1 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1998


ACHT AN REIFRINN, 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Bunú agus comhaltas an Choimisiúin.

3.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

4.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

5.

Fógráin etc., ag an gCoimisiún.

6.

Aighneachtaí chuig an gCoimisiún i ndáil le reifreann.

7.

Dearbhú gur comhlacht ceadaithe comhlacht chun críocha reifrinn.

8.

Foilsiú fógraí ag an gCoimisiún.

9.

Oibleagáid faisnéis nó dearbhú reachtúil a sholáthar má cheanglaítear sin.

10.

Fógra a thabhairt do cheann comhairimh an reifrinn agus don cheann comhairimh áitiúil maidir le mionsonraí comhlachta cheadaithe.

11.

Comhlacht ceadaithe do cheapadh gníomhairí i reifreann.

12.

Achainí reifrinn.

13.

Airleacain don Choimisiún.

14.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

15.

Leasú ar Acht 1994.

16.

Forálacha i ndáil le cionta.

17.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960

1960, Uimh. 10

An tAcht Raidió agus Teilifíse, 1988

1988, Uimh. 20

Acht an Reifrinn, 1994

1994, Uimh. 12

Achtanna an Reifrinn, 1992 agus 1994

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1998


ACHT AN REIFRINN, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE COMHSHAOIL AGUS RIALTAIS ÁITIÚIL COIMISIÚN A BHUNÚ I nDÁIL LE REIFREANN AR A dTABHARFAR COIMISIÚN REIFRINN A mBEIDH DE PHRÍOMHFHEIDHM AIGE FAISNÉIS A CHUR AR FÁIL DON TOGHLACHT MAIDIR LEIS AN REIFREANN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [26 Feabhra, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1994” Acht an Reifrinn, 1994;

ciallaíonn “comhlacht ceadaithe” comhlacht a ndearbhóidh an Coimisiún faoi alt 7 gur comhlacht ceadaithe é;

ciallaíonn “an Coimisiún” an coimisiún a bhunófar faoi alt 2 ;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “reifreann” reifreann bunreachta nó gnáthreifreann.

(2) San Acht seo—

(a) déanfar tagairt d'aon achtachán, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi aon achtachán dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo,

(b) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Bunú agus comhaltas an Choimisiúin.

2. —(1) Aon uair a bheidh reifreann le bheith ann, nó, i gcás reifrinn bunreachta, a tharlóidh go mbeidh sé le bheith ann, féadfaidh an tAire le hordú, más cuí leis nó léi, coimisiún a bhunú ar a dtabharfar an Coimisiún Reifrinn agus dá ngairtear “an Coimisiún” san Acht seo chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Déanfar ordú faoi fho-alt (1)

(a) i gcás reifrinn bunreachta, tráth nach luaithe ná an dáta a thionscnófar an Bille lena mbaineann i nDáil Éireann, agus

(b) i gcás gnáthreifrinn, tráth nach déanaí ná dáta an t-ordú iomchuí a dhéanamh faoi alt 12 d'Acht 1994.

(3) Beidh an Coimisiún neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

(4) Is é a bheidh ar an gCoimisiún cathaoirleach agus 4 ghnáthchomhalta.

(5) Is é nó í a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach—

(a) iarbhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó iarbhreitheamh den Ard-Chúirt, nó

(b) tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, breitheamh den Ard-Chúirt,

arna ainmniú nó arna hainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh.

(6) Is iad a bheidh ina ngnáthchomhaltaí—

(a) an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, nó i gcás ina mbeidh an oifig folamh, Rúnaí agus Stiúrthóir Iniúchta Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

(b) an tOmbudsman, nó i gcás ina mbeidh an oifig folamh, Stiúrthóir Oifig an Ombudsman,

(c) Cléireach Dháil Éireann, nó i gcás ina mbeidh an oifig folamh, Leas-Chléireach Dháil Éireann, agus

(d) Cléireach Sheanad Éireann, nó i gcás ina mbeidh an oifig folamh, Leas-Chléireach Sheanad Éireann.

