An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Ilghnéitheach)

33 1998

ACHT NA dTITHE (CÓIRÍOCHT DON LUCHT SIÚIL), 1998

CUID II

Clár Cóiríochta don Lucht Siúil

Údarás tithíochta iomchuí.

5. —(1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “údarás tithíochta iomchuí”—

(a) i gcás ceantair sláinte contae, comhairle an chontae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin suite,

(b) i gcás contaebhuirge, bardas na contaebhuirge,

(c) i gcás buirge, bardas na buirge,

(d) i gcás cheantair uirbeacha Bhré agus Dhún Dealgan, comhairlí faoi seach na gceantar uirbeach sin, agus

(e) i gcás aon cheantair uirbigh eile, comhairle an chontae ina bhfuil an ceantar uirbeach suite,

agus déanfar tagairtí do limistéar feidhme údaráis tithíochta iomchuí a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Beidh feidhm ag alt 23(3) d'Acht 1992 maidir le feidhm de chuid údaráis tithíochta iomchuí faoin Acht seo sa tslí chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le húdarás tithíochta.

Measúnacht ar riachtanais chóiríochta.

6. —(1) Déanfaidh údarás tithíochta iomchuí, le linn dóibh measúnacht a dhéanamh faoi alt 9 d'Acht 1988, de bhreis ar an measúnacht sin agus ag cibé tráthanna eile a shonróidh an tAire le hordachán, measúnacht ar an ngá atá le láithreáin sa limistéar feidhme lena mbaineann.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), beidh feidhm ag alt 9 d'Acht 1988, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le measúnacht faoin Acht seo.

(3) Chomh maith le fógra a thabhairt do na comhlachtaí a shonraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 9(4) d'Acht 1988, tabharfaidh údarás tithíochta iomchuí fógra don choiste comhairleach áitiúil á rá go bhfuil ar intinn acu measúnacht a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh údarás tithíochta iomchuí, le linn dóibh measúnacht a dhéanamh, aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas—

(a) an meastachán ar an lucht siúil dá dtagraítear i bhfo-alt (5),

(b) an gá atá le láithreáin le saoráidí teoranta dá dtagraítear in alt 13 d'Acht 1988 (arna leasú leis an Acht seo) i ndáil le patrúin bhliantúla ghluaiseachta an lucht siúil, seachas mar ghnáth-áit chónaithe dóibh, agus

(c) tuairimí, más ann, an choiste chomhairligh áitiúil lena mbaineann.

(5) Déanfaidh údarás tithíochta iomchuí meastachán ar líon na dteaghlach agus na líonta tí den lucht siúil a mbeidh cóiríocht ag teastáil dóibh laistigh den limistéar feidhme do thréimhse a shonróidh an tAire le hordachán.

(6) Déanfaidh údarás tithíochta arb é atá ann comhairle ceantair uirbigh (seachas Comhairle Cheantar Uirbeach Bhré agus Comhairle Cheantar Uirbeach Dhún Dealgan), i ndáil le measúnacht arna déanamh acu faoi alt 9 d'Acht 1988, cibé faisnéis maidir leis an lucht siúil, a shonróidh an tAire le hordachán, a chur ar fáil ón measúnacht do chomhairle an chontae ina bhfuil an ceantar uirbeach suite agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de thréimhse a shonróidh an tAire le hordachán.

(7) Déanfaidh údarás tithíochta iomchuí, le linn dóibh measúnacht a dhéanamh faoi alt 9 d'Acht 1988—

(a) a chur in iúl don choiste comhairleach áitiúil go bhfuil ar intinn acu an mheasúnacht a dhéanamh faoin alt sin, agus

(b) aird a thabhairt ar na nithe a shonraítear i míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (4).

Clár cóiríochta.

