|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II An tSeirbhís Chúirteanna) | Ar Aghaidh (CUID IV An Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin) |
AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Bord na Seirbhíse | |
[EN] |
Bord na Seirbhíse. |
11. —(1) Beidh Bord na Seirbhíse ann ar a mbeidh— |
[EN] | (a) an Príomh-Bhreitheamh de thuras na huaire nó breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh, | |
[EN] | (b) breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin, | |
[EN] | (c) Uachtarán na hArd-Chúirte de thuras na huaire nó breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte sin, | |
[EN] | (d) breitheamh den Ard-Cúirt a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin, | |
[EN] | (e) Uachtarán na Cúirte Cuarda de thuras na huaire nó breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte sin, | |
[EN] | (f) breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin, | |
[EN] | (g) Uachtarán na Cúirte Dúiche de thuras na huaire nó breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte sin, | |
[EN] | (h) breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh tofa ag na breithiúna, seachas an tUachtarán, den Chúirt sin, | |
[EN] | (i) breitheamh a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh de thuras na huaire de bharr na taithí nó an tsaineolais atá aige nó aici ar réimse sonrach de ghnó cúirte, | |
[EN] | (j) an Príomh-Fheidhmeannach, | |
[EN] | (k) abhcóide cleachtach a bheidh ainmnithe ag Cathaoirleach Chomhairle Bharra na hÉireann de thuras na huaire, | |
[EN] | (l) aturnae cleachtach a bheidh ainmnithe ag Uachtarán Dhlí-Chumann na hÉireann de thuras na huaire, | |
[EN] | (m) comhalta d'fhoireann na Seirbhíse a bheidh tofa ag comhaltaí na foirne chun na críche sin, | |
[EN] | (n) oifigeach don Aire a bheidh ainmnithe ag an Aire, | |
[EN] | (o) duine a bheidh ainmnithe ag an Aire chun bheith ionadaitheach do thomhaltóirí na seirbhísí a sholáthraíonn na cúirteanna, | |
[EN] | (p) duine a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus | |
[EN] | (q) duine a mbeidh, i dtuairim an Aire, eolas agus taithí iomchuí aige nó aici ar thráchtáil, ar airgeadas nó ar riarachán agus a bheidh ainmnithe ag an Aire tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do na leasannna sin sa Stát. | |
[EN] | (2) Le linn don Aire ainmniúcháin a dhéanamh faoi fho-alt (1), tabharfaidh sé nó sí aird ar an ngá atá ann a chinntiú go mbeidh idir fhir agus mhná san áireamh i gcomhaltas an Bhoird. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, cibé rialacháin a dhéanamh a mheasfar a bheith riachtanach nó inmhianaithe chun socrú a dhéanamh le haghaidh toghadh comhalta den fhoireann chun críocha fho-alt (1) (m). | |
[EN] | (4) Beidh an Príomh-Bhreitheamh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an mBord nó, mura comhalta é nó í an Príomh-Bhreitheamh, beidh an breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh ainmnithe faoi fho-alt (1) (a) ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach. | |
[EN] | (5) Faoi réir alt 14 (3), féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas amháin nó níos mó a bheith ina chomhaltas. | |
[EN] |
Téarma oifige comhaltaí. |
12. —(1) Beidh breitheamh a ainmneofar mar chomhalta den Bhord faoi mhír (a), (c), (e) nó (g) d' alt 11 (1) i seilbh oifige fad a bheidh sé nó sí ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt ar ainmníodh é nó í ina leith nó go dtí go scoirfidh an duine a d'ainmnigh an breitheamh mar chomhalta de bheith i seilbh na hoifige ar dá bua a rinne sé nó sí an t-ainmniúchán, ach sa chás sin beidh an breitheamh in-athainmnithe. |
[EN] | (2) Beidh breitheamh a thoghfar mar chomhalta den Bhord faoi mhír (b), (d), (f) nó (h) d' alt 11 (1) i seilbh oifige ar feadh trí bliana, ach beidh sé nó sí in-atofa fad a bheidh sé nó sí ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt ar toghadh é nó í ina leith. | |
[EN] | (3) Beidh breitheamh a ainmneofar mar chomhalta den Bhord de réir alt 11 (1)(i) i seilbh oifige ar feadh trí bliana, ach beidh sé nó sí in-athainmnithe fad a bheidh sé nó sí ina bhreitheamh nó ina breitheamh de chúirt ar bith. | |
[EN] | (4) Beidh duine a ainmneofar nó a thoghfar mar chomhalta den Bhord de réir mhíreanna (k) go (q) d' alt 11 (1) i seilbh oifige ar feadh trí bliana, ach beidh sé nó sí in-athainmnithe nó in-atofa, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (5) Féadfaidh comhalta den Bhord a bheidh ainmnithe nó tofa chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin éirí as comhaltas trí litir a bheidh dírithe chuig cathaoirleach an Bhoird agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an litir sin a bheith faighte ag an gcathaoirleach. | |
[EN] | (6) Déanfaidh an Cathaoirleach, a luaithe is indéanta, aon éirí as faoi fho-alt (5) a chur in iúl don Aire. | |