(7) (a) Más rud é, sula mbeidh comhlíonadh fheidhmeanna an Choimisiúin curtha i gcrích, go gcuirfidh comhalta den Choimisiún in iúl don Aire go bhfuil sé nó sí ar chúis ar bith neamhábalta go sealadach gníomhú mar chomhalta den sórt sin, ansin—

(i) i gcás an chathaoirligh, tiocfaidh iarbhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó breitheamh nó iarbhreitheamh den Ard-Chúirt, arna ainmniú nó arna hainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh tar éis dul i gcomhairle, i gcás breithimh den Ard-Chúirt, le hUachtarán na hArd-Chúirte,

(ii) i gcás an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, tiocfaidh Rúnaí agus Stiúrthóir Iniúchta Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

(iii) i gcás an Ombudsman, tiocfaidh Stiúrthóir Oifig an Ombudsman,

(iv) i gcás Chléireach Dháil Éireann, tiocfaidh Leas-Chléireach Dháil Éireann, agus

(v) i gcás Chléireach Sheanad Éireann, tiocfaidh Leas-Chléireach Sheanad Éireann,

chun bheith, agus beidh sé nó sí, ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún fad a mhairfidh an neamhábaltacht sin.

(b) I gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún de bhun mhír (a) fad a mhairfidh neamhábaltacht, measfar, maidir leis an gcomhalta den Choimisiún a bheidh neamhábalta go sealadach gníomhú mar chomhalta den sórt sin, nach comhalta den Choimisiún é nó í fad a mhairfidh an neamhábaltacht sin.

(8) I gcás ina n-ainmneoidh an Príomh-Bhreitheamh duine faoi fho-alt (5)(7), tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn don Aire maidir le hainm an duine a bheidh ainmnithe amhlaidh agus déanfaidh an tAire, ar an bhfógra a fháil, lá a cheapadh chun críocha na bhfo-alt sin agus ar an lá sin tiocfaidh an duine chun bheith, agus beidh sé nó sí, ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún.

(9) (a) Más rud é, sula mbeidh comhlíonadh fheidhmeanna an Choimisiúin curtha i gcrích, go scoirfidh comhalta den Choimisiún den oifig a shealbhú ar dá bua a tháinig sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún, leanfaidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún go dtí go mbeidh comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin curtha i gcrích, mura n-ordóidh an tAire a mhalairt.

(b) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (6) i gcás ina leanfaidh duine de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún de bhun mhír (a).

(10) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntais amháin nó níos mó i measc a chomhaltaí.

(11) Ní dhéanfaidh comhalta den Choimisiún toradh áirithe a mholadh ná a chur chun cinn sa reifreann ar ina leith a bunaíodh an Coimisiún.

(12) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, déanfaidh Coimisiún, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Choimisiúin a chinneadh.

(13) Cuirfidh an tAire Airgeadais ar fáil do Choimisiún cibé saoráidí agus seirbhísí réasúnacha (lena n-áirítear seirbhísí cléireachais, rúnaíochta agus feidhmiúcháin) a chinnfidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

(14) Beidh na nithe seo a leanas faoi phribhléid iomlán:

(a) doiciméid an Choimisiúin, agus doiciméid a chomhaltaí a bhaineann leis an gCoimisiún nó lena fheidhmeanna, cibé áit a bhfoilsítear iad;

(b) tuarascálacha an Choimisiúin, cibé áit a bhfoilsítear iad;

(c) ráitis a dhéanfaidh a chomhaltaí nó a oifigigh ar aon dóigh ag cruinnithe nó suíonna den Choimisiún agus na ráitis sin cibé áit a bhfoilseofar iad dá éis sin;

(d) aighneachtaí a dhéanfar chuig an gCoimisiún faoi alt 6 .

(15) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis é a dhéanamh.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

3. —(1) Beidh ag an gCoimisiún, i dteannta aon fheidhmeanna a thugtar dó le haon fhoráil eile den Acht seo, na príomhfheidhmeanna seo a leanas i ndáil leis an reifreann ar ina leith a bhunaítear é:

(a) na nithe seo a leanas a ullmhú—

(i) ráiteas nó ráitis ina mbeidh míniú ginearálta ar ábhar an togra agus ar théacs an togra sa Bhille iomchuí agus aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nithe sin agus is cuí leis an gCoimisiún, agus

(ii) ráiteas nó ráitis ag féachaint d'aon aighneachtaí faoi alt 6 maidir leis an togra lena mbaineann an reifreann agus ina leagfar amach na hargóintí i bhfabhar an togra agus ina choinne,

agus tabharfaidh na ráitis cothrom na féinne do na leasanna uile lena mbaineann;

