Ar Aghaidh (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta)

26 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 1998


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1998


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus comhlua.

2.

Léiriú.

3.

Foráil i ndáil le horduithe.

4.

Aisghairm.

5.

Caiteachais an Aire agus an Aire Airgeadais.

CUID II

Bord na Móna, cuideachta phoiblí theoranta

6.

An lá dílseacháin.

7.

Foirmiú Bhord na Móna, cuideachta phoiblí theoranta.

8.

Ainm agus foirmiú caipitil na Cuideachta.

9.

Foirm mheabhrán comhlachais na Cuideachta.

10.

Foirm airteagail chomhlachais na Cuideachta.

11.

Srian le hathrú ar an meabhrán comhlachais nó ar na hairteagail chomhlachais.

12.

Scair a eisiúint chuig an Aire.

13.

Scaireanna a eisiúint chuig sínitheoirí mheabhrán comhlachais na Cuideachta.

14.

Oibleagáid ar scairshealbhóirí áirithe scaireanna a theachtadh ar iontaobhas.

15.

Scaireanna a aistriú chuig an Aire Airgeadais.

16.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cumhachtaí i leith scaireanna.

17.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

18.

Stiúrthóirí.

19.

Cathaoirleach na Cuideachta.

20.

Téarmaí agus coinníollacha oifige an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile.

21.

Íocaíocht ón Aire Airgeadais leis an gCuideachta.

22.

An Chuideachta agus fochuideachtaí d'fháil iasachtaí.

23.

An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí.

24.

Cuntais agus iniúchtaí.

25.

Iniúchóir na Cuideachta.

26.

An Stiúrthóir Bainistíochta.

27.

Aird a thabhairt ar nithe áirithe le linn luach saothair na foirne a chinneadh.

28.

Aoisliúntas stiúrthóirí lánaimsire.

29.

Aoisliúntas fhoireann na Cuideachta agus na bhfochuideachtaí.

30.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

31.

Stiúrthóirí agus comhaltaí fhoireann na Cuideachta agus na bhfochuideachtaí do nochtadh leasanna áirithe.

32.

Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.

33.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a chur ar fáil don Aire.

CUID III

Fochuideachtaí

34.

Foirmiú agus clárú na bhfochuideachtaí.

35.

Lá an aistrithe.

36.

Príomhchuspóirí na bhfochuideachtaí.

37.

Cuspóirí breise na bhfochuideachtaí.

38.

Foirm mheabhrán comhlachais na bhfochuideachtaí.

39.

Foirm airteagail chomhlachais na bhfochuideachtaí.

40.

Srian le meabhráin chomhlachais nó le hairteagail chomhlachais fochuideachtaí a athrú.

41.

Foirmiú caipitil na bhfochuideachtaí.

42.

Cathaoirligh na bhfochuideachtaí.

43.

Stiúrthóirí na bhfochuideachtaí.

44.

Téarmaí agus coinníollacha oifige chathaoirligh agus stiúrthóirí na bhfochuideachtaí.

45.

Iniúchóirí na bhfochuideachtaí.

46.

Foireann na bhfochuideachtaí.

47.

Maoin a aistriú chuig na fochuideachtaí.

48.

Na fochuideachtaí d'úsáid thalamh na Cuideachta.

49.

Cearta agus dliteanais a aistriú chuig na fochuideachtaí.

50.

Achtacháin a oiriúnú.

CUID IV

Ilghnéitheach.

51.

Foireann an Bhoird a aistriú chuig an gCuideachta.

52.

Sócmhainní agus dliteanais an Bhoird a aistriú chuig an gCuideachta.

53.

Comhaltaí den fhoireann do chomhlíonadh fheidhmeanna na Cuideachta agus na bhfochuideachtaí.

54.

Caomhnú conarthaí leanúnacha áirithe agus oiriúnú tagairtí don Bhord i ndoiciméid áirithe.

55.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh agus ar páirtí iontu an Bord.

56.

An comhshaol agus an oidhreacht seandálaíochta a chosaint.

57.

Bord na Móna a dhíscaoileadh.

58.

Feidhm na nAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1995.

59.

Feidhm na nAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993.

60.

Feidhm forálacha áirithe de chuid na nAchtanna Cánach.

61.

Srian leis an Acht Talún, 1965.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990

An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1995

1995, Uimh. 35

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht Talún, 1965

1965, Uimh. 2

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 1991

An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997

1997, Uimh. 20

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1991

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht Forbartha Móna, 1946

1946, Uimh. 10

An tAcht Forbartha Móna, 1953

1953, Uimh. 19

An tAcht Forbartha Móna, 1957

1957, Uimh. 10

An tAcht Forbartha Móna, 1990

1990, Uimh. 22

Na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1995

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993

Na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 26 de 1998


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CUIDEACHTA PHOIBLÍ A FHOIRMIÚ AGUS A CHLÁRÚ FAOI ACHTANNA NA gCUIDEACHTAÍ, 1963 GO 1990, CHUN GNÓ BHORD NA MÓNA A SHEOLADH, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE DÍSCAOILEADH BHORD NA MÓNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [7 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: