32 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1998


ACHT NA nARM TINE (FORÁLACHA SEALADACHA), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Coinníollacha a bhaineann le deimhnithe airm tine a dheonú do dhaoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát.

2.

Coinníollacha a bhaineann le ceadúnais a dheonú nó a athnuachan faoi alt 29 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, do dhaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu lasmuigh den Stát.

3.

Gan feidhm a bheith ag an Acht maidir le himeachtaí áirithe.

4.

Gearrtheideal, forléiriú agus ré.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nArm Teine, 1925

1925, Uimh. 17

Acht na nArm Tine, 1964

1964, Uimh. 1

Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990

Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968

1968, Uimh. 20

An tAcht um Fhiadhúlra, 1976

1976, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1998


ACHT NA nARM TINE (FORÁLACHA SEALADACHA), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN LEASÚ A DHÉANAMH AR NA FORÁLACHA LENA RIALAÍTEAR NA TEORAINNEACHA AGUS NA SRIANTA AR DHEONÚ DEIMHNITHE AIRM TINE FAOI ALT 3 D'ACHT NA nARM TEINE, 1925 , AGUS AR DHEONÚ AGUS ATHNUACHAN CEADÚNAS FIAIGH FAOI ALT 29 DEN ACHT UM FHIADHÚLRA, 1976 , I LEITH DAOINE NACH bhFUIL GNÁTHCHÓNAÍ ORTHU SA STÁT, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [13 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Coinníollacha a bhaineann le deimhnithe airm tine a dheonú do dhaoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát.

1. —(1) D'ainneoin ailt 4 agus 8 (arna leasú le halt 17 d'Acht na nArm Tine, 1964 ) d'Acht na nArm Teine, 1925 , agus faoi réir an ailt seo, is é an tuairim a bheidh ag an Aire, sula ndeonóidh sé nó sí deimhniú airm tine do dhuine nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, gur iarratas bona fide an t-iarratas agus nach bhfuil aon chúis mhaith ann chun diúltú an deimhniú a dheonú.

(2) Ní dheonófar deimhniú airm tine do dhuine nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát agus nach bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige nó aici.

(3) Féadfaidh an tAire, chun a shuíomh nach bhfuil aon chúis mhaith ann chun diúltú deimhniú airm tine a dheonú, déileáil le haon cheann de na nithe seo a leanas mar fhianaise prima facie ar oiriúnacht maidir le deonú a dhéanamh amhlaidh:

(a) más rud é go bhfuil cónaí ar dhuine i mBallstát den Chomhphobal Eorpach seachas an Stát, aon Phas Airm Tine Eorpach arna eisiúint go cuí chuig an duine sin lena mbaineann míreanna (4) agus (5) de Rialachán 7 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Airm agus Armlón a Fháil agus a Shealbhú), 1993 (I.R. Uimh. 362 de 1993), nó

(b) in aon chás, aon chead, ceadúnas, údarú nó doiciméad eile arna eisiúint go cuí ag údarás nó comhlacht cuí lasmuigh den Stát a mheasfaidh an tAire a bheith inghlactha.

(4) Féadfaidh an tAire cibé fiosrúcháin is cuí leis nó léi a dhéanamh maidir le haon iarratasóir nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát a bheith oiriúnach i gcomhair deimhnithe airm tine.

(5) Féadfaidh an tAire, de réir mar a mheasfaidh sé nó sí is gá, cibé coinníollacha, más ann, a chur ag gabháil le haon deimhniú airm tine a dheonófar do dhuine nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát.

(6) Féadfaidh an tAire aon tráth deimhniú airm tine arna dheonú do dhuine nach bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát a chúlghairm más dóigh leis nó léi go bhfuil sealbhóir an deimhithe sin ina dhuine nó ina duine nach féidir a cheadú dó nó di arm tine a bheith ina sheilbh nó ina seilbh gan sábháilteacht an phobail nó an tsíocháin a chur i mbaol.

