An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Forálacha Sonracha maidir le Comhionannas idir Earnálacha eile Daoine) Ar Aghaidh (CUID VI Athbhreithnithe agus Pleananna Gníomhaíochta Comhionannais agus Athbhreithniú ar Reachtaíocht)

21 1998

AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998

CUID V

An tÚdarás Comhionannais

Ginearálta

An Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta do leanúint mar an tUdarás Comhionannais.

38. —(1) Maidir leis an nGníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta, a bunaíodh le halt 34 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 , leanfaidh sí de bheith ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus, ar theacht i ngníomh don alt seo agus dá éis, tabharfar an tÚdarás Comhionannais nó, sa Bhéarla, the Equality Authority uirthi agus déanfar tagairtí in aon achtachán nó doiciméad eile don Ghníomhaireacht um Chomhionannas Fostaíochta a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Gach duine a bhí, díreach roimh an lá a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh, i seilbh oifige mar chathaoirleach na Gníomhaireachta nó mar ghnáthchomhalta den Ghníomhaireacht, scoirfidh sé nó sí de bheith i seilbh na hoifige an lá sin.

Feidhmeanna an Údaráis.

39. —Beidh ag an Údarás, i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar dó le haon fhoráil eile den Acht seo nó d'aon Acht eile, na feidhmeanna ginearálta seo a leanas:

(a) oibriú chun deireadh a chur le hidirdhealú i ndáil le fostaíocht;

(b) comhionannas deiseanna a chur chun cinn i ndáil leis na nithe lena mbaineann an tAcht seo;

(c) faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le hoibriú an Achta seo, an Achta um Chosaint Mháithreachais, 1994, agus an Achta um Shaoire Uchtaíoch, 1995, agus oibriú na nAchtanna sin a choinneáil faoi athbhreithniú agus, aon uair is dóigh leis gur gá é, tograí a chur faoi bhráid an Aire chun aon cheann de na hAchtanna sin a leasú; agus

(d) oibriú Acht na bPinsean, 1990 , a choinneáil faoi athbhreithniú maidir leis an bprionsabal um chóir chomhionann agus, aon uair is dóigh leis gur gá é, tograí a chur faoi bhráid an Aire Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh chun an tAcht sin a leasú.

Pleananna Straitéiseacha.

40. —(1) A luaithe is indéanta tar éis d'alt 38 teacht i ngníomh agus ina dhiaidh sin laistigh de 6 mhí roimh gach dáta ar cothrom trí bliana an dáta a tháinig an t-alt sin i ngníomh é, déanfaidh an tÚdarás plean straitéiseach don tréimhse 3 bliana ina dhiaidh sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire fara leasú nó gan leasú.

(2) Maidir le plean straitéiseach—

(a) is é a bheidh ann cuspóirí fíorthábhachtacha an Údaráis, a aschuir agus a straitéisí gaolmhara, lena n-áirítear úsáid acmhainní,

(b) ullmhófar é i bhfoirm agus ar mhodh a bheidh de réir aon ordachán arna n-eisiúint ag an Aire ó am go ham, agus

(c) tabharfar aird ann ar an ngá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní an Údaráis.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis an plean straitéiseach a cheadú, cóip den phlean straitéiseach a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Comhaltas.

41. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is iad a bheidh ar an Údarás 12 chomhalta arna gceapadh ag an Aire (agus a gceapfar duine acu mar chathaoirleach air) ar fireannaigh 5 acu ar a laghad agus ar baineannaigh 5 acu ar a laghad.

(2) Ar feadh na 4 bliana díreach tar éis don Aire comhaltaí an Údaráis a cheapadh den chéad uair, is iad a bheidh ar an Údarás 12 chomhalta ar a mhéad arna gceapadh amhlaidh (ar cathaoirleach air duine amháin acu) agus, maidir leis na comhaltaí sin, seachas 2 dhuine acu, fireannaigh a bheidh ina leath ar a laghad agus baineannaigh a bheidh ina leath ar a laghad.

(3) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin aon fholúntais nó folúntas i measc a chuid comhaltaí.

An cathaoirleach.

42. —(1) Déanfar an cathaoirleach a cheapadh i gcáil lánaimseartha nó i gcáil pháirtaimseartha agus beidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh 4 bliana ar a mhéad ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Íocfar leis an gcathaoirleach, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus cibé liúntais agus caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an cathaoirleach éirí as an oifig sin tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

(4) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, an cathaoirleach a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

Dícháilíocht.

43. —(1) Más rud é, i gcás duine ar cathaoirleach an Údaráis nó gnáthchomhalta den Údarás é nó í—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh an duine, air sin, de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Údarás nó ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta den Údarás.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an Údarás nó ina ghnáthchomhalta nó ina gnáthchomhalta den Údarás.