(b) na ráitis sin a fhoilsiú agus a dháileadh i cibé slí agus ar cibé modh, lena n-áirítear úsáid na teilifíse, an raidió agus meán leictreonach eile, is mó is dóigh leis an gCoimisiún a tharraingeoidh aird na toghlachta orthu agus a áirithiú a mhéid is indéanta, maidir leis na modhanna a úsáidfear, go gcumasóidh siad do dhaoine a bhfuil míchumas radhairc nó éisteachta orthu na ráitis lena mbaineann a léamh nó a chloisteáil;

(c) díospóireacht nó plé a chothú agus a chur chun cinn agus, i gcás inar cuí sin, a éascú i modh a thabharfaidh cothrom na féinne do na leasanna uile lena mbaineann i ndáil leis an togra réamhráite.

(2) Beidh ag an gCoimisiún na cumhachtaí sin uile a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh lena n-áirítear, ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, na cumhachtaí seo a leanas:

(a) bróisiúir, bileoga, paimfléid agus póstaeir a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh, agus

(b) na ráitis réamhráite a dháileadh ar gach toghthóir uachtaráin nó ar gach teaghlach.

(3) I gcás an Coimisiún a bheith bunaithe sula ritear an Bille ina bhfuil an togra nó na tograí lena mbaineann chun an Bunreacht a leasú, ní fhoilseoidh an Coimisiún aon ráiteas faoin alt seo ná ní thabhóidh sé aon chaiteachas gan toiliú an Aire Airgeadais roimh an mBille sin a rith.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

4. —Féadfaidh an Coimisiún ó am go ham cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus déanfaidh an Coimisiún aon luach saothair a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhostófar faoin alt seo a íoc as airgead a bheidh faoina réir aige, ag féachaint do threoirlínte a bheidh eisithe ó am go ham ag an Aire Airgeadais agus, i dteannta an mhéid sin roimhe seo, déanfaidh an Coimisiún de réir aon ordachán (a gcumhachtaítear don Aire Airgeadais leis seo iad a thabhairt) a thabharfaidh an tAire Airgeadais don Choimisiún maidir leis na sainchomhairleoirí agus na comhairleoirí sin.

Fógráin etc., ag an gCoimisiún.

5. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 20(4) den Acht um Údarás Craolacháin, 1960 , agus alt 10(3) den Acht Raidió agus Teilifíse, 1988 , maidir le fógráin a chraolfar ar iarraidh ón gCoimisiún i ndáil le hábhar dá dtagraítear in alt 3 maidir leis an reifreann.

(2) Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, má iarrann an Coimisiún air nó uirthi amhlaidh, tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle le Radio Telefís Éireann (“an tÚdarás”) agus tar éis breithniú a dhéanamh ar aon tograí ón Údarás le haghaidh craoltaí i dtaca leis an reifreann a chuireann an tÚdarás in iúl don Choimisiún, a ordú i scríbhinn don Údarás am craolacháin a leithroinnt chun a urasú don Choimisiún a fheidhmeanna a chomhlíonadh, agus déanfaidh an tÚdarás de réir ordacháin faoin bhfo-alt seo.

(3) Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, má iarrann an Coimisiún air nó uirthi amhlaidh tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách (“an Coimisiún Neamhspleách”) agus tar éis breithniú a dhéanamh ar aon tograí ón gCoimisiún Neamhspleách le haghaidh craoltaí i dtaca leis an reifreann ag conraitheoirí craolacháin fuaime nó conraitheoirí seirbhíse clár teilifíse a chuireann an Coimisiún Neamhspleách in iúl don Choimisiún, a ordú i scríbhinn don Choimisiún Neamhspleách socrú a dhéanamh le haghaidh soláthair seirbhísí le haghaidh an Choimisiúin agus thar a cheann (fara muirear nó gan mhuirear) lena n-áirítear leithroinnt ama craolacháin chun a urasú don Choimisiún a fheidhmeanna a chomhlíonadh, agus déanfaidh an Coimisiún Neamhspleách de réir ordacháin faoin bhfo-alt seo.

Aighneachtaí chuig an gCoimisiún i ndáil le reifreann.

6. —Féadfaidh duine aighneacht a dhéanamh i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach chuig an gCoimisiún i ndáil leis an togra is ábhar don reifreann laistigh de cibé am a shonróidh an Coimisiún.