7. —(1) Glacfaidh údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta maidir lena limistéar feidhme tráth nach déanaí ná an dáta a shonróidh an tAire, nó laistigh de 21 lá ón dáta sin mar a fhoráiltear faoi alt 13 , agus sonróidh siad sa chlár cóiríochta sin riachtanais chóiríochta an lucht siúil agus an soláthar cóiríochta is gá chun freastal ar na riachtanais sin don tréimhse a shonraítear in alt 10 (1).

(2) Féadfaidh údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta a ghlacadh in éineacht le húdarás tithíochta iomchuí amháin nó níos mó do limistéir feidhme na n-údarás tithíochta iomchuí lena mbaineann agus beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) agus ag ailt 8 go 15 maidir le glacadh den sórt sin.

(3) Is feidhm fhorchoimeádta é údarás tithíochta iomchuí do ghlacadh cláir cóiríochta nó do leasú nó d'athsholáthar an chláir cóiríochta.

(4) Sonróidh an tAire dáta faoina nglacfaidh údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta.

Fógra i dtaobh cláir cóiríochta a thabhairt do chomhlachtaí áirithe.

8. —Sula ndéanfaidh údarás tithíochta iomchuí dréacht de chlár cóiríochta nó, más cuí, dréacht de leasú nó d'athsholáthar ar an gclár cóiríochta a ullmhú, tabharfaidh siad fógra i scríbhinn á rá go bhfuil ar intinn acu déanamh amhlaidh—

(a) d'aon údarás tithíochta iomchuí, i gcás limistéar feidhme an údaráis tithíochta iomchuí sin a bheith tadhlach le limistéar feidhme an údaráis tithíochta iomchuí atá ag ullmhú, ag leasú nó ag athsholáthar an chláir cóiríochta,

(b) do chomhairle cheantair uirbigh nach údarás tithíochta iomchuí í, i gcás limistéar feidhme na comhairle ceantair uirbigh sin a bheith laistigh de limistéar feidhme, nó tadhlach le limistéar feidhme, an údaráis tithíochta iomchuí atá ag ullmhú, ag leasú nó ag athsholáthar an chláir cóiríochta,

(c) do bhord sláinte, i gcás go gcuimsíonn limistéar feidhme an bhoird sláinte sin limistéar feidhme an údaráis tithíochta iomchuí atá ag ullmhú, ag leasú nó ag athsholáthar an chláir cóiríochta, nó i gcás go bhfuil sé tadhlach leis,

(d) don choiste comhairleach áitiúil lena mbaineann,

(e) do cibé comhlachtaí áitiúla pobail is cuí leis an údarás tithíochta iomchuí, agus

(f) do cibé comhlacht eile is cuí leis an údarás tithíochta iomchuí lena mbaineann, ag féachaint do na himthosca go léir, lena n-áirítear comhlachtaí saorálacha nó comhlachtaí neamh-bhrabúsacha atá ag gabháil do chóiríocht, dídean agus leas, nó d'aon cheann acu, a sholáthar sa limistéar feidhme lena mbaineann.

Fógra i dtaobh cláir cóiríochta a fhoilsiú.

9. —(1) Déanfaidh údarás tithíochta iomchuí, i cibé foirm a ordóidh an tAire, fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear i limistéar feidhme an údaráis tithíochta iomchuí sin á rá—

(a) go mbeartaíonn siad clár cóiríochta a ghlacadh, a leasú nó a athsholáthar,

(b) go bhfuil dréacht den chlár cóiríochta, nó dréacht den leasú nó den athsholáthar air, ar fáil lena iniúchadh ag tráthanna sonraithe le linn tréimhse sonraithe in oifigí an údaráis tithíochta iomchuí nó i cibé oifig eile a shonrófar, agus

(c) go dtabharfar aird ar aon aighneachtaí i scríbhinn a bheidh faighte ag an údarás tithíochta iomchuí i ndáil leis an dréacht-chlár cóiríochta, nó leis an dréacht den leasú nó den athsholáthar air, laistigh de 2 mhí ó fhoilsiú an fhógra.