(3) Beidh duine is comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé nó sí d'oifig a shealbhú má bhreithnítear an duine sin ina fhéimheach nó ina féimheach nó má dhéanann sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó, ar é nó í a chiontú ar díotáil ag cúirt dlínse inniúla, má ghearrtar príosúnacht air nó uirthi, nó má scoireann sé nó sí de ghnáthchónaí a bheith air nó uirthi sa Stát.

Gnáthchomhaltaí.

44. —(1) Maidir le gnáthchomhaltaí an Údaráis—

(a) beidh beirt acu, duine fireann agus duine baineann, ina ndaoine arna gceapadh ar iad a bheith ainmnithe ag cibé eagraíochtaí atá ionadaitheach d'fhostaithe agus is cuí leis an Aire,

(b) beidh beirt acu, duine fireann agus duine baineann, ina ndaoine arna gceapadh ar iad a bheith ainmnithe ag cibé eagraíochtaí atá ionadaitheach d'fhostóirí agus is cuí leis an Aire, agus

(c) is éard a bheidh sa líon eile cibé daoine ar dealraitheach don Aire go bhfuil eolas nó taithí acu ar na nithe seo a leanas—

(i) saincheisteanna tomhaltóirí, gnóthaí sóisialta nó comhionannais, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le taithí agus dálaí grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste faoi threoir inscne, stádais pósta, stádais teaghlaigh, gnéaschlaonta, creidimh, aoise, míchumais, cine, datha, náisiúntachta, bunaidh eitnigh nó náisiúnta nó toisc gur den lucht siúil iad,

(ii) saincheisteanna a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil, nó

(iii) cibé ábhar eile (lena n-áirítear an dlí, airgeadas, bainistíocht nó riarachán) is dealraitheach don Aire a bheith iomchuí maidir leis na saincheisteanna lena mbaineann feidhmeanna an Údaráis.

(2) Beidh gach gnáthchomhalta den Údarás ina chomhalta nó ina comhalta páirtaimseartha agus, faoi réir an Achta seo, beidh sé nó sí i seilbh oifige ar feadh 4 bliana ar a mhéad ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáthchomhalta den Údarás a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

(4) Íocfar le gach gnáthchomhalta den Údarás, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé caiteachais a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Féadfaidh gnáthchomhalta den Údarás éirí as oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

(6) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc aon chomhaltaí den Údarás arna n-ainmniú mar a luaitear i bhfo-alt (1)(a)(b), iarrfaidh an tAire láithreach ar an eagraíocht a rinne an t-ainmniúchán lena mbaineann duine a ainmniú (ar duine den ghnéas céanna leis an iarchomhalta lena mbaineann é nó í) lena cheapadh nó lena ceapadh chun an folúntas a líonadh agus déanfaidh an tAire an duine a ainmneofar amhlaidh a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(7) I gcás go gceapfar duine mar chomhalta den Údarás chun corrfholúntas a líonadh, beidh an comhalta sin i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de thréimhse oifige an duine a bhfuil a ionad nó a hionad mar chomhalta á ghlacadh aige nó aici.

Féadfar an cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí a athcheapadh.

45. —Beidh cathaoirleach an Údaráis agus gnáthchomhalta den Údarás a rachaidh a dtéarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha mar chathaoirleach nó mar ghnáthchomhalta.

An leaschathaoirleach.

46. —(1) Ceapfaidh an tAire duine de ghnáthchomhaltaí an Údaráis mar leaschathaoirleach an Údaráis agus beidh d'fheidhm aige nó aici gníomhú mar chathaoirleach nuair nach mbeidh an cathaoirleach i láthair.

(2) Íocfar leis an leaschathaoirleach, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus cibé liúntais agus caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Cruinnithe agus gnó.

47. —(1) Beidh ag an Údarás cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh agus faoi réir an Achta seo féadfaidh an tÚdarás socruithe a dhéanamh chun a chruinnithe agus a ghnó a sheoladh.

(2) Sna socruithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) féadfar, le ceadú an Aire, foráil a dhéanamh maidir le fochoiste de chuid an Údaráis do chomhlíonadh aon fheidhmeanna de chuid an Údaráis faoi stiúradh ginearálta an Údaráis.

(3) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad a shocrú nó a cheadú don chéad chruinniú den Údarás a bheidh ann tar éis don fho-alt seo teacht i ngníomh.

(4) 5 chomhalta is córam do chruinniú den Údarás.

