Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Sceidil atá le Cur Isteach sa Phríomh-Acht)

35 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 1998


AN tACHT UM CHOINBHINSIÚIN NA GINÉIVE (LEASÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

5.

Alt nua a chur in ionad alt 5 den Phríomh-Acht.

6.

Aird bhreithiúnach ar thuarascáil ón gCoimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras.

7.

Sceidil bhreise a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

8.

Aon fhorchoimeádas nó dearbhú maidir le Prótacal I nó Prótacal II a dheimhniú le hordú.

9.

Srian le húsáid sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta agus sainchomhairceanna eile.

10.

Rialacháin.

11.

Cártaí aitheantais d'iriseoirí.

12.

Cártaí faisnéise do leanaí a aslonnaítear.

13.

Leasú ar Achta na Croise Deirge, 1938 go 1954.

14.

Leasú ar Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956.

15.

Srian le feidhm alt 12 den Acht um Eiseachadadh, 1965 (cionta míleata).

16.

Ranníocaí leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras.

17.

Caiteachais.

18.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Sceidil atá le Cur isteach sa Phríomh-Acht


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1964

1964, Uimh. 5

An tAcht um Eiseachadadh, 1965

1965, Uimh. 17

An tAcht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962

1962, Uimh. 11

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict. c. 93

Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach

Naimhdeach, 1956

1956, Uimh. 27

Acht na Croise Deirge, 1938

1938, Uimh. 32

Acht na Croise Deirge, 1954

1954, Uimh. 28

Achta na Croise Deirge, 1938 go 1954

/images/harp.jpg


Uimhir 35 de 1998


AN tACHT UM CHOINBHINSIÚIN NA GINÉIVE (LEASÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DO NA PRÓTACAIL BHREISE A GHABHANN LE COINBHINSIÚIN NA GINÉIVE 1949 AGUS A GLACADH SA GHINÉIV AN 8 MEITHEAMH 1977 AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOINBHINSIÚIN NA GINÉIVE, 1962 , ACHTA NA CROISE DEIRGE, 1938 GO 1954, AGUS ALT 1 d'ACHT NA bPRÍOSÚNACH COGAIDH AGUS NA nEACHTRANNACH NAIMHDEACH, 1956 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [13 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 .

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 2:

“Léiriú

2.—San Acht seo—

ní fholaíonn ‘cúirt’ armchúirt;

ciallaíonn ‘Coimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras’ an Coimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras a bhunaítear faoi Airteagal 90 de Phrótacal I;

ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Gnóthaí Eachtracha;

ciallaíonn ‘imtheorannaí coimircithe’ duine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus i bPrótacal I agus a bheidh faoi imtheorannú sa Stát;

ciallaíonn ‘príosúnach cogaidh coimircithe’ duine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (lena n-áirítear duine a choimircítear mar phríosúnach cogaidh faoi Phrótacal I) nó duine atá i dteideal an choimircithe chéanna is atá príosúnach cogaidh faoi Phrótacal I;

ciallaíonn ‘an chumhacht choimirceach’ maidir le príosúnach cogaidh coimircithe nó le himtheorannaí coimircithe, an chumhacht nó an eagraíocht atá, ar mhaithe leis an gcumhacht dár náisiúnach é nó í, nó ar comhalta dá fórsaí é nó í, nó ar chomhalta díobh é nó í aon tráth iomchuí, ag comhlíonadh na ndualgas a shanntar do chumhachtaí coimirceacha faoin gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, faoin gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó faoi Phrótacal I;

ciallaíonn ‘Prótacal I’ an Prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, agus a bhaineann le hÍospartaigh Coinbhleachtaí Armtha Idirnáisiúnta a Choimirciú (Prótacal I) arna ghlacadh sa Ghinéiv an 8 Meitheamh 1977, a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn ‘Prótacal II’ an Prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, agus a bhaineann le hÍospartaigh Coinbhleachtaí Armtha Neamh-Idirnáisiúnta a Choimirciú (Prótacal II) arna ghlacadh sa Ghinéiv an 8 Meitheamh 1977, a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn ‘na Coinbhinsiúin Sceidealta’ na Coinbhinsiúin atá leagtha amach sna Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.”.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 3 (a bhaineann le sárú tromchúiseach ar na Coinbhinsiúin Sceidealta) den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (arna leasú le halt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1964 ):

“(1) Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó nó di, a dhéanfaidh, laistigh nó lasmuigh den Stát, sárú tromchúiseach ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nó ar Phrótacal I nó a chabhróidh nó a neartóidh lena dhéanamh nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfar é, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(a) i gcás sárú tromchúiseach ina ndéanfar duine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún nó leis an bPrótacal áirithe a mharú go toiliúil, dlífear príosúnacht saoil nó príosúnacht ar feadh aon téarma is giorra ná sin a chur air nó uirthi,

(b) i gcás aon sárú tromchúiseach eile, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 14 bliana a chur air nó uirthi.

(1A) Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó nó di, a mhainneoidh gníomhú, laistigh nó lasmuigh den Stát, agus é de dhualgas air nó uirthi gníomhú, chun duine eile a chosc ar shárú tromchúiseach a dhéanamh ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nó ar Phrótacal I, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú ar díotáil, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana a chur air nó uirthi.

(1B) Chun críocha an ailt seo—

(a) is sárú tromchúiseach ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta aon ní dá ngairtear sárú tromchúiseach ar an gCoinbhinsiún san Airteagal iomchuí, is é sin le rá—

(i) i gcás an Choinbhinsiúin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, Airteagal 50,

(ii) i gcás an Choinbhinsiúin atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, Airteagal 51,

(iii) i gcás an Choinbhinsiúin atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, Airteagal 130,

(iv) i gcás an Choinbhinsiúin atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, Airteagal 147, agus

(b) is sárú tromchúiseach ar Phrótacal I aon ní dá ngairtear sárú tromchúiseach ar an bPrótacal i mír 4 d'Airteagal 11, nó i mír 2, 3 nó 4 d'Airteagal 85, den Phrótacal.”.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 (a bhaineann le mionsárú ar na Coinbhinsiúin Sceidealta) den Phríomh-Acht—

(a) trí “nó ar Phrótacal I nó ar Phrótacal II” a chur isteach i ndiaidh “Coinbhinsiúin Sceidealta” i bhfo-alt (1),

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó nó di, a mhainneoidh gníomhú, laistigh den Stát, agus é de dhualgas air nó uirthi gníomhú, chun duine eile a chosc ar mhionsárú a dhéanamh ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nó ar Phrótacal I nó ar Phrótacal II, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”,

(c) trí “nó ar Phrótacal I nó ar Phrótacal II” a chur isteach i ndiaidh “Coinbhinsiúin Sceidealta” i bhfo-alt (2),

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Aon saoránach d'Éirinn a mhainneoidh gníomhú, lasmuigh den Stát, agus é de dhualgas air nó uirthi gníomhú, chun duine eile a chosc ar mhionsárú a dhéanamh ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nó ar Phrótacal I nó ar Phrótacal II, beidh sé nó sí ciontach i gcion.”,

(e) trí “12” a chur in ionad “sé” agus trí “£1,500” a chur in ionad “caoga punt” i mír (a) d'fho-alt (3),

(f) trí “£15,000” a chur in ionad “trí chéad punt” i mír (b) d'fho-alt (3), agus

(g) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) San alt seo ciallaíonn ‘mionsárú’—

(a) sárú ar fhoráil d'aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nó ar Phrótacal I nach sárú tromchúiseach ar an gCoinbhinsiún nó ar an bPrótacal sin é d'aon sórt dá luaitear san Airteagal iomchuí de dá dtagraítear in alt 3 den Acht seo, nó

(b) sárú ar Phrótacal II.”.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi alt 4 den Phríomh-Acht a thionscnamh laistigh de dhá bhliain ó dháta an chiona.

Alt nua a chur in ionad alt 5 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 5:

“Cruthúnas go bhfuil feidhm ag aon Choinbhinsiún Sceidealta nó ag Prótacal.

5.—Más rud é, in aon imeachtaí faoin Acht seo i leith aon sárú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nó ar Phrótacal I nó ar Phrótacal II, go n-éireoidh ceist faoi Airteagal 2 nó 3 d'aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nó Airteagal 1 nó 3 de Phrótacal I nó Airteagal 1 de Phrótacal II (a bhaineann leis na himthosca ina bhfuil feidhm ag na Coinbhinsiúin agus ag na Prótacail), is é nó is í an tAire a chinnfidh an cheist sin agus glacfar i bhfianaise deimhniú a airbheartóidh aon chinneadh den sórt sin a leagan amach agus a bheith sínithe ag an Aire nó thar ceann an Aire, agus measfar é a bheith sínithe amhlaidh, gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.”.

Aird bhreithiúnach ar thuarascáil ón gCoimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras.

6. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

“Aird bhreithiúnach ar thuarascáil ón gCoimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras.

5A. In aon imeachtaí faoin Acht seo, tabharfar aird bhreithiúnach ar thuarascáil ón gCoimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras, arna cur faoi bhráid na bPáirtithe faoi mhír 5 d'Airteagal 90 de Phrótacal I.”.

