An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Athbhreithnithe agus Pleananna Gníomhaíochta Comhionannais agus Athbhreithniú ar Reachtaíocht)

21 1998

AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998

CUID VII

Leigheasanna eile agus Forfheidhmiú

Réamhráiteach

Léiriú (Cuid VII).

74. —(1) Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

tá le “an gearánach” an bhrí a thugtar le halt 77(4);

déanfar “oifigeach idirghabhála comhionannais” agus “oifigeach comhionannais” a fhorléiriú de réir fho-ailt (3) agus (4) d'alt 75;

ciallaíonn “an Treoir um Pá Comhionann” Treoir Uimh. 75/117/CEE ón gComhairle faoi chomhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feidhmiú an phrionsabail um pá comhionann d'fhir agus do mhná;

ciallaíonn “an Treoir um Chóir Chomhionann” Treoir Uimh. 76/207/CEE ón gComhairle faoi chur i ngníomh an phrionsabail um chóir chomhionann a chur ar fhir agus ar mhná i dtaca le rochtain ar fhostaíocht, gairmoiliúint agus ardú céime, agus coinníollacha oibre;

tá le “an freagróir” an bhrí a thugtar le halt 77(4);

déanfar “íospairt” a fhorléiriú de réir fho-alt (2).

(2) Chun críocha na Coda seo, tarlaíonn íospairt i gcás go ndearnadh an gearánach a dhífhostú nó a phionósú ar shlí eile d'aon toisc nó go formhór toisc go ndearna an gearánach, de mheon macánta—

(a) sásamh a lorg faoin Acht seo nó faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo mar gheall ar idirdhealú nó mar gheall ar mhainneachtain téarma luach saothair chomhionainn nó clásal comhionannais (nó téarma nó clásal dá shamhail faoi aon achtachán aisghairthe den sórt sin) a chomhlíonadh,

(b) trí mhodhanna dleathacha cur i gcoinne gnímh atá neamhdhleathach faoin Acht seo nó a bhí neamhdhleathach faoi aon achtachán aisghairthe den sórt sin,

(c) fianaise a thabhairt in aon imeachtaí coiriúla nó imeachtaí eile faoin Acht seo nó faoi aon achtachán aisghairthe den sórt sin, nó

(d) fógra a thabhairt faoi é a bheith beartaithe aon ní a luaitear i míreanna (a) go (c) a dhéanamh.

Imscrúduithe Comhionannais

An Stiúrthóir Imscrúduithe Comhionannais agus oifigigh eile.

75. —(1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, duine a cheapadh ina Stiúrthóir Imscrúduithe Comhionannais chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a thugtar don Stiúrthóir leis an Acht seo nó faoi nó le haon achtachán eile nó faoi.

(2) Is é a bheidh in oifig an Stiúrthóra an Stiúrthóir agus cibé foireann, faoi réir fho-alt (3), a cheapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun cabhrú leis an Stiúrthóir i gcomhall fheidhmeanna an Stiúrthóra; agus beidh an Stiúrthóir agus na daoine a cheapfar amhlaidh ar fhoireann an Stiúrthóra faoi réir Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996.

(3) Aon duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, i seilbh oifige mar oifigeach comhionannais de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, beidh an duine sin, ar an tosach feidhme sin agus de bhua an fho-ailt seo, mar oifigeach comhionannais, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Stiúrthóra.

(4) Féadfaidh an Stiúrthóir, as measc fhoireann an Stiúrthóra—

(a) daoine a cheapadh le bheith ina n-oifigigh chomhionannais, agus

(b) daoine a cheapadh, lena n-áirítear iad sin atá ina n-oifigigh chomhionannais (cibé acu de bhua fho-alt (3) nó de bhua a gceaptha faoi mhír (a)) le bheith ina n-oifigigh idirghabhála comhionannais,

agus féadfaidh an Stiúrthóir aon fheidhm, a thugtar don Stiúrthóir leis an Acht seo nó faoi nó le haon achtachán eile nó faoi, a tharmligean chun oifigigh comhionannais nó chun oifigigh idirghabhála comhionannais.

(5) Beidh an Stiúrthóir, na hoifigigh idirghabhála comhionannais agus na hoifigigh chomhionannais neamhspleách i gcomhlíonadh a gcuid feidhmeanna.

(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dhéanfaidh tarmligean feidhme faoi fho-alt (4) difear do chumhacht leanúnach an Stiúrthóra an fheidhm sin a fheidhmiú i gcomhthráth leis an oifigeach ar dó nó di a tharmligtear í.

(7) Más rud é, maidir leis an bhfeidhm arb éard í cás a bheidh tarchurtha chuig an Stiúrthóir faoi alt 77 a éisteacht, go mbeidh an fheidhm sin tarmligthe faoi fho-alt (4) ag an Stiúrthóir chun oifigigh—

(a) measfar go n-áirítear sa tarmligean an chumhacht chun breith a eisiúint sa chás,

(b) ní fhéadfaidh an Stiúrthóir an fheidhm a fheidhmiú i gcomhthráth, agus

(c) ní fhéadfar an tarmligean a chúlghairm ná a athrú ach amháin ar an oifigeach ar dó nó di a tarmligeadh an fheidhm á iarraidh sin nó má tá imthosca eisceachtúla ann a choisceann ar an oifigeach sin gníomhú (nó leanúint de bheith ag gníomhú).

(8) Déanfaidh an Stiúrthóir, laistigh de 6 mhí ó thosach gach bliana féilire, tuarascáil a thabhairt don Aire maidir le gníomhaíochtaí oifig an Stiúrthóra i leith na bliana féilire roimhe sin, nó i gcás na chéad bhliana féilire ina raibh sí i mbun gnímh, i leith an chuid sin den bhliain féilire ina raibh an oifig i mbun gnímh.

Sásamh

Ceart chun faisnéise.

76. —(1) D'fhonn cabhrú le duine (“X”) a mheasfaidh—

(a) gur féidir go ndearna duine eile (“Y”) idirdhealú in aghaidh X de shárú ar an Acht seo nó gur féidir go ndearna an duine eile sin X a dhífhostú nó a phionósú ar shlí eile in imthosca arbh ionann iad agus íospairt,

(b) nach bhfuil duine eile (“Y”), atá freagrach as luach saothair a thabhairt do X, ag tabhairt an luach saothair sin mar a cheanglaítear le téarma luach saothair chomhionainn, nó

(c) nach bhfuil duine eile (“Y”), a bhfuil conradh fostaíochta ag X leis nó léi, tar éis sochar faoi chlásal comhionannais sa chonradh sin a thabhairt do X,

a chinneadh an ndéanfaidh sé nó sí an ní a tharchur faoi aon fhoráil d'alt 77, agus i gcás tarchuir den sórt sin, cás X a fhoirmliú agus a thíolacadh ar an modh is éifeachtaí, féadfaidh an tAire le rialacháin foirmeacha a fhorordú—

(i) trína bhféadfaidh X ceisteanna a chur ar Y chun faisnéis ábhartha a fháil, agus

(ii) trína bhféadfaidh Y, más mian le Y, aon cheisteanna a fhreagairt.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) go (7), is “faisnéis ábhartha” faisnéis chun críocha an ailt seo más é atá inti—

(a) faisnéis maidir leis na cúiseanna atá ag Y aon ghníomh iomchuí a dhéanamh nó gan é a dhéanamh agus maidir le haon chleachtais nó nósanna imeachta atá ábhartha maidir le haon ghníomh den sórt sin,

(b) faisnéis, seachas faisnéis faoi rún, maidir le luach saothair daoine eile nó leis an gcaoi a ndéileáiltear le daoine eile atá, i ndáil le Y, sa chás céanna le X nó i gcás dá shamhail, nó

(c) faisnéis eile nach faisnéis faoi rún í agus a bhfuil sé réasúnach, in imthosca an cháis atá i gceist, í a bheith ag teastáil ó X.

(3) I bhfo-alt (2) ciallaíonn “faisnéis faoi rún” aon fhaisnéis a bhaineann le pearsa aonair áirithe, ar féidir í a aithint mar fhaisnéis a bhaineann leis an bpearsa aonair sin agus nach n-aontaíonn an phearsa aonair sin lena nochtadh.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a cheanglaíonn ar Y nó ar aon duine eile—

(a) aon teistiméireacht (nó aon chóip den chéanna nó sliocht as an gcéanna) nó aon tuarascáil (nó cóip den chéanna nó sliocht as an gcéanna) a bhaineann le carachtar aon duine (lena n-áirítear X), nó le hoiriúnacht an duine sin le haghaidh fostaíochta, a chur ar fáil, nó

(b) an t-ábhar atá i dteistiméireacht nó i dtuarascáil den sórt sin a nochtadh.

(5) I gcás ina measfaidh duine gur féidir go ndearna—

(a) Coimisinéirí na Státseirbhíse, i gcúrsa próisis earcaíochta nó roghnóireachta, seachas ceann atá ceaptha earcú nó roghnú a dhéanamh as a bhfoireann féin amháin agus le haghaidh a bhfoirne féin amháin,

(b) na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, i gcúrsa próisis earcaíochta nó roghnóireachta, seachas ceann atá ceaptha earcú nó roghnú a dhéanamh as a bhfoireann féin amháin agus le haghaidh a bhfoirne féin amháin,

(c) an tAire Cosanta, i gcúrsa próisis earcaíochta le haghaidh Óglaigh na hÉireann, nó

(d) Coimisinéir an Gharda Síochána, i gcúrsa próisis earcaíochta le haghaidh an Gharda Síochána,

idirdhealú ina aghaidh nó ina haghaidh nó gur féidir go ndearnadh idirdhealú ina aghaidh nó ina haghaidh i gcúrsa agallaimh arna sheoladh thar ceann an chéanna, ní mheasfar gur faisnéis ábhartha chun críocha an ailt seo faisnéis má bhaineann sí le cumarsáidí le comhairleoirí seachtracha d'aon duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) nó má théann sí thar an bhfaisnéis cheadaithe a shonraítear i bhfo-alt (6).

(6) Chun críocha fho-alt (5), i ndáil le próiseas earcaíochta nó roghnóireachta, is faisnéis cheadaithe í faisnéis má léiríonn sí na hiarrthóirí ar éirigh leo agus nár éirigh leo—

(a) faoi threoir a ngnéis, nó

(b) i dtéarmaí na bhforas idirdhealaitheach in alt 28 (1), faoi threoir na ndaoine sin a bhfuil an tsainghné iomchuí chéanna le C nó an tsainghné iomchuí chéanna le D acu.

(7) Ní dochar an t-alt seo d'fhorálacha eile an Achta seo a bhaineann le faisnéis a fháil.

An fóram le haghaidh sásamh a lorg.

77. —(1) Aon duine a éileoidh—

(a) go ndearna duine eile idirdhealú ina aghaidh nó ina haghaidh de shárú ar an Acht seo,

(b) nach bhfuil sé nó sí ag fáil luach saothair de réir téarma luach saothair chomhionainn,

(c) nach bhfuil sé nó sí ag fáil sochair faoi chlásal comhionannais, nó

(d) gur pionósaíodh é nó í in imthosca arb ionann iad agus íospairt,

féadfaidh sé nó sí, faoi réir fho-ailt (2) go (8), sásamh a lorg tríd an gcás a tharchur chuig an Stiúrthóir.