(5) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é nó is í an cathaoirleach, má bhíonn sé nó sí i láthair, a rachaidh i gceannas,

(b) mura mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, rachaidh leaschathaoirleach an Údaráis i gceannas, agus

(c) má bhíonn agus fad a bheidh—

(i) an cathaoirleach as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, agus

(ii) leaschathaoirleach an Údaráis as láthair nó oifig an leaschathaoirligh folamh,

déanfaidh comhaltaí an Údaráis duine dá líon a roghnú le dul i gceannas ar an gcruinniú.

(6) Beidh vóta amháin ag cathaoirleach an Údaráis agus ag gach gnáthchomhalta den Údarás a bheidh ag freastal ar chruinniú den Údarás.

(7) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Údarás a chinneadh le tromlach na vótaí a chaithfear ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an duine a bheidh i gceannas ar an gcruinniú.

Coistí comhairleacha.

48. —(1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham cibé coistí comhairleacha agus cibé líon coistí comhairleacha is cuí leis a cheapadh chun comhairle a thabhairt dó ar nithe a bhaineann lena fheidhmeanna, ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí tagartha is dóigh leis is cuí.

(2) I gcás go mbeidh coiste comhairleach ceaptha ag an Údarás, déanfaidh an tÚdarás duine de chomhaltaí an choiste a cheapadh mar chomhalta ceannais agus duine eile mar leaschomhalta ceannais a ghníomhóidh nuair a bheidh an comhalta ceannais as láthair.

(3) Íocfar le comhalta ceannais coiste chomhairligh, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé táille a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais i leith freastail ar chruinnithe den choiste.

(4) Íocfar le gach comhalta de choiste comhairleach, as airgead a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé liúntas a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais i leith caiteachas a thabhóidh an comhalta.

Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin.

49. —(1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin an Údaráis ann (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an “Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin”).

(2) Déanfaidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin foireann, riarachán agus gnó an Údaráis a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a thabharfar dó nó di leis an Acht seo nó faoi, nó a chinnfidh an tÚdarás.

(3) Beidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin freagrach don Údarás as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh agus as beartais an Údaráis a chur i ngníomh.

(4) Cuirfidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ar fáil don Údarás cibé faisnéis, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a cheanglóidh an tÚdarás ó am go ham.

(5) Féadfaidh cibé comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin cibé feidhmeanna de chuid an Phríomh-Oifigigh Feidhmiúcháin a shonróidh sé nó sí ó am go ham a chomhlíonadh, le toiliú an Údaráis.

(6) Féadfaidh cibé comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh ainmnithe ó am go ham ag an Údarás chun na críche sin feidhmeanna an Phríomh-Oifigigh Feidhmiúcháin a chomhlíonadh le linn don Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin a bheith as láthair nó nuair a bheidh post an Phríomh-Oifigigh Feidhmiúcháin folamh.

(7) Is é nó is í an tAire a cheapfaidh an chéad Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin agus féadfaidh an tAire é nó í a chur as oifig tráth ar bith; is é an tÚdarás, le toiliú an Aire, a cheapfaidh gach Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin ina dhiaidh sin (lena n-áirítear aon duine a athcheapfar mar Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin) agus féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, é nó í a chur as oifig tráth ar bith.

Cuntasacht an Phríomh-Oifigigh Feidhmiúcháin.

50. —(1) Déanfaidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis, tráth ar bith a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann a bheidh bunaithe faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, fianaise a thabhairt don Choiste sin—

(a) ar rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglaítear a thaifeadadh, in aon leabhar nó taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a bhfuil ceangal ar an bPríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin nó ar an Údarás le reacht nó faoi reacht é a ullmhú,

(b) ar bharainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis ó thaobh a chuid acmhainní a úsáid,

(c) ar na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a oibríochtaí a mheas, agus

(d) ar aon ní a fhearann ar an Údarás agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhainfidh sé le ní a shonraítear i mír (a), (b)(c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) I gcomhlíonadh dualgas faoin alt seo, ní cheisteoidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas nó tuillteanas cuspóirí beartas den sórt sin ná ní thabharfaidh sé nó sí tuairim ar an tuillteanas sin.

Foireann.

51. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, cibé líon daoine a cheadóidh an tAire Airgeadais a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis.

(2) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás agus le toiliú an Aire Airgeadais, gráid foirne an Údaráis agus an líon foirne i ngach grád a chinneadh.

(3) Maidir le gach ceapachán faoin alt seo nó faoi alt 49 ,, beidh sé—

(a) ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus beidh sé faoi réir Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996, nó

(b) ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tÚdarás agus a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Séala an Údaráis.

52. —(1) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a bheidh fíordheimhnithe ag an gcathaoirleach nó ag comhalta éigin eile den Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú thar a cheann agus le síniú oifigigh de chuid an Údaráis a bheidh údaraithe aige chun gníomhú chuige sin.

(2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus beidh aon doiciméad a bheidh séalaithe leis an séala inghlactha i bhfianaise.