(2) Laistigh de sheacht lá ó dháta foilsithe an fhógra faoi fho-alt (1) déanfaidh an t-údarás tithíochta iomchuí—

(a) cóip den fhógra agus den dréacht den chlár cóiríochta, nó den dréacht den leasú nó den athsholáthar air, a chur chuig na comhlachtaí ar tugadh fógra dóibh faoi alt 8 , agus

(b) socruithe a dhéanamh chun cóip den fhógra a chur ar taispeáint i cibé oifigí de chuid an údaráis tithíochta iomchuí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, is cuí leis an údarás tithíochta iomchuí.

(3) Cuirfidh údarás tithíochta iomchuí an dréacht-chlár cóiríochta, nó an dréacht den leasú nó den athsholáthar air, ar fáil lena iniúchadh ag an tráth agus le linn na tréimhse a shonraítear de bhun fho-alt (1).

Clár cóiríochta a ullmhú.

10. —(1) Déanfaidh údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta a ullmhú i leith tréimhse 5 bliana dar tosach dáta a shonróidh an tAire le hordachán agus beidh an clár sin i cibé foirm, agus beidh cibé faisnéis ann, a ordóidh an tAire agus ina dhiaidh sin déanfar é a ullmhú i leith gach tréimhse 5 bliana dá éis sin nó i leith gach tréimhse den sórt sin is giorra ná sin a ordóidh an tAire, agus glacfaidh an t-údarás tithíochta iomchuí é faoi cibé dáta a ordóidh an tAire nó de réir alt 17 .

(2) Le linn d'údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta nó athsholáthar air a ullmhú, déanfaidh siad na nithe seo a leanas—

(a) áireoidh siad ann an mheasúnacht is déanaí a rinne an t-údarás tithíochta iomchuí sin faoi alt 6 agus aon sonraí maidir le riachtanais chóiríochta an lucht siúil i measúnachtaí a rinneadh faoi alt 9 d'Acht 1988,

(b) áireoidh siad ann cibé sonraí i ndáil leis an lucht siúil a ordóidh an tAire agus atá sa mheasúnacht is déanaí a rinne údarás tithíochta faoi alt 9 d'Acht 1988, nó, i gcás go mbeidh an t-údarás tithíochta iomchuí ag ullmhú cláir cóiríochta den chéad uair, cibé sonraí a ordóidh an tAire maidir leis na riachtanais atá ag an lucht siúil le haghaidh cóiríochta i láithreáin a bheidh ar fáil don údarás tithíochta iomchuí nó is féidir leo a fháil,

(c) áireoidh siad ann ráiteas beartais an údaráis tithíochta iomchuí lena mbaineann i ndáil le freastal ar riachtanais chóiríochta an lucht siúil, lena n-áirítear na riachtanais chóiríochta dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b),

(d) sonróidh siad ann straitéis an údaráis tithíochta iomchuí lena mbaineann chun a áirithiú go gcuirfear an clár cóiríochta i ngníomh,

(e) áireoidh siad ann bearta a bheidh le cur i ngníomh ag an údarás tithíochta iomchuí lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, ag aon údarás tithíochta eile—

(i) i ndáil leis an réimse cóiríochta a sholáthar is gá chun freastal ar riachtanais chóiríochta a bheidh aitheanta,

(ii) i ndáil le cúnamh a sholáthar don lucht siúil chun cóiríocht a sholáthar dá n-úsáid féin,

(iii) i ndáil le cúnamh a sholáthar do chomhlacht atá arna cheadú faoi alt 6 d'Acht 1992 i leith cóiríocht don lucht siúil a sholáthar nó a bhainistí, agus

(iv) i ndáil le bainistí chuí na cóiríochta sin don lucht siúil, lena n-áirítear cúnamh faoi chomhair na bainistí sin, agus

(f) áireoidh siad ann aon nithe eile a shonrófar in ordacháin a eiseoidh an tAire ó am go ham.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), le linn d'údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta a ullmhú, beidh aird acu ar na nithe seo a leanas—

(a) na riachtanais a bheidh aitheanta faoi mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) agus aon ní a shonrófar faoi mhír (f) d'fho-alt (2),

(b) riachtanais ar leithligh agus dálaí teaghlaigh an lucht siúil,

(c) láithreáin a sholáthar chun freastal ar riachtanais chóiríochta an lucht siúil seachas mar ghnáth-áit chónaithe dóibh agus sin ag féachaint do phatrúin bhliantúla ghluaiseachta an lucht siúil, agus

(d) cibé nithe eile a shonróidh an tAire le hordachán ó am go ham.