(2) Más rud é go n-éileoidh duine gur dífhostaíodh é nó í—

(a) in imthosca arb ionann iad agus idirdhealú ag duine eile de shárú ar an Acht seo, nó

(b) in imthosca arb ionann iad agus íospairt,

ansin, faoi réir fho-alt (3), féadfar éileamh ar shásamh sa dífhostú a thabhairt chun na Cúirte Oibreachais agus ní chun an Stiúrthóra a thabharfar é.

(3) Má éiríonn forais le haghaidh éilimh den sórt sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(2)-

(a) faoi Chuid III,

(b) in aon imthosca eile (lena n-áirítear imthosca arb ionann iad agus íospairt) arb iomchuí maidir leo an Treoir um Pá Comhionann nó an Treoir um Chóir Chomhionann,

ansin, faoi réir fho-ailt (4) go (8), féadfaidh an duine a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh aige nó aici sásamh a lorg tríd an gcás a tharchur chuig an gCúirt Chuarda, in ionad é a tharchur chuig an Stiúrthóir faoi fho-alt (1) nó, de réir mar a bheidh, chuig an gCúirt Oibreachais faoi fho-alt (2).

(4) Sa Chuid seo, i ndáil le cás a tharchuirfear faoi aon fhoráil den alt seo—

(a) ciallaíonn “an gearánach” an duine a tharchuirfidh é, agus

(b) ciallaíonn “an freagróir” an duine a líomhnófar gurb é nó gurb í a rinne idirdhealú in aghaidh an ghearánaigh nó, de réir mar a bheidh, atá freagrach as an luach saothair lena mbaineann an téarma luach saothair chomhionainn a thabhairt nó atá freagrach as an sochar faoin gclásal comhionannais a thabhairt nó a líomhnófar a bheith freagrach as an íospairt.

(5) Faoi réir fho-alt (6), ní fhéadfar éileamh ar shásamh maidir le hidirdhealú nó le híospairt a tharchur faoin alt seo i ndiaidh dheireadh na tréimhse 6 mhí ón dáta ar tharla nó, de réir mar is gá sa chás, ón dáta is déanaí ar tharla an gníomh idirdhealúcháin nó íospartha lena mbaineann an cás.

(6) Más rud é, ar iarratas arna dhéanamh ag an ngearánach, gur deimhin leis an Stiúrthóir, leis an gCúirt Oibreachais nó, de réir mar a bheidh, leis an gCúirt Chuarda, nárbh fhéidir, de bharr imthosca eisceachtúla, cás an ghearánaigh (seachas éileamh nach bhfuil luach saothair á fháil de réir théarma luach saothair chomhionainn) a tharchur laistigh den teorainn ama i bhfo-alt (5)

(a) féadfaidh an Stiúrthóir, an Chúirt Oibreachais nó an Chúirt Chuarda, de réir mar a bheidh, a ordú, i ndáil leis an gcás sin, go mbeidh éifeacht le fo-alt (5) amhail is dá ndéanfaí tagairt do cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a bheidh sonraithe san ordachán a chur in ionad na tagartha do thréimhse 6 mhí, agus

(b) i gcás go dtabharfar ordachán den sórt sin, beidh éifeacht leis an gCuid seo dá réir sin.

(7) Más rud é, maidir le héileamh an ghearánaigh ar shásamh, go mbaineann sé le hidirdhealú—

(a) ag Coimisinéirí na Státseirbhíse, i gcúrsa próisis earcaíochta nó roghnóireachta den sórt dá dtagraítear in alt 76 (5)(a),

(b) ag na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, i gcúrsa próisis earcaíochta nó roghnóireachta den sórt dá dtagraítear in alt 76 (5)(b),

(c) ag an Aire Cosanta, i gcúrsa próisis earcaíochta le haghaidh Óglaigh na hÉireann, nó

(d) ag Coimisinéir an Gharda Síochána, i gcúrsa próisis earcaíochta le haghaidh an Gharda Síochána,

déanfaidh an gearánach, ar an gcéad ásc, an t-éileamh ar shásamh a tharchur chuig na Coimisinéirí lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, chuig an Aire Cosanta nó chuig Coimisinéir an Gharda Síochána.

(8) I gcás go mbaineann fo-alt (7) le héileamh ar shásamh maidir le hidirdhealú, ní fhéadfaidh an gearánach an cás a tharchur faoi fho-alt (1), (2)(3) mura rud é—

(a) gur mhainnigh na Coimisinéirí lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, an tAire Cosanta nó Coimisinéir an Gharda Síochána, breith a thabhairt ar an éileamh ar nó roimh an ochtú lá is fiche tar éis a tharchurtha, nó

(b) nach bhfuil an gearánach sásta leis an mbreith a tugadh ar an éileamh,

agus, i gcás lena mbaineann mír (a)(b), déanfar deireadh na tréimhse ama is infheidhme faoi fho-alt (5) (lena n-áirítear, más cuí, an tréimhse ama is infheidhme faoin bhfo-alt sin faoi threoir fho-alt (6)) a fhorléiriú—

(i) mar dheireadh na tréimhse sin, nó

(ii) mar dheireadh na tréimhse 28 lá ó dháta éagtha na tréimhse dá dtagraítear i mír (a) nó ó dháta na breithe dá dtagraítear i mír (b),

cibé acu is déanaí a tharlóidh.

(9) Mas rud é—

(a) maidir le héileamh ar shásamh a bhaineann le fostaíocht in Óglaigh na hÉireann, go n-éiríonn sé faoi Chuid III nó in aon imthosca eile (lena n-áirítear imthosca arb ionann iad agus íospairt) arb iomchuí maidir leo an Treoir um Pá Comhionann nó an Treoir um Chóir Chomhionann, agus

(b) gur comhalta d'Óglaigh na hÉireann an gearánach,

ansin déanfar, ar an gcéad ásc, an t-éileamh ar shásamh a tharchur faoin nós imeachta atá leagtha amach in alt 104 .

(10) I gcás go mbaineann fo-alt (9) le héileamh ar shásamh, ní dhéanfaidh an gearánach cás a tharchur faoi fho-alt (1), (2)(3) mura rud é—

(a) go mbeidh tréimhse 12 mhí caite tar éis an tarchur faoi alt 104 lena mbaineann an t-éileamh a dhéanamh agus nár iarradh na nósanna imeachta faoi alt 104(2)(a) nó nár cuireadh i gcrích iad, nó

(b) nach bhfuil an gearánach sásta leis an moladh a tugadh faoi alt 104(2)(b) ar an éileamh,

agus, i gcás lena mbaineann mír (a)(b), déanfar deireadh na tréimhse ama is infheidhme faoi fho-alt (5) (lena n-áirítear, más cuí, an tréimhse ama is infheidhme faoin bhfo-alt sin faoi threoir fho-alt (6)) a fhorléiriú—

(i) mar dheireadh na tréimhse sin, nó

(ii) mar dheireadh na tréimhse 28 lá ó dháta éagtha na tréimhse dá dtagraítear i mír (a) nó ó dháta an mholta dá dtagraítear i mír (b),

cibé acu is déanaí a tharlóidh.

Idirghabháil.

78. —(1) Faoi réir fho-alt (3), más rud é, tráth ar bith tar éis cás a bheith tarchurtha chuig an Stiúrthóir faoi alt 77 (1), gur dealraitheach don Stiúrthóir gur cás é a d'fhéadfaí a réiteach trí idirghabháil, déanfaidh an Stiúrthóir an cás a tharchur chuig oifigeach idirghabhála comhionannais le haghaidh idirghabhála.

(2) Faoi réir fho-alt (3), más rud é, tráth ar bith tar éis cás a bheith tarchurtha chuig an gCúirt Oibreachais faoi alt 77 (2), gur dealraitheach don Chúirt Oibreachais gur cás é a d'fhéadfaí a réiteach trí idirghabháil, déanfaidh an Chúirt Oibreachais—

(a) iarracht a dhéanamh an cás a réiteach sa tslí sin í féin, nó

(b) an cás a tharchur chuig an Stiúrthóir le haghaidh idirghabhála ag oifigeach idirghabhála comhionannais.

(3) Más rud é go gcuireann an gearánach nó an freagróir in aghaidh déileáil le cás trí idirghabháil, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt Oibreachais, a gcuid cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú ach déileálfaidh siad leis an gcás faoi alt 79 .

(4) Déanfar idirghabháil, cibé acu is oifigeach idirghabhála comhionannais nó an Chúirt Oibreachais a dhéanfaidh í, a sheoladh go príobháideach.

(5) I gcás go ndéanfar cás arna tharchur faoi alt 77 a réiteach trí idirghabháil—

(a) ullmhóidh an t-oifigeach idirghabhála comhionannais lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt Oibreachais, taifead i scríbhinn de théarmaí na socraíochta,

(b) síneoidh an gearánach agus an freagróir an taifead i scríbhinn de théarmaí na socraíochta,

(c) déanfaidh an t-oifigeach idirghabhála comhionannais lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt Oibreachais, cóip den taifead i scríbhinn, arna shíniú amhlaidh, a chur chuig an ngearánach agus chuig an bhfreagróir, agus

(d) coimeádfaidh an Stiúrthóir nó an Chúirt Oibreachais, de réir mar is gá sa chás, cóip den taifead i scríbhinn.

(6) Más rud é—

(a) tar éis cás a bheith tarchurtha chuig oifigeach idirghabhála comhionannais faoi fho-alt (1)(2)(b), nó

(b) tar éis don Chúirt Oibreachais iarracht a dhéanamh cás a réiteach faoi fho-alt (2)(a),

gur dealraitheach don oifigeach idirghabhála comhionannais nó, de réir mar a bheidh, don Chúirt Oibreachais nach féidir an cás a réiteach trí idirghabháil, déanfaidh an t-oifigeach sin nó an Chúirt sin fógra á rá sin a eisiúint chuig an ngearánach agus chuig an bhfreagróir.

(7) Más rud é—

(a) gur eisíodh fógra faoi fho-alt (6) i leith cáis,

(b) laistigh de 28 lá ó eisiúint an fhógra sin, go ndéanfaidh an gearánach iarratas chuig an Stiúrthóir nó, de réir mar a bheidh, chuig an gCúirt Oibreachais go n-athchromfaí ar éisteacht an cháis, agus

(c) más oifigeach idirghabhála comhionannais a d'eisigh an fógra, go mbeidh cóip den fhógra sin ag gabháil leis an iarratas faoi mhír (b),

rachaidh an Stiúrthóir nó an Chúirt Oibreachais, de réir mar is gá sa chás, ar aghaidh leis an gcás nó, de réir mar a bheidh, leanfaidh sé nó sí de bheith ag déileáil leis an gcás faoi alt 79 .

Imscrúduithe ag an Stiúrthóir nó ag an gCúirt Oibreachais.

79. —(1) Más rud é, maidir le cás a bheidh tarchurtha chuig an Stiúrthóir nó chuig an gCúirt Oibreachais faoi alt 77

(a) nach cás é a ndéileálfar leis trí idirghabháil faoi alt 78 , nó

(b) gur cás é a ndéileálfar leis faoin alt seo de bhua alt 78 (7),

déanfaidh an Stiúrthóir nó an Chúirt Oibreachais, de réir mar a bheidh, an cás a imscrúdú agus éisteacht a thabhairt do gach duine ar dealraitheach don Stiúrthóir nó don Chúirt sin leas a bheith acu san ábhar agus ar mian leo éisteacht a fháil.

(2) Is go príobháideach a sheolfar imscrúdú faoin alt seo mura rud é, ar cheann de na páirtithe in imscrúdú arna dhéanamh ag an gCúirt Oibreachais á iarraidh sin, go gcinnfidh an Chúirt sin an t-imscrúdú, nó cibé méid de nach dealraitheach don Chúirt sin gur chóir déileáil leis i modh rúin, a sheoladh go poiblí.

(3) Más rud é, i gcás a tharchuirfear ar an bhforas nach bhfuil an gearánach ag fáil luach saothair de réir théarma luach saothair chomhionainn, go n-éireoidh ceist i dtaobh na rátaí éagsúla luach saothair lena mbaineann an cás a bheith dleathach de bhua alt 19 (5)29(5), féadfaidh an Stiúrthóir a ordú go ndéanfar an cheist sin a imscrúdú mar réamh-shaincheist agus rachaidh sé nó sí ar aghaidh dá réir sin.

(4) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), féadfaidh an tAire na nithe seo a leanas a shonrú le rialacháin—

(a) nósanna imeachta atá le leanúint ag an Stiúrthóir nó, de réir mar a bheidh, ag an gCúirt Oibreachais le linn imscrúduithe (nó imscrúduithe d'aon tuairisc) a sheoladh faoin alt seo, agus

(b) teorainneacha ama is infheidhme maidir le himscrúduithe den sórt sin, lena n-áirítear nósanna imeachta chun na teorainneacha sin a fhadú in imthosca áirithe,

ach, sula ndéanfaidh sé nó sí aon rialacháin den sórt sin, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an gCúirt Oibreachais, leis an Údarás agus leis an Stiúrthóir; agus ní dhéanfar aon rialacháin den sórt sin a bhainfidh le feidhmeanna na Cúirte Oibreachais ach amháin le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

(5) Mura rud é go measann an Stiúrthóir nó an Chúirt Oibreachais gur gá sin a dhéanamh chun imscrúdú a thabhairt chun críche go cuí, ní lorgófar faisnéis ná ní rachfar i muinín faisnéise chun críche imscrúdaithe faoin alt seo (nó chun críche aon achomhairc dá éis sin) má bhaineann sí le cumarsáidí le comhairleoirí seachtracha d'aon duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) d'alt 76(5) nó más ó na cumarsáidí sin a fhaightear í.

(6) Ar imscrúdú faoin alt seo a thabhairt chun críche (lena n-áirítear imscrúdú ar réamh-shaincheist faoi fho-alt (3)), déanfaidh an Stiúrthóir breith a eisiúint nó, de réir mar a bheidh, déanfaidh an Chúirt Oibreachais cinneadh agus, más i bhfabhar an ghearánaigh atá an bhreith nó an cinneadh—

(a) déanfar foráil ann nó inti maidir le sásamh de réir alt 82 , nó

(b) i gcás breithe ar réamh-shaincheist faoi fho-alt (3), déanfar imscrúdú ina dhiaidh sin ar an tsaincheist shubstainteach.

Tarchuir chuig an gCúirt Chuarda.

80. —(1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás go dtarchuirfear cás chuig an gCúirt Chuarda faoi alt 77 (3); agus is tagairt do na himeachtaí ar an tarchur aon tagairt i bhfo-ailt (2) go (5) den alt seo do na himeachtaí.

(2) Is é nó is í an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil cónaí ar an bhfreagróir nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha de ghnáth, a fheidhmeoidh dlínse na Cúirte Cuarda.

(3) Beidh feidhm ag alt 79 (3) i ndáil le tarchur chuig an gCúirt Chuarda amhail mar atá feidhm aige i ndáil le tarchur chuig an Stiúrthóir, ach tagairt don Chúirt Chuarda a chur in ionad na tagartha don Stiúrthóir.

(4) Má iarrann an Chúirt Chuarda ar an Stiúrthóir déanamh amhlaidh, déanfaidh sé nó sí oifigeach comhionannais a ainmniú chun aon cheist a shonróidh an Chúirt Chuarda agus a éiríonn as an tarchur (lena n-áirítear, go háirithe, aon cheist i dtaobh daoine a bheith fostaithe chun an cineál céanna oibre a dhéanamh) a imscrúdú agus tuarascáil a ullmhú ina leith.

(5) I gcás go n-ullmhófar tuarascáil don Chúirt Chuarda faoi fho-alt (4), ansin, faoi réir aon ordachán ón gCúirt Chuarda—

(a) tabharfaidh an t-oifigeach comhionannais cóip den tuarascáil don ghearánach agus don fhreagróir agus d'aon duine eile lena mbaineann sí,

(b) glacfar an tuarascáil i bhfianaise sna himeachtaí, agus

(c) gan dochar do chumhacht na Cúirte Cuarda a cheangal ar an oifigeach comhionannais a d'ullmhaigh an tuarascáil freastal ar na himeachtaí agus fianaise a thabhairt iontu, féadfaidh an gearánach nó an freagróir glaoch ar an oifigeach comhionannais mar fhinné sna himeachtaí.

Iarmhairtí de dhroim mainneachtain faisnéis a sholáthar etc.

81. —Más rud é, i gcúrsa imeachtaí ar tharchur faoi alt 77 (3) nó i gcúrsa imscrúdaithe faoi alt 79 , gur dealraitheach don Chúirt Chuarda, don Stiúrthóir nó don Chúirt Oibreachais, de réir mar a bheidh—

(a) gur mhainnigh an freagróir faisnéis a sholáthar ar faisnéis í a lorg an gearánach trí cheisteanna faoi alt 76 agus a bhí i seilbh nó faoi chumhacht an fhreagróra, nó

(b) go raibh an fhaisnéis a sholáthair an freagróir, mar fhreagra ar aon cheist den sórt sin, bréagach nó míthreorach nó thairis sin nárbh fhaisnéis í de shórt a theastaigh le réasún ón ngearánach d'fhonn an cinneadh dá dtagraítear in alt 76 (1) a dhéanamh,

féadfaidh an Chúirt Chuarda, an Stiúrthóir nó an Chúirt Oibreachais (de réir mar is gá sa chás) cibé tátail a mheasfar a bheith cuí a bhaint as an mainneachtain an fhaisnéis a sholáthar nó, de réir mar a bheidh, faisnéis mar a luaitear i mír (b) a sholáthar.

Sásamh is inordaithe.

82. —(1) Faoi réir an ailt seo, is iad na cineálacha sásaimh ar féidir foráil a dhéanamh dóibh le breith ón Stiúrthoir faoi alt 79 cibé cineál amháin nó níos mó díobh seo a leanas is cuí in imthosca an cháis áirithe:

(a) ordú le haghaidh cúitimh i bhfoirm riaráistí luach saothair (is inchurtha i leith mainneachtain luach saothair comhionann a thabhairt) i leith cibé méid den tréimhse fostaíochta dar tosach tráth nach luaithe ná 3 bliana roimh dháta an tarchurtha faoi alt 77 (1) ba bhun leis an mbreith;

(b) ordú le haghaidh luach saothair chomhionainn ón dáta dá dtagraítear i mír (a);

(c) ordú le haghaidh cúitimh in éifeachtaí gníomhartha idirdhealaithe nó íospartha a tharla tráth nach luaithe ná 6 bliana roimh dháta tarchurtha an cháis faoi alt 77 ;

(d) ordú le haghaidh córa comhionainne i cibé slí is iomchuí maidir leis an gcás;

(e) ordú go ndéanfaidh duine nó daoine a bheidh sonraithe san ordú bearta a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Is iad na cineálacha sásaimh ar féidir foráil a dhéanamh dóibh le cinneadh ón gCúirt Oibreachais faoi alt 79 cibé cineál amháin nó níos mó díobh seo a leanas is cuí in imthosca an cháis áirithe:

(a) na horduithe dá dtagraítear i míreanna (c) go (e) d'fho-alt (1);

(b) ordú le haghaidh athfhostú nó athfhruiliú, i dteannta nó d'éagmais ordaithe le haghaidh cúitimh.

(3) Is iad na cineálacha sásaimh ar féidir leis an gCúirt Chuarda foráil a dhéanamh dóibh ar tharchur faoi alt 77 (3) cibé cineál amháin nó níos mó díobh seo a leanas is cuí in imthosca an cháis áirithe:

(a) ordú le haghaidh cúitimh i bhfoirm riaráistí luach saothair (is inchurtha i leith mainneachtain luach saothair comhionann a thabhairt) i leith cibé méid den tréimhse fostaíochta dar tosach tráth nach luaithe ná 6 bliana roimh dháta an tarchurtha;

(b) ordú le haghaidh luach saothair chomhionainn ó dháta an tarchurtha;

(c) na horduithe dá dtagraítear i míreanna (c) go (e) d'fho-alt (1);

(d) ordú le haghaidh athfhostú nó athfhruiliú, i dteannta no d'éagmais ordaithe le haghaidh cúitimh,

agus ní mheasfar go gcuireann aon achtachán a bhaineann le dlínse na Cúirte Cuarda teorainn le méid an chúitimh nó an luach saothair a fhéadfaidh an Chúirt Chuarda a ordú de bhua an fho-ailt seo.

(4) Is é an méid uasta a fhéadfaidh an Stiúrthóir nó an Chúirt Oibreachais a ordú mar chúiteamh faoi fho-alt (1)(c) nó a fhéadfaidh an Chúirt sin a ordú faoi fho-alt (2)(b), in aon chás ina raibh an gearánach ag fáil luach saothair ar dháta tarchurtha an cháis nó, má ba luaithe é. dáta an dífhostaithe. méid is comhionann—

(a) le 104 oiread mhéid an luach saothair sin, arna chinneadh ar bhonn seachtainiúil, nó

(b) i gcás gur mó é, le 104 oiread an mhéid, arna chinneadh ar bhonn seachtainiúil, a bheadh faighte ag an ngearánach ar an dáta sin murach an gníomh idirdhealaithe nó íospartha áirithe sin,

agus in aon chás eile, £10,000.

(5) Más rud é go ndéanfar an cás a bhfuil an sásamh le tabhairt ina leith a tharchur chuig an Stiúrthóir nó chuig an gCúirt Oibreachais agus go n-éiríonn an cás—

(a) faoi Chuid III, nó

(b) in aon imthosca eile (lena n-áirítear imthosca arb ionann iad agus íospairt) arb iomchuí maidir leo an Treoir um Pá Comhionann nó an Treoir um Chóir Chomhionann,

féadfaidh an Stiúrthóir nó an Chúirt Oibreachais, de réir mar a bheidh, i dteannta ordú le haghaidh cúitimh a dhéanamh, a ordú freisin go n-íocfar ús, de réir an ráta is infheidhme faoi alt 22(1) d'Acht na gCúirteanna, 1981

(i) i leith mhéid iomlán an chúitimh nó aon chuid de, agus

(ii) i leith na tréimhse dar tosach an dáta iomchuí agus dar críoch dáta na híocaíochta,

agus, chun críocha fhomhír (ii), ciallaíonn “an dáta iomchuí” an chéad lá den tréimhse (más ann) a bhfuil sé sainráite go bhfuil an cúiteamh inchurtha ina leith nó, murab ann do thréimhse den sórt sin, dáta an tarchurtha faoi alt 77 (1).

Achomhairc ón Stiúrthóir chun na Cúirte Oibreachais.

83. —(1) Tráth nach déanaí ná 42 lá ó dháta aon bhreithe ón Stiúrthóir faoi alt 79 , féadfaidh an gearánach nó an freagróir achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais le fógra i scríbhinn ina sonrófar forais an achomhairc.

(2) Déanfaidh an Chúirt Oibreachais achomharc faoin alt seo a éisteacht go príobháideach mura rud é, ar cheann de na páirtithe á iarraidh, go gcinnfidh sí an t-achomharc, nó cibé méid de nach dóigh léi gur chóir déileáil leis i modh rúin, a sheoladh go poiblí.

(3) Beidh feidhm ag na hachtacháin seo a leanas maidir le hachomharc faoin alt seo:

(a) alt 14 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 (meisiúnaithe teicniúla a cheapadh); agus

(b) alt 21 den Acht sin agus alt 56 den Acht Caidrimh Thionscail, 1990 (finnéithe a thoghairm etc.).

(4) Ina cinneadh ar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt Oibreachais foráil a dhéanamh d'aon sásamh a bhféadfaí foráil a dhéanamh dó leis an mbreith a ndearnadh achomharc ina haghaidh (ach rogha na Cúirte Oibreachais a chur in ionad rogha an Stiúrthóra).

(5) Más cinneadh i bhfabhar an ghearánaigh cinneadh na Cúirte Oibreachais ar achomharc in aghaidh breithe ón Stíurthóir ar réamhshaincheist faoi alt 79 (3), déanfar an cás a tharchur ar ais chuig an Stiúrthóir le haghaidh imscrúdaithe ar an tsaincheist shubstainteach.

(6) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, na nithe seo a leanas a shonrú le rialacháin—

(a) nósanna imeachta atá le leanúint ag an gCúirt Oibreachais le linn achomhairc a sheoladh faoin alt seo, agus

(b) teorainneacha ama is infheidhme maidir le hachomhairc den sórt sin, lena n-áirítear nósanna imeachta chun na teorainneacha sin a fhadú in imthosca áirithe,

ach, sula ndéanfaidh sé nó sí aon rialacháin den sórt sin, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an gCúirt Oibreachais, leis an Údarás agus leis an Stiúrthóir.

Tarchuir chuig an Stiúrthóir ag an gCúirt Oibreachais.

84. —(1) I gcás ina dtarchuirfear cás chuig an gCúirt Oibreachais faoi alt 77 agus go measfaidh an Chúirt sin go mba chabhair di, agus cinneadh á dhéanamh aici, imscrúdú arna dhéanamh ag an Stiúrthóir, féadfaidh an Chúirt Oibreachais gach ní nó aon ní de na nithe a bheidh i saincheist sa chás a tharchur chuig an Stiúrthóir; agus, i gcás ina ndéanfar tarchur den sórt sin, déanfaidh an Stiúrthóir na nithe a tharchuirfear amhlaidh a imscrúdú agus tuarascáil ar an gcéanna a chur faoi bhráid na Cúirte Oibreachais.

(2) I gcás ina ndéanfar achomharc chun na Cúirte Oibreachais faoi alt 83 agus go measfaidh sí go mba chabhair di, agus cinneadh á dhéanamh aici ar an achomharc, a cuid cumhachtaí faoin bhfo-alt seo a fheidhmiú, féadfaidh an Chúirt Oibreachais gach ní nó aon ní de na nithe a bheidh i saincheist san achomharc a tharchur chuig an Stiúrthóir le haghaidh imscrúdú breise nó, de réir mar is cuí, athimscrúdú; agus, i gcás ina ndéanfar tarchur den sórt sin, déanfaidh an Stiúrthóir an t-imscrúdú breise nó an t-imscrúdú nua ar na nithe a tharchuirfear amhlaidh a sheoladh agus tuarascáil ar an gcéanna a chur faoi bhráid na Cúirte Oibreachais.

(3) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Oibreachais aon nithe a tharchur chuig an Stiúrthóir faoi fho-alt (1)(2)

(a) féadfaidh sí a himscrúdú ar an gcás áirithe sin nó, de réir mar a bheidh, éisteacht an achomhairc aici a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, nó é a chur ar atráth, go dtí go bhfaighfear tuarascáil ón Stiúrthóir, agus

(b) déanfaidh sí tuarascáil an Stiúrthóra maidir leis na nithe a bheidh tarchurtha a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aici.

(4) Más rud é, ar achomharc faoi alt 83 , go gcinnfidh an Chúirt Oibreachais gur chóir an bhreith ón Stiúrthóir atá i gceist a chur ar ceal, féadfaidh sí freisin, tríd an gcinneadh uaithi, an ní atá i saincheist a tharchur ar ais chuig an Stiúrthóir le haghaidh imscrúdú nua agus le haghaidh breithe faoi alt 79 .

Cumhachtaí forfheidhmithe an Údaráis.

85. —(1) I gás gur dealraitheach don Údarás—

(a) go bhfuil idirdhealú nó íospairt á chleachtadh nó á cleachtadh i gcoitinne in aghaidh daoine nó go bhfuil cleachtas dá dtagraítear in alt 8 (4) á fheidhmiú nó á oibriú.

(b) gur tharla idirdhealú nó íospairt i ndáil le duine áirithe nach bhfuil tarchur faoi alt 77 déanta aige nó aici i ndáil leis an idirdhealú nó leis an íospairt agus nach bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go ndéanfadh an duine sin tarchur den sórt sin,

(c) go bhfuil mainneachtain á déanamh téarma luach saothair chomhionainn nó clásal comhionannais a chomhlíonadh cibé acu i ngnó i gcoitinne nó i ndáil le duine áirithe nach bhfuil tarchur faoi alt 77 déanta aige nó aici i ndáil leis an mainneachtain agus nach bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go ndéanfadh sé nó sí tarchur den sórt sin,

(d) go bhfuil foilsiú nó taispeáint déanta de shárú ar alt 10 ,

(e) go bhfuil duine, contrártha d'alt 14, tar éis duine eile a aslú nó iarracht a dhéanamh duine eile a aslú chun aon ní a dhéanamh ar idirdhealú nó íospairt é, nó

(f) go bhfuil duine tar éis duine eile a aslú nó iarracht a dhéanamh duine eile a aslú chun téarma luach saothair chomhionainn nó clásal comhionannais a bhriseadh,

féadfaidh an tÚdarás an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir.

(2) I gcás go ndéanfaidh an tÚdarás ní a tharchur chuig an Stiúrthóir faoi fho-alt (1), beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo amhail is dá mba chás é arna tharchur faoi alt 77 , ach amháin—

(a) go ndéanfar aon tagairt don ghearánach a fhorléiriú mar thagairt don Údarás,

(b) go ndéanfar aon tagairt don fhreagróir a fhorléiriú mar thagairt don duine a raibh, i dtuairim an Údaráis, an t-idirdhealú á chleachtadh aige nó aici nó, de réir mar is gá sa chás, a bhí freagrach as mainneachtain an téarma luach saothair chomhionainn nó an clásal comhionannais a chomhlíonadh nó a bhí freagrach as an íospairt nó as an bhfoilsiú nó an taispeáint nó as an aslú nó as an iarracht ar aslú, agus

(c) maidir le haon tagairt do na páirtithe, measfar, i gcás ní a tharchuirfear de bhua aon cheann de mhíreanna (a) go (c) d'fho-alt (1), go bhfolaíonn sí aon duine a ndearnadh idirdhealú ina aghaidh nó ina haghaidh nó a ndearnadh íospairt air nó uirthi nó a d'fhulaing de dheasca mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh, de réir mar a luaitear sa mhír lena mbaineann.

(3) I mbreith faoi alt 79 , arna cur chun feidhme le fo-alt (2), beidh na cineálacha sásaimh seo a leanas ar fáil:

(a) sásamh mar atá faoi alt 82 (ach tagairtí san alt sin don ghearánach a fhorléiriú mar thagairtí don duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(c));

(b) i gcás gur de bhua fho-alt (1)(d) an tarchur, breith gur de shárú nó nach de shárú ar alt 10 a rinneadh foilsiú nó taispeáint: agus

(c) i gcás gur de bhua mhír (e)(f) d'fho-alt (1) an tarchur, breith go ndearna nó nach ndearna an duine lena mbaineann aslú nó iarracht ar aslú mar a luaitear sa mhír lena mbaineann.

(4) Tá feidhm ag fo-alt (5) i gcás ina ndeimhneoidh an tÚdarás don Ard-Chúirt nó, de réir mar a bheidh, don Chúirt Chuarda, gur dócha, tar éis breithe faoi alt 79 arna cur chun feidhme le fo-alt (2), i ní a tharchuirfear de bhua aon mhíre d'fho-alt (1)

(a) go ndéanfar tuilleadh idirdhealaithe nó íospartha,

(b) go ndéanfar tuilleadh mainneachtana téarma luach saothair chomhionainn nó clásal comhionannais a chomhlíonadh,

(c) go ndéanfar tuilleadh foilsithe nó taispeána de shárú ar alt 10 , nó

(d) go ndéanfaidh duine ar tugadh an bhreith i ndáil leis nó léi tuilleadh aslaithe nó tuilleadh iarrachta ar aslú mar a luaitear i mír (e)(f) d'fho-alt (1), is de chineál is ábhar don bhreith.

(5) I gcás lena mbaineann an fo-alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Chúirt Chuarda, ar fhoriarratas ón Údarás ina sonrófar an duine atá i gceist, urghaire a dheonú chun a chosc ar an duine sin leanúint d'aon iompar (de shórt a luaitear i bhfo-alt (4)), de chineál a bheidh sonraithe amhlaidh.

(6) Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo, is é nó is í an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine a bheidh sonraithe i bhforiarratas an Údaráis, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.

Comhaontuithe Comhchoiteanna

Comhaontuithe comhchoiteanna a tharchur chuig an Stiúrthóir.

86. —(1) Má éilíonn an tÚdarás nó duine a ndéanann comhaontú comhchoiteann difear dó nó di go bhfuil foráil den chomhaontú sin ar neamhní de bhua alt 9 , féadfaidh an tÚdarás nó an duine sin ceist an chomhaontaithe sin a tharchur chuig an Stiúrthóir; agus san alt seo (agus in alt 87 ) gairtear “an gearánach” den Údarás nó den duine a dhéanfaidh tarchur den sórt sin.

(2) Chun críocha an ailt seo (agus alt 87 )—

(a) measfar go bhfolaíonn an abairt “comhaontú comhchoiteann” ordú nó comhaontú a thagann faoi réim mhír (b) nó (c) d'alt 9(3),

(b) déanann comhaontú comhchoiteann difear do dhuine más fostaí an duine sin a bhfuil a luach saothair, nó a choinníollacha nó a coinníollacha fostaíochta faoi rialú, go hiomlán nó go páirteach, ag an gcomhaontú (nó ag aon chuid de), agus

(c) ciallaíonn “na freagróirí” na páirtithe sa chomhaontú, seachas (más iomchuí) an gearánach.

(3) Faoi réir fho-alt (4), i gcás ina ndéanfar comhaontú comhchoiteann a tharchur chuig an Stiúrthóir faoin alt seo, breithneoidh an Stiúrthóir, maidir leis an gceist i dtaobh foráil den chomhaontú a bheith nó gan a bheith ar neamhní, cibé acu an ceist í is cosúil a d'fhéadfaí a réiteach trí idirghabháil, agus—

(a) má mheasann an Stiúrthóir go bhféadfaí an cheist a réiteach amhlaidh, déanfaidh an Stiúrthóir an comhaontú a tharchur chuig oifigeach idirghabhála comhionannais le haghaidh idirghabhála de réir alt 87 , agus

(b) má mheasann an Stiúrthóir nach bhféadfaí an cheist a réiteach amhlaidh, rachaidh an Stiúrthóir ar aghaidh de réir mhír (b)(c) d'fho-alt (4).

(4) Má dhéanann an gearánach nó na freagróirí agóid in aghaidh tarchuir faoi fho-alt (3)(a) (nó má tá feidhm ag alt 78 (7) de réir fho-alt (6))—

(a) ní fheidhmeoidh an Stiúrthóir na cumhachtaí faoi fho-alt (3)(a),

(b) déanfaidh an Stiúrthóir an comhaontú a imscrúdú agus, chun na críche sin, tabharfaidh sé nó sí éisteacht do gach duine ar dealraitheach don Stiúrthóir leas a bheith aige nó aici san ábhar agus ar mian leis nó léi éisteacht a fháil, agus

(c) eiseoidh an Stiúrthóir breith de réir alt 87 ,

agus beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 79 i ndáil le himscrúdú ag an Stiúrthóir faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le himscrúdú ag an Stiúrthóir faoin alt sin.

(5) Déanfar idirghabháil faoi fho-alt (3) nó imscrúdú faoi fho-alt (4) a sheoladh go príobháideach.

(6) I gcás go ndéanfar comhaontú comhchoiteann a tharchur le haghaidh idirghabhála faoi fho-alt (3), beidh feidhm ag fo-ailt (5) go (7) d'alt 78 mar atá feidhm acu maidir le cás a bheidh tarchurtha chuig oifigeach idirghabhála comhionannais faoi alt 78 (1) ach, chun críche na feidhme sin—

(a) déanfar tagairtí sna fo-ailt sin don ghearánach agus don fhreagróir a fhorléiriú mar thagairtí don ghearánach agus do na freagróirí, de réir bhrí an ailt seo, agus

(b) beidh éifeacht le halt 78(7) amhail is dá gcuirfí na focail “déanfaidh an Stiúrthóir imscrúdú ar ábhar an chomhaontaithe faoi alt 86 (4)” in ionad na bhfocal a leanann mír (c) den chéanna.

Idirghabháil, breitheanna agus achomhairc a bhaineann le comhaontuithe comhchoiteanna.

87. —(1) I gcás go ndéanfar comhaontú comhchoiteann a tharchur chuig an Stiúrthóir faoi alt 86 , beidh d'aidhm—

(a) le hidirghabháil ag oifigeach idirghabhála comhionannais faoi fho-alt (3) den alt sin, nó

(b) le breith ón Stiúrthóir faoi fho-alt (4) den alt sin,

a aithint cé na forálacha (más ann) den chomhaontú atá ar neamhní de bhua alt 9 agus, más cuí leis an oifigeach idirghabhála comhionannais nó, de réir mar a bheidh, leis an Stiúrthóir, treoir a chur ar fáil do na páirtithe sa chomhaontú maidir leis an gcaoi a bhféadfaí malairt forálacha nó forálacha leasaithe a cheapadh, a mbeadh sé dleathach iad a bheith sa chomhaontú.

(2) Tráth nach déanaí ná 42 lá ó dháta aon bhreithe den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), féadfaidh an gearánach nó an freagróir achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais le fógra i scríbhinn ina sonrófar forais an achomhairc.

(3) Déanfaidh an Chúirt Oibreachais achomharc faoi fho-alt (2) a éisteacht go príobháideach mura rud é, ar cheann de na páirtithe á iarraidh sin, go gcinnfidh sí an t-achomharc, nó cibé méid de nach dóigh léi gur chóir déileáil leis i modh rúin, a sheoladh go poiblí, agus beidh feidhm ag na hachtacháin a shonraítear in alt 83 (3) maidir le hachomharc den sórt sin amhail mar atá feidhm acu maidir le hachomharc faoi alt 83 .

(4) Ina cinneadh ar achomharc faoi fho-alt (2) féachfaidh an Chúirt Oibreachais leis an aidhm a shonraítear i bhfo-alt (1) a bhaint amach.

(5) San alt seo tá le “comhaontú comhchoiteann”, “an gearánach” agus “an freagróir” an bhrí chéanna atá leo in alt 86 .

Breitheanna agus Cinntí i gCoitinne

Foirm breitheanna agus cinntí agus an t-ábhar a bheidh iontu.

88. —(1) Is i scríbhinn a bheidh gach breith ón Stiúrthóir nó gach cinneadh ón gCúirt Oibreachais faoin gCuid seo agus—

(a) más cuí leis an Stiúrthóir nó leis an gCúirt Oibreachais, nó

(b) má iarrann aon cheann de na páirtithe amhlaidh,

beidh ráiteas sa bhreith nó sa chinneadh maidir leis na cúiseanna gur tháinig an Stiúrthóir ar an mbreith sin nó, de réir mar a bheidh, gur tháinig an Chúirt Oibreachais ar an gcinneadh sin.

(2) Féadfaidh an Stiúrthóir nó, de réir mar a bheidh, Cathaoirleach na Cúirte Oibreachais, trí fhógra i scríbhinn chuig na páirtithe, ceartú a dhéanamh ar aon dearmad (lena n-áirítear aon rud atá fágtha ar lár) ar dearmad focal nó dearmad foirmiúil é i mbreith nó i gcinneadh faoin gCuid seo.

(3) San alt seo ciallaíonn “na páirtithe”—

(a) i gcás breithe nó cinnidh faoi alt 79 , an gearánach agus an freagróir mar a mhínítear in alt 77 (4),

(b) i gcás cinnidh faoi alt 83 , na páirtithe san achomharc,

(c) i gcás breithe faoi alt 85 , an tÚdarás agus na daoine dá dtagraítear i bhfo-ailt (2)(b) agus (c) den alt sin, agus

(d) i gcás breithe faoi alt 86 nó cinnidh faoi alt 87 , an gearánach agus na freagróirí, de réir bhrí alt 86 .

(4) Mura ndéanfar aon duine a bhí páirteach in imscrúdú faoi alt 79 86 a shainaithint i gceart sa bhreith nó sa chinneadh a thig as an imscrúdú, measfar go dtagann ceartú na hearráide sin faoi réim fho-alt (2).

Breitheanna agus cinntí a sholáthar agus a fhoilsiú.

89. —(1) Tabharfar cóip de gach breith ón Stiúrthóir faoin gCuid seo—

(a) do gach ceann de na páirtithe, agus

(b) don Chúirt Oibreachais,

agus déanfar gach breith den sórt sin a fhoilsiú agus cuirfear cóip di ar fáil lena hiniúchadh in oifig an Stiúrthóra.

(2) Tabharfar cóip de gach cinneadh ón gCúirt Oibreachais faoin gCuid seo do gach ceann de na páirtithe; agus déanfar gach cinneadh den sórt sin a fhoilsiú agus cuirfear cóip de ar fáil lena iniúchadh in oifig na Cúirte Oibreachais.

(3) San alt seo tá le “na páirtithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 88 .

(4) Aon tagairt san alt seo do bhreith nó do chinneadh folaíonn sí tagairt d'aon ráiteas maidir le cúiseanna a bheidh sa bhreith nó sa chinneadh de réir mar a luaitear in alt 88 (1).

(5) Beidh an t-ábhar a bheidh in aon doiciméad a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil de bhua an ailt seo faoi phribhléid iomlán.

Achomhairc agus tarchuir ón gCúirt Oibreachais.

90. —(1) Tráth nach déanaí ná 42 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda, ó dháta aon chinnidh ón gCúirt Oibreachais faoi alt 79 , féadfaidh an gearánach nó an freagróir achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh an chinnidh.

(2) Ar achomharc faoi fho-alt (1), féadfaidh an Chúirt Chuarda aon chineál sásaimh a ordú a bhféadfaí foráil a dhéanamh dó leis an gcinneadh a ndearnadh achomharc ina aghaidh (ach rogha na Cúirte Cuarda a chur in ionad rogha na Cúirte Oibreachais) agus, faoi réir aon achomhairc chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí, is breith chríochnaitheach dhochloíte breith na Cúirte Cuarda ar achomharc faoi fho-alt (1).

(3) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Oibreachais cinneadh faoi alt 79 nó ar achomharc faoin gCuid seo, féadfaidh ceachtar de na páirtithe achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

(4) Le linn don Chúirt Oibreachais cás a imscrúdú faoi alt 79 nó i gcúrsa achomhairc chuici faoin gCuid seo, féadfaidh an Chúirt Oibreachais—

(a) ponc dlí a éireoidh i gcúrsa an imscrúdaithe nó an achomhairc a tharchur chuig an Ard-Chúirt, agus

(b) an t-imscrúdú nó an t-achomharc a chur ar atráth (más cuí léi é) go dtí go mbeidh toradh ar an tarchur.

(5) Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo, is é nó is í an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.

(6) Beidh éifeacht le forálacha na Coda seo a bhaineann le hachomhairc d'ainneoin alt 17 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 (lena dtoirmisctear achomhairc ón gCúirt Oibreachais).

Forfheidhmiú ag an gCúirt Chuarda

Cinntí, breitheanna agus socraíochtaí idirghabhála a fhorfheidhmiú.

91. —(1) Má mhainníonn fostóir nó aon duine eile atá faoi cheangal—

(a) ag téarmaí cinnidh chríochnaithigh ón gCúirt Oibreachais faoin gCuid seo, nó

(b) ag téarmaí breithe críochnaithí ón Stiúrthóir faoin gCuid seo,

téarmaí an chinnidh nó na breithe a chomhlíonadh ansin, ar iarratas faoin alt seo, déanfaidh an Chúirt Chuarda ordú, faoi réir alt 93 , á ordú don duine dá ndéantar difear (is é sin le rá, an fostóir nó an duine eile lena mbaineann) an cinneadh nó an bhreith a chur i gcrích de réir théarmaí an chéanna.

