|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998) | Ar Aghaidh (CUID II An tSeirbhís Chúirteanna) |
AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh Cuid I agus alt 36 i ngníomh ar dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh Cuid VIII i ngníomh mí amháin tar éis dháta rite an Achta seo. | |
[EN] | (4) Tiocfaidh forálacha eile an Achta seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Bord na Seirbhíse; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Fheidhmeannach” Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse a cheapfar faoi alt 17 (1); | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe” an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe a cheapfar faoi alt 40 (1); | |
[EN] | ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar faoi alt 3 ; | |
[EN] | folaíonn “feidhm” cumhacht agus dualgas; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord Idirthréimhseach” an Bord Idirthréimhseach um Sheirbhís Chúirteanna a bhunófar le halt 37 (1); | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; | |
[EN] | ciallaíonn “an tSeirbhís” an comhlacht a bhunófar le halt 4 (1); | |
[EN] | ní fholaíonn “foireann na Seirbhíse” an Príomh-Fheidhmeannach. | |
[EN] | (2) San Acht seo— | |
[EN] | (a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, | |
[EN] | (b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, | |
[EN] | (c) aon tagairt do Sceideal de réir uimhreach is tagairt í don Sceideal a bheidh uimhrithe amhlaidh agus a ghabhann leis an Acht seo, | |
[EN] | (d) folaíonn tagairt d'achtachán tagairt don achtachán sin arna leasú tráth ar bith le haon achtachán, agus | |
[EN] | (e) folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhme tagairt d'fheidhmiú cumhachta agus do chomhlíonadh dualgais. |