(4) Féadfaidh údarás tithíochta iomchuí, tar éis dóibh na haighneachtaí a bheidh faighte de réir alt 9 (1)(c) a bhreithniú, cibé athruithe a dhéanamh ar an dréacht den chlár cóiríochta arna fhoilsiú de réir alt 9 (1) nó, más cuí, ar an dréacht den leasú nó den athsholáthar ar an gclár cóiríochta, is cuí leis an údarás tithíochta iomchuí.

Tuarascáil ón mbainisteoir.

11. —Déanfaidh bainisteoir údaráis tithíochta iomchuí, a luaithe is féidir tar éis an dáta faoina bhfuil na haighneachtaí dá dtagraítear in alt 9 (1)(c) le bheith faighte, tuarascáil a ullmhú ar na haighneachtaí a bheidh faighte de réir an ailt sin—

(a) ina mbeidh achoimre ar na nithe atá sna haighneachtaí sin,

(b) ina sonrófar ainmneacha na ndaoine a rinne na haighneachtaí sin,

(c) ina sonrófar freagra an údaráis tithíochta iomchuí lena mbaineann ar na haighneachtaí sin, agus

(d) ina gcuirfear in iúl cibé acu atá sé beartaithe dul ar aghaidh leis an dréacht den chlár cóiríochta nó den leasú nó den athsholáthar air, nó dul ar aghaidh leis an dréacht arna athrú nó arna mhodhnú ar dhóigh a bheidh curtha in iúl sa tuarascáil, nó gan dul ar aghaidh leis an dréacht-chlár cóiríochta sin.

Clár cóiríochta a chur faoi bhráid údaráis tithíochta iomchuí.

12. —Déanfaidh bainisteoir údaráis tithíochta iomchuí an dréachtchlár cóiríochta, nó an dréacht de leasú nó d'athsholáthar air, agus an tuarascáil dá dtagraítear in alt 11 a chur faoi bhráid chomhaltaí an údaráis tithíochta iomchuí tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh an dáta a shonróidh an tAire le haghaidh a ghlactha faoi alt 7 10, nó, más cuí, an dáta dá dtagraítear in alt 17 18, agus déanfaidh an t-údarás tithíochta iomchuí, a luaithe is féidir tar éis iad a bheith curtha faoina mbráid, cóip den dréacht sin a thabhairt do na comhlachtaí ar tugadh fógra dóibh faoi alt 8 .

Cruinniú a chur ar atráth.

13. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta iomchuí, faoi réir fho-alt (2), cruinniú den údarás tithíochta iomchuí sin, ag a mbeidh breithniú á dhéanamh ar an tairiscint chun an clár cóiríochta a ghlacadh, a leasú nó a athsholáthar, a chur ar atráth ó am go ham.

(2) Ní dhéanfaidh údarás tithíochta iomchuí cruinniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur ar atráth más ar lá is déanaí ná 21 lá tar éis an dáta a shonraítear le haghaidh an ghlactha faoi alt 7 10, nó, más cuí, tar éis an dáta dá dtagraítear in alt 17 18, a bheidh an t-atráth sin.

An bainisteoir do ghlacadh clár cóiríochta.