(2) Má mhainníonn fostóir nó an duine is páirtí i socraíocht lena mbaineann alt 78 (5) éifeacht a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, do théarmaí na socraíochta, ansin, ar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt Chuarda ordú a dhéanamh á ordú don duine dá ndéantar difear (is é sin le rá, an fostóir nó an duine is páirtí sa tsocraíocht) na téarmaí sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid de na téarmaí sin lena mbaineann an t-iarratas, a chur i gcrích; ach ní ordóidh an Chúirt Chuarda, de bhua an fho-ailt seo, d'aon duine aon suim a íoc nó aon ní eile a dhéanamh nach bhféadfaí foráil a dhéanamh dó (dá mbeifí tar éis déileáil leis an ní ar shlí seachas trí idirghabháil) ar mhodh sásaimh faoi alt 82 .

(3) Ní fhéadfar iarratas a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i gcás cinnidh nó breithe, roimh dheireadh na tréimhse ar laistigh di a d'fhéadfaí achomharc a thionscnamh in aghaidh an chinnidh nó na breithe, agus

(b) i gcás socraíochta ar thángthas uirthi mar thoradh ar idirghabháil, roimh dheireadh na tréimhse 42 lá ó dháta an taifid i scríbhinn den tsocraíocht.

(4) Maidir le hiarratas faoin alt seo—

(a) féadfaidh an gearánach é a dhéanamh, nó

(b) i gcás nach é an tÚdarás an gearánach, ansin, féadfaidh an tÚdarás é a dhéanamh le toiliú an ghearánaigh má mheasann an tÚdarás nach dócha go gcuirfí an cinneadh, an bhreith nó an tsocraíocht i ngníomh mura mbeadh lámh aige féin sa chás.

(5) Ar iarratas faoin alt seo, feidhmeoidh an Chúirt Chuarda a feidhmeanna faoi fho-alt (1)(2) ar í a bheith deimhin de—

(a) gurb ann don chinneadh, don bhreith nó don tsocraíocht agus i dtaobh théarmaí an chéanna, agus

(b) gur mhainnigh an duine dá ndéantar difear na téarmaí sin a chomhlíonadh.

(6) Chun críocha an ailt seo, is breith chríochnaitheach breith, nó is cinneadh críochnaitheach cinneadh, mura bhfuil ábhar achomhairc ann ina aghaidh nó ina haghaidh faoin gCuid seo nó má tá an t-am chun achomharc a thionscnamh imithe in éag agus—

(a) nár tionscnaíodh aon achomharc, nó

(b) gur tréigeadh aon achomharc a tionscnaíodh.

(7) Gan dochar do chumhacht na Cúirte Cuarda ordú a dhéanamh le haghaidh costas i bhfabhar an ghearánaigh nó an duine dá ndéantar difear, i gcás go ndéanfaidh an tÚdarás iarratas de bhua fho-alt (4) (b), féadfaidh an Chúirt Chuarda costais an Údaráis a dhámhachtain.

(8) Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo, is é nó is í an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.

Cumhachtaí breise na Cúirte Cuarda ar fhorfheidhmiú.

92. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Chuarda ordú faoi alt 91 (1), féadfaidh sí, más rud é sna himthosca go léir go measfaidh sí gur cuí déanamh amhlaidh, an t-ordachán breise dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó, de réir mar is gá sa chás, i bhfo-alt (3) a áireamh san ordú.

(2) I gcás ina mbaineann an t-ordú faoi alt 91 (1) le cinneadh nó breith lena gceanglaítear cúiteamh a íoc le haon duine, féadfaidh an t-ordú a ordú don fhostóir nó don duine eile lena mbaineann ús a íoc ar an gcúiteamh de réir an ráta dá dtagraítear in alt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1981 , i leith na tréimhse go léir nó aon chuid den tréimhse dar críoch dáta an ordaithe agus dar tosach—

(a) 42 lá tar éis dháta an chinnidh nó na breithe, nó

(b) más déanaí ná sin é, an dáta ar ar ceanglaíodh an cúiteamh a íoc faoin gcinneadh nó faoin mbreith.

(3) I gcás ina mbaineann an t-ordú faoi alt 91 (1) le cinneadh lena gceanglaítear ar fhostóir fostaí a athfhostú nó a athfhruiliú, féadfaidh an t-ordú a ordú don fhostóir cúiteamh a íoc leis an bhfostaí ar cúiteamh é de cibé méid a mheasann an Chúirt Chuarda a bheith réasúnach i leith mhainneachtain an fhostóra an cinneadh a chomhlíonadh.

Cúiteamh in ionad athfhostú nó athfhruiliú.

93. —(1) Ar iarratas faoi alt 91 a bhaineann le cinneadh lena gceanglaítear ar fhostóir fostaí a athfhostú nó a athfhruiliú, féadfaidh an Chúirt Chuarda, más rud é sna himthosca go léir go measfaidh sí gur cuí déanamh amhlaidh, in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt sin, ordú cúitimh a dhéanamh faoin alt seo.

(2) Is éard is ordú cúitimh faoin alt seo ann ordú lena n-ordaítear don fhostóir (in ionad athfhostú nó athfhruiliú) cúiteamh a íoc leis an bhfostaí.

(3) Is é an méid uasta cúitimh a fhéadfar a ordú faoin alt seo méid is comhionann le 104 oiread mhéid luach saothair seachtainiúil an fhostaí de réir an ráta a bhí á fháil ag an bhfostaí ar dháta tarchurtha an cháis faoi alt 77 nó a bheadh faighte aige nó aici ar an dáta sin murach an t-idirdhealú atá i gceist.

Faisnéis

Cumhachtaí dul isteach in áitreabh, faisnéis a fháil, etc.

94. —(1) Faoi réir fho-alt (3), tá éifeacht leis an alt seo chun a chumasú faisnéis a fháil a theastóidh ón Stiúrthóir nó ón gCúirt Oibreachais chun a chumasú dóibh a bhfeidhmeanna a fheidhmiú faoin gCuid seo; agus san alt seo—

(a) ciallaíonn “oifigeach ainmnithe” an Stiúrthóir, Cathaoirleach na Cúirte Oibreachais, oifigeach comhionannais nó duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Stiúrthóir nó ag an gCathaoirleach, agus

(b) ciallaíonn “faisnéis ábhartha” faisnéis a bhfuil forais réasúnacha ag oifigeach ainmnithe chun a chreidiúint gur faisnéis iomchuí í chun na críche atá leagtha amach thuas.

(2) Chun na críche atá leagtha amach i bhfo-alt (1), féadfaidh oifigeach ainmnithe aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) gach tráth réasúnach, dul isteach go síochánta in áitreabh;

(b) a cheangal ar aon duine aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin, agus a bhfuil forais réasúnacha ag an oifigeach ainmnithe chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis ábhartha iontu, a thabhairt ar aird don oifigeach ainmnithe agus cibé faisnéis agus rochtain a thabhairt don oifigeach ainmnithe a theastóidh le réasún i ndáil lena bhfuil in aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile den sórt sin;

(c) aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile den sórt sin a iniúchadh agus a chóipeáil nó sleachta a thógáil astu;

(d) aon obair atá ar siúl ag aon áitreabh a iniúchadh.

(3) Aon oifigeach comhionannais a bheidh ainmnithe ag an Stiúrthóir faoi alt 80 (4) chun imscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a ullmhú ar cheist a bheidh sonraithe ag an gCúirt Chuarda, féadfaidh sé nó sí, chun críche an imscrúdaithe sin agus na tuarascála sin, aon cheann de na cumhachtaí i míreanna (a) go (d) d'fho-alt (2) a fheidhmiú; agus, chun críche fheidhm an ailt seo i gcás den sórt sin—

(a) déanfar aon tagairt i bhfo-ailt (2), (5) agus (6) don oifigeach ainmnithe a fhorléiriú mar thagairt don oifigeach comhionannais a bheidh ainmnithe amhlaidh, agus

(b) forléireofar “faisnéis ábhartha” mar fhaisnéis a bhfuil forais réasúnacha ag an oifigeach comhionannais sin chun a chreidiúint gur faisnéis iomchuí í chun críche an imscrúdaithe agus na tuarascála.

(4) Ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (2) a fheidhmiú i leith teaghaise ná i leith aon duine, taifid, leabhair, doiciméid ná ní eile i dteaghais mura rud é—

(a) i gcás go mbeidh na cumhachtaí le feidhmiú de bhua fho-alt (1), go ndéanfaidh an tAire (nó oifigeach de chuid an Aire a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire) a dheimhniú i scríbhinn go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis sa teaghais atá ábhartha maidir le himscrúdú cáis, nó le breithniú achomhairc, faoin gCuid seo, nó

(b) i gcás go mbeidh na cumhachtaí le feidhmiú de bhua fho-alt (3), gur deimhin leis an gCúirt Chuarda go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis sa teaghais atá ábhartha maidir le himscrúdú an oifigigh comhionannais.

(5) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach ainmnithe, go bhfuil cúis réasúnach amhrais ann go bhfuil aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile ina bhfuil faisnéis ábhartha le fáil in aon áitreabh, féadfaidh an breitheamh barántas cuardaigh a eisiúint faoin alt seo.

(6) Maidir le barántas cuardaigh arna eisiúint faoin alt seo beidh sé sainráite ann go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, d'oifigeach ainmnithe sonraithe, agus cibé daoine eile a mheasfaidh an t-oifigeach ainmnithe sonraithe is gá ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh—

(a) dul isteach san áitreabh a bheidh ainmnithe sa bharántas, le forneart más gá,

(b) an t-áitreabh sin a chuardach, agus

(c) aon chumhacht den sórt a thuairiscítear i bhfo-alt (2) (b)(c) a fheidhmiú i ndáil le daoine agus le taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile a gheofar ag an áitreabh.

Ceanglais ar dhaoine faisnéis a chur ar fáil.

95. —(1) Chun a chumasú don Stiúrthóir nó don Chúirt Oibreachais a bhfeidhmeanna a fheidhmiú faoin gCuid seo, féadfaidh an Stiúrthóir nó Cathaoirleach na Cúirte Oibreachais—

(a) a cheangal ar aon duine a bhfuil, i dtuairim an Stiúrthóra nó an Chathaoirligh (de réir mar a bheidh), aon fhaisnéis atá iomchuí maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin aige nó aici, nó a bhfuil cumhacht nó rialú aige nó aici ar fhaisnéis den sórt sin, an fhaisnéis sin a thabhairt don Stiúrthóir nó don Chathaoirleach, agus

(b) a cheangal, más cuí, ar aon duine den sórt sin freastal os comhair an Stiúrthóra nó an Chathaoirligh chun na críche sin,

agus comhlíonfaidh an duine aon cheanglas arna dhéanamh amhlaidh.