Cuntais agus iniúchtaí.

53. —(1) Déanfaidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, tar éis comhaontú an Údaráis a fháil—

(a) meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, i leith cibé tréimhsí agus ag cibé tráthanna a cheanglóidh an tAire, agus

(b) aon fhaisnéis a éileoidh an tAire i ndáil leis na meastacháin sin a thabhairt don Aire, lena n-áirítear tograí agus pleananna todhchaí i ndáil le comhall a fheidhmeanna ag an Údarás thar thréimhse blianta.

(2) Cuirfidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, faoi stiúradh an Údaráis, faoi deara go gcoimeádfar na leabhair nó na taifid chuntais eile go léir is cuí agus is gnách—

(a) ar ioncam agus caiteachas uile an Údaráis,

(b) ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin, agus

(c) ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais an Údaráis,

agus coimeádfaidh sé no sí na cuntais speisialta sin go léir a n-ordóidh an tAire nó an tÚdarás, le toiliú an Aire, ó am go ham iad a choimeád, agus tabharfaidh sé nó sí cuntas don Údarás ina leith.

(3) Is í bliain airgeadais an Údaráis an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31ú lá de Nollaig in aon bhliain.

(4) Aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, ceadóidh an tÚdarás, an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin agus oifigigh eile an Údaráis d'aon duine a bheidh ceaptha ag an Aire chun leabhair nó taifid chuntais eile an Údaráis a scrúdú i leith aon bhliana airgeadais nó tréimhse eile agus éascóidh siad aon scrúdú den sórt sin, agus íocfaidh an tÚdarás cibé táille ina leith sin a shocróidh an tAire.

(5) Maidir le cuntais an Údaráis do gach bliain airgeadais—

(a) ullmhófar iad i cibé foirm agus modh a shonróidh an tAire, agus

(b) ullmhóidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin iad agus ceadóidh an tÚdarás iad a luaithe is indéanta ach tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad chun iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh,

agus déanfar cóip de na cuntais agus de thuarascáil an iniúchóra orthu a thíolacadh a luaithe is indéanta don Údarás agus don Aire.

(6) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de na cuntais agus de thuarascáil an iniúchóra dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a chur ar fáil don Aire.

54. —(1) Déanfaidh an tÚdarás, laistigh de 6 mhí ó thosach gach bliana féilire, tuarascáil a thabhairt don Aire ar ghníomhaíochtaí an Údaráis i leith na bliana féilire roimhe sin, nó i gcás na chéad bhliana féilire ar tháinig alt 38 i ngníomh lena linn, i leith an chuid sin den bhliain féilire a raibh alt 38 i ngníomh lena linn.

(2) Áireofar i dtuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis maidir le comhlíonadh fheidhmeanna an Údaráis le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, áireofar sa tuarascáil—

(a) cuntas ar aon athbhreithniú comhionannais a rinneadh sa tréimhse sin,

(b) cibé faisnéis is dóigh leis an Údarás is cuí maidir le cur i ngníomh pleananna gníomhaíochta comhionannais sa tréimhse sin, agus

(c) cibé faisnéis eile i cibé foirm is cuí leis an Údarás nó a ordóidh an tAire.

(3) Tabharfaidh an tÚdarás don Aire, má iarrann an tAire amhlaidh, cibé faisnéis a iarrfaidh an tAire—

(a) maidir le haon ní a bhaineann le beartas agus gníomhaíochtaí an Údaráis i gcoitinne,

(b) maidir le haon ní nó cuntas sonrach arna ullmhú aige, nó

(c) maidir le haon tuarascáil a shonraítear i bhfo-alt (1),

agus is é nó is í an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, ag gníomhú dó nó di faoi údarás ginearálta an Údaráis, a thabharfaidh an fhaisnéis.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip de gach tuarascáil faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(5) I bhfo-alt (2), tá le “athbhreithniú comhionannais” agus “plean gníomhaíochta comhionannais” na bríonna céanna atá leo i gCuid VI.

Deontais agus cumhachtaí airgead a fháil ar iasacht.

55. —(1) I ngach bliain airgeadais féadfar deontas, de cibé méid a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas faoi chomhair chaiteachais an Údaráis i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna airgid a theastóidh uaidh d'fhonn soláthar do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach.

Cóid chleachtais.

56. —(1) Féadfaidh an tÚdarás nó, má iarrann an tAire air déanamh amhlaidh, déanfaidh sé, dréachtchóid chleachtais a ullmhú lena gcur faoi bhráid an Aire ar mhaithe le ceachtar de na haidhmeanna seo a leanas nó ar mhaithe leo araon:

(a) deireadh a chur le hidirdhealú i bhfostaíocht;

(b) comhionannas deiseanna i bhfostaíocht a chur chun cinn.

