An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Foireann na Seirbhíse) Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach)

8 1998

AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998

CUID VI

Talamh, etc. a aistriú chuig an tSeirbhís

Talamh, etc. a aistriú chuig an tSeirbhís.

26. —(1) (a) Féadfaidh an tAire le hordú lá dílsithe a cheapadh i leith talamh ar bith (nó cuid de thalamh ar bith) a úsáidtear d'aon toisc chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, nó chun críocha na gCoimisinéirí, go páirteach, agus chun na gcríoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, go páirteach, agus a bhí, díreach roimh an lá dílsithe, dílsithe do na Coimisinéirí nó ar léas acu.

(b) Ar an lá dílsithe déanfar an talamh is ábhar don ordú, mar aon leis na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le talamh den sórt sin—

(i) i gcás go n-úsáidtear é d'aon toisc chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo — tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí, agus

(ii) i gcás go n-úsáidtear é chun críocha na gCoimisinéirí, go páirteach, agus chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, go páirteach — le toiliú i scríbhinn ó na Coimisinéirí,

ach gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise, a dhílsiú don tSeirbhís go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sé, díreach roimh an lá dílsithe, dílsithe do na Coimisinéirí, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus atá ar marthain agus inchomhlíonta.

(2) (a) Féadfaidh an tAire le hordú lá dílsithe a cheapadh i leith talamh ar bith (nó cuid de thalamh ar bith) a úsáidtear d'aon toisc chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, nó chun críocha an údaráis áitiúil, go páirteach, agus chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, go páirteach, agus a bhí, díreach roimh an lá dílsithe, dílsithe d'údarás áitiúil nó ar léas aige.

(b) Ar an lá dílsithe déanfar an talamh is ábhar don ordú, mar aon leis na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le talamh den sórt sin—

(i) i gcás go n-úsáidtear é d'aon toisc chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo — tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil, agus

(ii) i gcás go n-úsáidtear é chun críocha an údaráis áitiúil, go páirteach, agus chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, go páirteach — le toiliú i scríbhinn ón údarás áitiúil,

ach gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise, a dhílsiú don tSeirbhís go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sé, díreach roimh an lá dílsithe, dílsithe don údarás áitiúil, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus atá ar marthain agus inchomhlíonta.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ar a dtiocfaidh talamh atá dílsithe don Stát nó d'organ de chuid an Stáit, agus a úsáidtear chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, chun bheith faoi réir áitiú, bhainistíocht agus rialú na Seirbhíse chun críocha a feidhmeanna agus ar an lá sin, dá réir sin, tiocfaidh sé chun bheith faoina réir sin amhlaidh.

(4) Féadfaidh an tAire, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, agus déanfaidh sé nó sí ar iarratas ón tSeirbhís, deimhniú a eisiúint i leith talún sonraithe ina ndéarfar, de réir mar is cuí leis an Aire, gur dhílsigh an talamh sin don tSeirbhís faoin alt seo, nó nár dhílsigh sé amhlaidh, agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite amhlaidh.

(5) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear leis an alt seo chuig an tSeirbhís féadfaidh an tSeirbhís, ar an lá a mbeidh sé aistrithe nó dá éis, agairt a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú, nó féadfar an céanna a dhéanamh i gcoinne na Seirbhíse, ina hainm féin agus ní gá don tSeirbhís fógra faoin aistriú a thabhairt do dhuine a n-aistrítear ceart nó dliteanas dá chuid nó dá cuid leis an alt seo.

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, i leith talamh a aistriú chuig an tSeirbhís faoin alt seo.

(7) (a) Faoi réir mhír (b), beidh an tAcht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935 , arna aisghairm ar an lá bunaithe.

(b) D'ainneoin mhír (a), más rud é, díreach roimh lá dílsithe arna cheapadh faoi fho-alt 2(a), go raibh duine ceaptha mar airíoch nó mar chúntóir d'airíoch i leith cóiríochta tí cúirte faoi alt 5 den Acht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935 , arb í an chóiríocht í is ábhar don dílsiú, ansin leanfaidh an t-alt sin d'fheidhm a bheith aige maidir leis an duine ionann is dá mba í an tSeirbhís a cheap amhlaidh é nó í.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile.

Maoin seachas talamh a aistriú chuig an tSeirbhís.