14. —I gcás ina mainneoidh údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta, nó leasú nó athsholáthar air, a ghlacadh faoin dáta a shonraítear le haghaidh an ghlactha sin faoi alt 7 10, nó, más cuí, faoin dáta dá dtagraítear in alt 17 18, nó laistigh den tréimhse 21 lá ón dáta sin dá dtagraítear in alt 13 , glacfaidh an bainisteoir, le hordú, an dréacht-chlár cóiríochta, nó an leasú nó an t-athsholáthar air, a cuireadh faoina mbráid de réir alt 12 , laistigh de mhí amháin ón dáta lena mbaineann, faoi réir aon mhodhnuithe is cuí i dtuairim an bhainisteora.

Clár cóiríochta a fhoilsiú.

15. —A luaithe is féidir tar éis clár cóiríochta, nó leasú nó athsholáthar air, a ghlacadh déanfaidh an t-údarás tithíochta iomchuí—

(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa limistéar feidhme lena mbaineann á rá—

(i) go bhfuiltear tar éis an clár cóiríochta, nó an leasú nó an t-athsholáthar air, a ghlacadh,

(ii) cé na tráthanna ag ar féidir, cén tréimhse inar féidir agus cén áit inar féidir cóip den chlár cóiríochta, nó den leasú nó den athsholáthar air, a iniúchadh, agus

(iii) gur féidir cóip den chlár cóiríochta, nó den leasú nó den athsholáthar air, nó cóip de shliocht as an gcéanna, a cheannach ar tháille a íoc nach mó ná na costais réasúnacha a ghabhann leis an gcóip sin a dhéanamh,

(b) socruithe a dhéanamh chun cóip den fhógra arna fhoilsiú faoi mhír (a) a chur ar taispeáint i cibé oifigí de chuid an údaráis tithíochta iomchuí, a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, is cuí leis an údarás tithíochta iomchuí, agus

(c) cóip den chlár cóiríochta, nó den leasú nó den athsholáthar air, a thabhairt—

(i) do chomhaltaí an údaráis tithíochta iomchuí,

(ii) don Aire, agus

(iii) do na comhlachtaí ar tugadh fógra dóibh faoi alt 8 .

Clár cóiríochta a chur i ngníomh.

16. —(1) Déanfaidh údarás tithíochta iomchuí, le linn dóibh a áirithiú go gcuirfear clár cóiríochta nó leasú nó athsholáthar ar chlár cóiríochta i ngníomh, aon bhearta réasúnacha is gá chun é a chur i ngníomh.

(2) Déanfaidh údarás tithíochta, seachas údarás tithíochta iomchuí, cibé bearta is gá chun tograí a chur i ngníomh do limistéar feidhme an údaráis tithíochta sin ar tograí iad a bheidh sonraithe i gclár cóiríochta, nó i leasú nó in athsholáthar air, a bheidh glactha ag an údarás tithíochta iomchuí nó faoi alt 14 do limistéar feidhme an údaráis tithíochta iomchuí sin ar laistigh de atá an t-údarás tithíochta sin suite.

(3) Le linn d'údarás tithíochta, seachas údarás tithíochta iomchuí, feidhm a chomhlíonadh i ndáil le cóiríocht a chur ar fáil don lucht siúil, beidh aird acu ar fhorálacha an chláir cóiríochta, nó ar leasú nó ar athsholáthar air, a bheidh glactha ag an údarás tithíochta iomchuí nó faoi alt 14 do limistéar feidhme an údaráis tithíochta iomchuí sin ar laistigh de atá an t-údarás tithíochta sin suite.

Clár cóiríochta a athbhreithniú, a leasú agus a athsholáthar.

17. —(1) Maidir le húdarás tithíochta iomchuí—

(a) déanfaidh siad clár cóiríochta a athbhreithniú uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse 3 bliana nó cibé tráth a shonróidh an tAire le hordachán ó am go ham, agus

(b) féadfaidh siad clár cóiríochta a athbhreithniú tráth ar bith le linn na tréimhse lena mbaineann an clár cóiríochta áirithe.

(2) Féadfaidh údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta a leasú nó a athsholáthar tráth ar bith nó tar éis athbhreithniú faoi fho-alt (1).