(2) Sula ndéanfaidh sé dréachtchód cleachtais a chur faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1), rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le cibé Aire eile den Rialtas nó le cibé duine nó comhlacht eile is cuí leis an Údarás nó a ordóidh an tAire.

(3) Tar éis dréachtchód cleachtais a bheith curtha faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (1), féadfaidh sé nó sí a dhearbhú le hordú—

(a) gur cód cleachtais ceadaithe chun críocha an Achta seo an dréacht, nó

(b) gur cód cleachtais ceadaithe chun críocha an Achta seo an dréacht, arna leasú ag an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás,

agus, in ordú faoin bhfo-alt seo, leagfar amach téacs an chóid cleachtais cheadaithe lena mbaineann sé.

(4) Beidh cód cleachtais ceadaithe inghlactha i bhfianaise agus, má dhealraíonn sé gurb iomchuí aon fhoráil den chód maidir le haon cheist a éiríonn in aon imeachtaí coiriúla nó imeachtaí eile, cuirfear i gcuntas í le linn an cheist sin a bheith á cinneadh; agus chun na críche seo folaíonn “imeachtaí”, i dteannta imeachtaí os comhair cúirte agus faoi Chuid VII, imeachtaí os comhair na Cúirte Oibreachais, os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, os comhair an Bhinse Achomhairc Fostaíochta, os comhair an Stiúrthóra agus os comhair coimisinéara um chearta.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, cód cleachtais ceadaithe a chúlghairm nó a leasú.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoi fho-alt (3)(5) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Taighde agus faisnéis.

57. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé taighde a ghabháil de láimh nó a urrú, agus cibé gníomhaíochtaí a bhaineann le leathadh faisnéise a ghabháil de láimh nó a urrú, a mheasfaidh sé is gá agus is dealraitheach a bheith fóirsteanach chun aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás muirir a ghearradh as aon seirbhísí a chuirfidh sé ar fáil faoi fho-alt (1).

(3) D'fhonn cabhrú leis i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin alt seo, féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, aon duine nó daoine a fhostú ag a bhfuil cáilíochtaí a bhaineann leis na feidhmeanna sin i dtuairim an Údaráis.

Fiosrúcháin ag an Údarás

Fiosrúcháin.

58. —(1) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh an tÚdarás, chun aon chríche a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna, fiosrúchán a sheoladh, agus déanfaidh sé amhlaidh má éilíonn an tAire é.

(2) Féadfaidh—

(a) comhalta den Údarás, nó

(b) comhalta dá fhoireann a bheidh údaraithe chun na críche sin ag an Údarás, nó

(c) duine a bheidh fostaithe go cuí faoi fho-alt (3) agus a bheidh údaraithe chun na críche sin ag an Údarás, nó

(d) níos mó ná duine amháin, ar duine lena mbaineann mír (a), (b)(c) gach duine acu,

fiosrúchán a sheoladh agus, chun críocha an fhiosrúcháin, beidh feidhmeanna uile an Údaráis ag an duine nó ag na daoine a bheidh ag seoladh an fhiosrúcháin.

(3) Chun críocha fiosrúcháin a ndéantar foráil dó leis an alt seo, féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, duine amháin nó níos mó a fhostú ag a bhfuil cáilíochtaí atá, i dtuairim an Údaráis, iomchuí maidir le seoladh an fhiosrúcháin.

(4) Ní dhéanfaidh an tÚdarás fiosrúchán a sheoladh go dtí—

(a) go mbeidh téarmaí tagartha don fhiosrúchán ceaptha ag an Údarás nó, más fiosrúchán é a d'éiligh an tAire, ag an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, agus

(b) go mbeidh fógra á rá go bhfuil sé ar intinn aige an fiosrúchán a sheoladh tugtha ag an Údarás—

(i) trína fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a scaiptear go forleathan sa Stát, nó

(ii) i gcás ina bhfuil tagairt do dhuine sonraithe sna téarmaí tagartha, trí chóip den fhógra a chur ar fáil i scríbhinn don duine.

Faisnéis etc. a fháil chun críocha fiosrúcháin.

59. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, chun críocha fiosrúcháin faoi alt 58 , gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) a cheangal ar aon duine, trí fhógra arna sheachadadh ar an duine sin, cibé faisnéis a shonróidh an tÚdarás san fhógra agus a éileoidh sé chun críche an fhiosrúcháin a chur ar fáil don Údarás;

(b) a cheangal ar aon duine, trí fhógra arna sheachadadh ar an duine sin, aon doiciméad a shonrófar san fhógra, agus atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin, a thabhairt ar aird don Údarás nó a chur chuige;

(c) finnéithe a thoghairm, trí fhógra arna sheachadadh orthu, chun freastal os comhair an Údaráis;

(d) finnéithe a chur faoi mhionn agus faoi dhearbhasc agus finnéithe a bheidh ag freastal os comhair an Údaráis a cheistiú.

(2) Ní mheasfar fógra a bheith seachadta ar dhuine chun críocha aon mhíre d'fho-alt (1) mura ndéantar é a sheachadadh ar an duine—

(a) go pearsanta, nó

(b) leis an bpost cláraithe,

agus déanfaidh comhalta amháin ar a laghad den Údarás an fógra a shíniú.

(3) Ní dhéanfar aon fhógra faoi fho-alt (1) a sheachadadh mura rud é—

(a) go bhfuil toiliú an Aire leis an seachadadh faighte ag an Údarás, nó

(b) go gcreideann an tÚdarás maidir le duine a bheidh ainmnithe sna téarmaí tagartha don fhiosrúchán lena mbaineann an fógra—

(i) go bhfuil idirdhealú déanta nó á dhéanamh aige nó aici,

(ii) go bhfuil alt 8 (4), 1014 sáraithe nó á shárú aige nó aici, nó

(iii) go bhfuil mainneachtain déanta nó á déanamh aige nó aici clásal comhionannais nó téarma luach saothair chomhionainn a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé íocaíochtaí i leith caiteachas cothaithe agus taistil a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a dhéanamh le duine a fhreastalóidh os a chomhair mar fhinné.

Cionta a bhaineann le fiosrúcháin etc.

60. —(1) Gach duine—

(a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh faisnéis a chur ar fáil don Údarás, ar faisnéis í a éileoidh an tÚdarás agus a shonrófar i bhfógra faoi alt 59 (1)(a),

(b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon doiciméad atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt ar aird don Údarás nó a chur chuige, mar a cheanglaítear trí fhógra faoi alt 59 (1)(b),

(c) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh freastal os comhair an Údaráis, ar é nó í a thoghairm go cuí mar fhinné trí fhógra faoi alt 59 (1)(c),

(d) a dhiúltóidh, agus é nó í i láthair mar fhinné os comhair an Údaráis, mionn nó dearbhasc a ghlacadh nuair a cheanglóidh an tÚdarás air nó uirthi déanamh amhlaidh nó a dhiúltóidh freagra a thabhairt ar aon cheist a gceanglóidh an tÚdarás air nó uirthi freagra a thabhairt uirthi, nó

(e) a dhéanfaidh aon ní ar díspeagadh cúirte a bheadh ann dá mba chúirt bhreithiúnais an tÚdarás le cumhacht duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh cúirte,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Féadfaidh an chúirt a chiontóidh duine i gcion faoi mhír (a), (b)(c) d'fho-alt (1) a cheangal ar an duine an fógra dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh.

(3) Beidh aon duine ar ar seachadadh fógra faoi alt 59(1)(a) agus—

(a) a dhéanfaidh ráiteas bréagach le linn faisnéis a shonraítear san fhógra a chur ar fáil don Údarás, nó

(b) a dhéanfaidh doiciméad a shonraítear san fhógra a athrú, a choinneáil siar, a cheilt nó a dhíothú,

ciontach i gcion.

Moltaí a éiríonn as fiosrúcháin agus tuarascálacha ar fhiosrúcháin.

61. —(1) Tar éis dó fiosrúchán faoi alt 58 a sheoladh, nó i gcúrsa an fhiosrúcháin sin, féadfaidh an tÚdarás moltaí a éireoidh as an bhfiosrúchán a dhéanamh d'aon duine, lena n-áirítear an tAire, d'fhonn ceachtar d'fheidhmeanna ginearálta an Údaráis a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 39, nó iad araon, a chur chun cinn.

(2) A luaithe is indéanta tar éis dó fiosrúchán faoi alt 58 a sheoladh, ullmhóidh an tÚdarás nó cuirfidh sé faoi deara go n-ullmhófar tuarascáil ar an bhfiosrúchán agus beidh aon chinntí de chuid an Údaráis ag éirí as an bhfiosrúchán san áireamh sa tuarascáil.

(3) I gcás gur fiosrúchán a d'éiligh an tAire an fiosrúchán faoi alt 58 , cuirfear cóip den tuarascáil faoi fho-alt (2) chuig an Aire a luaithe is indéanta tar éis í a ullmhú.

(4) A luaithe is indéanta—

(a) tar éis tuarascáil faoi fho-alt (2) a ullmhú, ar tuarascáil í nach gceanglaítear í a chur chuig an Aire faoi fho-alt (3), cuirfidh an tÚdarás faoi deara, nó

(b) tar éis cóip de thuarascáil a cuireadh chuig an Aire faoi fho-alt (3) a fháil, cuirfidh an tAire faoi deara,

an tuarascáil a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar shlí eile agus tabharfaidh sé nó sí fógra don phobal maidir leis an tuarascáil a bheith foilsithe nó ar fáil.

(5) Aon fhaisnéis a gheobhaidh an tÚdarás i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi alt 59 maidir le haon eagraíocht nó duine nó maidir leis an ngnó atá á sheoladh ag aon eagraíocht nó duine, ar faisnéis í nach bhfuil ar fáil ar shlí eile—

(a) ní chuirfear i dtuarascáil faoin alt seo í gan toiliú ón eagraíocht nó ón duine lena mbaineann, mura mbeadh sé ar neamhréir le dualgais an Údaráis agus le cuspóir na tuarascála gan an fhaisnéis sin a bheith inti, agus

(b) ní dhéanfaidh aon duine a bhfuil baint aige nó aici le haon imeachtaí coiriúla nó imeachtaí eile faoin Acht seo í a nochtadh, gan an toiliú sin.

Fógraí neamhidirdhealúcháin.

62. —(1) I gcás gur deimhin leis an Údarás. le linn dó nó tar éis dó fiosrúchán a sheoladh, maidir le haon duine—

(a) go bhfuil idirdhealú déanta nó á dhéanamh aige nó aici,

(b) go bhfuil alt 8 (4), 1014 sáraithe nó á shárú aige nó aici, nó

(c) go bhfuil mainneachtain déanta nó á déanamh aige nó aici clásal comhionannais nó téarma luach saothair chomhionainn a chomhlíonadh,

féadfaidh an tÚdarás fógra neamh-idirdhealúcháin a sheirbheáil ar an duine sin, trína sheachadadh ar an duine sin go pearsanta nó leis an bpost cláraithe.

(2) I gcás go mbeartaíonn an tÚdarás fógra neamhidirdhealúcháin a sheirbheáil ar aon duine, déanfaidh sé, sula seirbheálfar an fógra, fógra i scríbhinn a thabhairt don duine á rá go bhfuil beartaithe aige déanamh amhlaidh.

(3) I bhfógra faoi fho-alt (2) á rá go bhfuil sé beartaithe fógra neamh-idirdhealúcháin a sheirbheáil—

(a) sonrófar an gníomh nó an neamhghníomh arb é an t-idirdhealú, an sárú nó an mhainneachtain é dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus lena mbaineann an fógra, agus

(b) cuirfear in iúl don duine lena mbaineann go bhfuil an ceart aige nó aici uiríll a dhéanamh chun an Údaráis de réir fho-alt (4).

(4) Féadfaidh duine a mbeidh fógra faoi fho-alt (2) faighte aige nó aici, laistigh de 28 lá ó dháta an fhógra a fháil, uiríll a dhéanamh chun an Údaráis i dtaobh a bhfuil beartaithe ag an Údarás, agus i gcás ina ndéanfar uiríll den sórt sin, breithneoidh an tÚdarás iad sula seirbheálfaidh sé fógra neamh-idirdhealúcháin ar an duine.

(5) I bhfógra neamh-idirdhealúcháin—

(a) sonrófar an gníomh nó an neamhghníomh arb é an t-idirdhealú, an sárú nó an mhainneachtain é dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus lena mbaineann an fógra neamh-idirdhealúcháin,

(b) ceanglófar ar an duine ar a seirbheálfar é gan an gníomh nó an neamhghníomh arb é an t-idirdhealú nó an sárú é a dhéanamh nó, más cuí, an clásal comhionannais nó an téarma luach saothair chomhionainn a chomhlíonadh,

(c) sonrófar, i gcás idirdhealú, na bearta a cheanglaíonn an tÚdarás ar an duine ar a seirbheálfar é a dhéanamh le nach ndéanfaidh sé nó sí an t-idirdhealú,

(d) ceanglófar ar an duine ar a seirbheálfar é, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra neamhidirdhealúcháin, a chur in iúl don Údarás agus d'aon daoine eile a bheidh sonraithe amhlaidh cad iad na bearta atá déanta chun an fógra a chomhlíonadh, agus

(e) ceanglófar ar an duine ar a seirbheálfar é, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra neamhidirdhealúcháin, aon fhaisnéis bhreise a bheidh sonraithe amhlaidh a chur ar fáil don Údarás.

Achomharc in aghaidh fógra neamhidirdhealúcháin.

63. —(1) Féadfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra neamhidirdhealúcháin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais, laistigh de 42 lá ó dháta na seirbheála, in aghaidh an fhógra nó aon cheanglais de chuid an fhógra.