27. —(1) An mhaoin uile seachas talamh, ach ábhair i gcaingean san áireamh, a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina maoin de chuid an Aire, na gCoimisinéirí nó údaráis áitiúil de réir bhrí alt 26 (de réir mar a bheidh) agus a úsáideadh i dtaca le feidhmeanna an Aire atá ar comhréir le feidhmeanna na Seirbhíse, déanfar, ar an lá sin, í a dhílsiú don tSeirbhís gan aon sannadh.

(2) Féadfaidh an tAire, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, agus déanfaidh sé nó sí ar iarratas ón tSeirbhís, deimhniú a eisiúint i leith maoine sonraithe ina ndéarfar, de réir mar is cuí leis an Aire, gur dhílsigh an mhaoin don tSeirbhís faoin alt seo nó nár dhílsigh sí amhlaidh, agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite amhlaidh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (1) chuig an tSeirbhís féadfaidh an tSeirbhís, tar éis an lae bunaithe, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don tSeirbhís ná don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt do dhuine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

Cearta agus dliteanais a aistriú chuig an tSeirbhís.

28. —(1) Na cearta agus na dliteanais uile de chuid an Aire a éiríonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a bheidh déanta aige nó aici roimh an lá bunaithe i ndáil le feidhm de chuid an Aire atá ar comhréir le feidhm de chuid na Seirbhíse, déanfar, ar an lá sin, iad a aistriú chuig an tSeirbhís.

(2) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, agus déanfaidh sé nó sí ar iarratas ón tSeirbhís, deimhniú a eisiúint i leith conartha nó gealltanais shonraithe, ina ndéarfar, de réir mar is cuí leis an Aire, go ndearnadh cearta nó dliteanais an Aire faoin gcéanna a aistriú ar an lá bunaithe chuig an tSeirbhís faoin alt seo nó nár aistríodh amhlaidh iad, agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite amhlaidh.

(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1) chuig an tSeirbhís féadfaidh an tSeirbhís, ar an lá bunaithe agus dá éis, agairt a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú, nó féadfar an céanna a dhéanamh i gcoinne na Seirbhíse, ina hainm féin agus ní gá don tSeirbhís ná don Aire fógra faoin aistriú sin a thabhairt do dhuine a n-aistrítear ceart nó dliteanas dá chuid nó dá cuid leis an bhfo-alt seo.

Tiocfaidh feidhmeanna áirithe chun bheith ina bhfeidhmeanna de chuid na Seirbhíse.

29. —(1) Ar an lá bunaithe agus dá éis is feidhm de chuid na Seirbhíse, d'eisiamh an Aire, feidhm de chuid an Aire faoi gach ceann de na forálacha a luaitear i gcolún 3 de Sceideal 2 ar forálacha iad de na hAchtanna a luaitear i gcolún 2 os coinne lua na forála sin, agus forléireofar an fhoráil dá réir sin.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú Sceideal 2 a leasú trí aon fheidhm de chuid an Aire (i dteannta nó d'éagmais coinníll nó sriain) a chur isteach faoi fhoráil d'aon achtachán a bhaineann freisin le feidhm de chuid na Seirbhíse agus féadfaidh an tAire le hordú aon choinníoll nó srian den sórt sin a leasú nó a scriosadh.

(3) (a) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Rialtas, le hordú, a fhoráil gur feidhm de chuid na Seirbhíse, faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar san ordú, feidhm de chuid Aire nó feidhm ar bith eile faoi fhoráil d'achtachán a bhaineann le feidhm de chuid na Seirbhíse.

(b) Féadfaidh an Rialtas ordú faoi mhír (a) a leasú nó a chúlghairm.

(4) Faoi réir aon choinníll nó sriain dá bhforáiltear san Acht seo, aon ionstraim atá ar marthain agus a rinneadh faoi achtachán a bhaineann le hábhar lena mbaineann feidhm de chuid na Seirbhíse, leanfaidh sí i bhfeidhm an lá a mbeidh an fheidhm ag an tSeirbhís agus dá éis, agus féadfaidh an tSeirbhís í a leasú nó a chúlghairm, ionann is dá mba rud é go ndearnadh é de bhun na gcumhachtaí a thugtar don tSeirbhís leis an Acht seo.