(3) I gcás ina mbeartaíonn údarás tithíochta iomchuí clár cóiríochta a leasú nó a athsholáthar, beidh dáta glactha an leasaithe nó an athsholáthair 7 mí tar éis fhoilsiú an fhógra faoi alt 9 .

An tAire agus cláir chóiríochta a ghlacadh.

18. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis tithíochta iomchuí lena mbaineann—

(a) a cheangal ar 2 údarás tithíochta iomchuí nó níos mó clár cóiríochta a ullmhú i gcomhpháirt agus é a ghlacadh faoi dháta a shonróidh an tAire, agus

(b) a cheangal, i gcás go bhfuil clár cóiríochta á ullmhú de réir alt 7 (2), go ndéanfaidh na húdaráis tithíochta iomchuí lena mbaineann an t-ullmhú agus an glacadh sin a chomhordú ar dhóigh, i ndáil le cibé nithe agus faoi dháta a shonróidh an tAire,

agus déanfaidh na húdaráis tithíochta iomchuí lena mbaineann aon cheanglas den sórt sin a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le húdarás tithíochta iomchuí, a cheangal ar an údarás tithíochta iomchuí sin clár cóiríochta a leasú nó a athsholáthar ar dhóigh agus faoi dháta a shonróidh an tAire agus déanfaidh an t-údarás tithíochta iomchuí lena mbaineann aon cheanglas den sórt sin a chomhlíonadh.

An Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil.

19. —(1) Déanfaidh an tAire coiste a cheapadh ar a dtabharfar an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Chóiríocht don Lucht Siúil (dá ngairtear “an Coiste Comhairleach Náisiúnta” san Acht seo) chun comhairle a thabhairt don Aire i ndáil le haon ní ginearálta a bhaineann le cóiríocht don lucht siúil agus le haon ní a tharchuirfidh an tAire chuige.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an Coiste Comhairleach Náisiúnta comhairle a thabhairt don Aire—

(a) i ndáil leis na bearta is mo is cuí chun feabhas a chur, ag an leibhéal áitiúil, ar chomhchomhairle leis an lucht siúil agus rannpháirteachas an lucht siúil nuair a bhíonn cóiríocht á cur ar fáil agus á bainistí, agus

(b) i ndáil le nithe ginearálta a bhaineann le hullmhú, le leordhóthanacht, le cur i ngníomh agus le comhordú clár cóiríochta don lucht siúil.

(3) Féadfaidh an tAire cibé tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin, cibé comhairle theicniúil agus ghairmiúil agus cibé cúnamh faoi chomhair taighde, is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí, a chur ar fáil don Choiste Comhairleach Náisiúnta.

(4) Socróidh an tAire dáta, am agus áit chéadchruinniú an Choiste Chomhairligh Náisiúnta.

(5) Féadfaidh an Coiste Comhairleach Náisiúnta a nós imeachta agus a ghnó féin a rialáil le buan-ordú nó ar shlí eile.

(6) Ní chuirfear imeachtaí an Choiste Chomhairligh Náisiúnta ó bhail de bharr aon fholúntas i measc an chomhaltais.

(7) Déanfaidh an Coiste Comhairleach Náisiúnta, i leith gach bliana agus faoi cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire maidir lena chuid gníomhaíochtaí le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(8) Féadfaidh an tAire caiteachais an Choiste Chomhairligh Náisiúnta a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Comhaltas an Choiste Chomhairligh Náisiúnta.

20. —(1) 12 chomhalta ar a mhéad a bheidh ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta.

