An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998) Ar Aghaidh (CUID II Idirdhealú: Forálacha Ginearálta)

21 1998

AN tACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA, 1998

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Ach amháin a mhéid a fhoráiltear go sainráite le haon fhoráil den Acht seo maidir le teacht i ngníomh aon fhorála den sórt sin, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar le hordú a dhéanfaidh an tAire, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla agus chun críoch éagsúil.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “gníomh” neamhghníomh toiliúil;

folaíonn “fógrán” gach foirm fógráin, cibé acu is don phobal é nó nach ea agus cibé acu i nuachtán nó i bhfoilseachán eile, ar an teilifís nó ar an raidió nó trí fhógra a thaispeáint nó ar aon mhodh eile dó, agus forléireofar dá réir sin tagairtí d'fhógráin a fhoilsiú;

ciallaíonn “oibrí gníomhaireachta” fostaí a bhfuil conradh fostaíochta den chineál a luaitear i mír (b) den mhíniú ar chonradh den sórt sin san fho-alt seo aige nó aici;

déanfar “fostóir comhlachaithe” a fhorléiriú de réir fho-alt (2);

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Comhionannais;

ciallaíonn “conradh fostaíochta”, faoi réir fho-alt (3)

(a) conradh seirbhíse nó printíseachta, nó

(b) aon chonradh eile trína gcomhaontaíonn pearsa aonair le duine, a bhfuil gnó gníomhaireachta fostaíochta de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971 , á sheoladh aige nó aici, aon obair nó seirbhís a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta do dhuine eile (bíodh nó ná bíodh an duine eile sin ina pháirtí nó ina páirtí sa chonradh),

cibé acu is conradh sainráite nó intuigthe é agus, i gcás é a bheith sainráite, cibé acu is conradh ó bhéal nó i scríbhinn é;

ciallaíonn “an Stiúrthóir” an Stiúrthóir Imscrúduithe Comhionannais;

ciallaíonn “míchumas”—

(a) feidhmeanna coirp nó meabhrach duine a bheith in easnamh go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear cuid de chorp duine a bheith in easnamh,

(b) orgánaigh atá nó is dóigh a bheidh ina dtrúig galair nó tinnis ainsealaigh a bheith sa chorp,

(c) mífheidhmiú, anchuma nó máchailiú cuid de chorp duine,

(d) riocht nó mífheidhmiú a bhfuil de thoradh air go bhfoghlaimíonn duine ar shlí éagsúil le duine nach bhfuil an riocht nó an mífheidhmiú air no uirthi, nó

(e) riocht, tinneas nó galar a fhearann ar phróisis smaointe duine, ar aireachtáil na réaltachta ag duine, ar mhothúcháin nó ar bhreithiúnas duine nó a bhfuil iompraíocht shuaite de thoradh air,

agus measfar go bhfolaíonn sé míchumas atá ann faoi láthair, a bhí ann cheana ach nach bhfuil ann a thuilleadh, nó a fhéadfaidh a bheith ann amach anseo, nó a chuirtear i leith duine;

tá le “na forais idirdhealaitheacha” an bhrí a thugtar le halt 6(2);

folaíonn “dífhostú” an fostaí d'fhoirceannadh conartha fostaíochta (cibé acu a tugadh nó nár tugadh fógra roimh ré faoin bhfoirceannadh don fhostóir) in imthosca ina raibh nó ina mbeadh, mar gheall ar iompar an fhostóra, an fostaí i dteideal an conradh a fhoirceannadh gan fógra den sórt sin a thabhairt, nó ina raibh nó ina mbeadh sé réasúnach ag an bhfostaí sin a dhéanamh, agus forléireofar “dífhostaithe” dá réir sin;

ciallaíonn “fostaí”, faoi réir fho-alt (3), duine a rinne conradh fostaíochta nó a oibríonn faoi chonradh fostaíochta (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, a rinne conradh fostaíochta nó a d'oibrigh faoi chonradh fostaíochta);

ciallaíonn “fostóir”, faoi réir fho-alt (3), i ndáil le fostaí, an duine lena bhfuil conradh fostaíochta déanta ag an bhfostaí nó dá n-oibríonn an fostaí faoi chonradh fostaíochta (nó, i gcás deireadh a bheith leis an bhfostaíocht, lena raibh conradh fostaíochta déanta ag an bhfostaí nó dár oibrigh an fostaí faoi chonradh fostaíochta);

ciallaíonn “gníomhaireacht fostaíochta” (nuair nach mínítear é faoi threoir an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971 ) duine a chuireann, ar bhrabach nó eile, seirbhísí ar fáil i ndáil le fostaíocht a fháil d'fhostaithe ionchasacha nó i ndáil le fostaithe a sholáthar d'fhostóirí;

ciallaíonn “clásal comhionannais” clásal comhionannais inscne, mar a mhínítear in alt 21 nó clásal comhionannais neamhidirdhealaitheach, mar a mhínítear in alt 30 ;

ciallaíonn “téarma luach saothair chomhionainn” téarma conartha de shórt a shonraítear in alt 19(1), 20(1)29(1);

ciallaíonn “stádas teaghlaigh” freagracht—

(a) mar thuismitheoir nó mar dhuine in loco parentis i ndáil le duine nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, nó