(2) Féadfar, i gceanglas faoi fho-alt (1), am agus áit a shonrú ag a bhfuil faisnéis le tabhairt nó ag a bhfuil duine le freastal; agus más rud é nach mbeidh am nó áit den sórt sin sonraithe sa cheanglas, déanfaidh an duine ar a mbeidh an ceanglas dírithe é a chomhlíonadh a luaithe is indéanta le réasún.

(3) Aon daoine a gceanglófar orthu freastal os comhair an Stiúrthóra nó Chathaoirleach na Cúirte Oibreachais faoi fho-alt (1) (b)

(a) freagróidh siad go hiomlán agus go fírinneach aon cheisteanna a chuirfidh an Stiúrthóir nó an Cathaoirleach orthu (seachas aon cheist a dtiocfadh di an duine ar a gcuirfí í a ionchoiriú), agus

(b) má iarrann an Stiúrthóir nó an Cathaoirleach orthu amhlaidh, síneoidh siad dearbhú maidir le fírinne a gcuid freagraí ar aon cheisteanna den sórt sin.

(4) Chun a chumasú d'oifigeach comhionannais a bheidh ainmnithe ag an Stiúrthóir faoi alt 80 (4) na feidhmeanna a chomhlíonadh a bhaineann le himscrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a ullmhú ar cheist a bheidh sonraithe ag an gCúirt Chuarda, beidh feidhm ag fo-ailt (1) go (3) ach tagairt don oifigeach comhionannais a chur in ionad aon tagartha don Stiúrthóir.

Smachtbhannaí as mainneachtain nó diúltú doiciméid, faisnéis, etc. a sholáthar.

96. —(1) Más dealraitheach don Stiúrthóir, do Chathaoirleach na Cúirte Oibreachais nó d'oifigeach comhionannais gur mhainnigh aon duine—

(a) ceanglas faoi alt 94 (2)(b), nó

(b) ceanglas faoi alt 95 (1),

a chomhlíonadh, ansin, de réir mar is gá sa chás, féadfaidh an Stiúrthóir, an Cathaoirleach nó an t-oifigeach comhionannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda ar ordú faoin alt seo.

(2) Faoi réir fho-alt (3) más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an gCúirt Chuarda gur mhainnigh an duine lena mbaineann an ceanglas atá i gceist a chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt Chuarda ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine sin an ceanglas a chomhlíonadh.

(3) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gurb é tuairim na Cúirte Cuarda go n-airbheartaíonn an ceanglas atá i gceist a cheangal ar an duine lena mbaineann—

(a) aon taifead, leabhar, doiciméad nó ní eile a thabhairt ar aird, nó

(b) aon fhaisnéis a thabhairt,

a bhfuil an duine sin i dteideal pribhléid ghairmiúil dlí a éileamh ina leith, déanfaidh an Chúirt Chuarda an ceanglas a chur ar ceal.

(4) Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo is é nó is í an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfreagróir, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.

Forálacha forlíontacha maidir le faisnéis.

97. —(1) Más rud é, i gcúrsa nó chun críocha aon imscrúdaithe, idirghabháila nó éisteachta faoin gCuid seo, go nochtfaidh aon duine faisnéis don Chúirt Oibreachais, don Stiúrthóir, d'oifigeach idirghabhála comhionannais nó d'aon duine eile atá i dteideal í a fháil, ní thiocfaidh as an nochtadh go mbeidh aon dliteanas ann (i gconradh, i dtort nó ar shlí eile) ar thaobh an duine a bheidh á dhéanamh.

(2) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a thabharfar don Chúirt Oibreachais, don Stiúrthóir nó d'aon duine eile, nó a gheobhaidh siad ar shlí eile, de bhua ailt 94 go 96 nó thairis sin i gcúrsa nó chun críocha aon imscrúdaithe, idirghabhála nó éisteachta faoin gCuid seo, a fhoilsiú nó a nochtadh ar shlí eile ach amháin—

(a) chun críocha imscrúdaithe, idirghabhála nó éisteachta den sórt sin,

(b) ar ordú ón Ard Chúirt nó ón gCúirt Chuarda.

(c) le toiliú an duine a thabharfaidh an fhaisnéis agus aon duine eile lena mbainfidh an fhaisnéis,

(d) i mbreith ón Stiúrthóir nó i gcinneadh ón gCúirt Oibreachais a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil faoi alt 89 agus a mbaineann nochtadh na faisnéise leis nó léi, nó

(e) chun críocha iarratais faoi alt 96 .

(3) I bhfo-alt (2), aon tagairt d'fhaisnéis folaíonn sí aon taifead, leabhar, doiciméad nó ní eile ina bhfuil an fhaisnéis.

(4) Aon duine a nochtfaidh faisnéis de shárú ar fho-alt (2), beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo.

Cionta

Pionós mar gheall ar fhostaí a dhífhostú as cearta a fheidhmiú.

98. —(1) Má dhífhostaítear fostaí in imthosca arb ionann iad agus íospairt, beidh fostóir an fhostaí ciontach i gcion agus más rud é, in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, go gcruthófar—

(a) gur dífhostaíodh an fostaí, agus

(b) go ndearna an fostaí, de mheon macánta, ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha a shonraítear i míreanna (a) go (d) d'alt 74(2),

beidh an cruthúnas sin, gan a thuilleadh cruthúnais, ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurbh í an aonchúis nó an phríomhchúis a bhí le dífhostú an fhostaí go ndearna an fostaí, de mheon macánta, ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha sin.

(2) Faoi réir fho-alt (4), ar chiontú i gcion faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi agus má mheasann sí go mbeadh cumhacht ag an gCúirt Oibreachais déanamh amhlaidh—

(a) ordú a dhéanamh á ordú don fhostóir an fostaí a athfhostú, nó

(b) ordú a dhéanamh á ordú don fhostóir an fostaí a athfhruiliú.

(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é nach ndéanfaidh an chúirt a chiontóidh duine i gcion faoin alt seo ordú faoi fho-alt (2) (a)(b), féadfaidh sí, más cuí léi, i dteannta fíneáil a ghearradh i leith an chiona, a ordú don fhostóir cibé méid cúitimh a mheasfaidh an chúirt, faoi réir fho-alt (5), a bheith cuí ag féachaint d'aon fhianaise agus d'aon uiríll a dhéanfaidh an fostóir nó an fostaí lena mbaineann, nó a dhéanfar thar a cheann nó thar a ceann, a íoc leis an bhfostaí lena mbaineann.

(4) Ní fheidhmeoidh an chúirt a cuid cumhachtaí faoi fho-alt (2)(3) mura dtoilíonn an fostaí lena mbaineann leis.

(5) Ní mó méid an chúitimh a fhéadfar a ordú faoi fho-alt (3)

(a) ná an méid, ag féachaint d'fho-ailt (4) agus (5) d'alt 82, a d'fhéadfadh an Chúirt Oibreachais a ordú mar chúiteamh faoi alt 82 (2) ar éileamh ar shásamh i leith an dífhostaithe, nó

(b) más í an Chúirt Dúiche a dhéanfaidh an t-ordú, ná £5,000 nó cibé méid eile a bheidh arna fhorordú de thuras na huaire le dlí mar theorainn dhlínse na cúirte sin i dtort,

agus, le linn aon fhoráil d'alt 82 a chur i bhfeidhm chun críocha mhír (a), déanfar aon tagairt do dháta an tarchurtha a fhorléiriú mar thagairt do dháta an dífhostaithe agus déanfar aon tagairt do dháta an chinnidh ón gCúirt Oibreachais a fhorléiriú mar thagairt do dháta an chiontaithe sa chion.

(6) Más rud é, ar fhostóir a chiontú mar gheall ar chion faoin alt seo, go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (2) (a)(b) nó faoi fho-alt (3)

(a) féadfaidh an fostóir, cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann an fostóir achomharc in aghaidh an chiontaithe nó na pianbhreithe, achomharc a dhéanamh in aghaidh an ordaithe chun na cúirte ar chuici a bheidh ábhar achomhairc ann in aghaidh an chiontaithe, agus

(b) féadfaidh an chúirt a éistfidh achomharc in aghaidh an chiontaithe nó na pianbhreithe, nó achomharc in aghaidh an ordaithe amháin, an t-ordú a chúlghairm nó a athrú agus, go háirithe, i gcás go ndearnadh an t-ordú faoi fho-alt (3), féadfaidh sí méid an chúitimh a athrú.

(7) Más rud é go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (3) chun méid cúitimh a íoc—

(a) gan dochar d'aon cheart achomhairc ag aon duine eile, beidh ceart achomhairc ag an bhfostaí lena mbaineann, nach mbainfidh ach le méid an chúitimh, chuig an Ard-Chúirt, nó de réir mar a bheidh, chuig an mbreitheamh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird nó ina cuaird atá dúiche (nó aon chuid de dhúiche) an bhreithimh den Chúirt Dúiche a d'ordaigh an cúiteamh, agus

(b) in aon imeachtaí sibhialta arna dtionscnamh ag an bhfostaí lena mbaineann i leith an luach saothair a bheadh faighte ag an bhfostaí murach gur tharla an dífhostú, is cosaint mhaith é, go feadh mhéid an chúitimh a íocadh, gur íoc an fostóir an cúiteamh.

(8) I gcás go ndéanfar achomharc a thionscnamh faoi fho-alt (7) (a), is breith chríochnaitheach í an bhreith ón Ard-Chúirt nó, de réir mar a bheidh, ón mbreitheamh den Chúirt Chuarda.

An Stiúrthóir agus oifigigh eile a chosc etc.

99. —(1) Aon duine—

(a) a choiscfidh nó a bhacfaidh an Chúirt Oibreachais, an Stiúrthóir nó oifigeach comhionannais i bhfeidhmiú cumhachtaí faoin gCuid seo, nó

(b) a mhainneoidh ceanglas de chuid na Cúirte Oibreachais, an Stiúrthóra nó oifigigh comhionannais arna thabhairt faoin gCuid seo a chomhlíonadh,

beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo.

(2) Aon tagairt i bhfo-alt (1) d'oifigeach comhionannais folaíonn sí tagairt do dhuine a bheidh údaraithe faoi alt 94 (1)(a).

Cionta: forálacha ginearálta.

100. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Má leantar tar éis an chiontaithe den sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, beidh an duine sin ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leanfar den sárú agus, in aghaidh gach ciona den sórt sin, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 nó, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,500, a chur air nó uirthi.

(3) Féadfaidh an tAire nó an tÚdarás imeachtaí achoimre i leith ciona faoi aon fhoráil den Acht seo a thionscnamh.

(4) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi aon fhoráil den Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.

(5) Más rud é, maidir le cion faoi aon fhoráil den Acht seo a rinne comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta chorpraithe a bhí ann nó inti nuair a rinneadh an cion, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin (chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe) ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion a rinne an comhlacht corpraithe.

(6) I ndáil le comhlacht corpraithe arb iad a chomhaltaí a bhainistíonn a ghnóthaí, tá éifeacht le fo-alt (5) amhail is dá bhfolódh “stiúrthóir” comhalta den chomhlacht corpraithe.

Forlíontach

Bealaí eile sásaimh.