(2) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta agus—

(a) duine amháin a bheidh ainmnithe don Aire ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí,

(b) duine amháin a bheidh ainmnithe don Aire ag Ardchomhairle na gComhairlí Contae,

(c) duine amháin a bheidh ainmnithe don Aire ag Comhlachas Údarás Bardasach na hÉireann,

(d) 2 dhuine a bheidh ainmnithe don Aire ag Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach,

(e) 3 dhuine a bheidh ainmnithe don Aire ag comhlachtaí atá ionadaitheach don lucht siúil agus a bhfuil baint acu le cóiríocht don lucht siúil de réir mar a chinnfidh an tAire,

(f) duine amháin as measc oifigigh an Aire ar státseirbhíseach bunaithe é nó í chun críocha Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, agus

(g) 2 dhuine a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí acu i ndáil le cóiríocht don lucht siúil nó a bhfuil baint acu le leas ginearálta an lucht siúil,

le bheith ina gcomhaltaí den Choiste Comhairleach Náisiúnta.

(3) Déanfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (2), nuair a iarrfaidh an tAire orthu é, an líon daoine a shonróidh an tAire a ainmniú lena meas chun a gceaptha ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta agus déanfaidh siad na hainmniúcháin sin de réir aon ordachán a thabharfaidh an tAire ó am go ham, lena n-áirítear aon ordacháin i ndáil le cothromaíocht chuí inscne, agus cuirfidh siad in iúl don Aire cé hiad na daoine a ainmneofar amhlaidh.

(4) Ní bheidh téarma oifige comhalta den Choiste Comhairleach Náisiúnta (lena n-áirítear an Cathaoirleach) níos faide ná 3 bliana.

(5) Féadfaidh an tAire comhalta den Choiste Comhairleach Náisiúnta a chur as oifig tráth ar bith más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta tar éis éirí éagumasach, de dheasca easláinte, ar pháirt éifeachtach a ghlacadh in obair an Choiste Chomhairligh Náisiúnta, nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe, nó más dealraitheach don Aire gur gá nó gurb inmhianaithe an comhalta sin a chur as oifig le go ndéanfaidh an Coiste Comhairleach Náisiúnta a fheidhmeanna faoi fho-ailt (1) agus (2) d'alt 19 a chomhlíonadh go héifeachtach.

(6) Féadfaidh comhalta den Choiste Comhairleach Náisiúnta éirí as a oifig nó as a hoifig aon tráth trí litir a bheidh dírithe chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a bheidh sonrathe inti nó an tráth a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

(7) Má éagann comhalta den Choiste Comhairleach Náisiúnta, nó má éiríonn comhalta as nó má chuirtear comhalta as oifig, féadfaidh an tAire duine a cheapadh, a bheidh ainmnithe sa tslí chéanna leis an gcomhalta ar tharla an corrfholúntas de bharr é nó í d'fháil bháis, d'éirí as nó a chur as oifig, chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste Comhairleach Náisiúnta chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh agus beidh duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ar tharla an corrfholúntas de bharr é nó í d'fháil bháis, d'éirí as nó a chur as oifig.

(8) Aon chomhalta den Choiste Comhairleach Náisiúnta a rachaidh a théarma nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire, lena n-áirítear comhalta a bheidh ceaptha chun corrfholúntas a líonadh de réir fho-alt (7), beidh sé nó sí in-athcheaptha mar chomhalta den Choiste Comhairleach Náisiúnta.

An coiste comhairleach áitiúil um chóiríocht don lucht siúil.

21. —(1) Déanfaidh údarás áitiúil (dá ngairtear “údarás ceapacháin” san alt seo agus in alt 22 ) coiste a cheapadh ar a dtabharfar an coiste comhairleach áitiúil um chóiríocht don lucht siúil (dá ngairtear “coiste comhairleach áitiúil” san Acht seo) chun comhairle a thabhairt maidir le cóiríocht don lucht siúil a chur ar fáil agus a bhainistí.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1), féadfaidh coiste comhairleach áitiúil—

(a) comhairle a thabhairt don údarás ceapacháin lena mbaineann,

(b) nuair a iarrfaidh údarás áitiúil seachas an t-údarás ceapacháin lena mbaineann air é, comhairle a thabhairt don údarás áitiúil sin i gcás limistéar feidhme an údaráis áitiúil sin a bheith tadhlach le limistéar feidhme an údaráis ceapacháin, agus

