An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL)

13 1997

AN tACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE, 1997

AN DARA SCEIDEAL

Alt 33 .

An Coimisinéir Faisnéise

1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh aon duine a cheapfar mar Choimisinéir i seilbh oifige go ceann téarma 6 bliana agus féadfar é nó í a athcheapadh chun na hoifige don dara téarma nó do théarma dá éis.

2. Aon duine a cheapfar mar Choimisinéir—

(a) féadfaidh an tUachtarán, ar an duine féin á iarraidh sin, é nó í a scaoileadh ó oifig,

(b) féadfaidh an tUachtarán é nó í a chur as oifig ach ní chuirfear as oifig é nó í ach amháin mar gheall ar mhí-iompar sonraithe, éagumas nó féimheacht ná ansin féin ach tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag éileamh é nó í a chur as oifig,

(c) éireoidh sé nó sí as oifig ar chaoi ar bith ar 67 mbliana d'aois a shlánú.

3. (1) Más rud é, i gcás duine a shealbhaíonn oifig an Choimisinéara—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó d'údarás áitiúil nó chun Parlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1993) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina Choimisinéir nó ina Coimisinéir.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi bhuanorduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó d'údarás áitiúil, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun a cheaptha nó a ceaptha mar Choimisinéir.

4. Aon duine a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara ní shealbhóidh sé nó sí aon oifig nó fostaíocht eile a bhfuil díolaíochtaí iníoctha ina leith ná ní bheidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de na hÓglaigh Cúltaca.

5. Íocfar leis an gCoimisinéir, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham.

6. (1) Féadfaidh an tAire scéim nó scéimeanna a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí, is scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí nó liúntais a dheonú, ar scor nó ar bhás, do dhaoine a bhí i seilbh oifig an Choimisinéara nó i leith na ndaoine sin.

(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, scéim nó scéimeanna lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim faoin mír seo a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Déanfar scéim faoin mír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

7. (1) Féadfaidh an tAire cibé líon daoine a chinnfidh an tAire ó am go ham, a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

(2) Beidh comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara ina státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit (de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ).

(3) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige nó aici faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, mar an t-údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara a tharmligean chun an Choimisinéara agus, má dhéanann an tAire amhlaidh, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—

(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an gCoimisinéir, agus

(b) is é nó is í an Coimisinéir, in ionad an Aire, an t-údarás iomchuí chun críocha an Achta seo i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.

8. (1) Coimeádfaidh an Coimisinéir, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sé nó sí agus na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire.

(2) Déanfaidh an Coimisinéir cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an bhliain ina dhiaidh sin, ar dháta nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire lena n-iniúchadh agus, a luaithe is féidir tar éis an iniúchta déanfaidh an Coimisinéir cóip de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin a shonróidh an tAire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean nó sise faoi deara cóipeanna de na doiciméid a tíolacadh dó nó di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

9. Féadfaidh an Coimisinéir aon fheidhm de chuid an Choimisinéara (seachas feidhmeanna faoin mír seo nó faoi alt 40 ) a tharmligean chuig comhalta d'fhoireann an Choimisinéara agus beidh éifeacht le fo-ailt (2) go (4) d'alt 4, fara aon mhodhnuithe is gá, chun críocha tarmligin faoin mír seo amhail mar atá éifeacht leo chun críocha tarmligin faoin alt sin; agus déanfar tagairtí san Acht seo don Choimisinéir a fhorléiriú, más cuí, ag féachaint d'aon tarmligean faoin mír seo, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon duine a mbeidh feidhmeanna tarmligthe chuige nó chuici leis an tarmligean.