(b) mar thuismitheoir nó mar an cúramóir príomha cónaitheach i ndáil le duine ag a bhfuil an aois sin nó atá os cionn na haoise sin agus atá faoi mhíchumas de chineál is cúis le cúram nó tacaíocht a bheith ag teastáil ar bhonn leanúnach, rialta nó minic,

agus, chun críocha mhír (b), is cúramóir príomha cónaitheach i ndáil le duine faoi mhíchumas é nó í cúramóir príomha má tá cónaí ar an gcúramóir príomha leis an duine atá faoin míchumas;

folaíonn “feidhmeanna”, i ndáil leis an Údarás, cumhachtaí agus dualgais;

déanfar “an cineál céanna oibre” a fhorléiriú de réir alt 7 ;

ciallaíonn “stádas pósta” singil, pósta, idirscartha, colscartha nó baintreach;

ciallaíonn “duine den teaghlach”, i ndáil le haon duine—

(a) céile an duine sin, nó

(b) deartháir, deirfiúr, uncail, aintín, nia, neacht, dírshinsear nó dírshliochtach de chuid an duine sin nó de chuid chéile an duine sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “cearta pinsin” pinsean nó aon sochair eile ar ó scéim pinsean ceirde dóibh;

folaíonn “imeachtaí” aon tarchur, idirghabháil nó imscrúdú faoi Chuid VII ach ní fholaíonn sé imeachtaí coiriúla mar gheall ar chion faoin Acht seo;

déanfar “soláthraí oibre gníomhaireachta” a fhorléiriú de réir fho-alt (5);

ciallaíonn “comhlacht rialaitheach” comhlacht a thagann faoi réim aon mhíre de mhíreanna (a) go (c) d'alt 13;

déanfar “sainghné iomchuí” a fhorléiriú de réir alt 28 (3);

folaíonn “creideamh” cúlra nó dearcadh creidimh;

ní fholaíonn “luach saothair”, i ndáil le fostaí, cearta pinsin ach, faoina réir sin, folaíonn sé aon chomaoin, in airgead nó ina chomhchineál, a fhaigheann an fostaí go díreach nó go neamhdhíreach ón bhfostóir i leith na fostaíochta;

ciallaíonn “gnéaschlaonadh” claonadh heitrighnéasach, homaighnéasach nó déghnéasach;

ciallaíonn “ceardchumann” ceardchumann is sealbhóir ceadúnais margántaíochta faoi Chuid II den Acht Ceárd-Chumann, 1941 ;

déanfar “gairmoiliúint” a fhorléiriú de réir alt 12 (2).

(2) Chun críocha an Achta seo, measfar dhá fhostóir a bheith comhlachaithe más comhlacht corpraithe ceann acu a bhfuil rialú ag an gceann eile air (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) nó más comhlachtaí corpraithe iad araon a bhfuil rialú ag tríú duine orthu (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach).

(3) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar duine a shealbhaíonn oifig faoin Stát nó i seirbhís an Stáit (lena n-áirítear comhalta den Gharda Síochána nó d'Óglaigh na hÉireann) nó ar dhóigh eile mar státseirbhíseach, de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, a bheith ina fhostaí nó ina fostaí atá ar fostú ag an Stát nó ag an Rialtas, de réir mar a bheidh, faoi chonradh seirbhíse,

(b) measfar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil, chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 , d'údarás cuain, do bhord sláinte nó do choiste gairmoideachais a bheith ina fhostaí nó ina fostaí atá ar fostú ag an údarás, ag an mbord nó ag an gcoiste, de réir mar a bheidh, faoi chonradh seirbhíse, agus

(c) measfar, i ndáil le hoibrí gníomhaireachta, gurb é nó gurb í an fostóir an duine atá faoi dhliteanas i leith phá an oibrí gníomhaireachta.

(4) San Acht seo ní fholaíonn tagairt do “coinníollacha fostaíochta” luach saothair ná cearta pinsin.

(5) Maidir le duine a fhaigheann, faoi chonradh le gníomhaireacht fostaíochta, de réir bhrí an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta, 1971 , seirbhísí oibrí gníomhaireachta amháin nó níos mó ach nach é nó í fostóir na n-oibrithe sin é nó í chun críocha an Achta seo, gairtear an “soláthraí oibre gníomhaireachta” de nó di san Acht seo, i ndáil leis na hoibrithe gníomhaireachta.

(6) San Acht seo aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(7) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(8) San Acht seo folaíonn aon tagairt d'achtachán tagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Orduithe agus rialacháin.

3. —(1) Aon chumhacht faoin Acht seo chun ordú a dhéanamh, seachas faoi alt 1 (2), folaíonn sí cumhacht chun ordú arna dhéanamh i bhfeidhmiú na cumhachta sin a leasú nó a chúlghairm.

(2) I gcás go mbeartófar ordú faoin Acht seo a dhéanamh, seachas ordú faoi alt 1 (2) nó faoi fho-alt (3)(5) d'alt 56, déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais, agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(5) Féadfar cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach a bheith in aon ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo.

Caiteachais.

4. —Déanfar aon chaiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus leasuithe iarmhartacha.

5. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aisghairtear leis seo an tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 , agus an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 .

(2) Gan dochar d'oibriú alt 21 (a bhaineann le héifeacht aisghairme) den Acht Léiriúcháin, 1937 , ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú leanúnach orduithe a rinneadh faoi alt 14 (a bhaineann le cumhacht chun achtacháin áirithe a aisghairm nó a leasú) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 , agus, dá réir sin, beidh éifeacht le haon orduithe den sórt sin, tar éis don alt seo teacht i ngníomh, amhail is gur lean an t-alt sin i bhfeidhm.

(3) I bhfo-alt (2) d'alt 4 (a bhaineann leis an leaschathaoirleach den Chúirt Oibreachais) den Acht Caidrimh Thionscail, 1969 ,”, san Acht seo agus san Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 ” a chur in ionad “agus san Acht seo”.