Dearbhú gur comhlacht ceadaithe comhlacht chun críocha reifrinn.

7. —(1) Ar iarratas chuige sin de réir an ailt seo chun an Choimisiúin ó chomhlacht, féadfaidh an Coimisiún dearbhú a dhéanamh gur comhlacht ceadaithe an comhlacht chun críocha an reifrinn lena mbaineann agus ar ina leith a bunaíodh an Coimisiún.

(2) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (1), beidh sé i scríbhinn agus i bhfoirm a bheidh sonraithe ag an gCoimisiún nó i bhfoirm a mbeidh an éifeacht chéanna léi agus déanfar é laistigh de cibé am a shonróidh an Coimisiún agus áireofar ann seoladh an chomhlachta lena mbaineann sa Stát.

(3) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht iarratas faoin alt seo, ainmneoidh sé duine chun bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe dó chun críocha an Achta seo (dá ngairtear “oifigeach údaraithe” ina dhiaidh seo san Acht seo) agus beidh ainm agus seoladh an duine a bheidh ainmnithe amhlaidh ar áireamh san fhoirm iarratais.

(4) Féadfaidh Coimisiún diúltú dearbhú a dhéanamh faoi fho-alt (1) más rud é—

(a) i dtuairim an Choimisiúin, nach bhfuil leas bona fide ag an gcomhlacht lena mbaineann sa togra is ábhar don reifreann lena mbaineann,

(b) go mainneoidh nó go ndiúltóidh sé déanamh de réir fhorálacha an ailt seo nó alt 9 , nó

(c) gurb ionann ainm an chomhlachta agus ainm aon pháirtí atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta nó go bhfuil ainm an chomhlachta, i dtuairim an Choimisiúin, chomh cosúil sin le hainm den sórt sin gur dóigh dó daoine a chur ar míthreoir, a mhearú nó a mheabhlú.

(5) Ar iarratas a chinneadh faoin alt seo déanfaidh an Coimisiún a luaithe is féidir—

(a) le fógra i scríbhinn (a fhéadfar a chur leis an bpost), an cinneadh a chur in iúl don chomhlacht lena mbaineann agus, más diúltú é dearbhú a dhéanamh faoin alt seo, beidh ráiteas san fhógra maidir leis na cúiseanna atá leis an diúltú, agus

(b) fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil maidir le toradh an chinnidh.

(6) Ní dhéanfaidh duine faisnéis bhréagach a thabhairt go feasach don Choimisiún i ndáil le hiarratas faoin alt seo.

(7) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(8) I gcás inar deimhin leis an gCoimisiún gur tugadh faisnéis bhréagach dó faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún aon dearbhú a bheidh déanta aige i ndáil leis an iarratas lena mbaineann a chúlghairm agus, a luaithe is féidir, déanfaidh sé an chúlghairm agus na cúiseanna atá léi a chur in iúl don chomhlacht lena mbaineann.

(9) (a) Faoi réir mhír (b), san alt seo ciallaíonn “comhlacht” comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe atá bunaithe sa Stát nó a bhfuil brainse de bunaithe sa Stát agus atá faoi rialú ag bunreacht, meabhrán comhlachais nó doiciméad eile den sórt sin nó ag rialacha scríofa eile agus a bhfuil comhaltas nach lú ná 300 aige.

(b) Páirtí polaitíochta a bheidh cláraithe de thuras na huaire i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, measfar gur comhlacht é.

Foilsiú fógraí ag an gCoimisiún.

8. —Déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, fógra a fhoilsiú in dhá nuachtán náisiúnta nó níos mó—

(a) ina gcuirfear in iúl go bhféadfaidh duine aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach chuig an gCoimisiún i ndáil leis an togra is ábhar don reifreann,

(b) ina gcuirfear in iúl go bhféadfaidh comhlacht iarratas ar dhearbhú faoi alt 7 a dhéanamh chun an Choimisiúin,

(c) ina sonrófar teorainneacha ama maidir leis na haighneachtaí agus na hiarratais sin a fháil, agus

(d) ina sonrófar na nósanna imeachta chun na haighneachtaí agus na hiarratais sin a dhéanamh.

Oibleagáid faisnéis nó dearbhú reachtúil a sholáthar má cheanglaítear sin.