(c) i gcás ina mbeidh sé ceaptha ag comhairle contae, comhairle a thabhairt d'aon údarás tithíochta iomchuí i gcás limistéar feidhme an údaráis tithíochta iomchuí sin a bheith laistigh de limistéar riaracháin an chontae lena mbaineann.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó d'aon fhoráil eile den Acht seo, féadfaidh coiste comhairleach áitiúil—

(a) comhairle a thabhairt i ndáil le hullmhú agus le cur i ngníomh aon chláir cóiríochta do limistéar feidhme an údaráis ceapacháin lena mbaineann,

(b) comhairle a thabhairt maidir le cóiríocht don lucht siúil a bhainistí, agus

(c) idirchaidreamh a chur ar fáil idir an lucht siúil agus comhaltaí agus oifigigh an údaráis ceapacháin lena mbaineann.

(4) Féadfaidh an t-údarás ceapacháin cibé tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin, lena n-áirítear caiteachais agus costais eile, a chur ar fáil don choiste comhairleach áitiúil is dóigh leis an údarás ceapacháin sin is gá nó is cuí, ag féachaint d'aon ordacháin arna n-eisiúint ag an Aire.

(5) Féadfaidh an tAire ordacháin a eisiúint chuig údarás ceapacháin i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) líon agus comhdhéanamh an chomhaltais, lena n-áirítear cothromaíocht chuí inscne,

(b) tréimhse cheapacháin na gcomhaltaí,

(c) téarmaí tagartha an choiste chomhairligh áitiúil, agus

(d) seirbhísí agus tacaíocht,

agus déanfaidh an t-údarás ceapacháin lena mbaineann aon ordacháin den sórt sin a chomhlíonadh.

(6) Ní chuirfear imeachtaí coiste chomhairligh áitiúil ó bhail de bharr aon fholúntas i measc an chomhaltais.

(7) San alt seo agus in alt 22 , ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) i gcás contae riaracháin, comhairle an chontae, agus

(b) i gcás contaebhuirge, bardas contaebhuirge,

agus déanfar tagairtí do limistéar feidhme údaráis áitiúil a fhorléiriú dá réir sin.

Comhaltas an choiste chomhairligh áitiúil.

22. —(1) Ceapfaidh údarás ceapacháin, de réir aon ordachán arna n-eisiúint ag an Aire faoi alt 21 (5), cathaoirleach ar an gcoiste comhairleach áitiúil agus comhaltas an choiste sin, arb éard a bheidh ann na daoine seo a leanas—

(a) comhaltaí de chuid an údaráis ceapacháin lena mbaineann,

(b) oifigigh de chuid an údaráis ceapacháin lena mbaineann,

(c) ionadaithe don lucht siúil áitiúil agus do chomhlachtaí de chuid an lucht siúil, agus

(d) i gcás ina mbeidh coiste comhairleach áitiúil ceaptha ag comhairle contae, comhalta amháin ó gach údarás tithíochta iomchuí (más ann) laistigh den chontae riaracháin lena mbaineann,

agus ní mó líon na gcomhaltaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (d) ná leath chomhaltas an choiste chomhairligh áitiúil agus ní lú líon na n-ionadaithe dá dtagraítear i mír (c) ná an ceathrú cuid de chomhaltas an choiste chomhairligh áitiúil.

(2) Féadfaidh coiste comhairleach áitiúil a nós imeachta agus a ghnó féin a rialáil, le buan-ordú nó ar shlí eile.

(3) Is feidhm fhorchoimeádta é ceapachán a dhéanamh faoin alt seo.

Cóiríocht a chur ar fáil don lucht siúil i gcoitinne.

23. —Ní choiscfidh aon ní san Acht seo ar údarás tithíochta cóiríocht don lucht siúil a chur ar fáil, d'ainneoin nach bhfuil clár cóiríochta, a chuimsíonn limistéar feidhme an údaráis tithíochta sin, glactha faoin Acht seo.