Sceidil bhreise a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Sceidil atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh an Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht mar an Cúigiú agus an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

Aon fhorchoimeádas nó dearbhú maidir le Prótacal I nó Prótacal II a dheimhniú le hordú.

8. —(1) Má bhíonn daingniú Phrótacal I nó Phrótacal II ag an Stát faoi réir aon fhorchoimeádais nó má bhíonn dearbhú ag gabháil leis—

(a) féadfaidh an tAire le hordú a dheimhniú go ndearnadh forchoimeádas nó dearbhú den sórt sin agus féadfaidh sé nó sí na téarmaí ina ndearnadh é a dheimhniú, agus

(b) déanfar an Prótacal a fhorléiriú, chun críocha an Achta seo, faoi réir agus de réir aon fhorchoimeádais nó dearbhaithe a bheidh deimhnithe amhlaidh.

(2) Má tharraingítear forchoimeádas nó dearbhú den sórt sin siar (go hiomlán nó go páirteach) féadfaidh an tAire le hordú an fíoras sin a dheimhniú agus aon ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo ina bhfuil téarmaí an fhorchoimeádais nó an dearbhaithe sin a chúlghairm nó a leasú.

Srian le húsáid sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta agus sainchomhairceanna eile.

9. —(1) Ní dleathach d'aon duine—

(a) seachas duine atá i mbun cosanta sibhialta, comhartha an triantáin ghoirm chomhshleasaigh ar chúlra flannbhuí a thimpeallaíonn é go hiomlán, arb é an sainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta é, a úsáid nó a chur ar taispeáint,

(b) seachas duine atá i mbun oibreacha nó suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha (de réir bhrí Airteagal 56 de Phrótacal I) a chosaint, an comhartha arb éard atá ann ná grúpa de thrí chiorcal gheal-fhlannbhuí de chóimhéid, a bheidh suite ar an ais chéanna, agus ga amháin d'fhad idir gach ciorcal, arb é an comhartha speisialta idirnáisiúnta é le haghaidh oibreacha agus suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha, a bhforáiltear dó i mír 7 den Airteagal sin, a úsáid nó a chur ar taispeáint, nó

(c) seachas duine atá ar ceangal le haonad nó le hiompróir liachta, aon cheann de na sainchomhairceanna a shonraítear in Airteagail 8 agus 9 de Chaibidil III d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Prótacal I, arb iad na comhairceanna aitheantais iad le haghaidh aonad agus iompróirí liachta, a úsáid.

(2) Ní dleathach d'aon duine, gan toiliú an Aire Cosanta, úsáid a bhaint, chun críche trádála nó gnó nó chun críche ar bith eile—

(a) as aon dearadh atá chomh cosúil sin leis an gcomhartha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) den alt seo gurbh fhéidir a cheapadh trí dhearmad gurb é an comhartha sin é,

(b) as aon dearadh atá chomh cosúil sin leis an gcomhartha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt seo gurbh fhéidir a cheapadh trí dhearmad gurb é an comhartha sin é, nó

(c) as aon chomhairc atá chomh cosúil sin le haon cheann de na comhairceanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (c) den alt seo gurbh fhéidir a cheapadh trí dhearmad gur ceann de na comhairceanna sin í.

(3) Níl feidhm ag an srian a leagtar síos le fo-alt (1) (a)(b)(2) (a)(b) den alt seo más rud é go mbaintear úsáid as comhartha de bhun cirt a fuarthas tríd an gcomhartha sin a úsáid roimh dháta rite an Achta seo.

(4) Féadfaidh an tAire Cosanta rialacháin a dhéanamh d'fhonn maoirsiú a dhéanamh ar thaispeáint an tsainchomhartha idirnáisiúnta cosanta sibhialta nó an chomhartha speisialta idirnáisiúnta le haghaidh oibreacha agus suiteálacha ina bhfuil fórsaí contúirteacha.

(5) Aon duine a sháróidh an t-alt seo nó rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

(6) Ar chiontú mar gheall ar chion faoin alt seo féadfaidh an Chúirt forghéilleadh aon chomhartha a úsáidtear i ndéanamh an chiona, nó aon ní ar a dtaispeántar an comhartha, a ordú.

(7) I gcás ina bhforghéillfear aon chomhartha faoin alt seo, déanfar an comhartha sin a dhiúscairt de réir ordacháin an Aire Cosanta agus déanfar aon airgead ó aon diúscairt den sórt sin a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais.

