (1) a rith, ullmhóidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí tuarascáil, agus cuirfidh sé nó sí faoi deara cóip di a leagan faoi bhráid an Tí sin, maidir le hoibriú an ailt le linn na tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith nó, de réir mar is cuí, dáta na tuarascála is déanaí roimhe sin faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an alt sin agus dar críoch tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta a thairgfear an rún sa Teach sin.

(4) D'fhonn amhras a sheachaint, aon achtachán a ndéantar leasú air le halt den Acht seo a scoireann de bheith i ngníomh amhail ar an agus ón lá dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó, de réir mar a bheidh, amhail ar agus ó dháta éagtha na tréimhse ar lena linn a choimeádfar i ngníomh é faoi fho-alt (2) (“an t-éag”), beidh feidhm aige agus beidh éifeacht leis amhail ar an agus ón lá sin nó, de réir mar a bheidh, amhail ar an agus ón éag, mar a bhí feidhm aige agus éifeacht leis díreach roimh dháta an Achta seo a rith ach sin faoi réir aon leasuithe a dhéanfar le haon Acht eile den Oireachtas tar éis an dáta rite sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

19. —(1) Féadfar an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1985, agus an tAcht seo (ar leith ó ailt 15 go 18) le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na Achtanna um Chiontaí in aghaidh an Stáit, 1939 go 1998, a ghairm díobh le chéile.