9. —(1) Maidir le comhlacht a dhéanfaidh iarratas ar dhearbhú faoi alt 7 , féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis nó na doiciméid sin go léir a bheidh i seilbh an chomhlachta nó a bheidh ar fáil aige a iarraidh air, is faisnéis nó doiciméid a theastóidh le réasún ón gCoimisiún chun an t-iarratas a chinneadh.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an Coimisiún iarraidh faoi fho-alt (1), déanfaidh oifigeach údaraithe an chomhlachta an fhaisnéis nó na doiciméid a thabhairt don Choimisiún laistigh den am (nach faide ná 7 lá ón dáta a ndéantar an iarraidh) a bheidh sonraithe san iarraidh agus, mura ndéanfaidh an t-oifigeach de réir na hiarrata, measfar iarratas an chomhlachta sin ar dhearbhú faoi alt 7 a bheith tarraingthe siar.

(3) Féadfaidh an Coimisiún a cheangal, maidir le faisnéis a thabharfar don Choimisiún faoin alt seo, go mbeidh ag gabháil léi dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an oifigeach údaraithe lena mbaineann á dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis, de réir mar is fearr is eol don duine agus mar a chreideann sé nó sí, cruinn i ngach ponc ábhartha agus go bhfuil gach beart réasúnach glactha ag an duine chun cruinneas na faisnéise a áirithiú.

(4) Aon duine a thabharfaidh faisnéis bhréagach go feasach de bhun iarrata faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(6) I gcás inar deimhin leis an gCoimisiún gur tugadh faisnéis bhréagach dó faoin alt seo, déanfaidh an Coimisiún aon dearbhú a bheidh déanta aige i ndáil leis an iarratas lena mbaineann a chúlghairm agus, a luaithe is féidir, déanfaidh sé an chúlghairm agus na cúiseanna atá léi a chur in iúl don chomhlacht lena mbaineann.

Fógra a thabhairt do cheann comhairimh an reifrinn agus don cheann comhairimh áitiúil maidir le mionsonraí comhlachta cheadaithe.

10. —(1) A luaithe is indéanta tar éis don Choimisiún dearbhú a dhéanamh faoi alt 7 nó dearbhú a chúlghairm faoi alt 7 9, de réir mar a bheidh, i leith comhlachta, tabharfaidh an Coimisiún fógra do cheann comhairimh an reifrinn maidir le hainm agus seoladh an chomhlachta agus ainm agus seoladh oifigeach údaraithe an chomhlachta.

(2) Déanfaidh ceann comhairimh an reifrinn, a luaithe is indéanta tar éis fógra faoi fho-alt (1) a fháil, na sonraí a bheidh curtha in iúl dó nó di amhlaidh faoi fho-alt (1) a chur in iúl do gach ceann comhairimh áitiúil.

Comhlacht ceadaithe do cheapadh gníomhairí i reifreann.

11. —(1) Faoi réir fhorálacha alt 26 d'Acht 1994 a chuirtear chun feidhme le fo-alt (3), féadfaidh comhlacht ceadaithe duine nó daoine a cheapadh chun gníomhú mar ghníomhaire don chomhlacht sa reifreann lena mbaineann chun bheith i láthair—

(a) ag eisiúint páipéar ballóide chuig postvótálaithe,

(b) ag oscailt na mboscaí postbhallóide, agus

(c) ag comhaireamh na vótaí,

sa reifreann.

(2) Féadfaidh comhlacht ceadaithe gníomhaire pearsanaíochta amháin a cheapadh chun bheith i láthair mar ghníomhaire don chomhlacht i ngach stáisiún vótaíochta chun cuidiú le pearsanaíocht a bhrath, agus is i scríbhinn a bheidh an ceapachán sin.

(3) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (2), (4) go (9), (11) agus (12) d'alt 26 d'Acht 1994 maidir le daoine a cheapfar chun gníomhú mar ghníomhairí faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le gníomhairí a cheapfar faoin alt sin 26 fairis an modhnú go bhfolóidh tagairtí do chomhalta den Dáil tagairtí do chomhlacht ceadaithe agus fara aon mhodhnuithe eile is gá.

Achainí reifrinn.