101. —(1) Más rud é go mbeidh pearsa aonair tar éis imeachtaí a thionscnamh le haghaidh damáistí faoin dlí coiteann i leith mainneachtain, ag fostóir nó ag aon duine eile, téarma luach saothair chomhionainn nó clásal comhionannais a chomhlíonadh, ansin, más rud é go mbeidh tús curtha le héisteacht an cháis, ní fhéadfaidh an phearsa aonair sásamh a lorg (ná aon chumhacht eile a fheidhmiú) faoin gCuid seo i leith mainneachtain an téarma luach saothair chomhionainn nó an clásal comhionannais, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.

(2) Más rud é go mbeidh pearsa aonair tar éis cás a tharchur chuig an Stiúrthóir faoi alt 77 (1) i leith mainneachtana den sórt atá luaite i bhfo-alt (1), agus go mbeifear tar éis teacht ar shocraíocht trí idirghabháil nó go mbeidh an Stiúrthóir tar éis imscrúdú faoi alt 79 a thosú, ní bheidh an phearsa aonair i dteideal damáistí a ghnóthú faoin dlí coiteann i leith na mainneachtana sin.

(3) Más rud é go mbeidh pearsa aonair tar éis cás a tharchur chuig an gCúirt Chuarda faoi alt 77 (3) i leith mainneachtana den sórt atá luaite i bhfo-alt (1), ní bheidh an phearsa aonair i dteideal damáistí a ghnóthú faoin dlí coiteann i leith na mainneachtana sin.

(4) Ní bheidh fostaí a dífhostaíodh i dteideal sásamh a lorg (ná aon chumhacht eile a fheidhmiú, nó leanúint de bheith á feidhmiú) faoin gCuid seo más rud é, mar thoradh ar an dífhostú—

(a) gur thionscain an fostaí imeachtaí le haghaidh damáistí faoin dlí coiteann mar gheall ar dhífhostú éagórach agus go mbeidh tús curtha le héisteacht an cháis, agus

(b) i bhfeidhmiú cumhachtaí faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993, gur eisigh coimisinéir um chearta moladh i leith an dífhostaithe, nó

(c) go mbeidh an Binse Achomhairc Fostaíochta tar éis éisteacht a thosú maidir leis an dífhostú.

(5) Más rud é go mbeidh fostaí a dífhostaíodh tar éis cás an dífhostaithe a tharchur chuig an gCúirt Oibreachais faoi alt 77 agus go mbeifear tar éis teacht ar shocraíocht trí idirghabháil nó go mbeidh an Chúirt Oibreachais tar éis imscrúdú faoi alt 79 a thosú—

(a) ní bheidh an fostaí i dteideal, mar thoradh ar an dífhostú, damáistí a ghnóthú faoin dlí coiteann mar gheall ar dhífhostú éagórach, agus

(b) ní bheidh an fostaí i dteideal sásamh a lorg (ná aon chumhacht eile a fheidhmiú, nó leanúint de bheith á feidhmiú) faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 1993, i leith an dífhostaithe.

(6) An tagairt i bhfo-alt (5) d'imscrúdú faoi alt 79 , ní fholaíonn sí imscrúdú más rud é—

(a) tar éis an cás a tharchur faoi alt 77 , go bhfeidhmíonn an Chúirt Oibreachais a cumhacht faoi alt 78 (2)(a),

(b) dá éis sin, go n-eisíonn an Chúirt Oibreachais fógra faoi alt 78 (6), agus

(c) nach ndéantar aon iarratas faoi alt 78 (7)(b) go n-athchromfaí ar éisteacht an cháis.

Cásanna nach leantar ar aghaidh leo a scriosadh amach.

102. —(1) Más rud é—

(a) go dtarchuirfear cás chuig an Stiúrthóir faoi alt 77 ,

(b) go dtarchuirfear ní chuig an Stiúrthóir faoi alt 85 , nó

(c) go dtarchuirfear comhaontú comhchoiteann chuig an Stiúrthóir faoi alt 86 ,

agus, aon tráth tar éis dheireadh bliana amháin ó dháta an tarchurtha, gur dealraitheach don Stiúrthóir nár lean an gearánach ar aghaidh, nó gur scoir sé nó sí de leanúint ar aghaidh, leis an tarchur, féadfaidh an Stiúrthóir an tarchur a scriosadh amach.

(2) Más rud é—

(a) go dtarchuirfear cás chuig an gCúirt Oibreachais faoi alt 77 , nó

(b) go ndéanfar achomharc chuig an gCúirt Oibreachais faoin gCuid seo,

agus, aon tráth tar éis deireadh bliana amháin ó dháta an tarchurtha nó, de réir mar a bheidh, ón achomharc a dhéanamh, gur dealraitheach don Chúirt Oibreachais nár lean an gearánach nó, de réir mar a bheidh, an t-achomharcóir, ar aghaidh, nó gur scoir sé nó sí de leanúint ar aghaidh, leis an ní, féadfaidh an Chúirt Oibreachais an tarchur nó, de réir mar a bheidh, an t-achomharc, a scriosadh amach.

(3) A luaithe is indéanta tar éis tarchur a scriosadh amach, tabharfaidh an Stiúrthóir nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt Oibreachais fógra i scríbhinn don ghearánach agus don fhreagróir nó do na freagróirí.

(4) A luaithe is indéanta tar éis achomharc a scriosadh amach, tabharfaidh an Chúirt Oibreachais fógra i scríbhinn don achomharcóir agus don pháirtí eile san achomharc.

(5) Más rud é go ndéanfar tarchur nó achomharc a scriosadh amach faoin alt seo, ní fhéadfar aon imeachtaí eile a thionscnamh i ndáil leis an tarchur sin nó leis an achomharc sin; ach ní choisceann aon ní san alt seo ar aon duine tarchur eile a dhéanamh i ndáil leis na nithe céanna (faoi réir aon teorann ama is infheidhme).

(6) San alt seo tá le “an gearánach”, “an freagróir” agus “na freagróirí” na bríonna céanna atá leo in alt 77 , 8586, de réir an chineáil tarchurtha lena mbaineann.

Forálacha a bhaineann le dócmhainneacht.

103. —(1) Le linn dáileadh a dhéanamh ar shócmhainní cuideachta a bheidh á foirceannadh, áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, gach cúiteamh iomchuí is iníoctha faoin gCuid seo ag an gcuideachta, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar a mhalairt le rialacha arna ndéanamh faoin Acht sin.

(2) Le linn dáileadh a dhéanamh ar mhaoin féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta, áireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 81 den Acht Féimheachta, 1988 , le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile, gach cúiteamh iomchuí is iníoctha faoin gCuid seo ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta, de réir mar a bheidh, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní éileofar cruthúnas foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo ach amháin i gcásanna ina bhforálfar a mhalairt le horduithe ginearálta arna ndéanamh faoin Acht sin.

(3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “cúiteamh iomchuí” suimeanna a ordófar a íoc mar shásamh—

(a) de bhua ordaithe ón gCúirt Chuarda ar tharchur faoi alt 77 (3),

(b) de bhua breithe nó cinnidh faoi alt 79 (6) (lena n-áirítear an fhoráil sin arna cur chun feidhme le halt 85(2)),

(c) de bhua cinnidh ar achomharc faoi alt 83 (4), nó

(d) de bhua ordaithe ón gCúirt Chuarda faoi alt 90 , 9193.

(4) San Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 , déanfar alt 6 (lena bhforáiltear go n-íocfar méideanna áirithe as an gCiste Árachais Shóisialaigh) a leasú de réir fho-ailt (5) agus (6).

(5) Ag deireadh fho-alt (2)(a)(viii)(II), cuirfear isteach “nó (III) a cheanglaítear ar fhostóir a íoc de bhua breithe, cinnidh nó ordaithe ó chúirt a thagann faoi réim alt 103 (3) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 ,”.

(6) I bhfo-alt (4)(c), i ndiaidh fhomhír (v), cuirfear isteach—

“(vi) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo i leith méid lena mbaineann breith nó cinneadh faoi aon fhoráil den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 , mura rud é—

(I) i gcás achomharc a bheith déanta faoin gCuid sin i gcoinne na breithe nó an chinnidh, go dtarraingeofar siar an t-achomharc, nó

(II) i gcás nach mbeidh aon achomharc den sórt sin déanta, go mbeidh an t-am le hachomharc den sórt sin a dhéanamh imithe in éag.”.

Foráil speisialta maidir le hOglaigh na hÉireann.

104. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear le halt 77(10), ní chumasóidh aon ní sa Chuid seo do chomhalta d'Óglaigh na hÉireann aon chás a bhaineann le fostaíocht mar chomhalta d'Óglaigh na hÉireann a tharchur chuig an Stiúrthóir, chuig an gCúirt Oibreachais nó chuig an gCúirt Chuarda nó aon chumhacht eile a fheidhmiú a thugtar leis na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo.

(2) Má iarrann oifigeach, de réir bhrí an Achta Cosanta, 1954 , a bheidh údaraithe chuige sin, ar an Stiúrthóir déanamh amhlaidh, déanfaidh an Stiúrthóir—

(a) aon ní a imscrúdú a ndearnadh gearán ina thaobh de réir alt 114 den Acht sin ar ní é a thiocfadh, ar leith ón alt seo, faoi raon imscrúdaithe ag an Stiúrthóir nó ag an gCúirt Oibreachais faoin gCuid seo nó faoi raon imeachtaí os comhair na Cúirte Cuarda faoi alt 77 (3), agus

(b) moladh a dhéanamh i leith an ní sin don oifigeach lena mbaineann.

(3) Is i scríbhinn a bheidh moladh faoi fho-alt (2)(b) agus beidh ráiteas ann maidir leis na cúiseanna go ndearna an Stiúrthóir an moladh agus, le linn cinneadh a bheith á dhéanamh cén gníomh a dhéanfar maidir leis an ngearán, tabharfar aird ar an moladh.

(4) Tabharfaidh an Stiúrthóir cóip d'aon mholadh a dhéanfar faoi fho-alt (2)(b) don chomhalta d'Óglaigh na hÉireann a rinne an gearán ba bhun leis an moladh.

Leasú ar an Acht Caidrimh Thionscail, 1990 .

105. —Leasaítear leis seo an tAcht Caidrimh Thionscail, 1990

(a) in alt 9 (feidhm fhoráil Chuid II den Acht sin) trí “an Stiúrthóir Imscrúduithe Comhionannais” a chur in ionad “oifigeach comhionannais” i bhfo-alt (4),

(b) in alt 25 (feidhmeanna an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais)—

(i) trí mhír (e) i bhfo-alt (1) a scriosadh, agus

(ii) i bhfo-alt (8), trí “d'alt 8 (2) den Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 , agus” a scriosadh,

(c) trí alt 37 (oifigigh chomhionannais) a scriosadh, agus

(d) in alt 42 (cóid chleachtais), trí “an Stiúrthóra Imscrúduithe Comhionannais nó coimisinéara um chearta” a chur in ionad “coimisinéara um chearta nó oifigigh chomhionannais” i bhfo-alt (4).