[EN] | (7) Aon chorrfholúntas i gcomhaltas an Bhoird de bhíthin báis nó éirí as duine, nó de bhíthin aon teagmhais eile a dhéanann difear do chomhaltas duine, a bheidh ainmnithe nó tofa chun bheith i seilbh oifige mar chomhalta— | |
[EN] | (a) ar feadh tréimhse trí bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (2), (3) nó (4), nó | |
[EN] | (b) ar feadh a mbeidh fágtha de thréimhse den sórt sin ar ainmníodh nó ar toghadh é nó í ina leith de bhun an fho-ailt seo, | |
[EN] | líonfar é, de réir na forála iomchuí d' alt 11 (1), ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige a bheidh le seirbheáil ag an duine, agus beidh an comhalta nua in-athainmnithe nó in-atofa i ndeireadh an téarma sin. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an duine nó leis an gcomhlacht ainmniúcháin lena mbaineann, duine is comhalta den Bhord agus dá dtagraítear i mír (k), (l) nó (p) d' alt 11 (1) a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe. | |
[EN] | (9) Féadfaidh an tAire tráth ar bith duine is comhalta den Bhord agus dá dtagraítear i mír (o) nó (q) d' alt 11 (1) a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe. | |
[EN] |
Feidhmeanna an Bhoird. |
13. —(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird— |
[EN] | (a) beartas i ndáil leis an tSeirbhís a bhreithniú agus a chinneadh, agus | |
[EN] | (b) maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an bheartais sin ag an bPríomh-Fheidhmeannach. | |
[EN] | (2) Le linn don Bhord a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas— | |
[EN] | (a) acmhainní na Seirbhíse chun críocha an chomhlíonta sin, agus an gá atá ann a áirithiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní sin, agus | |
[EN] | (b) aon bheartas nó cuspóir de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas sa mhéid go bhféadfaidh sé difear a dhéanamh d'fheidhmeanna na Seirbhíse nó baint a bheith aige leo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire aon bheartas nó cuspóir de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) a chur in iúl don Bhord. | |
[EN] |
Cruinnithe agus nósanna imeachta an Bhoird. |
14. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, ach in aon chás tiocfaidh sé le chéile uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse trí mhí. |
[EN] | (2) Tionólfar an chéad chruinniú den Bhord laistigh de mhí amháin tar éis an lae bunaithe. | |
[EN] | (3) Seachtar nó cibé líon comhaltaí is mó ná sin a chinnfidh an Bord ó am go ham is córam do chruinniú den Bhord. | |
[EN] | (4) Beidh cathaoirleach an Bhoird i gceannas ag na cruinnithe go léir den Bhord a mbeidh sé nó sí i láthair acu agus mura mbeidh an cathaoirleach i láthair toghfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith i gceannas ag an gcruinniú. | |
[EN] | (5) Beidh vóta ag gach comhalta den Bhord a bheidh i láthair ag cruinniú den Bhord. | |
[EN] | (6) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach nó ag an duine eile a bheidh i gceannas ag an gcruinniú. | |
[EN] | (7) Faoi réir an Achta seo, rialálfaidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird. | |
[EN] |
Coistí den Bhord. |
15. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé coistí den Bhord a bhunú is dóigh leis is cuí chun comhairle a chur air i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord daoine a cheapadh chun coiste ar daoine iad nach comhaltaí den Bhord ach a bhfuil eolas agus taithí speisialta acu a bhaineann le cuspóirí an choiste. | |
[EN] | (3) Beidh ceapadh duine chun coiste faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste a dhíscaoileadh. | |
[EN] | (5) Beidh gníomharthaí coiste faoi réir a ndaingnithe ag an mBord, mura scaoilfidh an Bord leis an ngá atá ann daingniú a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an Bord nós imeachta coiste a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coiste a nós imeachta féin a rialáil. | |
[EN] | (7) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach bunú coiste, cuspóir an choiste agus ainmneacha chomhaltaí an choiste a chur in iúl don Aire. | |
[EN] |
Luach saothair agus caiteachais chomhaltaí an Bhoird nó coistí. |
16. —(1) Maidir le comhalta den Bhord dá dtagraítear— |
[EN] | (a) in aon cheann de na míreanna (a) go (i) d' alt 11 (1), íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, más ann, agus | |
[EN] | (b) in aon cheann de na míreanna (j) go (q) d' alt 11 (1), íocfar leis nó léi cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas, más ann, | |
[EN] | a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (2) Íocfar le comhalta coiste den Bhord cibé liúntais i leith caiteachas agus, ach amháin maidir le comhalta den Bhord lena mbaineann aon cheann de na míreanna (a) go (i) d' alt 11 (1), cibé luach saothair, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais. |