12. —Leasaítear leis seo alt 43 d'Acht 1994 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Ní cheisteofar deimhniú reifrinn sealadach mar gheall ar neamhchomhlíonadh aon fhorála atá in Acht an Reifrinn, 1998 , ag an gCoimisiún Reifrinn nó mar gheall ar dhearmad a bheidh déanta ag an gCoimisiún Reifrinn más dealraitheach don Ard-Chúirt go ndearna an Coimisiún Reifrinn de réir na bprionsabal atá leagtha síos san Acht sin agus nach ndearna an neamhchomhlíonadh nó an dearmad sin difear ábhartha do thoradh an reifrinn.”.

Airleacain don Choimisiún.

13. —Déanfaidh an tAire a thionscain an Bille ina bhfuil an togra is ábhar don reifreann lena mbaineann, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire a airleacan don Choimisiún, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, chun críocha caiteachais ag an gCoimisiún i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

14. —(1) A luaithe is féidir tar éis comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo a bheith curtha i gcrích, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí dá éis sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire i ndáil le comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin aige agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Déanfaidh an Coimisiún, aon uair a iarrfaidh an tAire air amhlaidh, faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le cibé nithe a shonróidh sé nó sí maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin i gcoitinne nó i leith aon tuarascála a shonraítear i bhfo-alt (1).

(3) Beidh an Coimisiún arna dhíscaoileadh mí amháin tar éis an tuarascáil faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Aire.

Leasú ar Acht 1994.

15. —Leasaítear leis seo Acht 1994—

(a) in alt 2(3), trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (f), (g), (h), (m) agus (v):

“(f) dá mba thagairt d'alt 26 agus d' alt 11 d' Acht an Reifrinn, 1998 , an tagairt in alt 67 den Acht sin d'alt 60 de, agus dá gcuirfí ‘na gníomhairí’ in ionad ‘gníomhairí na n-iarrthóirí’,

(g) dá mba thagairtí do gach comhalta den Dáil don dáilcheantar agus gach comhalta den Seanad a chónaíonn sa dáilcheantar lena mbaineann agus gach comhlacht ceadaithe de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1998 , na tagairtí in alt 68 den Acht sin do gach iarrthóir agus dá scriosfaí ‘má théitear in iomaidh sa toghchán’,

(h) dá mba thagairtí do gach comhalta den Dáil don dáilcheantar agus gach comhalta den Seanad a chónaíonn sa dáilcheantar lena mbaineann agus gach comhlacht ceadaithe de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1998 , na tagairtí in alt 73 den Acht sin do gach iarrthóir,

(m) in alt 95 den Acht sin, dá gcuirfí ‘do chomhalta den Dáil don dáilcheantar agus d'aon chomhalta den Seanad agus do dhuine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag oifigeach údaraithe comhlachta cheadaithe de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1998 ’ in ionad ‘do dhuine ar deimhin leis ina leith gur duine é a bhfuil leas bona fide aige sa toghchán Dála mar iarrthóir nó mar iarrthóir ionchasach, nó do ghníomhaire duine den sórt sin’,

(v) in alt 113 den Acht sin, da mba thagairtí do gach comhalta den Dáil don dáilcheantar agus gach comhalta den Seanad a chónaíonn sa dáilcheantar agus gach comhlacht ceadaithe de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1998 , na tagairtí do ‘gach iarrthóir’, agus dá gcuirfí ‘na gníomhairí’ in ionad ‘gníomhairí na n-iarrthóirí’ i bhfo-alt (2) agus in ionad ‘ghníomhairí na n-iarrthóirí’ i bhfo-alt (3),”,

(b) in alt 27(1), trí “ná do chomhlacht ceadaithe de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1998 ” a chur isteach i ndiaidh “sa reifreann sin”, agus

(c) in alt 28—

(i) i bhfo-alt (4), trí “agus do gach comhlacht ceadaithe de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1998 ” a chur isteach i ndiaidh “a chónaíonn sa dáilcheantar”, agus

(ii) i bhfo-alt (5), trí “d'aon chomhalta den sórt sin den Seanad agus tagairt do ghníomhaire arna cheapadh ag comhlacht ceadaithe de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1998 ” a chur in ionad “d'aon chomhalta den Seanad.”.

Forálacha i ndáil le cionta.

16. —(1) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí toiliúla ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó aon oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó duine a d'airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(2) Ní dhéanfar imeachtaí i leith ciona faoi nAcht seo a thionscnamh ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú uaidh nó uaithi.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

17. —(1) Féadfar Acht an Reifrinn, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1992 go 1998, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1992 agus 1994, agus den Acht seo, le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.