(7) San alt seo, ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

Coinníollacha a bhaineann le ceadúnais a dheonú nó a athnuachan faoi alt 29 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 , do dhaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu lasmuigh den Stát.

2. —(1) D'ainneoin fho-alt (3) d'alt 29 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 , agus faoi réir an ailt seo, is é an tuairim a bheidh ag an Aire, sula ndéanfaidh sé nó sí ceadúnas a dheonú faoi fho-alt (2), nó ceadúnas a athnuachan faoi fho-alt (6), den alt sin, do dhuine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, gur iarratas bona fide an t-iarratas agus nach bhfuil aon chúis mhaith ann chun diúltú an deimhniú a dheonú nó a athnuachan.

(2) Féadfaidh an tAire, chun a shuíomh nach bhfuil aon chúis mhaith ann chun diúltú ceadúnas faoi alt 29 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 , a dheonú nó a athnuachan, déileáil le haon cheann de na nithe seo a leanas mar fhianaise prima facie ar oiriúnacht maidir le deonú nó athnuachan a dhéanamh amhlaidh:

(a) más rud é go bhfuil cónaí ar dhuine i mBallstát den Chomhphobal Eorpach seachas an Stát, aon Phas Airm Tine Eorpach arna eisiúint go cuí chuig an duine sin lena mbaineann míreanna (4) agus (5) de Rialachán 7 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Airm agus Armlón a Fháil agus a Shealbhú), 1993 (I.R. Uimh. 362 de 1993), nó

(b) in aon chás, aon chead, ceadúnas, údarú nó doiciméad eile arna eisiúint go cuí ag údarás nó comhlacht cuí lasmuigh den Stát a mheasfaidh an tAire a bheith inghlactha.

(3) Féadfaidh an tAire cibé fiosrúcháin is cuí leis nó léi a dhéanamh maidir le haon iarratasóir a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát a bheith oiriúnach i gcomhair ceadúnais faoi alt 29 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 .

(4) San alt seo, ciallaíonn “an tAire” an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Gan feidhm a bheith ag an Acht maidir le himeachtaí áirithe.

3. —Más rud é, in aon imeachtaí—

(a) go mbeidh cinneadh déanta ag cúirt, roimh an Acht seo a rith, maidir le bailíocht aon deimhnithe airm tine arna dheonú, nó a airbheartaítear a bheith deonaithe, faoi alt 3 (arna leasú le hAcht na nArm Tine, 1964 , agus alt 62 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 ) d'Acht na nArm Teine, 1925 , nó maidir le bailíocht aon cheadúnais chun fiach le harm tine arna dheonú nó arna athnuachan, nó a airbheartaítear a bheith deonaithe nó athnuaite, faoi alt 29 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 , nó

(b) go ndéanfaidh cúirt cinneadh den sórt sin, tar éis an tAcht seo a rith, agus gur tosaíodh na himeachtaí lena mbaineann roimh an Acht seo a rith,

ansin ní bheidh éifeacht leis an Acht seo i ndáil le deonú sin, nó le deonú airbheartaithe sin, an deimhnithe, nó i ndáil le deonú nó athnuachan sin, nó le deonú nó athnuachan airbheartaithe sin, an cheadúnais, de réir mar a bheidh.

Gearrtheideal, forléiriú agus ré.

4. —(1) Féadfar Acht na nArm Tine (Forálacha Sealadacha), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990 (seachas Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968 ) agus an tAcht seo (seachas alt 2 den Acht seo) a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

(3) Déanfar an tAcht um Fhiadhúlra, 1976 , agus an tAcht seo (seachas alt 1 den Acht seo) a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

(4) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, rachaidh an tAcht seo in éag ar an lá atá 12 mhí tar éis dháta a rite.

(5) Féadfaidh an Rialtas, le hordú a dhéanfar sula rachaidh an tAcht seo in éag, an tAcht seo a choimeád i ngníomh ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná 12 mhí ón dáta a scoirfeadh an tAcht seo d'éifeacht a bheith leis, murach an t-ordú) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh siad san ordú.