(8) I gcás cion faoin alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(9) In aon ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, nár thoiligh an tAire Cosanta le húsáid an chomhartha, an deartha nó na comhairce atá i gceist chun críche trádála nó gnó nó chun críche ar bith eile.

Rialacháin.

10. —(1) Féadfaidh an tAire Cosanta, gan dochar dá chumhacht nó dá cumhacht faoi alt 4 (arna leasú le halt 8 d'Acht na Croise Deirge, 1954 ) d'Acht na Croise Deirge, 1938, rialacháin a dhéanamh de réir fhorálacha aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, Phrótacal I nó Phrótacal II, de réir mar a bheidh, a mheasfaidh sé nó sí is gá ar mhaithe le haon cheann nó le gach ceann díobh seo a leanas:

(a) forordú a dhéanamh ar fhoirm bratach, feathal, comharthaí, comhairceanna, sloinníochtaí, dearaí, foclaíochtaí, éidí nó inchomharthaí lena n-úsáid d'fhonn éifeacht a thabhairt d'aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, do Phrótacal I nó do Phrótacal II agus a n-úsáid a rialáil,

(b) forordú a dhéanamh ar fhoirm cártaí aitheantais lena n-úsáid d'fhonn éifeacht a thabhairt d'aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, do Chaibidil I nó V d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Prótacal I agus a n-úsáid a rialáil,

(c) úsáid cibé bratacha, feathail, comharthaí, comhairceanna, éidí nó inchomharthaí a shonraítear i rialacháin a thoirmeasc, a shrianadh nó a ordú, d'fhonn éifeacht a thabhairt d'Airteagal 38 nó 39 de Phrótacal I nó d'Airteagal 12 de Phrótacal II.

(2) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh aon rialachán arna dhéanamh faoin alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

(3) Déanfar gach rialachán a dhéanfaidh an tAire Cosanta faoin alt seo nó faoi alt 9 (4) den Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(4) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an Aire Cosanta a bheith riachtanach a bheith i ngach rialachán a dhéantar faoin alt seo.

Cártaí aitheantais d'iriseoirí.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, thar ceann an Rialtais, chun críocha Airteagal 79 de Phrótacal I, cárta aitheantais, atá cosúil leis an múnla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal I, a eisiúint chuig iriseoir, dá dtagraítear san Airteagal sin, a mheasfaidh an tAire a bheith ag gabháil nó gur dócha dó nó di a bheith ag gabháil sa cháil sin do mhisin ghairmiúla chontúirteacha i limistéir coinbhleachta armtha.

(2) Féadfar cárta aitheantais a eiseofar chuig iriseoir faoin alt seo a eisiúint chuig an iriseoir faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

(3) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, táille a bheidh le híoc ag duine as cárta aitheantais a eisiúint faoin alt seo a shonrú i rialacháin.

Cártaí faisnéise do leanaí a aslonnaítear.

12. —Féadfaidh an tAire cárta a bhunú i leith linbh a aslonnaítear faoi Airteagal 78 de Phrótacal I, ar cárta é ar a mbeidh grianghraf den leanbh agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3 den Airteagal sin, agus cuirfear an cárta sin chuig Lár-Ghníomhaireacht Lorgaireachta Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.

Leasú ar Achta na Croise Deirge, 1938 go 1954.

13. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (1) d'Acht na Croise Deirge, 1938, trí “£1,500” a chur in ionad “deich bpúint”.

(2) Leasaítear leis seo Acht na Croise Deirge, 1954

(a) in alt 3, trí na mínithe seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Coinbhinsiún na Sibhialtach”:

“ciallaíonn ‘Prótacal I’ an Prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, agus a bhaineann le hÍospartaigh Coinbhleachtaí Armtha Idirnáisiúnta a Choimirciú (Prótacal I) arna ghlacadh sa Ghinéiv an 8 Meitheamh 1977;

ciallaíonn ‘Prótacal II’ an Prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, agus a bhaineann le hÍospartaigh Coinbhleachtaí Armtha Neamh-Idirnáisiúnta a Choimirciú (Prótacal II) arna ghlacadh sa Ghinéiv an 8 Meitheamh 1977;”,

(b) in alt 4(2)(a)(i), trí “, Chuid II de Phrótacal I agus Chuid III de Phrótacal II” a chur isteach i ndiaidh “Choinbhinsiún na nDaoine Gonta agus na nDaoine Tinne”,

(c) in alt 4(2)(a)(ii), trí “, Chuid II de Phrótacal I agus Chuid III de Phrótacal II” a chur isteach i ndiaidh “Choinbhinsiúin Mhuirí”,

