Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

12 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1998


AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA (DÍOBHÁIL ÉISTEACHTA A MHEASÚNÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Feidhm.

3.

Aird bhreithiúnach a thabhairt ar an Tuarascáil.

4.

Beidh aird ag na cúirteanna ar nithe áirithe sa Tuarascáil.

5.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

CUID I

Caibidil 7.1 den Tuarascáil

CUID II

Tábla 4 i Mír 7.7 den Tuarascáil


/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1998


AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA (DÍOBHÁIL ÉISTEACHTA A MHEASÚNÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO dTABHARFAR AIRD BHREITHIÚNACH AR THUARASCÁIL CHUN AN AIRE SLÁINTE AGUS LEANAÍ Ó GHASRA SAINEOLAITHE ÉISTEACHTA A D'FHOILSIGH AN ROINN SLÁINTE AGUS LEANAÍ AN 9ú LÁ D'AIBREÁN, 1998, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO mBEIDH AIRD AG CÚIRTEANNA AR NITHE ÁIRITHE ATÁ SA TUARASCÁIL SIN IN IMTHOSCA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMH-GHAOLMHARA. [11 Bealtaine, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

folaíonn “díobháil éisteachta”—

(a) cailleadh éisteachta arb é is cúis leis díobháil a bhfuil de thoradh uirthi go ndiallann éisteacht pearsan aonair, arna tomhas le closmhéadracht ghlan-toin, ó thomhas a rinneadh roimhe, i gcás go bhfuil sin ar fáil, ar a éisteacht nó a héisteacht neamhdhíobháilte nó, i gcás nach bhfuil tomhas den sórt sin ar fáil, ón éisteacht a thuartar a bheith normálta dá aois nó dá haois, agus

(b) tinniteas;

folaíonn “imeachtaí”, i ndáil le díobhálacha pearsanta, aon iarratas nó éileamh ar chúiteamh;

ciallaíonn “an Tuarascáil” an Tuarascáil chun an Aire Sláinte agus Leanaí ó Ghasra Saineolaithe Éisteachta a d'fhoilsigh an Roinn Sláinte agus Leanaí an 9ú lá d'Aibreán, 1998, agus dar teideal “Míchumas Éisteachta a Mheasúnú”.

Feidhm.

2. —Beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis na himeachtaí go léir os comhair cúirte, cibé acu arna dtosú roimh an Acht seo a achtú nó dá éis.

Aird bhreithiúnach a thabhairt ar an Tuarascáil.

3. —Tabharfar aird bhreithiúnach ar an Tuarascáil i ngach imeacht os comhair cúirte ina n-éilítear damáistí i leith díobhála pearsanta de dheasca díobhála éisteachta.

Beidh aird ag na cúirteanna ar nithe áirithe sa Tuarascáil.

4. —(1) I ngach imeacht ina n-éilítear damáistí i leith díobhála pearsanta de dheasca cailleadh éisteachta, beidh aird ag na cúirteanna, le linn dóibh méid na ndíobhálacha a fulaingíodh a chinneadh, ar Chaibidil 7 (Córas na hÉireann chun Míchumas Éisteachta a Mheasúnú) den Tuarascáil agus, go háirithe, ar na nithe atá leagtha amach i mír 1(Achoimre) agus i dTábla 4 (Fachtóir Ceartúcháin Aoise an Chéatadáin Míchumais) a ghabhann le mír 7 (Ceartú i leith Cailleadh Éisteachta Aois-Choibhneasa) den Chaibidil sin, agus tá an mhír sin 1 agus an Tábla sin 4 leagtha amach, mar áis tagartha, i gCuid I agus i gCuid II, faoi seach, den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) I ngach imeacht ina n-éilítear damáistí i leith díobhála pearsanta de dheasca tinnitis, beidh aird ag na cúirteanna, le linn dóibh méid na ndíobhálacha a fulaingíodh a chinneadh, ar an modh aicmithe atá i mír 9 (Tinniteas) de Chaibidil 7 (Córas na hÉireann chun Míchumas Éisteachta a Mheasúnú) den Tuarascáil.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Dhliteanas Sibhialta (Díobháil Éisteachta a Mheasúnú), 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an lá díreach tar éis é a achtú.