(2) I gcás nach ndéanfar achomharc faoi fho-alt (1), tiocfaidh fógra neamh-idirdhealúcháin i ngníomh ar an tréimhse 42 lá dá dtagraítear san fho-alt sin a bheith caite.

(3) I gcás ina mbeidh an Chúirt Oibreachais tar éis achomharc faoi fho-alt (1) a éisteacht, féadfaidh sí an fógra a dhaingniú go hiomlán nó go páirteach, fara leasú nó gan leasú ar an bhfógra, nó an t-achomharc a cheadú.

(4) I gcás ina ndaingneoidh an Chúirt Oibreachais fógra neamhidirdhealúcháin, tiocfaidh an fógra, arna dhaingniú amhlaidh go hiomlán nó go páirteach, i ngníomh cibé dáta a shocróidh sí.

(5) I gcás ina gceadóidh an Chúirt Oibreachais achomharc faoi fho-alt (1), scoirfidh an fógra neamh-idirdhealúcháin a ndearnadh an t-achomharc ina aghaidh d'éifeacht a bheith leis.

Clár d'fhógraí neamhidirdhealúcháin.

64. —Coimeádfaidh agus cothabhálfaidh an tÚdarás clár de gach fógra neamh-idirdhealúcháin a bheidh tagtha i ngníomh agus beidh an clár ar oscailt lena iniúchadh ag aon duine gach tráth réasúnach.

Urghairí mar gheall ar mhainneachtain fógra neamhidirdhealúcháin a chomhlíonadh.

65. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an Ard-Chúirt nó an Chúirt Chuarda, ar fhoriarratas ón Údarás, urghaire a dheonú chun cosc a chur le hidirdhealú, de chineál a bheidh sonraithe san ordú ón gcúirt lena mbaineann, ag duine a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le cás ina ndeimhneoidh an tÚdarás don Ard-Chúirt nó don Chúirt Chuarda, de réir mar a bheidh, sa tréimhse 5 bliana dar tosach an dáta a tháinig fógra neamh-idirdhealúcháin i ngníomh, gur dóigh go ndéanfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra tuilleadh idirdhealaithe, sáraithe nó mainneachtana dá dtagraítear in alt 62 (1).

(3) Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo, is é nó is í an breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine ar ar seirbheáladh an fógra neamh-idirdhealúcháin, nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.

Cion a bhaineann le mainneachtain fógra neamhidirdhealúcháin a chomhlíonadh.

66. —Aon duine ar a seirbheálfar fógra neamh-idirdhealúcháin agus, aon tráth laistigh den tréimhse 5 bliana dar tosach an dáta a thiocfaidh an fógra i ngníomh, nach gcomhlíonfaidh an fógra, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

Cúnamh ón Údarás i dtaca le tarchuir áirithe.

67. —(1) Aon duine a mheasfaidh—

(a) go bhfuil idirdhealú dírithe i gcoinne an duine ag duine eile, nó

(b) go ndearnadh dochar dó nó di mar thoradh ar mhainneachtain nó diúltú ag duine eile—

(i) clásal comhionannais nó téarma luach saothair chomhionainn a chomhlíonadh, nó

(ii) breith, ordú nó cinneadh faoin gCuid seo nó socraíocht idirghabhála faoi alt 78 a chur i ngníomh,

féadfaidh sé nó sí iarraidh a dhéanamh chuig an Údarás ar chúnamh chun imeachtaí a thionscnamh a bhforáiltear do shásamh ina leith faoin Acht seo.

(2) I gcás inar deimhin leis an Údarás, tar éis dó iarraidh faoi fho-alt (1) a bhreithniú, go n-éiríonn ceist thábhachtach prionsabail sa chás lena mbaineann an iarraidh, nó gur dealraitheach don Údarás nach bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go bhféadfadh an duine a dhéanfaidh an iarraidh an cás a thíolacadh go leormhaith gan chúnamh, féadfaidh an tÚdarás, dá rogha féin agus ag céim ar bith, cúnamh a thabhairt don duine—

(a) chun an tarchur nó an t-iarratas a dhéanamh, agus

(b) in aon imeachtaí a thig nó a éiríonn as an tarchur nó as an iarratas.

(3) Is i cibé foirm is cuí leis an Údarás, dá rogha féin, a bheidh cúnamh faoin alt seo.

(4) Maidir le haon fheidhm de chuid an Údaráis faoin alt seo, féadfaidh oifigeach de chuid an Údaráis dá dtarmligfear an fheidhm í a fheidhmiú agus féadfaidh aon tarmligean den sórt sin critéir nó treoirlínte eile a shonrú ar faoina dtreoir a mheasfaidh an tÚdarás is cóir an fheidhm tharmligthe a fheidhmiú.