(d) in alt 4(2)(b), trí “agus Chuid III de Phrótacal I” a chur isteach i ndiaidh “Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh”,

(e) in alt 4(2)(c), trí “, Chuid IV de Phrótacal I agus Chuid IV de Phrótacal II” a chur isteach i ndiaidh “Choinbhinsiún na Sibhialtach”,

(f) in alt 7(1)—

(i) i mír (b), i ndiaidh “Tinne,”, trí “agus” a scriosadh,

(ii) trí “Muirí, agus” a chur in ionad “Muirí.” i mír (c), agus

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(d) gach údarás nó sannadh a thabhairt dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 61 de Phrótacal I, nó gach saoráid a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 81 de Phrótacal I”,

agus

(g) in alt 7(2), trí “, coimisiún, sannadh nó saoráid” a chur in ionad “nó coimisiún”.

Leasú ar Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 .

14. —Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956

(a) i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Coinbhinsiún na Sibhialtach”:

“ciallaíonn ‘Prótacal I’ an Prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949, agus a bhaineann le hÍospartaigh Coinbhleachtaí Armtha Idirnáisiúnta a Choimirciú (Prótacal I) arna ghlacadh sa Ghinéiv an 8 Meitheamh 1977;”,

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Aon tagairt san Acht seo do phríosúnaigh chogaidh, is tagairt í, go príomha—

(a) do dhaoine atá, maidir leis an Stát agus le cogadh nó coinbhleacht armtha ina bhfuil an Stát páirteach, ina bpríosúnaigh chogaidh de réir bhrí Mhír A d'Airteagal 4 de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh nó mhír 1 d'Airteagal 44 de Phrótacal I nó atá, faoi mhír 4 den Airteagal sin, i dteideal coimircí is ionann ar gach slí agus iad sin a thugtar do phríosúnaigh chogaidh nó coinbhleachta armtha leis an gCoinbhinsiún agus leis an bPrótacal sin, agus

(b) do dhaoine atá, maidir leis an Stát agus le cogadh nach bhfuil an Stát páirteach ann, le háireamh, faoi threoir fhomhír (2) de Mhír B d'Airteagal 4 de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh, mar phríosúnaigh chogaidh faoin gCoinbhinsiún sin,

ach forléireofar freisin aon tagairt den sórt sin mar ní a fholaíonn tagairt do na daoine atá, maidir leis an Stát agus le cogadh nó coinbhleacht armtha ina bhfuil an Stát páirteach—

(i) tar éis gníomh cogaidh a dhéanamh agus, de bhun Airteagal 5 de Choinbhinsiún na bPríosúnach Cogaidh, atá le stádas príosúnach cogaidh faoin gCoinbhinsiún sin a bheith acu, nó

(ii) tar éis páirt a ghlacadh i gcogaíocht agus, de bhun Airteagal 45 de Phrótacal I, a bhfuil sé le toimhdiú maidir leo gur príosúnaigh chogaidh iad go dtí go gcinnfidh binse inniúil a stádas.

(2A) Aon tagairt san Acht seo do phríosúnaigh chogaidh folaíonn sí tagairt d'amhais (de réir bhrí Airteagal 47 de Phrótacal I) a bheidh tar éis titim faoi urláimh an Stáit, nó a bheidh glactha ar chríoch an Stáit, mar amhais.”.

Srian le feidhm alt 12 den Acht um Eiseachadadh, 1965 (cionta míleata).

15. —Níl feidhm ag an srian ar eiseachadadh a dheonú atá in alt 12 den Acht um Eiseachadadh, 1965 , i gcás ciona ar sárú tromchúiseach nó mionsárú é ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nó ar Phrótacal I nó ar mionsárú é ar Phrótacal II.

Ranníocaí leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras.

16. —Féadfaidh an tAire ranníocaí a íoc leis an gCoimisiún Idirnáisiúnta Aimsithe Fíoras, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi chomhair chaiteachais riaracháin an Choimisiúin, ar ranníocaí iad de cibé méideanna a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

Caiteachais.

17. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó an tAire Cosanta ag riaradh an Achta seo nó aon ní a bhaineann leis a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

18. —(1) Féadfar an tAcht um Choinbhinsiúin na Ginéive (Leasú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 agus 1998, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo (ar leith ó ailt 13 agus 14) le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Féadfar Achtanna na Croise Deirge, 1938 go 1998, a ghairm d'Achta na Croise Deirge, 1938 go 1954, agus d'alt 13 den Acht seo le chéile.

(4) Féadfar Achtanna na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 agus 1998, a ghairm d'Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 , agus d'alt 14 den Acht seo le chéile.

(5) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.